Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
“...Dá ndéanfainn arís é, I’d make sure that they could understand me anyhow”: Stádas agus Stair na Gaeilge i gCathair Hartford | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

“...Dá ndéanfainn arís é, I’d make sure that they could understand me anyhow”: Stádas agus Stair na Gaeilge i gCathair Hartford

Pádraig Fhia Ó Mathúna

Chuaigh na céadta míle duine ar imirce ó cheantair inar labhraíodh an Ghaeilge go dtí na cathracha tionsclaíochta in oirthuaisceart na Stát Aontaithe le dhá chéad bhliain anuas. Cé go bhfuil taighde éigin déanta ar an Ghaeilge i measc na n-imirceach, tá go leor staidéir le déanamh fós ar an dream a chuir fúthu taobh amuigh de na cathracha móra.[1] Tugann an t-alt seo léargas ar stair phobal na Gaeilge i gCathair Hartford – cathair a bhfuil tábhacht faoi leith aici i gcuimhne shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta in Éirinn. Beifear ag tarraingt ar fhoinsí staire éagsúla agus ar agallaimh a rinne mé féin idir 2016 agus 2019, agus agallaimh eile a rinne an stiúrthóir scannáin Brenda Ní Shúilleabháin le muintir Hartford don chlár faisnéise Bibeanna Mheiriceá (TG4 2009). Chun anaithnideacht na rannpháirtithe a chaomhnú, ní úsáidfear ainmneacha ach amháin sna cásanna inar tugadh cead. Den chuid is mó, déanfar tagairtí ginearálta do na rannpháirtithe bunaithe ar áit dhúchais s’acu, mar shampla; “Bean 1 as Inis Meáin” nó “Fear 2 as Daingean Uí Chúis”. Cé go bhfuil idir fhoghlaimeoirí agus nuachainteoirí ina gcónaí sa cheantar, díreofar ar stair mhuintir na Gaeltachta in Hartford ón naoú haois déag go dtí an lá atá inniu ann, ar stádas na Gaeilge le linn na tréimhse sin agus ar cad é atá i ndán don Ghaeilge sa phóca Éireannach seo i ndeisceart Shasana Nua.

Buaileadh na ceantair inar labhraíodh an Ghaeilge mar theanga phobail go holc ag an imirce riamh anall. Léiríonn Pádraig Ó Treabhair gur thit daonra na tuaithe “ó bheagnach seacht milliún... go dtí 2.3 milliún” idir na blianta 1841 agus 1951.[2] Le linn an ama sin, bhí tarraingt mhór ar Hartford agus an ceantar máguaird mar gheall ar na deiseanna oibre a bhí le fáil ann. Cé go bhfuil neart taighde scolártha déanta ar Bhostún, ar Nua-Eabhrac agus ar Chicago sa chomhthéacs seo, is beag taighde atá déanta ar Hartford ná ar Ghleann Abhainn Connecticut, áit ar chruinnigh go leor daoine as Éirinn.

Sna blianta i ndiaidh Chogadh Cathartha Mheiriceá, ba í Hartford an chathair ba shaibhre sna Stáit Aontaithe.[3] Tá príomhchathair Connecticut suite i suíomh straitéiseach ar abhainn darb ainm an Connecticut, ainm a shíolraíonn ón bhfocal dúchasach d‘abhainn fhada’. I ré na réabhlóide tionsclaíche, tháinig borradh faoin cheantar mar gheall ar na muilte a tógadh cois abhann. Bhí earnáil Colt, ceann de na táirgí airm ba mhó sa tír, suite in Hartford le linn an Chogaidh Chathartha. D’fhostaigh siad 1,500 duine sa chathair chun freastal ar an éileamh. Rinne siad 1,500 muscaed agus piostal in 1861 agus níos mó ná 200,000 in 1864.[4]

Tháinig borradh eile faoin gheilleagar áitiúil nuair a bunaíodh comhlachtaí éagsúla, ina measc: Pratt & Whitney Company in 1860, Weed Sowing Machine Company in 1865, Hartford Machine Screw in 1876, agus an Pope Automobile Company in 1897. Chomh maith leis sin, tháinig an tionscadal árachais faoi bhláth. Ó dheireadh an ochtú haois déag, thuill Hartford cáil mar phríomhchathair árachais an domhain, agus Aetna, Travelers, The Hartford agus The Phoenix Mutual Life Insurance Company ar fad lonnaithe ann. Fuair na hÉireannaigh obair sna monarchana, muilte agus comhlachtaí éagsúla, agus ina lán cásanna, cuireadh struchtúir shóisialta i bhfeidhm chun sraitheanna imirce ó ghlúin go glúin a éascú.

Bhí an Ghaeilge le feiceáil i gcathair Hartford chomh fada siar leis na 1850í. Sa bhliain 1854, mar shampla, tuairiscíodh gur thug an tUrramach George M. Welch, a bhí sa chathair leis an “American and Foreign Christian Union”, cuid de sheanmóir s’aige i nGaeilge chun na hÉireannaigh áitiúla a mhealladh.[5] Ní go dtí an bhliain 1878, áfach, a thosaigh na hiarrachtaí chun an teanga a neartú agus a chaomhnú mar chuid lárnach den fhéiniúlacht Éireannach. Sa bhliain sin, rinneadh muintir Hartford aithris ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh i ngort na Gaeilge i gCathair agus Stáit Nua-Eabhrac, New Jersey, Bostún agus áiteanna eile: bhunaigh P.J. Kelleher, fear a bhí ina mhúinteoir in Éirinn, scoil Ghaeilge ar Shráid Front i lár na cathrach in Hartford agus chuir sé ranganna ar fáil don phobal saor in aisce. Tuairiscíodh gur thosaigh Kelleher agus iarmhúinteoir eile darb ainm Walter Lynch ag múineadh scríobh na Gaeilge do chainteoirí dúchais; ní raibh d’acmhainní teagaisc acu ach bailiúchán beag de leabhair Ghaeilge, lámhscríbhinní Fiannaíochta a bhí ag Kelleher féin agus leabhar urnaí Caitliceach.[6] D’éirigh leo i dtosach, agus i gcás amháin, go deimhin, chuir dlíodóir áitiúil darb ainm Richard McCloud, nó Risteard Mac Leoid – agus a raibh baint aige leis an scoil –  a chárta gnó ar fáil i nGaeilge (amharc ar Aguisín 1).[7] Léiríonn scéal Kelleher an iarracht mhór a rinne dream beag áitiúil chun an bhearna a laghdú idir an Ghaeilge mar theanga labhartha agus mar theanga scríofa – ceist a bhí i mbéal an phobail ó d’fhoilsigh roinn Ghaeilge an Irish American ‘Easy Lessons in Irish’ chun an litearthacht a chur chun cinn.[8] I ndeoise Hartford timpeall an ama sin, scríobh beirt sagart chuig an nuachtán le rá gur úsáid siad na ceachtanna chun go leor Gaeilge a fhoghlaim go bhféadfadh siad faoistin a éisteacht “in districts in which many of the people, habitually, spoke only Irish[9]. Is deacair scéalta mar seo a dhearbhú, ach mheas Kelleher go raibh dosaen duine áitiúil a bhí in ann an Ghaeilge a léamh nuair a thosaigh sé an scoil in 1878 – is ionann é sin agus thart ar 2.4% den daonra iomlán a raibh Gaeilge acu sa chathair, figiúr a chuir sé ag thart ar 500 duine.[10] 

Sna blianta ina dhiaidh sin, tháinig go leor inimirceach eile go Hartford agus chuir an dream nua seo go mór le pobal Gaeilge na cathrach. Mar shampla, bhog William J. Balfe, duine de na luath-athbheochantóirí ba ghníomhaí in Nua-Eabhrac, agus rúnaí ar Chumann na Gaeilge sa chathair sin, go Hartford nuair a fuair sé post úr leis an Orient Fire Insurance Company in 1902. Roimh i bhfad, bhí lámh aige i gcraobh de Chonradh na Gaeilge a bhunú sa chathair, agus toghadh é mar chéad uachtarán an bhrainse. Chruthaigh an Conradh saol sóisialta do na Gaeil idir óg agus aosta, ag eagrú imeachtaí le léachtaí ar chúrsaí staire, polaitíochta agus teanga, ceolchoirmeacha, agus damhsaí san áireamh. Thug Pádraig Ó hÉigeartaigh, inimirceach ó dheisceart Chiarraí a raibh cónaí air in Springfield, Massachusetts, óráid i nGaeilge ag céad chruinniú na craoibhe. Thuairiscigh an Hartford Courant an lá arna mhárach: “…nearly everybody seemed to understand what was being said, judging by the quick responses in the way of laughter[11]. Cé go raibh rath ar an chraobh sna blianta tosaigh, bhí fadhbanna acu sula i bhfad agus ba é an t-achrann idir lucht na Gaeilge agus lucht labhartha an Bhéarla sa phobal Éireannach áitiúil ba chúis leis. Bhí sé seo ar taispeáint nuair a thug uachtarán Chonradh na Gaeilge, Douglas de hÍde, cuairt ar an chathair mar chuid de thuras s’aige sna Stáit in 1905 agus 1906. Cé gur cuireadh fáilte mhór roimhe agus cé gur fhreastail slua breá díograiseach ar an léacht a thug sé in Amharclann Uí Phearsúin, ní raibh achan rud go maith ar chúla téarmaí.[12] Bhí comórtas mór idir grúpaí lán-Ghaeilge agus grúpaí Éireannacha nach raibh Gaeilge acu. Ar oíche na léachta, níor bailíodh ach $113.85 toisc nach ndearna lucht eagraithe na hócáide aon bhailiúchán ar son an Chonartha ag deireadh na cainte mar a bhí beartaithe. Cé gur cheap De hÍde ar dtús gur dhearmad a bhí ann, fuair sé amach ó dhuine de na heagraithe ón chraobh áitiúil gur ghníomh sabaitéireachta é toisc gur thit na grúpaí amach lena chéile díreach roimh an imeacht.[13] Theip ar an chraobh sa chathair go gairid ina dhiaidh sin ach athbhunaíodh an grúpa cúpla bliain níos déanaí. Bhí fiche ball i láthair ag an chéad chruinniú de chuid an ghrúpa nua sa bhliain 1908, ach tháinig níos mó ná seachtó duine chuig an dara ceann a bhí acu.[14]

