Aistriúchán ar úrscéal do pháistí: an cur chuige, céimeanna an aistriúcháin agus an toradh

Padaí de Bléine

Réamhrá

Tá an t-alt seo bunaithe ar eolas a tháinig chun cinn le linn aistriúcháin go Gaeilge a rinneadh ar an úrscéal Béarla Toro! Toro! le Michael Morpurgo.  Rinneadh an t-aistriúchán mar chuid de thogra a bhí ag Comhairle Curcalaim Scrúdúcháin agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann Council for the Curriculum, Examinations and Assessment (CCEA), leabhair Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí i nGaelscoileanna i dTuaisceart Éireann.  Is é ceann de na dualgais atá ar CCEA áiseanna teagaisc atá dírithe ar fhorbairt an eolais, na scileanna agus na gcroí-ábhar in Curaclam Thuaisceart Éireann a sholáthar do na Gaelscoileanna ó thuaidh.  Tá an leagan Gaeilge den úrscéal Toro! Toro! ar fáil ar shuíomh idirlín CCEA mar pdf agus d’fhoilsigh CCEA i bhfoirm leabhair fosta é.  Tugtar léargas san alt seo ar roinnt de na ceisteanna a tháinig chun cinn le linn an aistriúcháin go Gaeilge ar an úrscéal.  Pléitear an tábhacht atá le haistriúcháin ar leabhair do pháistí Gaelscoile, an dóigh a roghnaítear leabhair, na rudaí a spreagann páistí chun léitheoireachta agus cuid de na cinntí a bhíonn le déanamh ag aistritheoirí agus iad i mbun oibre. Is é an cur chuige a bhí ann ná:

  • athbhreithniú litríochta le himscrúdú a dhéanamh ar a bhfuil scríofa sa litríocht reatha maidir le teoiricí aistriúcháin agus le haistriúcháin don duine óg,
  • agallaimh le comhairleoir na nGaelscoileanna in Comhairle Curcalaim Scrúdúcháin agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann (CCEA) agus leis an chomhairle oideachais san Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, lena dtuairimí a fháil ar leibhéal teanga na bpáistí i rang a sé / seacht agus ar na riachtanais atá acu,
  • an chéad daichead leathanach den úrscéal Toro! Toro! aistrithe go Gaeilge a sheoladh chuig deichniúr múinteoirí atá ag obair in Eochairchéim a Dó – is é sin i rang a sé / seacht i nGaelscoileanna ó thuaidh, agus comhairle a iarraidh orthu maidir leis an teanga agus an téacs féin.

Páistí agus Leabhair

 ‘Give us books,’ say the children; ‘give us wings.  You, who are powerful and strong, help us to escape into the faraway.  Build us azure palaces in the midst of enchanted gardens’.  (Hazard 1994: 4)

Imríonn leabhair tionchar ollmhór ar shaol an duine ó aois an-óg agus fanann na dea-chuimhní agus na dea-thionchair leis ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.  Tá dea-chuimhní ag daoine ar leabhair ar nós Of Mice and Men le John Steinbeck, Adventures of Huckleberry Finn le Mark Twain agus To Kill a Mockingbird le Harper Lee a léigh siad ar scoil agus a d’oscail saol úr amach dóibh agus a mhúnlaigh a gcuid smaointe agus a samhlaíocht ina dhiaidh.  Ar ndóigh, leis na leabhair seo a léamh le sult agus tairbhe mar is ceart a bhaint astu, ní mór dóibh a bheith ag aois cheart léitheoireachta an duine atá ag tabhairt fúthu agus i dteanga agus ag leibhéal tuisceana an duine sin.  Mar a deir Puurtinen (1994: 83):

Special characteristics of the child readers, their comprehension and reading abilities, and experience of life and knowledge of the world must be borne in mind so as not to present them overly difficult, uninteresting books that may alienate them from reading.

Is ionann an cás d’aistritheoirí dá leithéid de leabhar do dhuine óg agus is gá dóibh cuimhneamh ar ábhar an leabhair atá le haistriú agus ar leibhéal na teanga atá ag an spriocléitheoir.  Is é an cuspóir a bhí ag an aistritheoir ar Toro! Toro! sa chás seo ná aistriúchán intuigthe neamhchasta a sholáthar do na páistí in Eochairchéim a Dó.  Chuige sin ba é an teoiric Skopos a bhí chun tosaigh le linn an aistriúcháin.  Maíonn an teoiric seo go gcaithfidh an t-aistriúchán cuspóir nó aidhm éigin a bhaint amach agus a bheith dírithe ar an úsáideoir deiridh.  Is é an fáth ar iarradh an t-aistriúchán sa chéad dul síos is tábhachtaí, de réir na teoirice seo.  Ba é an scólaire Hans Josef Vermeer (1989) a thug Skopos ar an teoiric seo.  Tagann an focal Skopos ón Ghréigis a chiallaíonn go bhfuil aidhm, cúis nó cuspóir leis an obair.  Cuir i gcás, sa chás seo ba iad na páistí in Eochairchéim a Dó sna Gaelscoileanna ó thuaidh an spriocghrúpa agus b’éigean don teanga a bheith dírithe ar leibhéal na bpáistí sna scoileanna sin leis an Skopos a chomhlíonadh. Mar a deir Vermeer féin:

