Ag dul chun spairne leo - Sracshúil ar Bhriathra Frásacha na Gaeilge

Áine Nic Niallais

Comhrac na nDineasár

Istigh faoi bhrat an fhásra, chuaigh an T-Rex i bhfolach[1 

go foighneach ar an Trícheireatóp.

Ansin i bhfaiteadh na súl, tháinig sé aniar aduaidh ar[2] an Trícheireatóp trí ruathar a thabhairt air[3] agus fogha a thabhairt faoi[4].

Ní fhéadfaí an lámh in uachtar a fháil ar[5] an Trícheireatóp mhisniúil, áfach, a thug go diongbháilte faoina[6] chéile comhraic agus a chuir an ruaig go cróga sa deireadh air[7].

Ba ar éigean a d’éirigh leis an T-Rex na sála a bhreith leis[8] an uair seo![9]

 

1.1 Ábhar an Ailt

Is é príomhsprioc an ailt seo ná léargas ginearálta a thabhairt ar na briathra frásacha sa Ghaeilge.[10] Míneofar an rud is briathar frásach ann agus tabharfar roinnt samplaí ó teanglann.ie[11] agus focloir.ie chun na príomhchineálacha struchtúr atá ann a thabhairt chun cruinnis. Déanfar cuid de na deacrachtaí a bhaineann le húsáid na mbriathra frásacha sa lá atá inniu ann a spíonadh. Tabharfar súilfhéachaint i ndeireadh an ailt ar an dóigh a bhféadfadh eolas ní ba ghléine ar na struchtúir seo, agus ar an fhairsinge a bhaineann leo, cur le treisiú agus le neartú saibhris sa teanga.

1.2 Tábhacht na mBriathra Frásacha

Is iomaí ní atá ag imeacht in éag ar na saolta seo. Tá baol ann, áfach, go mbeidh an chinnúint chéanna i ndán do ghnéithe áirithe de struchtúr na Gaeilge de thairbhe easpa airde i dteagasc agus i bhfoghlaim na Gaeilge.[12] Is gné thábhachtach, lárnach de bhréidín na Gaeilge é an briathar frásach, mar a scríobh Ua Laoghaire (1922: 85):

The most beautiful, as well as the most subtle, element of Irish syntax is that which has its existence around those little words which express relation. They are called by the general name of prepositions... In the spoken language of the people it is that this element of Irish syntax gets full scope... and the people revel in its subtlety, variety, and beauty. These characteristics of it, together with its long, continued use, give to the spoken Irish an exactness, a vigour, a combined strength and litheness, unknown in English speech.

Ar ndóigh, is iad na briathra frásacha atá i gceist go mór ag Ua Laoghaire thuas in ainneoin nach n-úsáideann sé téarma ar leith orthu. Thug Ua Laoghaire (1922: 85) le fios fosta go ndearna sé iarracht ina mhórshaothar Séadna (1904) úsáid a bhaint as na struchtúir seo ar dhóigh a mbeadh léitheoirí ábalta raon na n-úsáidí a fhoghlaim agus a thuiscint i gcomhthéacs.[13]  Léirítear sa scéilín ‘Comhrac na nDineasár’ i dtús an ailt thuas gur féidir leas a bhaint as na cineálacha éagsúla briathra frásacha i litríocht an lae inniu fosta, sa litríocht do pháistí go háirithe, chun sealbhú agus saibhriú na teanga a neartú. Déanfar iarracht anseo thíos mar sin cardáil ar leith a dhéanamh ar na struchtúir seo chun teagascóirí agus scríbhneoirí a spreagadh lena n-úsáid agus lena gcur chun cinn.   

1.3 Cad is Briathar Frásach ann?

1.3.1 Míniú ar an bhriathar fhrásach

Is éard is briathar frásach ann ná briathar a chumtar trí bhriathar[14] móide míreanna éagsúla teanga a chur le chéile, mar a thug Matthews (1997: 297) le fios: ‘any combination of two or more words that is treated as, or as equivalent to, a verb: e.g. take pictures of... might be seen as an equivalent to photograph’.