Ag an am sin agus Conradh na Gaeilge ag teacht i dtreis sa chathair, thug cúigear de naonúr clainne Mhichíl Uí Chatháin agus Mháire Ní Dhuinnshléibhe, as an Bhlascaod Mhór, aghaidh ar Hartford idir na blianta 1899 agus 1906.[15] Gan dabht, bheadh fáilte mhór rompu óna gcomhoileánaigh i nGleann Abhainn Connecticut, mar ar chuir siad fúthu. Bhí iníon níos óige acu chomh maith, agus lean sí na páistí eile go Hartford i samhradh na bliana 1925.[16] Ar theacht chun an cheantair di, fuair sí post mar sheirbhíseach i gceann de thithe na nGael-Mheiriceánach saibhir; an Seanadóir George McLean san áireamh. Níorbh fhada go bhfuair sí post mar oibrí meaisín leis an Royal Typewriter Corp, áit ar oibrigh sí go raibh aois an phinsin aici.[17] Chuaigh cúigear de sheachtar clainne an Bhlascaodaigh Cáit Mhicí Ní Chatháin agus a fear Seán Ó Conchúir ar imirce go Hartford sa tréimhse chéanna. Ag cur síos dó ar na gréasáin tacaíochta a bhí in Hartford do mhuintir Uí Chonchúir, míníonn an scríbhneoir Gerald Hayes go raibh cáil níos déanaí ar dhuine de mhuintir Uí Chonchúir, Máire, agus a fear céile, Patrick Landers, as Dún Chaoin, as lóistín agus cabhair a thairiscint d’imircigh óga a rinne an turas imirce céanna ó na Blascaodaí go Hartford.[18]

Níos fearr ná aon chuntas eile, b’fhéidir, tugann Méiní Uí Dhuinnshléibhe nó ‘banaltra an Bhlascaoid’ léargas iontach ar ghnáthshaol na n-inimirceach óg Gaelach sa chathair ag deireadh an naoú haois déag. Chuaigh Méiní go Hartford in 1891, áit ar chónaigh sí lena haintín agus a fear céile, as Corca Dhuibhne, ar Shráid Front – an áit chéanna ina raibh Scoil Ghaeilge Kelleher na blianta roimhe sin. Fuair sí post le Weed Sowing Machine Company, áit ar oibrigh sí ar feadh 56 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar mheaisín snátha.[19] Obair chrua leamh a bhí ann, gan dabht, ach bhí saol sóisialta bríomhar aici d’ainneoin na n-uaireanta fada a chaith sí sa mhonarcha. Bhí halla damhsa Éireannach mar chroílár a saoil shóisialta ann agus ba ansin a ghlac sí páirt sa chaitheamh aimsire ab fhearr léi: an chliúsaíocht, nó ‘ag buachailling’ mar a chuir sí féin air.[20] Nuair a bhí mé i mo pháiste i gceantar Hartford le linn na 1990í, d’úsáideadh mo mháthair chríonna téarma mar seo a bhí idir Gaeilge agus Béarla: ‘ag céirseaching’ an focal a d’úsáideadh sí chun cur síos a dhéanamh ar nós na cuartaíochta a bhí i dtreis fós sa phobal Gael-Mheiriceánach áitiúil.

D’éirigh Méiní cairdiúil le cailín óg eile as an Bhlascaod agus ba chúis mhór spraoi dóibh freastal ar na damhsaí agus comhluadar na bPolannach a choinneáil, nó ‘na Polanders’ mar a chuir Méiní orthu. Ach sa deireadh, b’fhear as Corca Dhuibhne a tharraing a haird agus tugann sí fios go labhraíodh siad idir Bhéarla agus Ghaeilge le chéile de réir mar a bhuaileadh an fonn iad. Ach roimh i bhfad, d’éirigh Méiní dubh dóite den saol in Hartford agus d’fhill sí ar Chiarraí aisti féin.[21] Duine de na hoileánaigh eile a chuaigh ar imirce go Hartford ná Mícheál Ó Guithín, mac leis an scéalaí Peig Sayers. Chaith sé thart ar dhá bhliain sa chathair sna 1930í, thart ar an am a raibh an Spealadh Mór ag cur drochbhaile ar an tír. Agus é ag caint leis an bhéaloideasaí Bo Almqvist blianta níos déanaí, luaigh sé go raibh an Ghaeilge ina teanga labhartha ag cuid mhór den phobal agus nár labhair sé “Béarla ann ach go hannamh”. D’airigh sé, áfach, nárbh fhéidir atmaisféar a áite dúchais a athchruthú agus “bhraith sé uaidh an comhrá agus an chuideachta a bhí ar an Oileán”[22]. Dúirt sé gur chluichí cártaí agus “ólachán” na caithimh aimsire ba mhó ag na Gaeil in Hartford. Ní bhíodh an “scéalaíocht ar siúl ach go fíorannamh”, ach “bhain sé compord agus sásamh as”[23]; mar shampla, fuair sé scéal in Hartford ó fhear as Dún Chaoin darbh ainm Seán Ó Scanláin a bhí pósta lena aintín Siobhán ‘Flint’ Ní Ghuithín. Thug Ó Guithín an scéal seo ar ais leis nuair a d’fhill sé ar Éirinn, agus cuireadh é le stór scéalta a mháthar, rud a léiríonn tionchar an diaspóra ar na pobail in Éirinn.

Nuair a bhí an scríbhneoir Negley Farson ag cur síos ar na Blascaodaí sna 1920í, dúirt sé, “The names of New York, Hartford and Springfield, Mass., were much nearer to the people of the Blaskets and the lives lived there more understood than was anything connected with Dublin”[24]. Bhí cáil chomh mór sin ar phobal Éireannach Hartford, go deimhin, gur mhinic le polaiteoirí agus pearsana mór le rá – leithéidí Éamoinn De Valera (a raibh gaolta leis in Hartford), Seán Ó Ceallaigh, Liam Ó Maoilíosa, Muriel MacSwiney agus Bean Mhic Phiarais – cuairt a thabhairt ar Hartford agus iad ar camchuairt ar na Stáit. Bhaist an scríbhneoir Seán Ó Caomhánaigh, nó Seán a' Chóta mar a tugadh air, “Áth an Fhiadha” ar an chathair nuair a bhí sé ar cuairt ar a chol ceathracha ann.[25] Cé go bhfuil figiúirí daonáirimh casta ó thaobh na staire de, léiríonn daonáireamh Hartford na bliana 1920 gur thug 1.0% de phobal na cathrach le fios gurbh í an Ghaeilge an phríomhtheanga a bhí acu. Is ionann sin agus thart ar 25% den dream a rugadh in Éirinn (amharc ar Aguisín 2). Nuair a thug Dominick De Lucco, Méara Hartford, cuairt ar Bhaile Átha Cliath níos mó ná tríocha bliain ina dhiaidh sin in 1954, dúirt sé gur Éireannaigh a bhí in 30% de dhaonra na cathrach ag an phointe sin.[26] Is deacair cruinneas an eolais a mheas mar gheall gur daoine a rugadh in Éirinn agus a sliocht araon a bhí i gceist aige. Ach nuair a bhí an craoltóir raidió agus scríbhneoir Proinsias Mac Maghnuis ar cuairt sna Stáit an bhliain roimhe sin agus é ag iarraidh caint le duine de na Blascaodaigh, luaigh sé go raibh stádas ar leith ag Hartford in Éirinn agus í mar "cheann scríbe ag roinnt mhaith daoine ó Dhún Chaoin”[27]. Go deimhin, lean trácht na himirce ó cheantair Ghaeltachta go Hartford ar aghaidh ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.