Each text is produced for a given purpose and should serve this purpose. The Skopos rule thus reads as follows: translate/interpret/speak/write in a way that enables your text/translation to function in the situation in which it is used and with the people who want to use it and precisely in the way they want it to function. (Vermeer 1989a: 20 translation from Nord 1997: 29)

Osclaíonn Michael Morpurgo cultúr na Spáinne do lucht léite an úrscéil Toro! Toro! as Béarla agus cuireann sé lena dtaisce agus lena dtaithí ar shaol na dtarbh agus cíorann sé ceisteanna moráltachta chomh maith a chuireann le forbairt phearsanta agus comhthuiscint an pháiste – gnéithe eile atá in Curaclam Thuaisceart Éireann.  Bhí sé de chuspóir ag an aistritheoir an saol sin a oscailt agus na ceisteanna sin a tharraingt aníos go príomha do pháistí sna Gaelscoileanna i dTuaisceart Éireann.  Ba é an Skopos a bhí ann ná go mbeadh an teanga san aistriúchán dírithe ar leibhéal teanga na bpáistí in Eochairchéim a Dó i dTuaisceart Éireann agus chuige sin iarradh comhairle ar mhúinteoirí atá ag saothrú in earnáil na Gaelscolaíochta i rang a sé / seacht mar chuid den chur chuige.

Tá dúshlán mór roimh na haistritheoirí téacs a sholáthar atá soiléir, intuigthe agus nádúrtha i nGaeilge ag leibhéal an léitheora.  Ba chóir go gcuirfeadh an t-aistriúchán fonn léitheoireachta ar an léitheoir.  Ba chóir go meallfadh sé na daltaí Gaelscoile leis an leagan Gaeilge a léamh a mbeadh an deis acu an leagan Béarla a léamh cionn is go bhfuil siad dátheangach.  Níl a leithéid de J.K. Rowling ná Michael Morpurgo ag saothrú sa Ghaeilge agus, mar sin de, is gá na leabhair a aistriú leis an bhearna a líonadh, dar leis an chomhairleoir do na Gaelscoileanna in CCEA.

Is fiú an t-úrseál Toro! Toro! a aistriú de bhrí gur údar aitheanta é Michael Morpurgo agus de bhrí go bhfuil an t-úrscéal ag tabhairt léargas do na páistí ar chultúr eile ina sprioctheanga féin.

Chomh maith leis an teoiric Skopos a bheith chun tosaigh in intinn an aistritheora ar Toro! Toro!, coinníodh na trí ‘i’ a luann Ó Ruairc (1997) mar chomhairleoir do na haistritheoirí go Gaeilge chun tosaigh agus an t-úrscéal á aistriú aige.  Is iad iomas, intleacht agus íogaireacht na trí ‘i’ seo agus is cuma cén t-aistriúchán atá i gceist caithfidh comharthaí sóirt na Gaeilge a bheith ann.  Ní mór do na haistritheoirí rian an Bhéarla a sheachaint agus teagmháil dhíreach idir an téacs agus taithí an léitheora a bheith chun tosaigh i gcónaí agus snáth an scéil a choinneáil beo in intinn an léitheora, dar le Ó Ruairc.  Maíonn Lawrence Venuti (2008: 1) gurb í líofacht an aistriúcháin an ghné is tábhachtaí, dar le foilsitheoirí agus léitheoirí:

A translated text, whether prose or poetry, fiction or nonfiction, is judged acceptable by publishers, reviewers and readers when it reads fluently, when the absence of any linguistic or stylistic peculiarities makes it seem transparent, giving the appearance that it reflects the foreign writer’s personality or intention or the essential meaning of the foreign text – the appearance, in other words that the translation is not in fact a translation, but the ‘original’.

Tacaíonn an scoláire as an Ostair Richard Bamberger (1978: 19) leis an dearcadh seo:

…children are not interested in a book because it is a translation, as may be the case for adults, but in the power of narratives as adventure story, fantasies and so on, just as if the books were originally written in their own language.

Ba é an dualgas a bhí ar an aistritheoir sa chás seo an téacs a chur in oiriúint don spriocléitheoir.  Shíl an scríbhneoir Meiriceánach Willard Trask (1900-80) go raibh na scileanna céanna ag na haistritheoirí agus atá ag na haisteoirí.  Is é sin go nglacann siad saothar a rinne duine éigin eile agus go gcuireann siad a gcló féin nó a lorg féin air.  Ní mór comhthéacs, comhréir agus ceol na Gaeilge a chur san aistriúchán a mheallfaidh na léitheoirí óga gan a fhios acu gur aistriúchán é ar chor ar bith.