Tréith thábhachtach eile a bhaineann leis na struchtúir seo ná go mbaintear brí neamhlitriúil, mheafarach astu agus, mar sin de, gur dulanna ‘ar leith’ cainte iad (Ó Domhnalláin & Ó Baoill, 1975: 7) ar choincheapa éagsúla saoil.[15]   

1.3.2 Na príomhstruchtúir

Leagtar amach anseo thíos na míreanna éagsúla a chuirtear le chéile chun na príomhstruchtúir a bhaineann leis na briathra frasacha a chumadh. Maítear go bhfuil na míreanna seo thíos ag feidhmiú mar aonad amháin brí siocair gur féidir briathar aonfhoclach nó briathar frásach eile a úsáid sa Bhéarla[16] chun an coincheap céanna a chur in iúl. Léirítear sna samplaí seo chomh maith nach brí litriúil a bhaintear as na míreanna éagsúla ach go bhfuil brí mheafarach leis na míreanna nuair a chuirtear le chéile mar aonad iad:

(1) BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL
BAIN + FAOI = ‘to settle’[17]

(2.a) BRIATHAR + DOBHRIATHAR TREO + RÉAMHFHOCAL
CUIR + ISTEACH + AR = ‘to interrupt / butt in’

 (2.b) BRIATHAR + DOBHRIATHAR TREO[18]
CUIR AMACH = ‘to guess’

(3.a) BRIATHAR + AINMFHOCAL + RÉAMHFHOCA(I)L
TABHAIR + IARRAIDH + AR = ‘to attempt’ agus ‘to attack / have a go at’

(3.b) BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL + AINMFHOCAL
CUIR + FAOI + COS = ‘to oppress / put down’

(3.c) BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL + AINMFHOCAL + RÉAMHFHOCAL
TÉIGH + I + GLEIC + LE = ‘to grapple with’

Tugtar tuilleadh samplaí ilchineálacha anseo thíos de gach struchtúr acu sin thuas chun léargas níos glinne a thabhairt ar réimse na gcoincheap saoil is féidir a chur in iúl leo:

 

(1) BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL

BRIATHAR FRÁSACH

sa Ghaeilge

SAMPLAÍ

 BRIATHAR nó

BRIATHAR FRÁSACH

 sa Bhéarla

CUIR+AR

Chuir an obair ar Úna.

‘to distress’

BAIN+DO

Bhain sé do Liam.

‘to concern, to relate to’

LIG+FAOI

Lig Liam faoi.

‘to settle down, to control oneself’[19]

TAR + LE

Tháinig Úna leis.

‘to put up with/tolerate’

Tábla 1: Samplaí de Bhriathra Frásacha ina bhfuil
BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL

(2.a) BRIATHAR + DOBHRIATHAR TREO + RÉAMHFHOCAL

BRIATHAR FRÁSACH

sa Ghaeilge

 

SAMPLAÍ

BRIATHAR nó

BRIATHAR FRÁSACH

 sa Bhéarla

CAITH + ANUAS + AR

Chaith Úna anuas ar Liam.

‘to belittle’

TÉIGH + SÍOS SIAR + DE

Chuaigh caint Liam síos siar d’Úna.

‘to ignore’

TAR + ANIAR ADUAIDH + AR

Tháinig caint Liam aniar aduaidh ar Úna.

‘to surprise’

CUIR + SUAS + DE

Chuir Liam suas de thairiscint Úna.

‘to refuse’

Tábla 2: Samplaí de Bhriathra Frásacha ina bhfuil
BRIATHAR + DOBHRIATHAR TREO + RÉAMHFHOCAL

 

(2.b) BRIATHAR + DOBHRIATHAR TREO

BRIATHAR FRÁSACH

 sa Ghaeilge

 

SAMPLAÍ

BRIATHAR nó

BRIATHAR FRÁSACH

 sa Bhéarla

BAIN + AMACH

Bhain Liam an teach amach.

‘to reach’

TAR + ISTEACH

Tháinig an tairngreacht isteach.

‘to fulfill’

TIT+AMACH

Cad é a thit amach?

‘to happen’

TARRAING + ANUAS

Tharraing Úna anuas an scéal sin.

