Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
In aice le marbh | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

In aice le marbh

Aistriúchán ón bhFraincis (Auprès d’un mort le Guy de Maupassant)

Keith Dowling

IN AICE LE MARBH

Bhí sé ag fáil bháis, mar a bhásaíonn daoine a bhfuil eitinn orthu i gcónaí. D’fheicinn ag suí síos é chuile lá thart ar a dó a chlog, ar bhinse cois farraige faoi bhun fhuinneoga an óstáin. D’fhanadh sé cúpla nóiméad ina shuí gan chorraí agus é ag sú isteach theas na gréine, ag breathnú amach go gruama ar an Meánmhuir. Anois is arís, chaitheadh sé súil ar bharr na sléibhte agus iad ag gobadh amach os cionn na néalta, na sléibhte sin a ghabhann mórthimpeall ar Menton. Ina dhiaidh sin, chuireadh sé a dhá chois trasna ar a chéile go mall, cosa a bhí chomh tanaí le péire cnámh agus a threabhsair ar crochadh síos uathu, agus ansin d’osclaíodh sé leabhar, an ceann céanna i gcónaí.

Ansin, ní bhogadh sé, léadh sé lena shúil agus lena intinn; déarfá go raibh iomláine a choirp bhogmhairbh ag léamh, bhíodh a anam ar fad á shú isteach, á chailleadh sa leabhar sin go dtí go gcuireadh an t-aer fuar ag casacht é. D’éiríodh sé agus ghabhadh sé ar ais isteach ansin.

Ba Ghearmánach mór é a raibh féasóg fhionn air agus ba ghnách dó a lón agus a dhinnéar a ithe ina sheomra codlata gan focal a rá le duine ar bith.

Tharraing fiosracht de shaghas éigin chuige mé. Lá amháin, shuigh mé in aice leis agus imleabhar de dhánta Musset i mo láimh chun cúinse cainte de shaghas éigin a bheith agam.

Thosaigh mé ag léamh trí Rolla ansin.

Dúirt mo dhuine láithreach liom, i bhFraincis mhaith:

“An bhfuil Gearmáinis agat, Monsieur?”

“Níl, mhuise”.

“Is trua é sin. Ó tharla gur trí sheans atá muid anseo taobh lena chéile, taispeánfaidh mé iontas duit: an leabhar atá agam anseo”.

“Céard é féin?”

“Is cóip chrua de chuid m’oide Schopenhauer é ar scríobh sé air lena láimh féin. Mar a fheiceann tú féin, tá na himill go léir clúdaithe lena chuid scríbhneoireachta”.

Thóg mé an leabhar go hómósach uaidh agus bhreathnaigh mé ar na línte a bhí dothuigthe domsa ach a nocht smaointe buanchlúiteacha an fhir iomráitigh seo.

 

Agus phléasc véarsaí Musset isteach i mo chuimhne:

An bhfuil tú sásta, a Voltaire, agus gáire ghránna ort

An bhfuil sé fós ar foluain os cionn do chnámh cnaíte?

Agus rinne mé comparáid i ngan fhios dom féin idir searbhas páistiúil, nó b’fhéidir searbhas reiligiúnach Voltaire agus íoróin mhealltach an fhealsaimh Ghearmánaigh a bhfuil a thionchar buan anseo go deo.

Is cuma más ina éadan muid, nó más fearg, diomú nó lúcháir atá orainn ina leith, mar is léir gur mharcáil Schopenhauer an cine daonna lena tharcaisne agus lena mhíshásamh.

Duine diomúch den lucht iarrtha pléisiúir ba ea é, thiontaigh sé tuairimí, dóchas, filíocht agus taibhrimh na ndaoine go huile is go hiomlán, mhill sé muinín na n-anamacha, mharaigh sé grá, d’athraigh sé an dearcadh a bhí ag fir i leith na mban, loit sé mianta na gcroíthe agus chuir sé an tasc ba sceiptí a bhí ann riamh i gcrích. Rinne sé fonóid faoi gach a ndearna sé, agus chaith sé go hiomlán é. Agus fiú sa lá atá inniu ann, tá gnéithe dá phróiseas smaointeoireachta le brath ó na daoine, ina n-ainneoin féin, a déarfadh go bhfuil gráin acu air.