Ag roghnú na leabhar ‘ceart’ le haistriú do pháistí óga

Scríobhann an t-úrscéalaí Morpurgo ar théamaí éagsúla agus is cosúil go gcuireann páistí suim iontu agus corradh le céad caoga leabhar foilsithe aige. Is é seo a leanas mar a chuireann McDowell (in Hollindale, 1997) síos ar litríocht do pháistí:

…children’s books are generally shorter; they tend to favour an active rather than a passive treatment, with dialogue and incident rather than description and introspection; child protagonists are the rule; conventions are much used; the story develops with a clear-cut moral schematism which much adult fiction ignores; children’s books tend to be optimistic rather than depressive; language is child orientated… (Hollindale 1997: 36)

Tá an chuid is mó de na tréithe a luann McDowell thuas le fáil sna húrscéalta a scríobh Michael Morpurgo. Is é an phríomhchúis, áfach, a roghnaíodh an t-úrscéal Toro! Toro!  ná go dtugann sé deis do na múinteoirí na téamaí agus na scileanna atá chun cinn in Curaclam Thuaisceart Éireann a fhorbairt sna páistí.  Ar a bharr sin, músclaíonn Michael Morpurgo ina chuid leabhar suim sa léitheoireacht i measc an aosa óig agus go dearfa, sna daoine fásta, in ábhair éagsúla agus i gcultúir éagsúla.  Ba mhaith leis an aistritheoir ar Toro! Toro! go mbeadh an leagan Gaeilge teagascach sa mhéid is go mbeadh na páistí ag cur lena gcuid eolais ar chultúr na Spáinne agus ar cheisteanna moráltachta go príomha agus teagasc teanga agus téarmaíochta mar fheidhm fholaigh ann.  Mar a mhaíonn Newmark (1991): ‘…the translation, like the original, is written to delight as well as instruct’.

Tuigeann Morpurgo, a bhí ina mhúinteoir bunscoile ar feadh deich mbliana, tuigeann seisean na hábhair, na carachtair agus na suímh a gcuireann páistí suim iontu.  Clúdaíonn Toro! Toro! cuid mhaith de na seacht ngné is coitianta atá riachtanach i litríocht do pháistí dar le Ivana Bobulova et al. (2003:10). Dar leosan:

  • Caithfidh an t-údar síceolaíocht an pháiste óig a thuigbheáil,
  • Ní mór don úrscéal a bheith gairid spreagúil,
  • Is gá go dtig leis na páistí bá a bheith acu leis na carachtair san úrscéal agus gurb iad na carachtair ar aois na léitheoirí agus ainmhithe na carachtair is fearr chun suim na bpáistí a mhúscailt,
  • Caithfidh pictiúir a bheith san úrscéal le cuidiú leis an léitheoir óg,
  • Ní mór don teanga a bheith ar thaithí an léitheora.
  • Is gá an tsamhlaíocht, an fhantaisíocht agus an amaidí le haird na bpáistí a fháil.

Is léir go n-aontaíonn McDowell (1997) agus Bobulova (2003) leis na tréithe éagsúla atá de dhíth le húrscéal a dhéanamh tarraingteach do pháistí, cuir i gcás na páistí ina bpríomhcharachtair, ní bhíonn na scéalta rófhada, bíonn ceist mhorálta ann agus bíonn comhrá ann idir na carachtair agus an teanga ag leibhéal an léitheora.  Is féidir a mhaíomh go bhfuil na gnéithe uile thuas le fáil san úrscéal Toro! Toro!

Aontaíonn Peter Hunt (1994) le Bobulova maidir leis an teanga. Deir Hunt gur chóir don teanga i litríocht do pháistí díriú ar na tréithe seo a leanas:

…child-orientedness, simplicity, easy structures, narrow range of grammatical and lexical patterns, simple lexis and register, standard set of phrases, words from everyday life, repetition, short text and sentences.

Is fiú go mór do na haistritheoirí a bheith ag meabhrú ar chomhairle Bobulova (2003) agus Hunt (1994) agus iad i mbun an aistriúcháin.  Beidh orthu cinntí a dhéanamh síos fríd an aistriúchán ach an sprioc a choinneáil rompu gurb é soiléireacht agus líofacht na teanga na gnéithe is tábhachtaí.  Mar a deir Riitta Ottinen (2006):

The translator translating for children needs to pay attention to the use of children’s literature: pre-literate children listen to texts mediated and read aloud by adults. Through various means – repetition, sentence structure, line breaks, rhythm, and punctuation – the translator makes her or his text live on the aloud-readers tongue.

I dtaca le Toro! Toro! bhí cinntí le déanamh maidir le hainmneacha dílse, logainmneacha, leibhéal na teanga agus fiú an cinneadh le cuid den téacs a fhágáil as nó a dhéanamh níos tanaí nó le tuilleadh a chur isteach le míniú níos soiléire a thabhairt sa sprioctheanga nó leis an téacs a ramhrú.  Nuair a ghlacadh aistritheoirí rogha amháin thar rogha eile bhí an t-aistritheoir sa chás ag teoiriciú go comhfhiosach nó go neamh-chomhfhiosach. Ar ndóigh, thiocfadh le haistritheoirí éagsúla teacht aníos le réitigh éagsúla ar an fhadhb chéanna.  Cuir i gcás, san aistriúchán TORO! TORO! socraíodh teideal an úrscéil a choinneáil sa Spáinnis mar a shocraigh Michael Morpurgo agus é ag scríobh an úrscéil ionas go n-aithneofaí teideal an leabhair láithreach.  Thiocfadh leis tarlú go mbeadh aistritheoir eile ag iarraidh A Thairbh! A Thairbh! a roghnú nó fiú A Toro! A Toro! leis an tuiseal gairmeach a chur san áireamh sa leagan Ghaeilge.  Bheadh aistritheoirí eile ag iarraidh fonóta a chur leis agus thiocfadh le haistritheoirí eile an teideal a athrú go teideal eile ar fad.  Nuair a roghnaíonn aistritheoirí réiteach amháin thar réiteach eile is cinnte go bhfuil fáth leis an réiteach sin; leibhéal na teanga, brí an fhocail, simplíocht, ag iarraidh cloí go daingean leis an bhunchultúir nó ag iarraidh an téacs a thabhairt chuig an sprioc-chultúr.  Nuair a tharlaíonn sé seo cuirtear na réitigh trí phróiseas roghnúcháin agus ag brath ar na freagraí ar na ceisteanna sa phróiseas glactar le leagan amháin thar leagan eile.