‘to introduce’

Tábla 3: Samplaí de Bhriathra Frásacha ina bhfuil
BRIATHAR + DOBHRIATHAR TREO

(3.a) BRIATHAR + AINMFHOCAL + RÉAMHFHOCA(I)L

BRIATHAR FRÁSACH 

 sa Ghaeilge

 

SAMPLAÍ

BRIATHAR nó

BRIATHAR FRÁSACH

 sa Bhéarla

BAIN + SEARRADH + AS

Bhain Úna searradh aisti féin.

‘to stretch (oneself)’

DÉAN + GÉARLEANÚINT + AR

Rinne Úna géarleanúint ar Liam.

‘to persecute’

CUIR + TEANNADH + LE

Chuir Liam teannadh leis an fhocal.

‘to emphasize’

BÍ+BÁ+AG+LE[20]

Tá bá ag Úna le Liam.

‘to like’

Tábla 4: Samplaí de Bhriathra Frásacha ina bhfuil
BRIATHAR + AINMFHOCAL + RÉAMHFHOCA(I)L

(3.b) BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL + AINMFHOCAL

BRIATHAR FRÁSACH   

 sa Ghaeilge

 

SAMPLAÍ

BRIATHAR nó

BRIATHAR FRÁSACH

 sa Bhéarla

TABHAIR + CHUN + CUIMHNE

Thug Úna an scéal chun cuimhne.

‘to recall’

TIT + CHUN + CÉILLE

Thit Liam chun céille.

‘to steady down’

CUIR + LE + CUTHACH

Chuir Liam Úna le cuthach.

‘to enrage’

TÉIGH + FAOI + CÓNAÍ

Chuaigh Liam faoi chónaí.

‘to retire’ (for the night)

Tábla 5: Samplaí de Bhriathra Frásacha ina bhfuil
BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL + AINMFHOCAL

(3.c) BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL + AINMFHOCAL + RÉAMHFHOCAL

BRIATHAR FRÁSACH   

 sa Ghaeilge

 

SAMPLAÍ

BRIATHAR nó

BRIATHAR FRÁSACH

 sa Bhéarla

TÉIGH + I + GLEIC  + LE

Chuaigh Liam i ngleic leis an ábhar.

‘to grapple with’

CUIR + FAOI + DEARA + DO

Chuir Úna faoi deara do Liam imeacht.

‘to compel’

TÉIGH + CHUN + TAIRBHE + DO

Chuaigh an obair chun tairbhe d’Úna.

‘to benefit’

CUIR + I + CUIMHNE + DO

Chuir Liam an scéal i gcuimhne d’Úna.

‘to remind’

Tábla 6: Samplaí de Bhriathra Frásacha ina bhfuil
BRIATHAR + RÉAMHFHOCAL + AINMFHOCAL + RÉAMHFHOCAL

 

1.4 Deacrachtaí le hÚsáid na mBriathra Frásacha sa Ghaeilge

1.4.1 Tionchar an Bhéarla

Cé go bhfuil cuid mhór de na briathra frásacha coitianta go fóill sa ghnáth-Ghaeilge labhartha agus scríofa, tá moll mór eile acu á ligean i ndearmad as siocair nach bhfuil siad á gcloisteáil i mbéal na ndaoine níos mó. De bharr go bhfuil na struchtúir seo á ligean i léig, baintear leas as iasachtaí díreacha ón Bhéarla le coincheapa éagsúla an tsaoil a chur in iúl sa Ghaeilge. Is nós é seo atá chomh seanbhunaithe anois, go nglactar go coitianta le cuid mhaith de na nathanna seo i bpríomhfhoclóir na Gaeilge, Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill: mar shampla, DÉAN+SUAS+LE / ‘make up to’ seachas b’fhéidir DÉAN+ATHMHUINTEARAS+LE nó BÍ+MÓR+LE. Nós eile é an briathar aonfhoclach Béarla a úsáid leis an iarmhír ‘áil’ in abairtí den chineál seo: Cén fáth a mbíonn tú ag disappointáil mise i gcónaí? (Stenson 1990: 183) seachas an briathar frásach CUIR+DÍOMÁ+AR: cén fáth a gcuireann tú díomá i gcónaí orm?

