Aistriúchán ar leabhar cócaireachta: An Próiseas agus na Dúshláin

Anna Lee
Topaic(í): 

Réamhrá

Tá an t-alt seo bunaithe ar an aistriúchán anótáilte a rinneadh ar shleachta roghnaithe as an Avoca Café Cookbook. Tugadh faoin togra seo mar ábhar miontráchtais don chúrsa MA (Léann Teanga). San alt seo pléitear gnéithe spéisiúla den bhuntéacs, den spriocthéacs agus cinntí tábhachtacha a bhí le déanamh maidir le téarmaíocht, focail iasachta agus modhanna aistriúcháin.Baineadh leas as múnla Jean-Paul Vinay agus Jean Darbelnet, a phléitear go mion sa leabhar Introducing Translation Studies: Theories and Applications le Jeremy Munday (2012), chun an tráchtaireacht a dhéanamh ar an aistriúchán.

Comhthéacs

Roghnaíodh an téacs thuasluaite i ngeall ar an dúshlán a bhain lena aistriú agus an éagsúlacht stíleanna atá ann. Bhíothas ag iarraidh téacs praiticiúil a aistriú atá dírithe ar úsáid shóisialta teanga mar gheall ar thábhacht an tsealbhaithe shóisialta do mhionteangacha amach anseo. Is cinnte gur gníomhaíocht shóisialta í an chócaireacht. Maíonn Conchúr Ó Giollagáin (2012) nach mairfidh mionteanga ar bith gan ‘dlús criticiúil cainteoirí baile mionteanga agus forás sóisialta na n-óg sa mhionteanga.’Ina cheann sin, tá tábhacht ag baint le hábhar atá reatha agus úsáideach a aistriú.

Bhí ceist ann mar gheall ar chóipcheart an ailt seo toisc go bhfoilsítear Léann Teanga: An Reiviú mar iris ar líne. Chuathas i dteagmháil le húdar an leabhair, Hugo Arnold, chun cead a lorg uaidh cuid den bhuntéacs a fhoilsiú leis an alt seo. Rinneadh cinneadh i gcomhar leis an údar agus Stiúrthóir Avoca, Simon Pratt, gan na hoidis iad féin a fhoilsiú ar líne, agus mar sin, ní fheictear cuid de na samplaí a phléitear sna míreanna roghnaithe den spriocthéacs a fhoilsítear leis an alt seo.

Cur Chuige don Aistriúchán, Anailís ar an mBuntéacs & Teoiric an Aistriúcháin

Maíonn Antain Mac Lochlainn (2000: 26) go bhfuil dhá mheon i gceist maidir le cur chuige an aistritheora, iad siúd ‘a mhaíonn gur dual don aistritheoir a bheith dílis don bhuntéacs – idir chiall agus fhriotal’ agus iad siúd ‘a mhaíonn gur ar an léitheoir ba chóir don aistritheoir a aird a dhíriú agus aistriúchán a sholáthar de réir choinbhinsiúin teanga agus chultúir an léitheora, fiú más gá gnéithe den bhuntéacs a íobairt chuige sin.’ Tá cumhacht an aistritheora soiléir ón méid atá le rá ag Mac Lochlainn ach caithfidh an t-aistritheoir aird a thabhairt ar an dualgas atá air mar a mhaíonn Ó Ruairc (1997: 47):

Is é príomhchuspóir an aistriúcháin téacs an údair sa bhunteanga a chur ar fáil don léitheoir sa sprioctheanga ionas nach gá dó an buntéacs féin a léamh ach go bhfuil teachtaireacht an údair faighte aige amhail is dá mbeadh sé léite aige sa bhunteanga féin.

Caithfear, mar sin, díriú ar mheon an aistritheora ghairmiúil agus tú ag tabhairt faoi phíosa aistriúcháin chun spriocthéacs críochnúil, ar ardchaighdeán a sholáthar, atá dílis don bhuntéacs. Is fiú go mór suntas a thabhairt do ghnéithe cultúrtha agus a leithéid a chabhróidh leis an spriocléitheoir tuiscint cheart a bhaint as an spriocthéacs aistrithe.