Bunaíodh an Metropolitan District Hartford, Connecticut, nó an MDC, an t-údarás uisce i gCathair Hartford in 1929, agus thug sé spreagadh nua don phobal. Chuir siad tús le tógáil an Barkhamsted Reservoir in 1931, an taiscumar ba mhó sa stát agus toilleadh 30 billiún galún ann. Ina theannta sin, thóg siad monarcha mhór phróiseála ar imeall na cathrach in 1938 agus damba mór in 1940. Sa tréimhse díreach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí Hartford agus a bhruachbhailte ag fás go tréan agus mar sin de, bhí mórán oibre thart a bhain le córais uisce, córais séarachais agus obair thógála níos ginearálta.[28] Tarraingíodh ar naisc imirce a bhí ann, go háirithe i gCiarraí, chun poist bhreise a líonadh. Mar a dúirt iar-riarthóir leis an MDC, John McAuliffe, liom:

The boys always came over from Dingle and West Kerry. If you were a foreman and you needed some help, they’d write back to Ireland and say, ‘you want to come over and work?’ And that’s how they’d get the sponsorship to come over, and they’d go to work for the MDC. If you go walk through Dingle and look at the names on the stores, it reads just like the old MDC registry[29].

 

Mar gheall ar an nasc láidir idir Ciarraí agus Hartford, bunaíodh an Hartford Kerry Social Club luath sna 1920í, agus an Kerry Ladies’ and Men’s Association in 1930. Bhí oibrí MDC, Patrick O’Neil, as Cathair Saidhbhín ó dhúchas, i measc na mbunaitheoirí. Labhraíodh Gaeilge ag gach imeacht agus nuair a toghadh Johnnie Daly ina leasuachtarán – stócach arbh as Dún Chaoin dá thuismitheoirí – tuairiscíodh ar an Kerry Reporter, “Born in Hartford...He can speak the Irish language fluently, dance the Irish dances, and anything else that comes his way[30].

Níorbh as Iarthar agus Deisceart Chiarraí amháin a tháinig inimircigh Hartford, áfach. Tá nasc láidir idir príomhchathair Connecticut agus na hOileáin Árann fosta. De réir chuimhne an phobail, chuir muintir na n-oileán fúthu in Hartford de bharr stailc bus a bhí ar siúl sa stát le linn na 1950í.[31] Ag an am sin, bhí beirt deartháireacha (ar chúpla iad) as Inis Meáin, Cóilín Pheaitsín Mhéiní agus Neidín Pheaitsín Mhéiní, ina gcónaí in Milford, Connecticut, áit a raibh obair thógála ar siúl acu.[32] Shocraigh siad bogadh go Bostún mar a raibh go leor de mhuintir Árann rompu. Ach d’fhág stailc bus nach raibh siad in ann dul chomh fada le Bostún. Bhí siad sáinnithe i gCathair Hartford agus léiríonn taifid eadóirseachta go raibh siad ina gcónaí in Oirthear Hartford faoi mhí na Samhna 1956.[33] Ag amharc ar amlíne na staire, thosaigh an stailc ag tús na míosa sin, agus mar sin, tá gach cosúlacht ar an scéal go raibh an mhoill taistil ar cheann de na cúiseanna gur fhan siad in Connecticut, go sealadach ar a laghad.

Ach ina theannta sin, leaindeáil siad isteach ag am tráthúil. Mar chuid den Federal Aid Highway Act in 1944, bhí plean ag an rialtas feidearálach feabhas a chur ar na mótarbhealaigh ar fud na tíre agus iad ag iarraidh an t-infreastruchtúr míleata a fhorbairt le linn an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh leis an scéim feabhsúcháin seo sa tréimhse iarchogaidh le leasúcháin in 1952, 1954 agus arís in 1956.[34] Bhí méadú ar chionroinnt bhóthar in Hartford agus an ceantar máguaird: tógadh bealaí imlíneacha timpeall na cathrach, mótarbhealach an I-84 idir Danbury agus Hartford agus an I-91 idir Hartford agus Springfield san áireamh. Thosaigh na deartháireacha ag obair, agus faoi Mheitheamh 1965, chomhbhunaigh Cóilín comhlacht tógála, ‘Davoren & Conneely Construction’, le hoileánach eile as Inis Oírr, Joe Davoren. Thacaigh bean Joe Davoren, Máire, leis an leagan den scéal atá i gcuimhne an phobail. Agus í ag cur síos ar an fháth ar bhog sí agus a fear ó Bhostún go Connecticut nuair a scaoileadh amach ón arm é tar éis chogadh na Cóiré in 1953, luaigh sí: “[Nuair] a chuadar amach ar service bhí an obair gone a bhfuil fhios agat. Their type of work you know, bhí sé gone agus tháinneadar isteach to Milford, Connecticut…So that’s it, then they started business for themselves, with the shovels they started buying machines and things you know, and here we are ever since”[35].

Sna blianta ina dhiaidh sin, cruthaíodh nasc láidir imirce idir na hoileáin agus Hartford agus tháinig níos mó ná 25 duine óg chun na háite. Bhí dúshláin níos mó le sárú ag na hoileánaigh ná mar a bhí ag muintir Chiarraí: ní raibh aon Bhéarla ag cuid mhór díobh agus iad óg. Mar a dúirt bean amháin as Inis Meáin a tháinig anall sa bhliain 1959: “...bheadh náire ort a bheith ag labhairt i nGaeilge. Mar cheap tú nach raibh tú really ’fitáil isteach an chaoi ba cheart duit a bheith nuair nach raibh an Béarla agat. So chuir sé ’feeláil thú kind of down, síos…nuair a d’fhág mé Inis Meáin, bhí sé an-deacair gan a bheith in ann Béarla a labhairt, agus thóg sé blianta really, é a phiocadh suas. But you have to want to”. Thug sí le fios go raibh an fhadhb chéanna ag go leor de na hoileánaigh eile ag an am agus iad ag dul ar shlí na n-imirceach: “[Daoine] as na hoileáin…bhí an problem céanna acu…mar ní raibh aon Bhéarla á labhairt ar Inis Meáin an uair sin. B’fhéidir go raibh duine nó beirt a raibh raidió acu, [ach] ní raibh mórán radios ann an uair sin.”[36] 

Ach cosúil le Méiní Uí Dhuinnshléibhe beagnach caoga bliain roimhe, maolaíodh an t-uaigneas agus na fadhbanna teanga nuair a d’fhreastail na Gaeil ar imeachtaí a chuir club sóisialta na nGael-Mheiriceánach ar fáil. Bunaíodh an “Irish Club” nó an “Irish American Home Society” in 1944 nuair a rinneadh cónascadh idir go leor grúpaí Éireannacha sa chathair, an Kerry Ladies’ and Men’s Association san áireamh. Sula i bhfad, lonnaigh siad ar Shráid Grove i lár chathair Hartford, ach bogadh an club go bruachbhaile darb ainm Glastonbury sa bhliain 1967 nuair a d’éirigh an eagraíocht rómhór d’fhoirgneamh s’acu. Ba mhinic a luaigh pobal na Gaeltachta é mar chroílár shaol sóisialta s’acu sna laethanta a bhí. Ag cur síos dó ar ghnáthoíche sa chlub nuair a bhain sé Hartford amach, dúirt fear amháin as Inis Oírr[37]:

An t-am sin is cuimhin liom go maith, bhí seomra leis an mbar ann agus ansin bhí an lounge ann, agus chuile weekend, cúpla bord agus muintir Chiarraí agus muintir na n-oileáin ina suí in éineacht…bhí mórán Gaeilge ag muintir na n-oileán agus muintir Chiarraí [ach] ní raibh Gaeilge ag éinne eile.

 

Dúirt an bean chéanna a tháinig ó Inis Meáin in 1959[38]:

…bhí chuile duine ag dul go dtí an club céanna agus bhí go leor ag teacht anoir as Éirinn agus sin é an chaoi chuile duine ag an generation sin a mheetáil chuile duine a chéile. Mar bhí chuile duine ag dul ag an damhsa chuile weekend ag an Irish Club in Hartford.

 

Chuimhnigh bean eile arbh as Iarthar Chiarraí di agus a bhí pósta le fear as Inis Oírr: “Bhí sé thíos downtown i Hartford, agus bhí sé go deas you know. Bhíodh damhsaí ann i gcónaí agus bhíodh music acu, accordion agus violin nó band.” Luaigh cuid mhór de na hagallaithe nach raibh siad in ann an chanúint eile a thuiscint (Gaeilge na Mumhan nó Gaeilge Árann nó vice versa) agus mar gheall air seo, mar a dúirt bean as Inis Meáin, “When we were speaking with the Kerry people, most of the time it was probably in English because we couldn’t understand their Gaelic, it was just so different[39]. Ar an phointe chéanna, dúirt fear as Iarthar Chiarraí atá pósta le bean as Árainn: “I think they were happy to speak English as well because they were trying to learn it [at the time][40]. Ní hamháin go raibh damhsaí agus ceol ag an chlub, bhí foireann peil ghaelach bainteach leo fosta agus bhí an Ghaeilge le cluinstin i measc na n-imreoirí ar an pháirc. Dar ndóigh, nuair a bhuaigh an club craobhchomórtas náisiúnta Mheiriceá Thuaidh in 1968, bhí ceathrar cainteoirí dúchais san áireamh as ceithre imreoir déag; beirt deartháireacha as Inis Meáin, agus beirt Chiarraíoch, an Gael aitheanta, Mícheál “Toose” Mac Gearailt as Corca Dhuibhne agus Seán Ó Súilleabháin as Baile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh (amharc ar Aguisín 3).[41] Bhíodh lá spóirt ag an chlub gach bliain fosta agus ba é “tarraingt na téide” an cluiche ba mhó a thaitin le muintir na háite. Dar le tuairisc amháin ón bhliain 1966, bhí na “Aran Islanders, led by big Pat Conneely” ina síorsheaimpíní ar an chomórtas.[42]

I samhradh na bliana 1950, tháinig teaghlach as Fionntrá go Hartford agus beirt pháistí acu, Fionán, trí bliana d’aois, agus Odhrán, dhá bhliain d’aois.[43] Ba í an Ghaeilge an phríomhtheanga i dteach s’acu in Éirinn. Ach nuair a shocraigh siad isteach ar an taobh theas de chathair Hartford, thosaigh na buachaillí ag freastal ar scoil Naomh Augustine agus thiontaigh na tuismitheoirí ar an Bhéarla, seachas le linn urnaí an tráthnóna. Mar a dúirt Maura, an tríú páiste agus an t-aon duine acu a rugadh i Meiriceá[44]:

In the home, and this was really annoying to us as kids, when they didn’t want us to know what they were saying (my grandmother came from [Kerry] with them too, my mother’s mother), the three of them would speak in Irish.