1.4.2 Úsáid mhíbheacht na mbriathra frásacha

Baintear úsáid as straitéisí éagsúla sa Ghaeilge nuair nach mbítear ar an eolas faoi struchtúr cuí na mbriathra frásacha, mar shampla[21]: (1) fágtar mír ar lár go hiomlán: teastaíonn mé imeacht anois seachas teastaíonn uaim imeacht anois; (2) baintear leas as an mhír nó as an bhriathar chontráilte: Tháinig sé suas le réiteach seachas tháinig sé ar réiteach; (3) cuirtear mír isteach san abairt nuair nach bhfuil gá ar bith sa Ghaeilge léi: Tháinig mé trasna ar ábhar seachas Tháinig mé ar ábhar; (4) nó úsáidtear lomaistriúchán ón Bhéarla: Buaileadh suas é seachas Tugadh greadadh/bascadh/greidimín dó.

I mbeagán focal, mura ndéanfar níos mó airde a tharraingt ar na struchtúir féin agus ar na meancóga a dhéantar leo, tá an baol ann go ligfear cuid mhór de bhriathra frásacha dúchasacha na Gaeilge i ndíchuimhne agus go mbeidh lomaistriúcháin ón Bhéarla á neartú agus á ndaingniú sa teanga.

1.5 Saibhriú teanga

Ní hamháin go bhféadfadh níos mó eolais i dtaca leis na briathra frásacha sa teagasc agus níos mó airde orthu san ábhar léitheoireachta úsáid na mbriathra frásacha a threisiú ach d’fhéadfadh eolas orthu cur leis an tsaibhriú teanga fosta. Tá saoirse áirithe ag baint leis na struchtúir seo i dtaca le malartú na n-ainmfhocal[22] go háirithe iontu chun bríonna comhchosúla[23] a chur in iúl, rud a chuireann go mór le haclú na teanga agus le fairsingiú foclóra sa Ghaeilge. Léirítear é seo sna samplaí seo thíos[24]:

 

Briathar

Cnuasach teoranta d’ainmfhocail sa Ghaeilge

Réamhfhocal

BRIATHAR nó

BRIATHAR FRÁSACH

 sa Bhéarla

Bain

geit, preab, an croí, an t-anam, bíogadh, cliseadh, léim, hap, dúiseacht

as

‘To startle’

Bain

sult, spraoi, spórt, ceol, súp, sásamh, pléisiúr, taitneamh, suáilceas, suáilce, aoibhneas croí

as

‘To enjoy’

Bain

turraing, leagan, titim, tuisle, barrthuisle, starrán 

as

‘To stumble, to trip’

Bain

tairbhe, leas, sochar, buntáiste

as

‘to benefit by’

Cuir

ga, goineog, clipe

ann

‘to sting, to prick’

Cuir

bíogadh, ceol, fuinneamh, smoirt, spionnadh, spleodar, beocht

ann

‘to liven, to smarten up’

Cuir

béim, treise, meáchan

air

‘to emphasize’

Cuir

cluain, dallamullóg, dallach dubh, dalladh púicín, an dubh ina bhán[25]

air

‘To deceive, to bamboozle’

Déan

dorn dubh, an donas, éagóir, tromaíocht, leithcheal, leatrom, feall

uirthi

‘to wrong’

Tabhair

spléachadh, sracshúil, súilfhéachaint, mearamharc, catsúil, leagan súl, leathshúil

air

‘to glance at’

Tabhair

amas, rúid, iarraidh, áladh, srán

air

‘To attack, to rush at’

Tábla 7: Samplaí de chnuasaigh theoranta d’ainmfhocail a thig a idirmhalartú chun bríonna comhchosúla a chur in iúl sa Ghaeilge

1.6 Focal Scoir

Ba é príomhchuspóir an ailt seo ná briathra frásacha na Gaeilge a chur i léire. Tugadh míniú ar an bhriathar fhrásach agus leagadh na príomhstruchtúir amach. Míníodh go hachomair na deacrachtaí a bhaineann le húsáid na mbriathra frásacha sa lá atá inniu ann agus maíodh go bhféadfadh níos mór airde sa teagasc agus san ábhar léitheoireachta treisiú le húsáid na mbriathra frásacha. Taispeánadh gur féidir an t-ainmfhocal a idirmhalartú i gcuid mhaith de na struchtúir chun bríonna comhchosúla a chur in iúl, rud a chuireann leis an tsealbhú agus leis an tsaibhriú teanga.