“Bhí aithne mhaith agat ar Schopenhauer mar sin?” a dúirt mé leis an nGearmánach.

Rinne sé miongháire dubhach.

“Bhí, Monsieur, go dtí lá a bháis”.

Agus labhair sé liom faoi, d’inis sé dom faoin gcuma osnádúrtha a thug sé uaidh roimh gach aon duine a tháinig chomh fada leis.

Labhair sé liom faoin agallamh a bhí aige le polaiteoir de chuid na Fraince, poblachtach diongbháilte a bhí ag iarraidh an fear seo a fheiceáil agus a tháinig air i dtábhairne beoga, suite i measc a leantóirí, é tirim, rocach, ag gáire de gháire nach ndéanfá dearmad riamh air, é ag stialladh smaointe agus tuairimí na ndaoine as a chéile d’aon fhocal amháin, mar a stróiceann gadhar píosa feola lena chuid fiacla.

Dúirt sé ráiteas an Fhrancaigh seo liom arís agus é ag imeacht leis, imníoch agus scanraithe:

“Ba chosúil gur chaith mé uair an chloig leis an diabhal”.

Ansin dúirt sé:

“Fiú agus é ar shlí na fírinne, bhí miongháire scanrúil air a chuir eagla orainn. Scéal nach bhfuil aithne ag éinne air a d’fhéadfainn a insint leat dá mba spéis leat é”.

Agus ansin thosaigh sé ag caint de ghuth tuirseach agus racht casachta ag cur isteach air anois is arís:

*

Bhí Schopenhauer díreach i ndiaidh bás a fháil agus cinneadh go mbeadh beirt dínn ar faire ar ár seal go dtí an mhaidin dár gcionn.

Bhí sé ina luí os cionn cláir i seomra mór a bhí an-simplí, leathan agus dorcha. Bhí péire coinnle ar lasadh ar an mbord cois leapa.

Ba ag an meán oíche a thosaigh mé mo sheal in éineacht le duine dár gcomrádaithe. Chuaigh an bheirt a raibh muidne ag teacht isteach ina n-ionad amach agus shuigh muid síos ag cos na leapa.

Ní raibh aon athrú ar a aghaidh. Bhí sé ag gáire. Bhí an filleadh craicinn a d’fheiceadh muid chomh minic sin le feiceáil go fóill ar a bheola agus déarfá go raibh sé ar tí a shúile a oscailt agus labhairt linn. Tháinig a smaoineamh, nó a smaointe is dócha, timpeall orainn agus mhothaigh muid níos láidre ná riamh go raibh muid in atmaisféar a shárbhua, bhí muid nach mór brúite isteach, gafa aige. Ba chosúil go raibh a smacht níos iontaí anois agus é básaithe. D’airigh muid go raibh mistéir de shaghas éigin ag meascadh leis an gcumhacht a bhí leis an spiorad dosháraithe seo.

Bíonn corp na bhfear seo ag imeacht in éag, ach fanann a n-anam; agus an oíche i ndiaidh a gcaillte, táim ag rá leat, Monsieur, bíonn siad scáfar.

Agus bhí muid ag labhairt faoi de ghuth íseal, ag tabhairt a nathanna agus a óráidí chun cuimhne, na seanfhocail a deireadh sé a bhíodh mar lasracha ag teacht ón saol anaithnid.

“Cheapfá go bhfuil sé chun labhairt,” a dúirt mo chomrádaí liom. Agus bhreathnaigh muid le faitíos ar a aghaidh gan chorraí ach a bhí ag gáire ag an am céanna.

De réir a chéile, bhraith muid míshuaimhneach, go raibh muid faoi chois agus bhí muid ar tí titim i laige. Dúirt mé go stadach:

“Níl a fhios agam a bhfuil orm, ach táim ag rá leat nach bhfuil mé ceart”.

Agus ansin, thug muid faoi deara go raibh an corp ag tabhairt boladh uafásach uaidh.