 

Is minic a chluintear scéalta cosúil leis seo ón dara glúin. Is léir gur mhothaigh go leor acu nach raibh an teanga feiliúnach do shaol Mheiriceá. Mar a mhínigh bean eile as bruachbhaile Hartford agus í ag caint faoina máthair a rugadh i nGaeltacht Chiarraí[45]:

...Even though she appreciated that she spoke Gaelic, she didn’t see it as necessary over here in the United States. I think as she got older she often said that she wished she had talked it more to us, that she had taught it to us from the time we were small, but I think she was afraid that we might not do as well as other children of parents who only spoke English.

 

B’amhlaidh an scéal é ag an drongadóir agus smuigléir gunnaí mór le rá, Pat Nee, a rugadh i Ros Muc ach chuaigh ar imirce go Bostún agus é óg[46]:

Most of the time we spoke English, because Aunt Barbara and Ma thought we should get accustomed to American culture…[Though] Even as a young boy I felt safe hearing Gaelic songs filtering into the darkness of my bedroom. It kept Ireland close to me. 

 

Tharla an rud céanna leis na Súilleabhánaigh. Cé gur chainteoirí dúchais a bhí sna páistí óga, bhí siad in amhras faoina bhféiniúlacht; ba chomhartha í an Ghaeilge den seansaol in Éirinn. Leoga, d’athraigh siad a n-ainm ó Odhrán go ‘John’ agus ó Fhionán go ‘Pat’ (nó ‘F. Patrick’ nuair a bhí sé níos sine). Mar a dúirt a ndeirfiúr[47]:

my mom would often argue with him that Fionán was such a beautiful name, because it meant ‘fair’ or ‘fair-haired’ and he would say, ‘yeah, well maybe it’s beautiful, but you didn’t have to grow up in America, especially in an Italian neighbourhood in Hartford with a name like that’.

 

Ach bhí fadhbanna mar seo ann, maidir le comhshamhlú, fiú i bpócaí Éireannacha sna Stáit. Thug Nee le fios go ndearna na páistí eile bulaíocht gan taise air mar gheall ar an bhlas Ghaelach a bhí ar a chuid cainte agus an stad a bhí aige sa chaint freisin agus é fós ag foghlaim canúint Bhéarla Bhostúin.[48] Bhí an taithí chéanna ag ‘John’ agus ‘Pat’ agus stop siad ag labhairt Gaeilge roimh i bhfad. Ach cé go ndúirt siad gur chaill siad a gcuid Gaeilge ag an phointe sin, bhí sí fós acu ar feadh píosa ar a laghad. In 1959, nuair a bhí Odhrán trí bliana déag d’aois, thug an scéalaí cáiliúil as Tír Chonaill, Séumas Mac Maghnuis, léacht do dhaltaí ó Scoil Naomh Augustine i mbrainse de leabharlann na cathrach ar Champfield Avenue.[49] De réir na dtuairiscí nuachtáin[50],

[MacMaghnuis] was even more surprised when the boy began to talk. John P. O’Sullivan...welcomed MacManus on behalf of the children. MacManus thanked John. Everybody also heard it, but none understood. [O’Sullivan] and MacManus were carrying on their chat in Gaelic. [O’Sullivan’s] parents try to keep him up on the ancient Gaelic tongue.  

 

Gan dabht, próiseas casta is ea an dátheangachas agus chreid go leor de na hinimircigh in Connecticut an tráth úd, idir óg agus aosta, go gcuirfeadh an teanga bac ar dhul chun cinn na bpáistí sna Stáit Aontaithe. Ach tchítear go bhfuil dearcadh nua ag cuid mhór acu na laethanta seo maidir leis an tríú glúin. Luaigh bean as Inis Meáin nach raibh Béarla ar bith aici nuair a bhain sí Hartford amach go bhfuil aiféala uirthi nár chuir sí féin agus a fear, Ciarraíoch, an teanga ar aghaidh: “Tá brón orm nár mhúin mé dhóibh [a páistí] í. Even anois nuair a bhíonn mé babysitteáil le mo grandchildren bíonn mo son-in-law ag rá liom ‘Múin Gaeilge dhóibh’, but ní bhíonn siad ag tabhairt aon aird orm. Bíonn siad…is dócha nach bhfuil sé ag soundáil ceart dhóibh. Ach dá gcoinneofá á rá i gcónaí you know it would grow on them, you know.[51] Mar an gcéanna, dúirt bean eile as Iarthar Chiarraí a thug aghaidh ar bhruachbhaile in Hartford óna 1950í, agus í ag comhrá le Brenda Ní Shúilleabháin in 2009[52]:

...Dá ndéanfainn arís é, I’d make sure that they could understand me anyhow. If they didn’t even speak it, that they could understand me. But it’s too late now. I have one little grandson, he’s very small. I brought him a book from Ireland, an Irish dictionary. And he’s trying to learn it from there.

 

Bhí an t-aiféala céanna ar fhear lenár labhair mé as Inis Meáin a thug aghaidh ar Hartford in 1958[53]:

 My son doesn’t speak Irish. We never spoke Irish to each other in the house to tell you the truth. I have two grandkids now alright that have a few words. “Cén chaoi a bhfuil tú? Go maith, cén chaoi a bhfuil tú féin? Lá breá ’sea muis” but we didn’t speak it in the house at all [with my son]. I don’t know if it was because of the different types of Gaelic, but we just didn’t.

 

Nuair a bhí Ní Shúilleabháin ag cur agallaimh ar mhuintir na Gaeltachta i gCathair Hartford, bhí bean as bruachbhaile Hartford agus a hiníon óg i measc na ndaoine a chuir sí faoi agallamh. Bhí a hathair ar na chéad Bhlascaodaigh a tháinig go Hartford. Thug sí le fios gur chuala sí scéalta faoina huncail, an t-údar agus t-oileánach mór le rá, Seán Sheáin Í Chearnaigh, agus na scéalta cáiliúla a tháinig óna pheann.[54] Chomh maith leis sin, chuir sí síos ar na cuairteanna coitianta a thugadh sí ar thigh Helen Goithín Copley in Litchfield, Connecticut, agus í óg. Ba í Helen an iníon ab óige leis an scéalaí Peig Sayers. Dúirt sí, “we would always visit them and they would have parties and talk and everyone would speak Irish...”[55] Nuair a cuireadh ceist uirthi faoin chaighdeán Ghaeilge a bhí aici féin, thug sí an freagra céanna a thugann go leor de mhuintir na dara glúine: “I have very very little Irish, just a little bit. I could just probably manage through a really short conversation.”[56] Luaigh sí fosta gur “three-quarters Island woman” atá ina hiníon féin, mar tá seantuismitheoirí aici as Inis Oírr agus Inis Meáin, agus seanathair as an Bhlascaod. Níl aon Ghaeilge aici, áfach.

Níor chuala mé ach cás amháin inar cuireadh an Ghaeilge ar aghaidh. Sa chás sin, dúirt lánúin as Inis Meáin agus Inis Oírr go labhródh a n-iníon a rugadh agus a tógadh i gceantar Hartford an Ghaeilge “chomh maith linn féin”. Ach, dúirt siad liom nár labhair siad féin Gaeilge léi mórán sa teach, cé gur Gaeilge a labhair siad lena chéile. Fuair an iníon a cuid Gaeilge le linn di a bheith ar saoire ar an oileán agus í ag caint lena mamó agus í ag obair in óstán ar Inis Meáin. Ní raibh an taithí chéanna ag a beirt deirfiúracha níos óige agus cé go “dtuigeann” siad an teanga, “níl siad in ann í a labhairt”.[57] Tacaíonn na samplaí seo ó Hartford leis an mhéid a deir Brian Ó Broin faoi nósanna teanga lucht na Gaeltachta i Meiriceá Thuaidh: “...cé go labhraíonn [siad] Gaeilge eatarthu féin (más as an gceantar Gaeltachta céanna iad), tá sé beagnach ina dhúnghaois acu gan Gaeilge a labhairt lena bpáistí.”[58] Seo pointe a bhí ag an teangeolaí Tomás Ó h-Íde fosta: “...recent immigrants rarely pass the language on to their children, with the result that the language dies out in a generation”[59]. Léiríonn cás na Súilleabhánach in Hartford agus Pat Nee i mBostún go bhfuil tionchar mór ag piarbhrú ar rogha teanga na bpaistí fosta; ní cinneadh na dtuismitheoirí amháin atá ann.