Anailís ar an aistriúchán agus ar roghnú na teanga: ag roghnú focal, frásaí agus friotail atá fóirsteanach don spriocghrúpa

San aistriúchán seo ar Toro! Toro! baineadh úsáid as an Chaighdeán Oifigiúil (2017) agus aistríodh go Gaeilge Uladh é agus an t-úrscéal dírithe ar pháistí i nGaelscoileanna ó thuaidh.  Ba é ceann de na téamaí is mó a tháinig chun cinn sa taighde a rinneadh roimh an aistriúchán agus le linn an aistriúcháin féin ná an scéal a choinneáil soléite don spriocléitheoir.  Cuireadh béim mar sin, agus an t-aistritheoir i mbun aistriúcháin, cuireadh béim ar shnáth an scéil a choinneáil beo in intinn an léitheora agus ar leanúnachas in úsáid na mbriathra simplí, theanga na bpáistí agus na bhfocal céanna a oiread ab fhéidir.  Ba é an ghné ba mhó a tháinig chun cinn i gcomhairle leis na múinteoirí agus leis na comhairleoirí oideachais ná an tsimplíocht, an líofacht agus comhréir na Gaeilge a choinneáil ag leibhéal na bpáistí.  Bhí na comhairleoirí oideachais ar aon ghuth nuair a dúirt siad: ‘comhleanúnachas ins an téarmaíocht agus ins an teanga’, ‘ag léamh na dtéarmaí céanna arís agus arís eile leis an teanga a inshealbhú’ agus ‘siúil i gcosa an spriocléitheora’. Tá na tuairimí seo ar comhcheol leis an teoiric Skopos.  Mhol na múinteoirí an léitheoireacht a chur chun tosaigh mar rud a mbainfí pléisiúr as agus teanga chasta a sheachaint.  Seo mar a chuir múinteoir amháin a bharúil in iúl:

An fhadhb is mó a bhí ag aistritheoirí go mion minic roimhe seo ná gur chuir siad an bhéim ar shaibhreas na Gaeilge, agus mar is eol dúinn bíonn na páistí ag aois dheireadh EC2 caillte ag an saibhreas.  Anois ní saineolaí mé ar chor ar bith ach mothaím mar mhúinteoir atá ag teagasc le breis is 20 bliain gurb í an sprioc is mó ar chóir bheith ann do léitheoirí na bunscoile is EC2 ná suim sa léitheoireacht Ghaeilge a fhorbairt agus léitheoireacht neamhspleách sa Ghaeilge a fhorbairt.

Ón naonúr as an deichniúr múinteoirí a d’fhreagair ceistneoir a cuireadh chucu, bhí breis agus deich mbliana teagaisc acu i nGaelscoileanna ó thuaidh agus neart taithí acu dá bharr.  Shíl seisear acu go raibh an t-ábhar san úrscéal an-fhóirsteanach agus triúr go raibh sé fóirsteanach.  Bhí triúr de na múinteoirí den bharúil go mbeadh na páistí ábalta 95-100% den aistriúchán a thuigbheáil.  Bhí cúigear eile den bharúil go mbeadh siad ábalta 90-94% den teanga a thuigbheáil agus bhí múinteoir amháin a shíl go mbeadh siad ábalta 50-89% a thuigbheáil.

Déanann Mary Shea (2000) cur síos ar na leibhéil éagsúla teanga agus páistí ag léamh.  De réir Shea má thuigeann an páiste 95% nó níos mó den téacs beidh sé furasta.  Má thuigeann sé 90-94% den téacs beidh cuidiú de dhíth ón mhúinteoir agus má thuigeann an léitheoir 50-89% beidh an téacs deacair.  Is é an cuspóir a bhí ag an aistritheoir sa chás seo go mbeadh 90-94% den téacs inléite ag na páistí agus go mbeadh siad ábalta é a léamh le giota beag treorach ón mhúinteoir agus iad ag dul i dtreo na léitheoireachta neamhspleáiche.  Glacadh leis an chomhairle ó mhúinteoirí ar cuireadh ceistneoir chucu i gcuid mhaith de na samplaí thíos.

Úsáid na mbriathra

Is é an cur chuige a bhí ag an aistritheoir agus é ag aistriú Toro! Toro! úsáid a bhaint as na briathra is fusa i gcónaí ar chomhairle na múinteoirí seachas briathra doiléire a thabhairt isteach.  Seachnaíodh an briathar saor fosta ar chomhairle na múinteoirí agus cuireadh an t-ainmfhocal nó an forainm isteach len é seo a dhéanamh.

Mar a deir Gillian Lathey (2016: 30):

Writing for children requires the ability to express complex ideas with clarity and           simplicity. Younger readers may be confused by multiple embedded clauses, non-finite constructions or the use of the passive voice.