Dá bhféadfaí baill choirp seo na teanga - na briathra frásacha agus liostaí de na cnuasaigh de bhríonna comhchosúla - a chur le chéile agus a chur i láthair ar bhealach físiúil, córasach, spreagúil, d’fhéadfadh sé go mbainfí tairbhe mhór astu i dteagasc, i bhfoghlaim agus i bhforbairt na teanga. Is cinnte nach é amháin go gcuirfeadh tuilleadh tuisceana ar an ábhar seo go mór le treisiú agus le haclú foclóra ach, chomh maith leis sin, go gcothófaí teanga ní b’fholláine nach bhfuil a beatha i ngeall go hiomlán le múnlaí an Bhéarla.


[1] TÉIGH + I + FOLACH = ‘to hide’.

[2] TAR + ANIAR ADUAIDH + AR = ‘to surprise’.

[3] TABHAIR + RUATHAR + AR = ‘to rush/charge at’.

[4] TABHAIR + FOGHA + FAOI = ‘to attack’.

[5] FAIGH + LÁMH IN UACHTAR + AR = ‘to overcome’.

[6] TABHAIR + FAOI = ‘to attack’.

[7] CUIR + RUAIG + AR = ‘to rout/chase away’.

[8] BEIR + NA SÁLA + LE = ‘to escape’.

[9] Údar an ailt a chum an scéilín seo chun léargas a thabhairt ar úsáid na mbriathra frásacha in ábhar léitheoireachta an lae inniu, in ábhar léitheoireachta do pháistí go háirithe. Foinse an phictiúir: https://picclick.com/Dinosaur-Battle-Tyrannosaurus-Rex-T-Rex-Triceratops-Fighting-132219400533.html

[10] De cheal spáis, ní bheifear ábalta gach gné den ábhar thábhachtach seo a phlé san alt seo ach tá mionchíoradh ar ghnéithe éagsúla de chomhréir agus de shéimeantaic na mbriathra frásacha i dtráchtas neamhfhoilsithe an údair, amharc ar Nic Niallais (2012).

[11] An fhoinse is tábhachtaí dá bhfuil againn sa Ghaeilge i dtaca leis na briathra frásacha. Tá siad liostaithe go córasach ag Ó Dónaill, mar shampla, nuair a luaitear an briathar cuir agus an iontráil a bhaineann leis, liostaítear ina dhiaidh sin na ceannfhocail seo a leanas móide na samplaí uile a bhaineann leo: cuir amach, cuir aníos, cuir anuas, cuir ar etc.