Ag cur síos dó ar imirce mhuintir na Gaeltachta agus cúrsaí teanga, scríobh Michael Foy san Irish Times in 1965: “the men find jobs in construction schemes; the girls in hospitals, cotton mills or light engineering factories. The Gaeltacht people marry among themselves, but their language is lost, as a rule, in a single generation[60]. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tháinig pobal Chonamara i mBostún le chéile chun an imirce agus polasaithe an rialtais i leith na Gaeltachta a phlé. Dar le duine den lucht eagair, Proinsias Mac Aonghusa, gur mheasa seasamh rialtais na hÉireann i leith na himirce ná aon rud a bhí déanta ag an “rialtas seicteach” ar an taobh eile den teorainn.[61] Sna cúig bliana is fiche tar éis an chruinnithe sin, d’fhág 25,000 cainteoir dúchais eile slán le Conamara.[62] Ag scríobh thart ar an am sin, chuir an scannánóir Bob Quinn síos ar dhearcadh na ndaoine ar an Cheathrú Rua i leith an nóis seo: “B’shin é an saol. B’shin é an chaoi.”[63] Is sampla iontach í cathair Hartford den chomhrá seo faoin eisimirce agus an Ghaeilge mar cheann de na “Gaeltacht(aí) thar sáile”, mar a thug an Irish Times ar na cathracha a raibh naisc láidre stairiúla acu le ceantair Ghaeltachta. Ach tchímid forbairt nua sa scéal tragóideach seo le déanaí. Bíonn na nuachtáin breac le tuairiscí báis agus tá go leor den ghlúin a tháinig sna 1940í, 50í agus 60í imithe ar shlí na fírinne anois.[64] Tráchtann Ó Broin ar an treocht seo. Ag cur síos dó ar an dóigh ar thit an líon a bhí “ag labhairt Gaeilge sa bhaile” sna Stáit ó 25,870 sa bhliain 2000 go 22,279 sa bhliain 2008, tugann sé le fios gur “cainteoirí dúchais mórchuid na gcainteoirí seo a tháinig go Meiriceá idir na caogaidí agus an lá atá inniu ann.” Is duairc an tuar atá aige: “Agus an pobal seo ag dul in aois, is cinnte go laghdóidh an figiúr sin go suntasach sna blianta amach anseo.”[65]

I gcás dhiaspóra na Sínise agus na Mandairínise, bhí siad in ann an teanga a chaomhnú thar lear in ainneoin réamhchlaontaí seanbhunaithe sna Stáit Aontaithe mar bhí rialtas na Síne sásta “scoileanna Sathairn” a mhaoiniú do “ABCs” nó “Americans Born Chinese”.[66] Freastalaíonn na daltaí ar ranganna teanga agus cultúir gach seachtain sna scoileanna sin. D’éirigh thar cionn leis an scéim agus tá go leor páistí ag freastal ar na scoileanna ó chúlraí eitneacha difriúla sa lá atá inniu ann. Tá ranganna mar an chéanna ag diaspóra na Gréigise sna Stáit Aontaithe gach deireadh seachtaine agus iad ag iarraidh an teanga agus stair an phobail a chur chun cinn. I gcásanna áirithe, is féidir leis na páistí creidiúint acadúil a bhaint amach sa chóras oideachais poiblí as na ranganna teanga.[67] Cothaíonn scoileanna mar seo naisc teanga idir na glúnta agus, mar sin de, tá siad in ann saibhreas teanga agus cuimhne idirghlúine a chaomhnú sna pobail thar lear.

Is mór an trua é nach ndearna rialtas na hÉireann aon iarracht scoileanna mar seo a chur chun cinn. Ní scéim dhoshamhlaithe é i gcomhthéacs dhiaspóra na nGael. Rinneadh iarracht in 1984 gaelscoileanna a bhunú i Sasana le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí na Gaeltachta ann. Ag an am, dúirt Pádraig Ó Cuanacháin, eagraí de chuid Údarás na Gaeltachta i gCúige Mumhan, go raibh níos mó ná 60,000 cainteoir líofa i Londain agus go n-ardódh na figiúirí sin dá mbeadh scoileanna in ann freastal ar na glúnta a rugadh thall.[68] I gcás Hartford agus cathracha eile cosúil léi, chuirfeadh scéimeanna mar seo na hacmhainní oideachais ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus nuachainteoirí araon an teanga a chur ar aghaidh agus an Ghaeilge a neartú mar theanga phobail. Ach mar a léiríonn na samplaí san alt seo, bhí tosca seachtracha agus inmheánacha ann fosta: bhí piarbhrú ar Ghaeil óga Béarla a úsáid nó a fhoghlaim agus bhí ceannas an Bhéarla á bhrú ó lá go lá ag fostóirí, ag an rialtas áitiúil, ag an eaglais agus b’fhéidir níos tábhachtaí ná aon rud eile, ag inimircigh Éireannacha eile. Mar a luann na teangeolaithe Janet M. Fuller agus Jennifer Leeman i gcomhthéacs na Spáinnise agus mionteangacha eile sna Stáit[69]:

...adults and children alike are exposed to explicit and implicit societal messages that English is the key to fitting in and achieving success and that other languages are un-American and dangerous, and these messages play a role in shaping household language practices and individual choices.

Ach murab ionann agus an tuairim atá ag cuid mhór den phobal Mheiriceánach Laidineach gur “speaking Spanish is a requirement of ‘authentic’ Latinx identity,” is lucht Béarla é pobal na nGael-Mheiriceánach den chuid is mó, agus mar gheall air sin, ní fheictear an Ghaeilge mar chuid lárnach den fhéiniúlacht (cé go bhfuil dearcadh dearfach ag cuid mhór daoine i leith na teanga mar ghné mhaoithneach)[70]. Dar ndóigh, mar a léiríonn cruinniú mhuintir Chonamara i mBostún, bhí an treocht seo fite fuaite le haistriú teanga agus stádas na Gaeilge in Éirinn í féin fosta.

Ar bhealach is féidir a rá go mbíonn na próisis inimirce mar an chéanna le próiseas an choilíneachais agus an iarchoilíneachais do chainteoirí mionteangacha sa dóigh is go gcruthaíonn siad teangacha uaisle agus teangacha dara grád.[71] Cé nach bhfuil aon teanga oifigiúil ag na Stáit Aontaithe agus gur pobal ilteangach é, bíonn béim níos airde ar an Bhéarla ná aon teanga eile; is amhlaidh a bhí sé go háirithe sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Idir ghrúpaí inimirceach agus dhaoine a rugadh i Meiriceá, samhlaíodh an Béarla leis an dul chun cinn, leis an teicneolaíocht agus le deiseanna eacnamaíochta go soiléir agus go hindíreach.[72] Is toradh é seo ar pholasaithe neoliobrálacha agus hipearchaipitleacha, pointe a léiríonn Fuller and Leeman go soiléir: “Rather than focusing on languages as primordial characteristics of ethnolinguistic groups, the emphasis is on their market value”[73]. Tacaíonn an teangeolaí Elise M. DuBord leis an phointe seo agus í ag cur agallamh ar oibrithe lae in iardheisceart na Stát. Dúirt an chuid is mó de na hoibrithe nach bhfuil ach Spáinnis acu gur buntáiste mór é an Béarla do chomhoibrithe dátheangacha (cé nár roinn a gcomhoibrithe an tuairim seo).[74] Sa dóigh chéanna, samhlaíodh nach raibh an Ghaeilge maith go leor don saol i Meiriceá: cé gur labhair muintir na Gaeltachta an teanga eatarthu féin, ní fhaca siad í mar theanga phraiticiúil nó úsáideach sa chomhthéacs níos leithne agus iad ag iarraidh go n-éireodh leo (nó lena bpáistí) sa tír nua. Is sampla iontach é an t-oileánach Mícheál Ó Ceárna, as an Bhlascaod Mhór, a chaith na blianta fada in Springfield, Massachusetts. Cé go raibh sé gníomhach le Conradh na Gaeilge agus é óg in Éirinn agus cé go raibh sé ina mhúinteoir Gaeilge ag ranganna oíche sna Stáit, scríobh sé ina dhírbheathaisnéis in 2013: “…there was no need for emigrants to speak Irish in America… Some of us would speak it just for the fun of it…”[75] Bhí sé mar an chéanna i gcás a pháistí: “I tried to teach my own children Irish, but they didn’t keep it up and they lost it over time. For them, Irish just didn’t have much value[76].