An Chaighdeán Athbhreithnithe

Baineadh leas as rialacha an Chaighdeáin Oifigiúil Athbhreithnithe (2012) den chuid is mó agus an t-aistriúchán idir lámha, agus tugadh aird freisin ar threoir stíle an Ghúim. Tá líon mór figiúirí sna hoidis sa bhuntéacs agus de réir an Chaighdeáin Athbhreithnithe, ‘I gcás gur i bhfigiúirí a scríobhtar na huimhreacha, moltar an t-athrú tosaigh is cuí don fhigiúr deiridh a chur i bhfeidhm ar fhoirm chuí an ainmfhocail de réir chóras na mbunuimhreacha’ (2012: 164).Measadh go mbeadh an cur chuige sin míshlachtmharagus ciotach ó thaobh stíl agus cuma an aistriúcháin de, agus dá bhrí sin, leanadh treoir an Ghúim, ’Ní chuirtear séimhiú ná urú ar ainmfhocail i ndiaidh na bhfigiúirí ó 20 amach’. Chuige sin, tá, mar shampla, 36 briosca in ionad 36 bhriosca sa spriocthéacs ach 8 n-unsa, mar shampla, i gcás na n-uimhreacha faoi bhun 20.

Acmhainní Teanga

Fuarthas roinnt comhairle an-luachmhar ón bpríomhchócaire aitheanta, Brian Ó Domhnaill. Pléifear an chomhairle seo níos déanaí i dtaobh téarmaíochta faoi leith agus focail iasachta go háirithe.Baineadh úsáid as cúpla acmhainn tacaíochta le linn phróiseas an aistriúcháin – Lámhleabhar Bia agus Dí a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge in 2003, an foclóir Eacnamaíocht Bhaile a d’fhoilsigh an Gúm i 1982 agus Lámhleabhar Miondíola, a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge in 2003. Úsáideadh na hacmhainní seo uile chun éagsúlacht na dtéarmaí atá ar fáil a fheiceáil agus chun an réiteach is fearr nó is nádúrtha a aimsiú.

Chomh maith leis na hacmhainní thuasluaite, baineadh leas as Foclóir Néill Uí Dhónaill (1977) agus as leagan leictreonach den fhoclóir sin, WinGléacht. Is úsáideach an acmhainn í an leagan leictreonach i dtaobh a thapúlachta agus a áisiúlachta. Baineadh leas as English – Irish Dictionary a scríobh Tomás de Bhaldraithe (1959). Idir an dá fhoclóir bhíothas in ann a chinntiú nach raibh débhríocht i gceist nó aon easaontú maidir le bríonna comhchosúla a bheith ag focail.

Ina theannta sin, baineadh úsáid as na hacmhainní ar-líne www.focal.ie agus www.focloir.ie. Tá rogha leathan téarmaíochta le fáil ar www.focal.ie agus tá neart focal nua-aimseartha liostaithe ar an suíomh. Seoladh an suíomh www.focloir.ie go hoifigiúil in 2013 agus cé nach bhfuil an t-ábhar uile le feiceáil ar an suíomh go fóill, tá plé cuimsitheach ar chomhthéacs na bhfocal agus na bhfrásaí atá ar an suíomh anois agus cuirfear leis an stór focal go rialta i rith 2014 (www.focloir.ie).

Seánra na Cócaireachta

Is féidir gníomhaíocht an-sóisialta a dhéanamh den chócaireacht agus tá traidisiún láidir cócaireachta sa tír seo – páistí ag foghlaim na scileanna ó thuismitheoirí agus ó sheantuismitheoirí. Itheann daoine béilí le chéile go laethúil agus bíonn béilí speisialta ann chun ócáidí a cheiliúradh le teaghlaigh nó le cairde. Deir Fitzgibbon (1968: v), ‘the aromas from the kitchens of our childhood remain when many other things are forgotten.’ Is iomaí cócaire iomráiteach idirnáisiúnta a fheictear ar an teilifís agus níl easpa cócairí clúiteacha anseo in Éirinn ach oiread, Darina agus Rachel Allen a oibríonn sa scoil chócaireachta iomráiteach Ballymaloe Cookery School agus Brian Ó Domhnaill atá bainteach leis an mbialann Danny Minnies in Anagaire, Co. Dhún na nGall, a bhfuil duaiseanna[1]buaite aici.