Mhol mo chomrádaí ansin go dté muid isteach sa seomra béal dorais agus an doras a fhágáil ar oscailt. Ghlac mé leis.

Thóg mé ceann de na coinnle a bhí ar lasadh ar an mbord cois leapa agus d’fhág mé an dara ceann san áit a raibh sí. Chuaigh muid isteach ansin agus shuigh síos ag an taobh eile den seomra ionas go mbeadh muid in ann an leaba agus an marbh a fheiceáil faoin solas.

Bhí sé dár gciapadh i gcónaí, áfach; déarfá go raibh an duine neamhábhartha, lom, saor, uilechumhachtach, ceannasach seo ag smúrthacht timpeall orainn.  Agus chomh maith leis sin, anois is arís thagadh drochbholadh an choirp lofa chomh fada linn, thagadh sé isteach inár gcoirp féin, idir mhúisciúil agus smúitiúil.

Go tobann, bhuail drithlíní muid agus mhothaigh muid fuacht inár gcnámha: chuala muid torann ciúin ó sheomra an mhairbh agus thosaigh ag stánadh air ansin. Táim ag rá leat, Monsieur, chonaic muid chomh glan lena bhfaca tú riamh rud éigin ag bogadh ar an leaba, ag titim ar an talamh ina dhiaidh sin agus ag imeacht as radharc faoi chathaoir.

Sheas muid suas ar an toirt gan smaoineamh agus eagla an tsaoil orainn, réidh le rith linn. Bhreathnaigh muid ar a chéile ansin. Bhí dath an bháis orainn. Bhí ár gcroí inár mbéal agus muid i ndiaidh a fheiceáil sin. Labhair mise i dtosach.

“An bhfaca tú é sin?”

“Chonaic, ambaiste”.

“An bhfuil sé marbh nó nach bhfuil?”

“Tá, is dócha, ós ag lobhadh atá sé”.

“Céard a dhéanfaidh muid?”

Bhí mo chomrádaí idir dhá chomhairle ach dúirt faoi dheireadh:

“Gabhadh muid sall go bhfeice muid”.

Thóg mé ár gcoinneal, agus ba mhise a chuaigh isteach ar dtúis, ag faire timpeall an tseomra go neirbhíseach. Bhí chuile rud socair agus mar ba cheart. Chuaigh mé chomh fada leis an leaba ach bhí mé chomh sceimhlithe sin nach raibh mé in ann corraí. Ní raibh Schopenhauer ag gáire níos mó! Bhí gotha gnúise uafásach air, bhí a bheola fáiscthe lena chéile agus poill mhóra ina dhá leiceann. Dúirt mé go stadach:

“Níl sé marbh!”

Ach tháinig an boladh déistineach sin isteach i mo pholláirí agus phlúch sé mé. Níor chorraigh mé níos mó agus mé ag stánadh air i mo staic le scaoll.

Phioc mo chompánach an choinneal eile suas ansin agus chlaon sé os cionn an mhairbh. Leag sé a lámh ar mo ghéag gan focal a rá. Lean mé a amharc agus chonaic mé go raibh cíor fiacla an duine leagtha síos ar an mbrat urláir faoin gcathaoir in aice na leapa, bán ar an gcúlra dorcha agus oscailte mar a bheadh sí réidh chun ithe.

Rinne an lobhadh a léim amach as a bhéal nuair a scaoileadh a ghialla.

Bhí eagla mo chraicinn orm an lá úd, Monsieur.

*

Agus an ghrian ag druidim leis an bhfarraige shúilíneach, d’éirigh an Gearmánach eitinneach, d’fhág slán agam agus shiúil ar ais chun an óstáin.

30 Eanáir 1883

 

AUPRÈS D’UN MORT

Il s’en allait mourant, comme meurent les poitrinaires. Je le voyais chaque jour s’asseoir, vers deux heures, sous les fenêtres de l’hôtel, en face de la mer tranquille, sur un banc de la promenade. Il restait quelque temps immobile dans la chaleur du soleil, contemplant d’un œil morne la Méditerranée. Parfois il jetait un regard sur la haute montagne aux sommets vaporeux, qui enferme Menton ; puis il croisait, d’un mouvement très lent, ses longues jambes, si maigres qu’elles semblaient deux os, autour desquels flottait le drap du pantalon, et il ouvrait un livre, toujours le même.