Tá tóir mhór ar an teanga go hidirnáisiúnta na laethanta seo, rud atá íorónta. Léiríonn figiúirí Duolingo gurb í an Ghaeilge an teanga is mó fás ar an aip le níos mó ná 5.5 milliún duine ag foghlaim na Gaeilge ag an bhomaite, agus 36% de na foghlaimeoirí sin lonnaithe sna Stáit Aontaithe.[77] Cé go bhfuil difríocht mhór idir na foghlaimeoirí agus pobal na Gaeltachta i gCathair Hartford, tá an tonn teicneolaíochta nua seo fós iontach tábhachtach dóibh ó thaobh na teanga de. Nuair a chuir mé go leor de na cainteoirí dúchais faoi agallamh, luaigh siad an dul chun cinn a bhí déanta sa teicneolaíocht le tríocha bliain anuas agus gurbh iontach an rud é chun a gcuid Gaeilge a choinneáil agus a neartú. Mar shampla, luaigh roinnt acu go raibh tuiscint níos fearr acu ar na canúintí difriúla anois toisc go bhfuil seinnteoir TG4 ar fáil dóibh agus gurbh fhéidir leo éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar a nguthán póca. I roinnt cásanna, dúradh nach raibh siad in ann an Ghaeilge a bhí ag a gcéile a thuiscint nuair a chuir siad aithne ar a chéile den chéad uair in Hartford toisc nach raibh taithí acu ar na canúintí difriúla [mar shampla, bean as Árainn agus fear as Corca Dhuibhne nó vice versa]. Ach ag an am céanna, dúirt cuid mhór de na hagallaithe go mbíonn siad ag streachailt le focail agus le téarmaí nua-aimseartha agus iad ag éisteacht leis na meáin. Cé go bhfuil an teicneolaíocht agus eitiltí níos saoire go hÉirinn ag druidim na bearnaí idir na seanphobail eisimirceacha agus a gceantair dhúchais, tá sé ródhéanach, faraor, an Ghaeilge a shábháil mar theanga labhartha don phobal beag seo in Connecticut. Tá glúin mhór na himirce ag éirí críonna agus d’fhéadfaí a rá go bhfuil neamhaird déanta ag Rialtas na hÉireann ar dhiaspóra na Gaeilge leis na cianta. Ní chluinfear an teanga in Hartford faoi cheann fiche bliain – ó bhéal cainteora dhúchais, ar aon dóigh. Luann Ó Briain gur “beag difríocht a dhéanfas sé do thodhchaí na teanga i Meiriceá Thuaidh” toisc gur “pobal dúnta é lucht na Gaeltachta do dhaoine nach as an nGaeltacht dóibh” agus go mbíonn siad “drogallach... an teanga a roinnt le daoine eile”.[78] Cé go bhfuil sé seo fíor maidir le cúrsaí teanga, léiríonn an t-alt seo go bhfuil caillteanas cultúrtha níos leithne ag baint leis seo freisin: i gcás Hartford, nuair a chaillfear an Ghaeilge, beidh deireadh le naisc láidre stairiúla a théann siar go dtí lár an naoú haois déag.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

[1] Chun tuilleadh a léamh ar an Ghaeilge i Meiriceá, amharc ar: Natasha Sumner & Aidan Doyle (Eag.), North American Gaels: Speech, Story and Song in the Diaspora (Montreal: McGill-Queen’s University Press, 2020); Brian Ó Broin, “Anailís ar Phobal Labhartha agus Spriocphobail Labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh,” in Jerry White agus Aralt Mac Giolla Chainnigh (eag.), Research and Teaching of the Irish Language in North America: the Next 20 years (Ottawa, Dalhousie University Press, 2016); John Walsh and Laoise Ní Dhúda, “‘New speakers’ of Irish in the United States: Practices and Motivations,” Applied Linguistics Review, Vol. 6, 173-193; Úna Ní Bhroiméil, “The Creation of an Irish Culture in the United States: The Gaelic Movement, 1870-1915,” New Hibernia Review/Iris Éireannach Nua, Autumn 2001, Vol. 5, No. 3, 87-100; Nancy Stenson, “‘Beagáinín’: The Use of Irish among Immigrants to the United States,” New Hibernia Review/Iris Éireannach Nua, Summer, 1998, Vol. 2, No. 2, 116-131; Gillian Ní Ghabhann, “The Gaelic Revival in the U.S. in the Nineteenth Century,” Chronicon, Vol. 6, 1998, 1-34; Ken Nielsen, “The Irish Language in New York, 1850-1900,” in Ronald H. Bayor & Timothy Meagher (eag.), The New York Irish (Baltimore agus London: The Johns Hopkins University Press, 1996); Tomás Ó h-Íde (eag.), The Irish Language in the United States (Westport: Bergin & Garvey, 1994); Fionnuala Uí Fhlannagáin, Mícheál Ó Lócháin agus an Gaodhal (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta, 1990); Stiofán Ó hAnnracháin (eag.), Go Meiriceá Siar. Na Gaeil agus Meiriceá: Cnuasach Aistí (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta, 1979). Tá tionscnamh ar siúl ag Cumann na Gaeilge i mBostún faoi stiúir ag an Dr. Brian Frykenberg chun cainteoirí dúchais i Massachusetts a chur faoi agallamh. Amharc ar: https://openarchives.umb.edu/digital/collection/p15774coll11/search/sear....

[2] Pádraig Ó Treabhair, “An Imirce Éireannach: Léargas na Staire,” in Aisling Ní Dhonnchadha & Máirín Nic Eoin, Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2008), 25–26.

[3] Nick Bacon agus Xiangming Chen, Confronting Urban Legacy: Rediscovering Hartford and New England’s Forgotten Cities (New York: Lexington Books, 2013), 1.

[4] Paul G. Pierpaoli Jr. in Spencer C. Tucker (Editor), American Civil War: The Definitive Encyclopedia and Document Collection (Santa Barbara: ABC-CLIO, 2013), 419.

[5] “Letter to the Editor 1,” Hartford Courant, 19 Nollaig, 1854. 31. The American & Foreign Christian Union Vol. III (New York: American and Foreign Christian Union, 1852), 31.

[6] "The Irish Language” agus “The Irish Language in Hartford, Conn.” Irish American, 17 Lúnasa 1878 agus 24 Lúnasa 1878.

[7] Irish American, 13 Iúil 1878. Ba as Baile Shláine i Contae na Mí é Mac Leoid. Bhí sé iontach gníomhach i gcúrsaí Éireannacha agus cúrsaí polaitíochta in Connecticut i lár an naoú haois déag. Ar feadh píosa i lár na 1860í, bhí sé ina cheannfort ar ghluaiseacht na bhFíníní do Stát Connecticut. Tar éis dó bogadh go Hartford ó Norwich, Connecticut, i mí na Samhna 1872, ghlac sé páirt sa pholaitíocht áitiúil, ar dtús mar bhall den Pháirtí Phoblachtánach go dtí tar éis an toghcháin uachtaránachta chonspóidigh in 1876 nuair d’athraigh sé a dhílseacht go dtí an Páirtí Daonlathach. Nuair a bhris Cogadh na Talún amach in Éirinn in 1879, bhí sé ar dhuine de na ceannairí den bhrainse áitiúil de Chonradh na Talún.

[8] Chun níos mó eolais faoi, amharc ar: Matthew Knight, ‘Our Gaelic Department’: The Irish Language Column in the New York Irish-American, 1857–1896 (Tráchtas dochtúireachta, Harvard University, 2021).

[9] “Need of Irish Schools,” Irish American, 30 Meán Fómhair 1895.

[10] Bhí daonra 42,551 in Hartford ag an am. “Population of Connecticut Towns 1830–1890”, eolas faighte ó https://portal.ct.gov/SOTS/Register-Manual/Section-VII/Population-1830---1890.

[11] “Gaelic League – Movement Gets a Good Start in this City,” Hartford Courant, 16 Samhain, 1903; Le níos mó ar Phádraig Ó hÉigeartaigh agus dá ghníomhaíocha teanga in Springfield, Massachusetts, amharc ar Shíobhra Aiken, Pádraig Ó hÉigeartaigh: File, Gael agus Deoraí Springfield, Mass. (Tráchtas M.A. neamhfhoilsithe, OÉ Gaillimh, 2015)

[12] “Dr. Douglas Hyde Coming: President of Gaelic League to Speak in Hartford,” Hartford Courant, 23 Deireadh Fómhair, 1905; “Dr. Douglas Hyde Speaks for Gael,” Hartford Courant, 28 Samhain, 1905.

[13] Janet Egleson Dunleavy agus Gareth W. Dunleavy, Douglas Hyde: A Maker of Modern Ireland (Berkeley: University of California Press, 1991). 268; Douglas Hyde, Liam Mac Mathúna srl. (eagí), My American Journey (Mo thuras go Meiriceá)  (Dublin: University College Dublin Press, 2019), 1718.

[14] “I Meiriceá,” An Claidheamh Soluis, 31 Deireadh Fómhair, 1908.

[15] Gerald Hayes, Eliza Kane, The Last Blasket King: Pádraig Ó Cathain, an Rí (Cork: Collins Press, 2015), 66.

[16] National Archives at Boston; Waltham, Massachusetts; ARC Title: Petitions and Records for Naturalization, 10/1911 - 9/1991; NAI Number: 615479.

[17] Connecticut Death Index, 1949–2001 (Hartford, CT, USA: Connecticut Department of Health). Amharc freisin ar: “Fógra báis Elizabeth (Keane) Brett,” Hartford Courant, 8 Márta, 1997.

[18] Gerald Hayes agus Elizabeth Kane, The Last Blasket King: Pádraig Ó Catháin, An Rí, 62.

[19] Leslie Matson, Méiní: The Blasket Nurse (Cork: Mercier Press, 1996), 139.

[20] Ibid.

[21] Ibid, 142. Le níos mó a léamh faoi Mhéiní, amharc ar: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=731.