Tá líon ollmhór leabhar ar fáil i seánra na cócaireachta, a chlúdaíonn gach réimse den chócaireacht, in ainneoin gur traidisiún í a roinntear ó bhéal de ghnáth. Deir Wheaton, luaite ag Máirtín Mac Con Iomaire agus Dorothy Cashman (2011:82), faoi leabhair chócaireachta, ‘the exceptional written record of what is largely an oral tradition’. Tháinig sé chun solais réasúnta tapa nach bhfuil mórán ábhair scríofa sa seánra seo i nGaeilge, cé go bhfuil lámhscríbhinní ón tír seo le feiceáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a théann siar chomh fada le 1690 (Mac Con Iomaire & Cashman, 2011).

Ní rabhthas ábalta teacht ar mhórán leabhar i nGaeilge a bhaineann go díreach le seánra na cócaireachta seachas aistriúchán ar an leabhar A Little Irish Cookbook, is é sin Leabhar Beag Cócaireachta Éireannach le John Murphy atá imithe as cló. Thángthas ar dhá fhoinse sa bhreis, an cnuasach oideas, Neam Neam a foilsíodh in 2006, ar son Scoil Náisiúnta Shailearna, Co.na Gaillimhe. Leabhar eile a fuarthas is ea “Is Furasta Fuint...” le Fear as na Minna. D’eascair an leabhar seo as mír chócaireachta ar an gclár Siamsán Maidine (Ní Chéidigh Uí Chonghaile, 1991: 5). Bhí na leabhair seo ina gcabhair maidir le cur i láthair an spriocthéacs, cúrsaí stíle agus téarmaíochta. Tá téacsleabhair scoile san ábhar Eacnamaíocht Bhaile ar fáil ach measadh, cé go raibh treoir le baint astu, nach raibh na leabhair seo sa seánra céanna i ndáiríre, ach i seánra na leabhar scoile.

Anailís ar an mbuntéacs

Tá Hugo Arnold ag scríobh faoi chúrsaí bia le 20 bliain anuas agus tá os cionn 20 leabhar foilsithe aige. Scríobh Arnold an leabhar seo le cúnamh Leylie Hayes atá ina príomhchócaire feidhmiúcháin le Avoca.[2] Foilsíodh an leabhar seo in 2000 chun na hoidis ab fhearr leo in Avoca a roinnt leis na custaiméirí agus leabhar sárdhíola atá ann.[3]

Friotal agus Réim an Bhuntéacs

Den chuid is mó, tá friotal an bhuntéacs coinnithe simplí ag an údar agus níl téarmaíocht róchasta i gceist. Tá na hoidis leagtha amach go soiléir agus is furasta iad a leanúint. Cé go bhfuil an buntéacs soiléir agus sothuigthe, tá na codanna réamhráiteacha ag tús na gcaibidlí níos casta agus bhí deacrachtaí ag baint corruair leis an leagan Béarla; mar shampla bhí cuid den bhuntéacs inar dúradh, ‘sourcing vegetables will hardly be a hardship’ (Arnold, 2000: 99). Measadh go bhfuil an Béarla beagán ciotach anseo, rud atá neamhghnách sa bhuntéacs. Tugadh faoi deara freisin difríochta litriú: Gerty (2000: 140) agus Gertie (2000: 149). Úsáidtear téarmaí iasachta sa bhuntéacs go rialta mar shampla: couscous agus frittata.

Rangaíonn Katharina Reiss cineálacha téacsanna de réir na bpríomhfheidhmeanna atá acu agus seo a leanas mar a rangaíonn Reiss téacsanna scríofa: faisnéiseach, léiritheach agus oibríoch. Téacs faisnéiseach a aistríodh de réir thriantán Reiss (a fheictear thíos). ‘Informative text type. ‘Plain communication of facts’: information, knowledge, opinions, etc. The language dimension used to transmit the information is logical or referential, the content or ‘topic’ is the main focus of the communication’ (Munday 2012: 112). An cuspóir atá ag na hoidis ná an léitheoir a threorú chun mias a chur i gcrích agus an t-eolas ar fad chun an cuspóir sin a chomhlíonadh a thabhairt don léitheoir. Ar an iomlán, téacs faisnéiseach atá ann ach is féidir rian an téacs léirithigh a fheiceáil freisin de dheasca an stíl phearsanta agus na píosaí athfhriotail atá ann. Ach tá tábhacht ag baint le breathnú ar an téacs ina iomláine agus a chinntiú nach gcailltear réim agus stíl an bhuntéacs san aistriúchán.