Níor baineadh úsáid as an aimsir ghnáthchaite ach amháin i gcás an bhriathair ‘bí’ agus corruair baineadh úsáid as ‘ba ghnách liom’ fosta.  Is aimsir í an ghnáthchaite nach bhfuil mórán taithí ag an spriocléitheoir uirthi agus is ar mhaithe le soiléireacht agus le scéal soléite a sholáthar a seachnaíodh í.

Roinnt samplaí de shimpliú na mbriathra

Lch 10 when his mother came storming out – nuair a rith a mháthair amach in áit nuair a tháinig a mháthair amach de rúid

Lch 11 pursed his lips – choinnigh a bhéal druidte in áit d’fháisc a liopaí ar a chéile

Lch 13 wanting to empathise – ag iarraidh cuidiú leis in áit ag iarraidh comhbhá a dhéanamh leis

Lch 13 brushed the tearstains from his cheeks – ghlan sé na deora dá aghaidh in áit chuimil sé lorg na ndeor dá leicne

Lch 14 what was the very worst(est) thing you ever did? – cad é an rud is measa a rinne tú riamh? in áit dá ndearna tú riamh

Lch 21 to prove to Maria – lena thaispeáint do Maria in áit lena chruthú do Maria

Lch 23 then he poured it – chuir sé an bainne isteach (i mbuidéal) in áit dhoirt sé

Lch 9 thug mo thuismitheoirí Antonio orm in áit tugadh Antonio orm (ag seachaint briathar saor)

Lch 11 asked for an alternative explanation – nuair a d’iarr a mháthair air míniú eile a thabhairt in áit nuair a iarraidh air míniú eile a thabhairt

Lch 13 we often said nothing – ba mhinic a shuigh muid go ciúin (ag seachaint an ghnáthchaite)

Lch 18 never short of eggs – bhíodh i gcónaí neart uibheacha againn

 

Dúchasú an bhriathair

Cloíodh fosta le dúchasú an bhriathair agus le comhréir na Gaeilge maidir leis na briathra agus baineadh úsáid as athrá an bhriathair má bhí sé de dhíth le leanúnachas an scéil agus le dúchasú an bhriathair a choinneáil.

Lch 13 ‘Did you ever tell a lie?’ ‘Plenty’ – ‘Ar inis tú bréag riamh?’ ‘D’inis, neart acu’ – athrá an bhriathair ‘inis’ sa fhreagra

Lch 21 I thought the world of her and she of me – shíl mise a mhór di agus shíl sise a mhór díom.

Lch 32 you mustn’t handle him – níl cead agat aire a thabhairt dó in áit níl cead agat é a láimhsheáil

Lch 33 it might take a day or two for the cow to accept him – is féidir go nglacfaidh sé lá nó dhó ar an bhó éirí cleachta leis in áit is féidir go nglacfaidh sé lá nó dhó ar an bhó glacadh leis – níos fearr ó thaobh stíle de

Lch 34 I couldn’t deny it ní thiocfadh liom a rá nach raibh in áit a shéanadh

Lch 36 badgering me – ag gabháil dom

Lch 38 she often warned me - is minic a chuir sí comhairle orm

 

An Chopail

Baintear úsáid fhorleathan as an chopail sa scéalaíocht ag tús abairte le béim a chur ar rudaí. Mhol comhairleoir oideachais amháin go gcuirfí béim ar an chopail san aistriúchán le tréith na scéalaíochta agus le dúchasú an bhriathair a chur chun cinn.  Tugann an t-aistritheoir túsáite do dhúchas agus chultúr an léitheora sa choibhéis dhinimiciúil a mholann Nida:

A translation of dynamic equivalence aims at complete naturalness of expression and tries to relate the receptor to modes of behaviour relevant within the context of his own culture. (Nida 1964: 159)

Rinneadh iarracht í a úsáid a mhinice ab fhéidir gan an scéal a dhéanamh casta ach leis an teanga a choinneáil dúchasach ag an am céanna.

 

Roinnt samplaí d’úsáid na Copaile le béim a chur ar abairtí

Lch 1 Ní hé a ainm amháin an t-aon chosúlacht atá ann – le béim a chur ar theachtaireacht an téacs

Lch 2 is cinnte gurbh é Antonio an duine a bhí ciontach – cuireann sé béim ar an abairt agus coinníodh an aimsir láithreach den chopail sa chéad chuid den abairt, rud a rinneadh den chuid is mó nuair a bhí an aimsir chaite i gceist.