[12] Is beag plé atá déanta go nuige seo ar thábhacht na mbriathra frásacha i struchtúr na dteangacha Ceilteacha, an Ghaeilge go háirithe (Stenson 1997; Rottet 2005). Liostaítear cuid mhaith de na briathra frásacha i bhfoirm foclóra i saothair thábhachtacha sa Ghaeilge, mar shampla: Mac Cionnaith (2004); Mac Giolla Chomhaill (1981) agus (2003); Mac Maoláin (1922), Ó Cadhlaigh (1922), Ua Laoghaire (1922), Ó Searcaigh (1939). Cé go bhfuil na liostaí agus samplaí seo an-luachmhar, níl anailís i ndáiríre ar na briathra frásacha sna liostaí sin agus níl scagadh sna liostaí sin ar na cineálacha éagsúla briathra frásacha atá ann. Tá cardáil mhaith déanta sa tsaothar Réamhfhocail le Briathra na Gaeilge (1975) le Ó Baoill agus Ó Domhnalláin ar na struchtúir le BRIATHAR+RÉAMHFHOCAL agus pléitear fosta an gaol idir na bunstruchtúir litriúla agus na struchtúir mheafaracha. Tá caibidlí iomlána sa leabhar gramadaí Úrchúrsa Gaeilge (1992) bunaithe ar shamplaí de na struchtúir seo a leanas: ‘Bí/Is+Réamhfhocal’ (1992: 69-77); ‘Briathra+Réamhfhocal AR’ (1992:168-174); ‘Briathar+Réamhfhocal+Ainmfhocal’ (1992: 175-184). Ainneoin nach luaitear na struchtúir ar fad sa tsaothar sin, bheadh an plé agus na ceachtanna a luaitear ann an-úsáideach go deo i leagan amach leabhair theagaisc ar na briathra frásacha amach anseo. Rinne Stenson (1997) anailís chomparáideach idir na struchtúir le réamhfhocail agus le dobhriathra sa Ghaeilge. Sa bhreis ar fho-aicmí Stenson (1997), luaigh Veselinović (2004(a): 177) fo-aicme eile atá fíorchoitianta sa Ghaeilge, eadhon, struchtúir le BRIATHAR+AINMFHOCAL+RÉAMHFHOCAL, leithéidí Cuir+ruaig+ar / 'to banish', Cuir+geall+le / 'to bet' etc.  Tá sáranailís chomparáideach déanta ag Ó Ruairc (1996: 103-138) ar úsáid na réamhfhocal agus na ndobhriathar sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ach ní chuireann sé béim ar leith ar bhriathra frásacha. De réir m’eolais, níl iarracht déanta go dtí seo díriú go sonrach ar na cineálacha éagsúla briathra frásacha uile atá ann agus a leagan amach ar bhealach go bhféadfaí a bhfoghlaim agus a dteagasc. Beidh gá le hailt eile amach anseo chun léargas níos mine a thabhairt ar na gnéithe éagsúla ar fad den ábhar thábhachtach seo.

 

[13]Séadna (1904) breac le sleachta den chineál seo: ‘Ní féidir dóibh baint le duine a bhíonn ag déanamh a ghnótha féin agus gan é ag cur chuchu ná uathu. Ach duine a bheadh ag dul in áiteannaibh aeracha in am míthráthúil... ní haon iúnadh go gcurfaí a mhalairt de chúram air uaireanta. Ach, pé scéal é, féachaintdtugas thoram cad a chífinn ach an bhean agus í ina suí ar an leathlaí eile den trucail uaim... Nuair a chonac í is dócha gur tháinig iarracht de laige orm... Pé rud a tháinig orm, níor lean sé i bhfad orm... do luíos greim ar an láimh... Do tugadh iarracht ar í a bhreith uaim ach ambasa choimeádas mo ghreim, agus fé mar a tháinig liom mo ghreim a choimeád do chas mo mhisneach orm agus mo neart’ (1987: 180). 

[14] Is cosúil gur briathra Gearmánacha aonsiollacha, dinimiceacha atá i mórchuid na mbriathra atá coitianta sna Briathra Frásacha Béarla (Spasov 1966: 45). Tugann Dixon (1982: 39), mar shampla, le fios go bhfuil na briathra seo a leanas ar na briathra is coitianta a thagann chun cinn i mBriathra Frásacha an Bhéarla: go, come, run, fall, turn, stand, get, take, put, set, lay, bring, pull, cut, hold, keep, have agus be. Chuir Live (1965: 430) in iúl gur briathra neamhrialta den chuid is mó a úsáidtear, eolas a thiocfadh le tuairim Kennedy (1920:29) gurbh iad na briathra is coitianta i ngnáthchaint na ndaoine, eadhon, na briathra neamhrialta, is mó ar baineadh leas astu le Briathra Frásacha nua a fhorbairt. Is suntasach an rud é gur briathra aonsiollacha, dinimiceacha, (neamhrialta go minic) iad na cinn is coitianta sa Ghaeilge fosta, leithéidí, tar, téigh, rith, tit, faigh, tóg, cuir, bain, déan, lig, leag, bí, luigh, tóg, tabhair, séid etc.