[22] Bo Almqvist, “Scéal an Ghiúdaigh,” Sinsear, No. 2, 1980, 8.

[23] Ibid, 8.

[24] Negley Farson, The Way of a Transgressor (London: The Camelot Press, 1935), 536.

[25] Micheál Ó Catháin, Dialann Phríosúin Sheáin ’a Chóta (Tráchtas PhD neamhfhoilsithe, OÉ Má Nuad, 2015), 49. Amharc fosta ar “Seán Kavanagh Dies in Éire; Cousins Here,” Hartford Courant, 29 Eanáir 1947. Bhí cónaí ar ceithre col ceathrar leis (as Cloichear, Dún Urlann, Co. Chiarraí) in Hartford.

[26] “Mayor of American city visits Dublin,” Irish Times, 31 Lúil, 1954.

[27] Proinsias Mac Maghnuis, Seal ag Ródaíocht (Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill, 1955), 231.

[28] "History – Metropolitan District Hartford,” eolas faighte ó https://themdc.org/about-us/history.

[29] John McAuliffe faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 25 Feabhra, 2016.

[30] “Kerry Doings in Hartford, Conn. U.S.A.,” Kerry Reporter, 26 Lúil, 1930; Kerryman, 26 Lúil, 1930.

[31] Bean 1 as Inis Meáin, Bean 2 as Inis Meáin agus Fear 1 as Inis Oírr faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 17 Bealtaine 2019.

[32] Milford, Connecticut, City Directory, 1955, 300.

[33] National Archives and Records Administration (NARA); Washington, D.C.; Indexes to Naturalization Petitons for United States District Courts, Connecticut, 1851-1992 (M2081); Microfilm Serial: M2081; Microfilm Roll: 24

[35] Máire Davoren faoi agallamh ag Brenda Ní Shúilleabháin, 2009.

[36] Bean 3 as Inis Meáin faoi agallamh ag Brenda Ní Shúilleabháin, 2009. Chuir sí leis seo nuair a bhí sí faoi agallamh liom in 2019. Ag an am sin, dúirt sí: “It was awful, I came here at seventeen, and that was my first time leaving the island. I felt like, ‘Oh my God’, like a two-year-old going out into the world having no English. It’s the worst thing in the world if you can’t communicate with people, and especially when you’re a teenager because you’re so self-conscious anyway and afraid to say something where people might begin to laugh at you. I found it very very hard.” Bean 3 as Inis Meáin faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 19 Bealtaine 2019.

[37] Fear 1 as Inis Oírr faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 17 Bealtaine 2019.

[38] Bean 3 as Inis Meáin faoi agallamh ag Brenda Ní Shúilleabháin, 2009.

[39] Bean 3 as Inis Meáin faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 19 Bealtaine 2019.

[40] Fear 1 as Daingean Uí Chúis faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 19 Bealtaine 2019.

[41] “In the Big One,” Hartford Courant, 28 Lúil 1968.

[42] “Hartford Gaelic Club Schedules Field Day,” Hartford Courant, 29 Lúil, 1966.

[43] 1950; Arrival: New York, New York; Microfilm Serial: T715, 1897-1957; Microfilm Roll: Roll 7914; Line: 16; Page Number: 114.

[44] Maura O’Connor faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 15 Bealtaine 2019.

[45] Bean 1 as cheantar Hartford faoi agallamh ag Brenda Ní Shúilleabháin, 2009.

[46] Patrick Nee le Richard Farrell agus Michael Blythe, A Criminal & an Irishman: The Inside Story of the Boston Mob-IRA Connection (Hanover: Steerforth press), 29.

[47] Maura O’Connor faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 15 Bealtaine 2019.

[48] Patrick Nee with Richard Farrell agus Michael Blythe, A Criminal & an Irishman: The Inside Story of the Boston Mob-IRA Connection, 31.

[49] Bhí cleachtadh maith ag MacMaghnuis ar Hartford roimhe seo, mar thug sé léacht ar ‘grinn na nGael’ faoi choimirce an craobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge in 1906 agus ceann eile ag ardscoil East Hartford in 1920.

[50] “Chat in Gaelic Greek to Others,” Hartford Courant, 20 Samhain, 1958. Amharc fosta ar “Irish Storyteller Enthralls Children Here,” Hartford Courant, 23 Samhain, 1958.

[51] Bean 3 as Inis Meáin faoi agallamh ag Brenda Ní Shúilleabháin, 2009.

[52] Bean 1 as Chorca Dhuibhne faoi agallamh ag Brenda Ní Shúilleabháin, 2009.

[53] Fear 1 as Inis Meáin faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 17 Bealtaine 2019.

[54] Le níos mó a léamh faoi Sheán Sheáin Í Chearnaigh, amharc ar: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1638.

[55] Bean 2 as cheantar Hartford faoi agallamh ag Brenda Ní Shúilleabháin, 2009.

[56] Ibid.

[57] Bean 1 as Inis Meáin agus Fear 1 as Inis Oírr faoi agallamh ag Pádraig Fhia Ó Mathúna, 17 Bealtaine 2019.

[58] Ó Broin, “Anailís ar Phobal Labhartha agus Spriocphobail Labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh,” 56.

[59] Tomás W. Ó h-Íde, “Emancipation through Exile: Irish Speakers in the Americas,” in Michael Newton (Eag.) Celts in the Americas (Sydney, Nova Scotia: Cape Breton University Press, 2013), 71.

[60] Michael Foy, “Gaels and Strangers,” Irish Times, 15 Deireadh Fómhair, 1965.

[61] “All-Irish meeting in Boston,” Irish Times, 4 Aibreán, 1969. Le níos mó ar mhuintir Chonamara i mBostún, amharc ar: Máirtín Ó Catháin, Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn agus Anall (Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 2012)

[62] “Gaeltacht thar sáile,” Irish Times, 28 Meán Fómhair, 1994.

[63] Bob Quinn, “A Gaeilgeoir solution to a Gaeltacht problem,” Irish Times, 6 Lúil, 1991.

[64] Le cúpla sampla áitiúil a fháil, amharc air:

Mícheál de Mórdha, “Niamh Ní Chriomhthain Uí Laoithe, duine de na Blascaodaigh dheireanacha, ar shlí na fírinne,” Tuairisc.ie, 16 Aibreán, 2019

 https://tuairisc.ie/niamh-ni-chriomhthain-ui-laoithe-duine-de-na-blascaodaigh-dheireanacha-ar-shli-na-firinne/;

“Fógra báis Margaret C. Davoren,” Hartford Courant, 1 Dheireadh Fómhair 2019 https://www.proquest.com/hartfordcourant/docview/2299413803/12064ABE6A44DB2PQ/3?accountid=14518 

“Fógra báis Mary Davoren,” Hartford Courant, 5 Feabhra 2020 https://www.proquest.com/hartfordcourant/docview/2350846852/12064ABE6A44DB2PQ/1?accountid=14518 ; “Fógra báis Patrick Conneely,” Hartford Courant, 30 Lúnasa, 2020 https://www.legacy.com/obituaries/hartfordcourant/obituary.aspx?n=patrick-conneely&pid=196713312&fhid=7277;

“Fógra báis Thomas K. Folan,” Hartford Courant, 10 Samhain, 2020

 https://www.legacy.com/obituaries/name/thomas-folan-obituary?pid=197075485.

[65] Ó Broin, “Anailís ar Phobal Labhartha agus Spriocphobail Labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh,” 54.

[66] Audrey Cleo Yap, “The Changing Face of America’s Chinese Schools,” The Atlantic, 30 Samhain, 2015, https://www.theatlantic.com/education/archive/2015/11/chinese-schools-in-america/417027/

[67] Eleni Sakellis, “Educating Greek Americans Offers Insights and Pathways Forward,” The National Herald, 20 Nollaig, 2020, https://www.thenationalherald.com/educating-greek-americans-offers-insights-and-pathways-forward/

[68] Vincent Power, “Learning in Britain?” Irish Examiner, 27 Márta, 1984.

[69] Janet M. Fuller agus Jennifer Leeman, Speaking Spanish in the US: The Sociopolitics of Language *2nd Edition (Bristol: Blue Ridge Summit, 2020), 20.

[70] Ibid, 20. Le níos mó ar roghanna teanga agus stádas na Spáinnise sna Stáit, amharc ar: Ricardo Otheguy agus Ana Celia Zentella, Spanish in New York: Language Contact, Dialectal Leveling, and Structural Continuity (Oxford: Oxford University Press, 2012); Luas A. Ortiz López agus Manel Lacorte (Eag.), Contactos y contextos lingüísticos: El español en los Estados Unidos y en contacto con otras lenguas (Iberoamericana: Vervuert, 2005) agus Rosa Tezanos-Pinto, La Presencia Hispana y El Español de los Estados Unidos: Unidad en la Diversidad (Nueva York: Academia Norteamericana de la Lengua Española, 2017).

[71] Ngũgĩ wa Thiong'o, Decolonising the Mind: The Politics of Language in African Literature (Portsmouth: Heinemann, 1986), 11-13. Tá cur síos ag Feargal Mac Ionnrachtaigh ar thionchar an choilíneachais (agus an iarchoilíneachais) ar an Ghaeilge i stair na hÉireann in Mac Ionnrachtaigh, “Promoting Sedition: The Irish Language Revival in the North of Ireland – Power, Resistance and Decolonization,” in Nigel C. Gibson, Fanon Today: Reason and Revolt of the Wretched of the Earth (Quebec: Daraja Press, 2021), 365407.