Lch 3 ní ormsa atá an locht, ní mise a rinne é in áit níl an locht orm – cuirtear béim ar mhothúcháin an ghasúir óig anseo

Lch 3 b’fhada liom dul suas chuige – fágadh san aimsir chaite sa chás seo é

Lch 4 b’éigean dom – cloíodh leis an leagan seo síos fríd

Lch 5 b’fhíor dom – cloíodh leis an nath seo síos fríd agus tá lorg na scéalaíochta ar an nath beag seo

Lch 17 is i dteach beag feirme…a tháinig mé ar an saol in áit tháinig mé ar an saol i dteach beag feirme

Lch 24 is ceann cróga atá againn anseo in áit tá ceann cróga againn anseo

Lch 29 níorbh fhada – cloíodh leis an leagan seo síos fríd

Lch 30 ba mheasa an scéal in áit bhí an scéal níos measa

Lch 31 is maith is cuimhin liom – úsaid na copaile le béim a chur air

Lch 32 is fearr as a bheas sé in áit beidh sé níos fearr as

Lch 33 is aige a bhí an focal deiridh in áit bhí an focal deiridh aige

Lch 36 is ag Paco amháin a raibh an cead aige mo lámh a lí – in áit bhí cead ag Paco amháin mó lámh a lí

Lch 37 is mór a d’fhás Paco in áit d’fhás se go mór

An tAinmfhocal

Caithfidh na haistritheoirí snáth an scéil a choinneáil beo don léitheoir agus is tábhachtaí fós é seo maidir le léitheoirí óga.  Ní mór do na haistritheoirí díriú isteach ar aois chognaíochta an léitheora agus cinnte a dhéanamh de go mbeidh an foclóir ag teacht le taithí an léitheora sin. Molann Shea in Taking Running Records (2016) go mbeadh 90-94% den téacs inléite ag na páistí.  Caithfidh na haistritheoirí focail a roghnú go cúramach.  Ba í soiléireacht an scéil an sprioc síos fríd.  Rinneadh éascú fosta ar roinnt de na focail agus frásaí a bhí sa bhuntéacs.

Roinnt samplaí d’úsáid an ainmfhocail shimplí

Lch 10 without circumvention – díreach

Lch 10 crime – eachtra – (Bheadh an focal ‘coir’ róláidir sa chomhthéacs)

Lch 11 paroxysms of rage –fearg an domhain

Lch 11 little lying toad – duine suarach bréagach

Lch 12 old fellowa stócaigh (ní hionann an chiall ‘sean’ sa chomhthéacs agus fágadh ar lár é gan an chiall a athrú)

Lch 14 make your peace with your motherdo leithscéal a ghabháil le do mháthair – (bheadh an focal ‘leithscéal’ ag na páistí agus bheadh an focal ‘síocháin’ róláidir agus ródheacair, dar leis na múinteoirí bunscoile)

Lch 14 on the spot (in a predicament)i dtrioblóid

Lch 19 bullringfáinne na dtarbh (‘réileán na dtarbh’ ródheacair)

Lch 19 calflao leis an ghinideach agus an tabharthach a sheachaint le gamhain

Lch 19 coat – fionnadh (ní raibh an t-aistritheoir sásta le ‘cóta’ sa chomhthéacs cé gur fusa é ar ndóigh)

Lch 20 landscaperadharc – ‘tírdhreach’ focal dúshlánach

Lch 20 in their corralssa pháirc

Lch 20 griffon vultureséin mhóra (fágadh simplí é in áit ‘badhbh ghríofa’ a úsáid)

Lch 23 crouching downar a ghlúine in áit ar a ghogaide

Lch 36 all the hoursan oiread ama

Lch 38 with her eyes closed – gan fadhb ar bith – (Ciallaíonn an chuid seo go raibh sé furasta)

An Aidiacht agus an Dobhriathar

Ba é snáth an scéil an Skopos a bhí ag an aistritheoir sa chás seo agus é ag iarraidh an scéal a thabhairt chuig na léitheoirí óga seachas é a dhéanamh coimhthíoch leo.  Rinneadh iarracht (ar chomhairle na múinteoirí) cloí le sainréim na teanga a bhí ar eolas ag na páistí agus na haidiachtaí agus na dobhriathra a raibh taithí acu orthu a úsáid den chuid is mó.

Roinnt samplaí d’úsáid na n-aidiachtaí agus an dobhriathair

Lch 9 very close – iontach mór le chéile

Lch 9 we know each other instinctively – aithne mhaith againn ar a chéile

Lch 13 with his wide eyes – lena dhá shúil mhóra

Lch 16 exciting – iontach

Lch 18 beautiful – dea-chumtha

Lch 19 magnificent – go hiontach ar fad

Lch 19 wicked-looking – fíochmhar

Lch 19 the most exciting creatures – na beithígh is uaisle agus is iontaí

Lch 20 terrible thunderstormstoirm mhór

Lch 22 she didn’t have the strength – ní raibh sí láidir go leor

Lch 25 the finest bull – an tarbh is breátha

Lch 29 staggering – místuama

Lch 30 it was all I could do – bhí sé deacair orm

Lch 30 wild – míshocair

Lch 31 the happiest days – na laethanta is fearr

Lch 31 naturally – gan fadhb ar bith

Lch 31 inseparableiontach mór le chéile

Lch 32 a fine job – obair mhaith

Lch 32 a fine start – obair níos fearr (athrá le ‘obair’)

Lch 33 hopeless – cur amú ama

Lch 35 raw – mar a bheadh prúna ann

Coimhthiú na teanga

In amanna is fiú don aistritheoir focail choimhthíocha agus áiteanna coimhthíocha a fhágáil san aistriúchán.  Ba é an fealsúnaí Gearmánach Freidrich Schleiermacher an chéad duine a tháinig aníos leis an chiall a bhí leis na téarmaí dúchasú agus coimhthiú.  Bhí Schleiermacher den tuairim gurbh fhearr coimhthiú a chur i bhfeidhm san aistriúchán ag maíomh gur chóir don aistritheoir díriú ar chiall agus meon na teanga iasachta maraon le hábhar an téacs (luaite in Ruokonen, 2004). 