[15] Tá mionscagadh in Nic Niallais (2012) ar fhás agus ar fhorbairt ilbhríonna meafaracha na mbriathra frásacha nó na ‘new shades of meaning’ mar a thugann Greene (1966:53) orthu.

[16] Cuidíonn an briathar aonfhoclach nó briathar frásach Béarla anseo, agus ar fud an ailt seo, le haontacht na míreanna Gaeilge ó thaobh brí de a léiriú, nó mar a luaigh Matthews (1997: 297) thuas, go bhfuil siad ‘equivalent to, a verb’. Ainneoin gurb ann do bhriathra aonfhoclacha, comhchiallacha Gaeilge i gcuid de na cásanna, mar shampla, BAIN FAOI = ‘cónaigh’; CAITH/CUIR AMACH = ‘urlaic’, ní hann do bhriathar aonfhoclach, comhchiallach Gaeilge i ngach aon chás, mar shampla, DÉAN NEAMHIONTAS DE.

[17] D’fhéadfadh sé tarlú go dtabharfaí cúpla brí san fhoclóir do chuid de na briathra frásacha a luaitear san alt seo. Mar shampla, tugtar na bríonna seo a leanas ar www.teanglann.ie leis an bhriathar fhrásach BAIN FAOI: 1. to settle/stay 2. to appease 3. to undermine 4. to undertake. De ghrá na simplíochta, luaitear brí amháin acu seo sna samplaí.

[18] Tá difríocht idir (2.a) agus (2.b) anseo sa mhéid agus go bhfuil géarghá leis an réamhfhocal in (2.a) chun brí an bhriathair fhrásaigh a chur in iúl (Chuir sé isteach air / Chuir sé isteach?). Níl géarghá leis an réamhfhocal in (2.b), áfach, chun an bhrí ‘to guess’ a chur in iúl: Ní chuirfeá amach choíche é.  

[19] Luaigh Stenson (1997: 567) na struchtúir aisfhillteacha seo fosta ina mbíonn forainm ag tagairt siar san abairt d’ainmní na habairte. I measc na samplaí a thug sise, bhí: Lig sé air / he pretended; Chuir sé leis / he thrived; chuir sé faoi / he settled. 

[20] Tugtar liosta beag de na struchtúir seo le dhá réamhfhocal in Ó Cadhlaigh (1922: 200).

[21] Tá na samplaí seo bunaithe ar ábhar ó na meáin éagsúla Ghaeilge, nó ar shamplaí in Nua-Chorpas na hÉireann.

[22] Bíonn saoirse áirithe i dtaca leis na briathra uaireanta fosta, mar shampla, ÉIRIGH/TÉIGH/TIT/RITH LE = ‘to succeed’. Is annamh go mbíonn saoirse ag roinnt leis an réamhfhocal ná leis an dobhriathar de bhrí go bhfuil brí na míreanna sin an-tábhachtach i mbrí na mbriathra frásacha, mar a spíontar go mion in Nic Niallais (2012).

[23] Ar ndóigh, luaitear ‘comhchosúil’ seachas ‘iomlán comhchiallach’ anseo mar go gcaithfí cúrsaí réime a chur san áireamh agus ceann amháin nó eile acu seo á roghnú i gcomhthéacs ar leith.

[24] Ní liostaí críochnaitheacha iad na liostaí seo, d’fhéadfadh sé go bhfuil corrshampla eile ann a thiocfaí a chur leo ach bheadh gá le tuilleadh taighde chun liostaí críochnaitheacha a dhearbhú. Tugtar na samplaí seo chun léargas a thabhairt ar an tairbhe a thiocfaí a bhaint as a leithéid seo de rangú córasach ar bhríonna comhchosúla. 

[25] Na hainmfhocail ‘dubh’ agus ‘bán’ atá i gceist sa nath áirithe seo seachas na haidiachtaí.

Leabharliosta: 

Leabhair / Tuarascálacha Taighde

An Gúm, (1999) Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí. Eagrán Nua, Baile Átha Cliath: Rialtas na hÉireann (1ú Eagrán 1960).

Greene, D., (1966) The Irish Language, Irish Life and Culture. Dublin: Three Candles.