Leagan amach an Bhuntéacs

Naoi gcaibidil ar fad atá sa bhuntéacs,192 leathanach agus 120 oideas atá sa leabhar ina iomláine. Clúdaítear gné faoi leith i ngach caibidil: anraithí, sailéid, iasc agus sicín, feoil, príomhchúrsaí glasrúla, aráin, am tae agus milseoga, anlann goinbhlasta agus ilnithe. Ag tús na gcaibidlí, tá píosa scríofa i stíl inste mar gheall ar an gcineál bia atá i gceist sa chaibidil sin. Anuas air sin, tá giota athfhriotail tugtha ag tús na gcaibidlí.

11,102 focal ar fad den bhuntéacs a aistríodh. Roghnaíodh réimse oidis éagsúla ionas nach mbeadh athrá i gceist agus chun an méid is mó téarmaí agus focail dhifriúla a aistriú.

Teoiric an Aistriúcháin

Is iomaí leabhar ar theoiric an aistriúcháin atá ar fáil don aistritheoir gairmiúil agus don mhac léinn aistriúcháin. Cuirtear an-chomhairle orthu siúd atá gafa le cúrsaí aistriúcháin i leabhair Antain Mhic Lochlainn. Cuireann Mac Lochlainn (2000: 5) comhairle phraiticiúil ar an aistritheoir, molann sé an buntéacs a léamh ó thús go deireadh agus luann sé go bhfuil nós aige, ‘líne a chur faoi gach focal is gach frása a mheasaim a mbeidh deacrachtaí ag baint leo’, comhairle bhunúsach d’aistritheoir ar bith agus nós a cuireadh i bhfeidhm agus an t-aistriúchán seo idir lámha. Tá sé tábhachtach suntas a thabhairt don mhéid atá scríofa go sainiúil ag Mac Lochlainn (ibid.) ar an aistriúchán go Gaeilge. Pléitear (ibid.) an easpa soiléireachta maidir leis an nGaeilge uaireanta agus na hathruithe atá tagtha chun cinn ó foilsíodh Foclóir de Bhaldraithe (1959) go dtí gur foilsíodh Foclóir Uí Dhónaill (1977) agus ó shin i leith. Pléitear cineálacha téacsanna idir téacsanna faisnéise, léitheoirlárnaithe agus léiritheacha/liteartha agus is féidir ceangal a fheiceáil idir an rangú seo agus triantán Reiss. Cuireann Mac Lochlainn comhairle phraiticiúil ar fáil don aistritheoir in ionad teoiric dhlúth, mar shampla, i dtaca le réim deir sé, ‘ach cuimhnigh air go bhfuil i bhfad níos mó i gceist seachas frása nó focal éigin a aimsiú sa Ghaeilge a chuireann coincheap an bhuntéacs Béarla in iúl’ (2000: 29). Bhí tábhacht ar leith leis an gcomhairle sin don aistriúchán seo, go háirithe leis an stíl inste atá ag tús na gcaibidlí agus gan an réim sin a chailleadh.

Baineann leabhar Jeremy Munday (2012), go sonrach le réimse an aistriúcháin scríofa. Bhí an plé a dhéanann Munday ar straitéisí aistriúcháin Vinay agus Darbelnet, lárnach don togra seo. Shainaithin Vinay agus Darbelnet dhá straitéis tríd an anailís chomparáideach a rinne siad idir an Fhraincis agus an Béarla (1958): aistriúchán díreach agus aistriúchán indíreach. Áirítear na modhanna seo a leanas leis an aistriúchán díreach: iasacht, lomaistriúchán agus aistriúchán litriúil (Munday, 2012). San aistriúchán indíreach, áirítear na modhanna seo a leanas: trasuíomh (riachtanach nó roghnach), modhnú (riachtanach nó roghnach), comhfhreagairt agus athchóiriú. Déantar plé níos mine ar seo sa tráchtaireacht ar phróiseas an aistriúcháin.

Modhanna aistriúcháin Vinay agus Darbelnet

Rangaíonn Vinay agus Darbelnet modhanna aistriúchán idir aistriúchán díreach agus indíreach. Is iad na modhanna aistriúcháin díreacha ná iasacht, lomaistriúchán agus aistriúchán litriúil. Is iad na modhanna aistriúcháin indíreacha ná trasuíomh, modhnú agus comhfhreagairt.