Osclaíonn na focail nua seo agus na háiteanna nua seo an doras ar dhomhan eile do na léitheoirí agus is féidir a dtaithí ar an léitheoireacht a leathnú.  I dtaca le Toro! Toro! tá deis ag an léitheoir blas a fháil ar chultúr na Spáinne agus ar an Spáinnis féin.  Maíonn Minna Ruokonen (2004) go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí aistriúcháin san Fhionnlainn agus go bhfuil coimhthiú chun tosaigh anois ar an dúchasú.  Maíonn sí gur fiú an ghné choimhthíoch a choinneáil sa spriocthéacs ar mhaithe le dúshlán a thabhairt don léitheoir.  Maíonn sí fosta gur féidir an ghné choimhhtíoch a úsáid le comparáid a dhéanamh idir an bunchultúr agus an sprioc-chultúr. Cuidíonn an coimhthíos seo sa téacs le léitheoir gníomhach a chruthú, dar léi, agus tugann sé deis don léitheoir teacht ar rudaí agus ar ábhair nua nach raibh ar eolas aige.  Cuireann Roukonen rabhadh leis seo, áfach.  Má bhíonn barraíocht den choimhthiú sa téacs agus má théann na gnéithe coimhthíocha thar chumas léitheoireachta an duine, tá seans maith ann go rachaidh an léitheoir in abar agus go gcaillfidh sé suim sa téacs.  Ina shaothar Introducing Translation Studies (2012) maíonn Jeremy Munday, áfach, go mbíonn an t-aistritheoir sofheicthe sna haistriúcháin a mbíonn coimhthiú chun tosaigh iontu.  Cailltear líofacht na sprioctheanga ar mhaithe leis an choimhthiú a choinneáil chun tosaigh agus lorg an aistritheora a fheiceáil ann.  Deir sé, áfach, go mbíonn dúchasú ann fosta de bhrí go n-aistrítear ó theanga iasachta é sa chéad dul síos agus go gcaithfidh an dá chineál aistriúchán, dúchasú agus coimhthiú, a bheith ann in aineoinn an aistritheora.

Roinnt samplaí de choimhthiú na teanga

Abuelo – Is fiú an focal seo a choinneáil agus an míniú a thabhairt idir lúibíní go díreach mar atá déanta ag Michael Morpurgo.  Bhéarfaidh sé ábhar fiosrachta don léitheoir óg.

Andalucia, Barcelona, Malaga, Sauceda – Níor athraíodh suíomh an scéil agus cloíodh leis na logainmneacha a úsáideadh.

Antonio, Chica, Maria, Paco – Cloíodh leis na hainmneacha a bhí ar na carachtair le blas an choimthís a choinneáil ar an leabhar in áit an scéal a lonnú in Éirinn agus na hainmneacha agus na logainmneacha a athrú.  Leanadh an chomhairle a chuireann Mac Lochlainn (2000) ar aistritheoirí maidir leis na hainmneacha dílse.  Deir van Collie (2014) go mbíonn feidhm folaigh ag ainmneacha in amanna agus chomh maith le carachtair a chur in iúl go dtugann siad eolas don léitheoir agus go músclaíonn siad mothúcháin ann.  Tugtar Paco ar an tarbh sa scéal agus is cinnte go bhfuil tagairtí do San Proinsias Assisi, atá ina phatrún ar ainmhithe, agus go mbaineann sé sin leis an scéal.  Rinneadh cinneadh, áfach, cloí leis na hainmneacha a bhí ag Michael Morpurgo síos fríd. 

Cabrestro, Corrida, Rosito – Coinníodh na tagairtí sa Spáinnis do na tairbh agus don tarbhchomhrac.

Siesta – coinníodh é seo sa Spáinnis de bhrí gur focal é atá sa Bhéarla fosta agus go mb’fhéidir go mbeadh taithí ag roinnt de na léitheoirí ar an fhocal.

Teanga ardmhininicíochta

Is ar mhaithe le leanúnachas agus leis an teanga a éascú don spriocléitheoir a cuireadh ceangal ar an aistritheoir leagan amháin den fhrása nó den fhocal a choinneáil síos fríd.  Ar ndóigh is ag treisiú na bhfrásaí seo a bheadh na léitheoirí agus iad ag teacht aníos arís agus arís eile sa téacs.

Roinnt samplaí d’úsáid na teanga ardmhinicíochta

Ainmhithe 16 (x3), 19, 33, 38

Breá sásta 30, 34 (x4)

Brodúil 9, 32, 38

Dalba 13 (x3), 14

Dáiríre 11 (x2), 12, 32

Eagla 20, 21 (x2), 22, 23, 35 (x2), 36

Fearg 11, 22, 23

Iontach mór le chéile 9, 38

Is beag 17, 18, 38 (x2)

Láithreach 11, 25, 35

Mar is ceart 29, 32 (x2) 33

Neart 13, 16, 18 (x2)