Alors il ne remuait plus, il lisait, il lisait de l’œil et de la pensée ; tout son pauvre corps expirant semblait lire, toute son âme s’enfonçait, se perdait, disparaissait dans ce livre jusqu’à l’heure où l’air rafraîchi le faisait un peu tousser. Alors il se levait et rentrait.

C’était un grand Allemand à barbe blonde, qui déjeunait et dînait dans sa chambre, et ne parlait à personne.

Une vague curiosité m’attira vers lui. Je m’assis un jour à son côté, ayant pris aussi, pour me donner une contenance, un volume des poésies de Musset.

Et je me mis à parcourir Rolla.

Mon voisin me dit tout à coup, en bon français :

— Savez-vous l’allemand, monsieur ?

— Nullement, monsieur.

— Je le regrette. Puisque le hasard nous met côte à côte, je vous aurais prêté, je vous aurais fait voir une chose inestimable : ce livre que je tiens là.

— Qu’est-ce donc ?

— C’est un exemplaire de mon maître Schopenhauer, annoté de sa main. Toutes les marges, comme vous le voyez, sont couvertes de son écriture.

Je pris le livre avec respect et je contemplai ces formes incompréhensibles pour moi, mais qui révélaient l’immortelle pensée du plus grand saccageur de rêves qui ait passé sur la terre.

 

Et les vers de Musset éclatèrent dans ma mémoire :

Dors-tu content, Voltaire, et ton hideux sourire

Voltige-t-il encor sur tes os décharnés ?

Et je comparais involontairement le sarcasme enfantin, le sarcasme religieux de Voltaire à l’irrésistible ironie du philosophe allemand dont l’influence est désormais ineffaçable.

Qu’on proteste et qu’on se fâche, qu’on s’indigne ou qu’on s’exalte, Schopenhauer a marqué l’humanité du sceau de son dédain et de son désenchantement.

Jouisseur désabusé, il a renversé les croyances, les espoirs, les poésies, les chimères, détruit les aspirations, ravagé la confiance des âmes, tué l’amour, abattu le culte idéal de la femme, crevé les illusions des cœurs, accompli la plus gigantesque besogne de sceptique qui ait jamais été faite. Il a tout traversé de sa moquerie, et tout vidé. Et aujourd’hui même, ceux qui l’exècrent semblent porter, malgré eux, en leurs esprits, des parcelles de sa pensée.

— Vous avez donc connu particulièrement Schopenhauer ? dis-je à l’Allemand.

Il sourit tristement.

— Jusqu’à sa mort, monsieur.

Et il me parla de lui, il me raconta l’impression presque surnaturelle que faisait cet être étrange à tous ceux qui l’approchaient.

Il me dit l’entrevue du vieux démolisseur avec un politicien français, républicain doctrinaire, qui voulut voir cet homme et le trouva dans une brasserie tumultueuse, assis au milieu de disciples, sec, ridé, riant d’un inoubliable rire, mordant et déchirant les idées et les croyances d’une seule parole, comme un chien d’un coup de dents déchire les tissus avec lesquels il joue.

Il me répéta le mot de ce Français, s’en allant effaré, épouvanté et s’écriant :

— J’ai cru passer une heure avec le diable.

Puis il ajouta :

— Il avait, en effet, monsieur, un effrayant sourire qui nous fit peur, même après sa mort. C’est une anecdote presque inconnue que je peux vous conter si elle vous intéresse.

Et il commença, d’une voix fatiguée, que des quintes de toux interrompaient par moments :

*

Schopenhauer venait de mourir, et il fut décidé que nous le veillerions tour à tour, deux par deux, jusqu’au matin.

Il était couché dans une grande chambre très simple, vaste et sombre. Deux bougies brûlaient sur la table de nuit.