Is éard atá i gceist le hiasacht ná focal nó frása sa bhunteanga a aistriú díreach go dtí an sprioctheanga, cosúil le ‘à la carte’a tháinig isteach go díreach ón bhFraincis – frása a úsáidtear ar bhiachláir. Tháinig an modh aistriúcháin seo chun cinn sa spriocthéacs de bharr go dtarlaíonn sé i dtaca le cúrsaí bia go minic; luann Munday (2012: 86) sushi mar shampla den iasacht. Fuarthas comhairle maidir le téarmaí iasachta ón bpríomhchócaire, Brian Ó Domhnaill, ar ríomhphost agus dúirt sé an méid seo a leanas: ‘Tá téarmaíocht na Fraince idirnáisiúnta anois agus iad fite i ngach teanga cosúil leis an Bhéarla’. Phléigh Ó Domhnaill an focal roulade agus deir sé, ‘D’fhágfainn sin’. Sa spriocthéacs, tá an focal iasachta frittata ón Iodáilis le feiceáil. Cé gur leagan d’uibheagán é an frittata, measadh, toisc go bhfuil idirdhealú déanta idir uibheagán agus frittata sa bhuntéacs, go mbeadh sé ní ba chruinne an t-idirdhealú seo a léiriú sa spriocthéacs. Glacadh le comhairle Uí Dhomhnaill arís i dtaca le roulade, ‘thiocadh leat rolagán a úsáid ach sé roulade a déaradh daoine ag caint Gaeilge sa chistin sa bhaile’. Luaigh Ó Domhnaill freisin ‘maidir le sauté is é an rud is nádúrtha, sautéáil, mar shampla na hoinniúin a sautéáil’, agus tá sautéáil in úsáid sa spriocthéacs. Roghnaíodh cúscús, an leagan traslitrithe den fhocal a úsáid toisc gur furasta a aithint gur couscous an focal atá i gceist. Cé go bhfuil sé tábhachtach rialtacht a chur i bhfeidhm san fhoclaíocht, measadh go raibh sé tábhachtach a bheith solúbtha toisc go bhféadfaí spriocthéacs mínádúrtha a réiteach ag iarraidh rialtacht ródhocht a chur i bhfeidhm. Rinneadh machnamh dian ar na focail Iodálacha, pasta, pizza agus lasagne toisc go bhfuil leaganacha Gaeilge ar fáil dóibh – ‘pasta’ ‘píotsa’ agus ‘lasáinne’. Rinneadh cinneadh ‘pasta’ a chur i nGaeilge agus ‘pizza’ agus ‘lasagne’ a fhágáil mar fhocail iasachta. Ar www.focal.ietugtar ‘pasta’ mar fhocal firinscneach Gaeilge agus cé go bhfuil an litriú mar an gcéanna san Iodáilis agus sa Ghaeilge is féidir rialacha ghramadach na Gaeilge a chur i bhfeidhm air, mar shampla, ‘den phasta’. Roghnaíodh na leaganacha iasachta ar an ábhar go mbeadh siad in úsáid sa ghnáthchaint, mar an gcéanna le roulade a luaigh Brian Ó Domhnaill. Chomh maith leis sin, bheadh fuaimniú éagsúil le cur i bhfeidhm sna leaganacha Gaeilge agus bheadh baol ann go gcuirfeadh sin bac ar léamh nádúrtha an spriocthéacs.

An bhrí atá le lomasitriúchán ná ‘a special kind of borrowing where the SL[4] expression or structure is transferred in a literal translation. For example, the French calque science-fiction for the English’ (2012: 87). Tháinig lomaistriúchán chun cinn nuair a bhí ‘oven-proof dish’ le haistriú agus nuair nár aimsíodh focal dó. Feictear ‘uiscedhíonach’ ar ‘water-proof’ i bhfoclóir de Bhaldraithe (1959: 831) agus i bhfoclóir Uí Dhónaill (1977: 1300). Tá ‘lasairdhíonach’ (flameproof) agus ‘osándíonach’ (hoseproof) le feiceáil ar www.focal.ie. Bunaithe ar na samplaí thuas agus ag cur ‘riail na d-n-t-l-s’ (Mac Murchaidh, 2002: 15) san áireamh, beartaíodh an téarma oigheanndíonach a úsáid. Chuathas i dteagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta maidir leis seo agus fuarthas an faomhadh seo a leanas: ‘Mholaimis oigheanndíonachar an téarma seo’ agus tá ‘oigheanndíonach’ le feiceáil ar www.focal.ie anois.