[72] Paul Kroskrity, “Language Ideologies,” in Alessandro Duranti (Eag.) A Companion to Linguistic Anthropology (Malden: Blackwell, 2004), 496517.

[73] Amharc fosta ar: Michael Silverstein, “The whens and wheres – as well as hows – of ethnolinguistic recognition,” Public Culture, Vol. 15, No. 3, 531557.

[74] Elise DuBord, Language, Immigration and Labor: Negotiating Work in the U.S.-Mexico Borderlands (New York: Palgrave Macmillan, 2014); DuBord, “Bilingual tricksters: Conflicting perceptions of bilingualism in the informal labor economy,” Language & Communication, Vol. 58, 107117.

[75] Michael Carney agus Gerald Hayes, From the Great Blaskets to America – Ríomhleabhar (Cork: Collins Press, 2013), 317. Amharc freisin ar Cole Morton, Hungry for Home: A Journey from the Edge of Ireland (New York: Viking Press, 2000).

[76] Ibid, 318.

[77] Louise Burne, “Iontach! Irish is the most learned language on Duolingo,” Extra.ie, 30 Nollaig, 2020.

[78] Ó Briain, “Anailís ar Phobal Labhartha agus Spriocphobail Labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh,” lgh. 56-57.

Leabharliosta: 

Leabhair

Aiken, Síobhra, Pádraig Ó hÉigeartaigh: File, Gael agus Deoraí Springfield, Mass., Tráchtas mháistreachta neamhfhoilsithe, OÉ Gaillimh, 2015.

Bacon, Nick & Xiangming Chen, Confronting Urban Legacy: Rediscovering Hartford and New England’s Forgotten Cities, New York: Lexington Books, 2013.

Carney, Michael & Gerald Hayes, From the Great Blasket to America: The Last Memoir by an Islander, Cork: The Collins Press, 2013.

Dunleavy, Janet Egleson & Gareth W. Dunleavy, Douglas Hyde: A Maker of Modern Ireland, Berkeley: University of California Press, 1991.

Farson, Negley, The Way of a Transgressor, London: The Camelot Press, 1935.

Fuller, Janet M. & Jennifer Leeman, Speaking Spanish in the US: The Sociopolitics of Language *2nd Edition, Bristol: Blue Ridge Summit, 2020.

Hayes, Gerald & Eliza Kane, The Last Blasket King: Pádraig Ó Cathain, an Rí, Cork: Collins Press, 2015.

Hyde, Douglas, Liam Mac Mathúna srl. (Eag.), My American Journey (Mo thuras go Meiriceá), Dublin: University College Dublin Press, 2019.

Knight, Matthew, ‘Our Gaelic Department’: The Irish Language Column in the New York Irish-American, 1857-1896, Tráchtas dochtúireachta neamhfhoilsithe, Harvard University, 2021.

Kroskrity, Paul, “Language Ideologies,” in Duranti, Alessandro (Eag.), A Companion to Linguistic Anthropology, Malden: Blackwell, 2004.

Mac Ionnrachtaigh, Feargal, “Promoting Sedition: The Irish Language Revival in the North of Ireland – Power, Resistance and Decolonization,” in Nigel C. Gibson, Fanon Today: Reason and Revolt of the Wretched of the Earth, Quebec: Daraja Press, 2021.

Mac Maghnuis, Proinsias, Seal ag Ródaíocht (Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill, 1955.

Matson, Leslie, Méiní: The Blasket Nurse, Cork: Mercier Press, 1996.

Morton, Cole, Hungry for Home: A Journey from the Edge of Ireland, New York: Viking Press, 2000.

Nee, Patrick le Richard Farrell agus Michael Blythe, A Criminal & an Irishman: The Inside Story of the Boston Mob-IRA Connection, Hanover: Steerforth Press, 2007.

Ní Dhonnchadha, Aisling & Máirín Nic Eoin, Ar an gCoigríoch: Díolaim Litríochta ar Scéal na hImirce, Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2008.

Nielsen, Ken, “The Irish Language in New York, 1850-1900,” in Ronald H. Bayor agus Timothy Meagher (Eag.), The New York Irish, Baltimore & London: The Johns Hopkins University Press, 1996.

Ó Brian, Brian, “Anailís ar Phobal Labhartha agus Spriocphobail Labhartha na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh,” in Jerry White & Aralt Mac Giolla Chainnigh (Eag.), Research and Teaching of the Irish Language in North America: The Next 20 years, Ottawa, Dalhousie University Press, 2016.

Ó Catháin, Máirtín, Conamara agus Boston: Tríocha Bliain Anonn agus Anall, Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht, 2012.

Ó Catháin, Micheál, Dialann Phríosúin Sheáin ’a Chóta, Tráchtas PhD neamhfhoilsithe, OÉ Má Nuad, 2015.

Ó hAnnracháin, Stiofán (Eag.), Go Meiriceá Siar. Na Gaeil agus Meiriceá: Cnuasach Aistí, Baile Átha Cliath: An Clochomhar Tta, 1979.

Ó h-Íde, Tomás W., “Emancipation through Exile: Irish Speakers in the Americas,” in Michael Newton (Eag.), Celts in the Americas, Nova Scotia: Cape Breton University Press, 2013.

Ó h-Íde, Tomás W. (Eag.), The Irish Language in the United States, Westport: Bergin & Garvey, 1994.

Ortiz López, Luas A. & Manel Lacorte (Eag.), Contactos y contextos lingüísticos: El español en los Estados Unidos y en contacto con otras lenguas, Iberoamericana: Vervuert, 2005.

Otheguy, Ricardo & Ana Celia Zentella, Spanish in New York: Language Contact, Dialectal Leveling, and Structural Continuity, Oxford: Oxford University Press, 2012.

Sumner, Natasha & Aidan Doyle (Eag.), North American Gaels: Speech, Story and Song in the Diaspora, Montreal: McGill-Queen’s University Press, 2020.

Tezanos-Pinto, Rosa, La Presencia Hispana y El Español de los Estados Unidos: Unidad en la Diversidad, Nueva York: Academia Norteamericana de la Lengua Española, 2017.

Tucker, Spencer C. (Eag.), American Civil War: The Definitive Encyclopedia and Document Collection, Santa Barbara: ABC-CLIO, 2013.

Uí Fhlannagáin, Fionnuala, Mícheál Ó Lócháin agus an Gaodhal, Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta. 1990.

wa Thiong'o, Ngũgĩ, Decolonising the Mind: The Politics of Language in African Literature, Portsmouth: Heinemann, 1986.

Ailt

Almqvist, Bo, “Scéal an Ghiúdaigh,” Sinsear, No. 2, 1980.

Clark, Dennis, “Muted Heritage: Gaelic in an American City,” Éire-Ireland, Vol. 6, No. 2, Earrach 1971.

DuBord, Elise, “Bilingual tricksters: Conflicting perceptions of bilingualism in the informal labor economy,” Language & Communication, Vol. 58.

Ní Bhroiméil, Úna, “The Creation of an Irish Culture in the United States: The Gaelic Movement, 1870–1915,” New Hibernia Review/Iris Éireannach Nua, Autumn 2001, Vol. 5, No. 3.

Ní Ghabhann, Gillian, “The Gaelic Revival in the U.S. in the Nineteenth Century,” Chronicon, 1998, Vol. 6.

Nilsen, Kenneth, “Thinking of Monday: The Irish speakers of Portland, Maine,” Éire-Ireland, Vol. 25, No. 1, Earrach 1990.

Silverstein, Michael, “The whens and wheres – as well as hows – of ethnolinguistic recognition,” Public Culture, Vol. 15, No. 3.

Stenson, Nancy, “‘Beagáinín’: The Use of Irish among Immigrants to the United States,” New Hibernia Review/Iris Éireannach Nua, Summer, 1998, Vol. 2, No. 2.

Walsh, John & Laoise Ní Dhúda, “‘New speakers’ of Irish in the United States: Practices and Motivations,” Applied Linguistics Review, Vol. 6.

Nuachtáin

An Claidheamh Soluis

Extra.ie
Hartford Courant

Irish American

Irish Times

Irish Examiner

Kerry Reporter

Kerryman

The Atlantic

The National Herald

Tuairisc.ie

Aguisín 1

Cárta gnó a bhí in úsáid ag dlíodóir Risteard Mac Leoid i gCathair Hartford in 1878

Aguisín 2

An Ghaeilge agus Daonra Hartford, 1920 (Eolas faighte ó daonáireamh na Stát Aontaithe.)

Aguisín 3

Foireann Hartford a bhuaigh craobhchomórtais náisiúnta Mheiriceá Thuaidh in 1968. Tá Tony Bhrynín agus Pádraic “Red Pat” Bhrynín Conneely as Inis Meáin (an chéad agus an dara duine ar chlé sa líne chúil), Mícheál “Toose” Fitzgerald as Corca Dhuibhne (an ceathrú duine ar chlé sa chéad líne) agus Seán Ó Súilleabháin (an cúigiú duine ar chlé sa chéad líne) san áireamh.