Níorbh fhada, 26, 28, 30, 36

Ó am go ham 21, 34, 37

Pléisiúr 9, 35 (x2), 36

Seachas 10, 34, 38

Suim 16, 32 (x2), 36, 38

Conclúid

Roghnaíodh an t-úrscéal Toro! Toro! le Michael Morpurgo ar roinnt cúiseanna.  Is é an phríomhchúis, áfach, a roghnaíodh an t-úrscéal Toro! Toro!  ná go dtugann sé deiseanna do mhúinteoirí na nGaelscoileanna ó thuaidh na téamaí agus na scileanna atá chun cinn in Curaclam Thuaisceart Éireann a fhorbairt sna páistí.  Tá an leabhar féin tarraingteach do pháistí ón chlúdach go dtí an blurba ar chúl.  Cuireann na léaráidí, an cló agus an leagan amach go mór leis an leabhar.  Cuireann an leabhar na léitheoirí ag smaoineamh ar cheisteanna an tsaoil agus is carachtair inchreidte a chruthaíonn Michael Morpurgo ann.  Mar a deir Anne Fine a bhí ina Children’s Laureate (2001-2003) in The Ultimate Book Guide:

The right book brings enchantment. Books fill your mind, and there’s nothing more tiresome to be around than unfurnished minds. Books make you think and make you feel. They teach you about the world, about others and even, sideways, about yourself. They show you you’re never truly alone. There’s always someone else who thinks, feels, worries or laughs the same way as you do.

Ní leor don aistritheoir an buntéacs a thuiscint, ní mór dó an scéal a athinsint i dteanga atá nádúrtha, a bhfuil rithim léi agus atá soléite.  Rinneadh iarracht é sin a dhéanamh leis an aistriúchán seo.  Ar ndóigh, is iad na múinteoirí agus na daltaí sna Gaelscoileanna ó thuaidh a dhéanfaidh breithiúnas cé acu ar éirigh leis an aistritheoir sa chás seo nó nár éirigh.  Tá úrscéalta eile de chuid Michael Morpurgo aistrithe ag údar an ailt seo.  Rinneadh aistriúcháin ar The Kites are Flying, Warhorse, The Mozart Question, Why the Whales Came agus Cool.  Is iad Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Capall Cogaidh, An Cheist faoi Mazart, An Fáth ar Tháinig na Míolta Móra agus Cúláilte na leaganacha Gaeilge.  Tá na haistriúcháin ar fáil ar shuíomh idirlín CCEA.

Leabharliosta: 

Leabhair

Bobulová, I., (2003) Children’s and Juvenile Literature: (Written in English).  Nitra: Pedagogická fakulta UKF v Nitra.

Hazard, P., (1994) Books, Children and Men.  Boston: The Horn Book.

Hollindale, P., (1997) Signs of Childness in Children’s Books.  Stroud: Thimble Press.

Hunt, P., (1994) An Introduction to Children’s Litearature.  Oxford: Oxford University Press.

Lathey, G., (2016) Translating Children’s Literature.  New York: Routledge.

Mac Loclainn, A., (2000) Cuir Gaeilge Air. BÁC: Cois Life Teoranta.

Morporgo, M., (2001) TORO! TORO!  Great Britain: Harper Collins.

Munday, J., (2012) Introducing Translation Studies: Theories and Applications, third edition. London & New York: Routledge.

Nida, E., (1964) Toward a Science of Translating, with Special Reference to Principles and Procedures involved in Bible Translation.  Leiden: E. J. Brill.

Nida, E. & de Waard, J., (1986) From one Language to Another: Functional Equivalence in Bible Translations.  Nashville, TN: Thomas Nelson.

Ó Ruairc, M., (1997) Aistrigh go Gaeilge.  BÁC: Cois Life Teoranta.

Ó Ruairc, M., (2007) Aistrigh leat.  BÁC: Cois Life Teoranta.

Shea, M., (2000) Taking Running Records.  New York: Scholastic Inc.

Ruokonen, M., (2004) Language, text and translation. Turku: Turun.

Synge, J.M., (1907) The Aran Islands. Penguin Classics.

van Coillie, J. & Verschueren, W.P., (ed) Children’s Literature in Translation, Challenges and Strategies.  Routledge.

Venuti, L., (1995) The Translator’s Invisibility: A History of Translation.  London & New York: Routledge.

Venuti, L., (2008) The Translator’s Invisibility: A History of Translation.  (2nd edn). New York & London: Routledge.

Vermeer, H.J., (1989) Skopos and Commission in Translational Action. The Translation Studies Reader (3rd edn).  London & New York: Routledge.

 

Ailt

Bamberger, R., (1978) ‘The influence of translation on the development of national children’s literature’.  G. Klingberg & M. Ørvig (eag.)  Children’s Books in Translation.  Stockholm: Almqvist & Wiksell.

Ottinen, R., (2000) ‘Translating for children – theory.  P. Hunt (eag.), International Companion Encyclopedia of Children’s Literature.  London: Routledge.  901–11.

Ottinen, R., (2006) ‘No innocent act: On the ethics of translating for children.’  J. Van Collie & W.P. Verschueren (eag.) Children’s Literature in Translation Challenges and strategies. Manchester: St Jerome.  35–45.

Puurtinen, T., (1994) ‘Dynamic style as a parameter of acceptability in translated children’s books’.  Snell-Hornby M. (eag.) Translation studies. An interdiscipline.  Amsterdam: John Benjamins.

 

Foinsí Leictreonacha

Suíomh idirlín CCEA (Léite: 14 Eanáir 2020)