Maidir leis an aistriúchán litriúil, deir Munday (2012: 87), ‘This is ‘word-for-word’ translation, which Vinay and Darbelnet describe as being most common between languages of the same family and culture’. Is aistriúchán litriúil é an sampla seo a leanas, ‘English ST: I left my spectacles on the table downstairs. French TT: J’ai laissé mes lunettes sur la table en bas’ (2012: 87). Rangaítear Béarla agus Gaeilge mar theangacha Ind-Eorpacha ach is teanga Ghearmánach é an Béarla agus is teanga Cheilteach í an Ghaeilge, (www.ethnologue.com). Ní bhíonn aistriúchán litriúil sásúil go minic ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus a mhalairt. Deir Antain Mac Lochlainn, a scríobhann mar gheall ar aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge,  

Bhí an ceart ag Seosamh Ó Murchú nuair a mhol sé d’aistritheoirí friotal dúchasach Gaeilge a aimsiú a chuireann coincheapa an Bhéarla in iúl, ach baineann contúirtí áirithe leis an gcur chuige céanna. An chontúirt is mó go n-aistreofaí an Béarla le friotal a thagann salach ar réim an bhuntéacs, (2000: 30).

Áitíonn Mac Lochlainn, nach féidir aistriúchán litriúil a úsáid mar phríomh-mhodh idir Béarla agus Gaeilge ach go bhfuil dualgas eile ar an aistritheoir, ‘a bheith dílis do réim an bhuntéacs’ agus ‘dá leibhéal deacrachta’ (2000: 31).

Aistríodh ‘without compare’ go litriúil sa chéad dul síos mar seo a leanas, ‘gan chomparáid’. Measadh go raibh an t-aistriúchán sin rólitriúil agus go raibh lorg an Bhéarla le sonrú air. Roghnaíodh an t-aistriúchán seo a úsáid, ‘nach bhfuil a shárú le fáil’. Aistriúchán indíreach atá déanta anois agus is aistriúchán níos dúchasaí atá anseo. D’oibrigh an modh litriúil i gcás eile sa spriocthéacs leis an aistriúchán seo, ‘Measc isteach an fínéagar agus doirt an meascán seo ar an gcúscús’ sa spriocthéacs. An bunleagan a bhí ann ná, ‘Stir in the vinegar and pour this mixture over the couscous’. Níl ach éagsúlacht amháin le sonrú agus sin é áit na haidiachta taispeántaí ‘this’ nó ‘seo’ sa spriocthéacs – tá an aidiacht thaispeántach i ndiaidh an ainmfhocail, struchtúr atá éigeantach i gcomhréir na Gaeilge.

Cuireadh trasuíomh i bhfeidhm go rialta sa spriocthéacs agus is éard atá i gceist leis ná, ‘a change of one part of speech for another (e.g. noun for verb) without changing the sense,’ (Munday, 2012: 87). Míníonn Munday (2012) go bhfuil Vinay and Darbelnet den tuairim gurb é an trasuíomh an t-athrú struchtúrach is coitianta a úsáideann aistritheoirí. Feictear trasuíomh roghnach sa spriocthéacs, ‘Tá scoth na cócaireachta le fáil i Maracó, cuid den chócaireacht is fearr ar domhan’. An rud atá sa bhuntéacs ná, ‘Moroccan cuisine is undoubtedly one of the great cuisines of the world’. Níor cuireadh leagan aistrithe de ‘undoubtedly’ sa spriocthéacs – síltear go léiríonn an ráiteas ‘cuid den chócaireacht is fearr ar domhan’, an bunsmaoineamh céanna agus an easpa amhrais a chuireann ‘undoubtedly’ in iúl. Tá struchtúr na habairte athraithe agus tá sí mínithe ar bhealach éagsúil ón bhuntéacs.

