An Dara hEagrán Déag

Fáilteofar roimh pháipéir acadúla a bhaineann leis na hábhair ghinearálta a leanas:

  • Aistriúchán
  • Pleanáil Teanga
  • Teangeolaíocht
  • Sochtheangeolaíocht
  • Teagasc Teangacha
  • Cúrsaí Cumarsáide agus Na Meáin Ghaeilge
  • Dúchas
  • Teicneolaíocht

don dara heagrán déag den iris acadúil phiarmheasúnaithe Léann Teanga: An Reiviúa sheolfar ag tús mhí na Bealtaine 2024. Tá an chéad aon eagrán déag de Léann Teanga: An Reiviú ar fáil ag http://leannteangaanreiviu.com/ arna fhoilsiú ar líne ag mic léinn MA (Léann Teanga), Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Fáilteofar freisin roimh léirmheasanna ar fhoilseacháin acadúla.

Cuir coimriú 300–400 focal ar do pháipéar mar aon le teideal, d’ainm, do sheoladh, an institiúid lena mbaineann tú agus cur síos gearr beathaisnéise mar cheangaltán chuig an seoladh ríomhphoist: reiviuleannteanga@ollscoilnagaillimhe.ie.


Sprioc do na hachoimrí: Dé Máirt 21 Samhain 2023

Sprioc do na hailt: Dé Luain 12 Feabhra 2024


Líon na bhfocal: 3,000–4,000 do na hailt agus thart ar 1,000 focal do na léirmheasanna.

Formáidiú: Córas tagairtí Harvard (Féach bileog stíle Ollscoil na Gaillimhe ag: https://libguides.library.universityofgalway.ie/c.php?g=534782&p=3799183)

Is féidir moltaí agus fi osrúcháin a chur chuig: reiviuleannteanga@ollscoilnagaillimhe.ie.

Léann Teanga: An Reiviú 

@AnReiviu

Léann Teanga: An Reiviú

Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Baineann an iris leis na réimsí éagsúla teanga seo:

Is foilseachán bliantúil é seo a thugann ardán don dioscúrsa teanga in Éirinn agus thar lear. Creideann foireann na hirise go bhfuil An Reiviú ina acmhainn luachmhar do lucht acadúil na Gaeilge agus dóibh siúd ar spéis leo cúrsaí teanga.

Bíonn ailt san áireamh san iris a scríobh idir mhic léinn iarchéime agus fochéime agus lucht léinn na hearnála.

Subscribe to  Léann Teanga: An Reiviú RSS