C’est à minuit que je pris la garde, avec un de nos camarades. Les deux amis que nous remplacions sortirent, et nous vînmes nous asseoir au pied du lit.

La figure n’était point changée. Elle riait. Ce pli que nous connaissions si bien se creusait au coin des lèvres, et il nous semblait qu’il allait ouvrir les yeux, remuer, parler. Sa pensée ou plutôt ses pensées nous enveloppaient ; nous nous sentions plus que jamais dans l’atmosphère de son génie, envahis, possédés par lui. Sa domination nous semblait même plus souveraine maintenant qu’il était mort. Un mystère se mêlait à la puissance de cet incomparable esprit.

Le corps de ces hommes-là disparaît, mais ils restent, eux ; et, dans la nuit qui suit l’arrêt de leur cœur, je vous assure, monsieur, qu’ils sont effrayants.

Et, tout bas, nous parlions de lui, nous rappelant des paroles, des formules, ces surprenantes maximes qui semblent des lumières jetées, par quelques mots, dans les ténèbres de la Vie inconnue.

« Il me semble qu’il va parler », dit mon camarade. Et nous regardions, avec une inquiétude touchant à la peur, le visage immobile et riant toujours.

Peu à peu nous nous sentions mal à l’aise, oppressés, défaillants. Je balbutiai :

— Je ne sais pas ce que j’ai, mais je t’assure que je suis malade.

Et nous nous aperçûmes alors que le cadavre sentait mauvais.

Alors mon compagnon me proposa de passer dans la chambre voisine, en laissant la porte ouverte ; et j’acceptai.

Je pris une des bougies qui brûlaient sur la table de nuit et je laissai la seconde, et nous allâmes nous asseoir à l’autre bout de l’autre pièce, de façon à voir de notre place le lit et le mort, en pleine lumière.

Mais il nous obsédait toujours ; on eût dit que son être immatériel, dégagé, libre, tout-puissant et dominateur, rôdait autour de nous. Et parfois aussi l’odeur infâme du corps décomposé nous arrivait, nous pénétrait, écœurante et vague.

Tout à coup, un frisson nous passa dans les os : un bruit, un petit bruit était venu de la chambre du mort. Nos regards furent aussitôt sur lui, et nous vîmes, oui, monsieur, nous vîmes parfaitement, l’un et l’autre, quelque chose de blanc courir sur le lit, tomber à terre sur le tapis, et disparaître sous un fauteuil.

Nous fûmes debout avant d’avoir eu le temps de penser à rien, fous d’une terreur stupide, prêts à fuir. Puis nous nous sommes regardés. Nous étions horriblement pâles. Nos cœurs battaient à soulever le drap de nos habits. Je parlai le premier.

— Tu as vu ?...

— Oui, j’ai vu.

— Est-ce qu’il n’est pas mort ?

— Mais puisqu’il entre en putréfaction ?

— Qu’allons-nous faire ?

Mon compagnon prononça en hésitant :

— Il faut aller voir.

Je pris notre bougie, et j’entrai le premier, fouillant de l’œil toute la grande pièce aux coins noirs. Rien ne remuait plus ; et je m’approchai du lit. Mais je demeurai saisi de stupeur et d’épouvante : Schopenhauer ne riait plus ! Il grimaçait d’une horrible façon, la bouche serrée, les joues creusées profondément. Je balbutiai :

— Il n’est pas mort !

Mais l’odeur épouvantable me montait au nez, me suffoquait. Et je ne remuais plus, le regardant fixement, effaré comme devant une apparition.

Alors mon compagnon, ayant pris l’autre bougie, se pencha. Puis il me toucha le bras sans dire un mot. Je suivis son regard, et j’aperçus à terre, sous le fauteuil à côté du lit, tout blanc sur le sombre tapis, ouvert comme pour mordre, le râtelier de Schopenhauer.

Le travail de la décomposition, desserrant les mâchoires, l’avait fait jaillir de la bouche.

J’ai eu vraiment peur ce jour-là, monsieur.

*

Et, comme le soleil s’approchait de la mer étincelante, l’Allemand phtisique se leva, me salua, et regagna l’hôtel.

30 janvier 1883