Mac Cionnaith, S., (2004) Focail i bhFócas - Foclóir Comhchiallach Dátheangach. An 2ú hEagrán Leasaithe, Baile Átha Cliath: Coiscéim (1ú Eagrán 2003).

Mac Giolla Chomhaill, A., (1981) Deise Labhartha, Deise Scríofa. Muineachán: Cló Oirghialla.

-, (2003) Deismir – Cnuasach de Chora Cainte is de Natháin i nGaeilge Uladh. Ard Mhacha: Cumann Seanchais Ard Mhacha.

Mac Maoláin, S., (1922) An Bealach chun na Gaedhealtachta - The Road to the Gaedhealtacht Phrase Book. Béal Feirste: Coisde Mhodha na Ráidthe.

Matthews, P. H., (1997) Oxford Concise Dictionary of Linguistics. Oxford: Oxford University Press.

McIntosh, C., ed., (2006) Oxford Phrasal Verbs - Dictionaries for learners of English. 2nd Edition, Oxford: Oxford University Press (1st Edition 2001).

Ó Baoill, D. & Ó Domhnalláin, T., eag., (1975) Réamhfhocail le Briathra na Gaeilge. Dublin: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Baoill, D. & Ó Tuathail, É., (1992) Úrchúrsa Gaeilge. Eagrán Leasaithe, Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann (1ú Eagrán 1981).

Ó Cadhlaigh, C., (1922) Ceart na Gaedhilge. Baile Átha Cliath: Mellifont Press.

Ó Ruairc, M., (1996) Dúchas na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ó Searcaigh, S., (1939) Coimhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Spasov, D., (1966) English Phrasal Verbs. Sofia: Naouka i Izkoustvo.

Ua Laoghaire, P., (1922) Papers on Irish Idiom together with a translation into Irish of part of the first book of Euclid. O’Rahilly, T.F., ed., Dublin: Browne & Nolan.

-, (1987) Séadna. Mac Mathúna, L., eag., Baile Átha Cliath: Carbad (1ú Eagrán 1904).

Ailt

Dixon, R., (1982) 'The Grammar of English Phrasal Verbs', Australian Journal of Linguistics. 2, 1-42.

Kennedy, A. G., (1920) 'The Modern English Verb-Adverb Combination' in Language and Literature. Stanford: Stanford University Press, 1-51.

Live, A. H., (1965) 'The Discontinuous Verb in English', Word. 21, 428-451.

Rottet, K. J., (2005) 'Phrasal Verbs and English Influence in Welsh', Word-Journal of the International Linguistic Association. 56(1), 39-70.

Stenson, N., (1990) ‘Phrase Structure Congruence, government, and Irish-English Code-Switching’, The Syntax of Modern Celtic Languages. 23, 167-197.

Stenson, N., (1997) 'Language Contact and the Development of Irish Directional Phrase Idioms' in Ahlqvist, A., Čapkoká, V., ed. Dán do Oide - Essays in Memory of Conn R. Ó Cléirigh. Dublin: Institiúid Teangeolaíochta Éireann, 459-577.

Veselinović, E., (2004(a)) ‘How to put up with cur suas le rud and the Bidirectionality of Contact’, translated by Tristram, H. L. C., ed. The Celtic Englishes IV - The Interface between English and the Celtic Languages. Potsdam: Universitätsverlag Potsdam.

Veselinović, E., (2004(b)) 'Der Übergang von der Verbalkompositionen zum Phrasal Verb im Irischen' in Poppe, E., ed. Keltologie Heute. Themen und Fragestellungen. Münster: Nodus Publikationen, 95-110.

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Nic Niallais, Á., (2012) Ag teacht isteach orthu: Gnéithe de Chomhréir agus de Shéimeantaic Bhriathra Frásacha na Gaeilge. Tráchtas Neamhfhoilsithe, Béal Feirste: Ollscoil na Banríona.

Bunachair Leictreonacha:

Foras na Gaeilge,  Nua-Chorpas na hÉireann, [Féach: http://corpas.focloir.ie/] [Baineadh úsáid as seo an 10 Meán Fómhair 2019].