Athraíonn modhnú séimeantaic nó mar a deir Munday (2012) ‘point of view’ na bunteanga. ‘Vinay and Darbelnet place much store by modulation as ‘the touchstone of a good translator’, whereas transposition ‘simply shows a very good command of the target language’ (Munday, 2012: 88). Maíonn Munday (2012), cé go bhfuil cásanna ann go ndéantar aistriúchán litriúil nó le trasuíomh agus iad ceart ó thaobh na gramadaí de, is féidir leo a bheith amscaí nó mí-oiriúnach sa sprioctheanga. Feictear modhnú san aistriúchán seo ‘Cuimsítear meascán aisteach sa chaibidil seo’ le haghaidh ‘This is something of a catch-all chapter’. Tá bailiúchán d’oidis agus treoracha sa chaibidil seo nach bhfuil baint acu go díreach le réimsí na gcaibidlí eile. Sa leagan aistrithe, níl an t-ainmfhocal cáilithe ag aidiacht, ní hionann seo agus an méid atá sa bhunleagan. Mothaíodh go mbeadh ‘caibidil uileghabhálach’ nó a leithéid ciotach agus débhríoch. Tá an briathar ‘cuimsigh’ láidir toisc go gcuireann sé in iúl go gclúdaítear ‘meascán’ oideas agus treoracha sa chaibidil.

Is éard atá i gceist le comhfhreagairt ‘cases where languages describe the same situation by different stylistic or structural means. Équivalence is particularly useful in translating idioms and proverbs’, (2012: 89). Tugann Munday (2012: 89) an sampla de chomhfhreagairt,‘the sense, though not the image, of comme un chien dans un jeu de quilles [lit. ‘like a dog in a game of skittles’] can be rendered as like a bull in a china shop’. Tháinig comhfhreagairt chun cinn sa spriocthéacs ón bhfrása seo, ‘It wasn’t exactly plain sailing from then on’ (2000: 10) agus thángthas ar an bhfrása ‘Tá réidhe an achair leis anois’ i bhfoclóir Uí Dhónaill (1977: 5) ar ‘he is making good progress now’. Cuireadh an frása sin in oiriúint don leagan Béarla mar seo a leanas, ‘Ní hé go raibh réidhe an achair leo ó shin i leith’. D’fhéadfaí aistriúchán díreach a úsáid anseo ach ní bheadh cuma dhúchasach air.

Athraíonn athchóiriú tagairt chultúrtha sa spriocthéacs nuair nach bhfuil gné den bhunchultúr le sonrú sa sprioc-chultúr, (Munday, 2012). Míníonn Munday (2012) gur léirigh Vinay agus Darbelnet an modh seo leis an sampla de chluiche cruicéid i mBéarla a aistriú go tagairt faoin ‘Tour de France’ sa Fhraincis. Téacs Éireannach a aistríodh agus cuideachta Éireannach atá in Avoca. Tagairtí cultúrtha a bhaineann le hÉirinn a fheictear mar sin sa bhuntéacs agus sa spriocthéacs. Maíonn Nettle & Romaine (2000: 5), ‘it has been said that Irish, for instance, was murdered by English’ ach tá ceangal dlúth idir an Ghaeilge agus an Béarla agus má tá téacs Béarla le haistriú go Gaeilge – atá scríofa i gcomhthéacs sochaí na hÉireann – níor chóir go dtiocfadh athchóiriú chun cinn go minic mar mhodh aistriúcháin.

Pointí Suimiúla

Comhréir agus Gramadach

I dtaobh liostaí na gcomhábhar atá mar chuid de na hoidis bhí ceist ann ar chóir iad a chuir sa tuiseal ginideach nó sa tuiseal tabharthach, ceist a síleadh a bhain le stíl ar dtús, mar shampla ‘50g/2oz butter’ a aistriú go ‘50g/2 unsa ime’ nó ‘50g/2 unsa d’im’. Mar a tharla sé, tá treoir ar fáil maidir leis an gceist seo sa leabhar Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (Ó hAnluain, 1999: 79), ‘Is gnách de + an tabharthach in ionad an ghinidigh má ghabhann aidiacht leis an ainmfhocal ábhair: fáinne d'ór loiscthe.’Mar sin, sa chás thuas, an leagan molta ná ‘50g/2 unsa ime’, ach sa chás go bhfuil ‘50g/2oz plain flour’ le haistriú, an leagan molta ná ‘50g/2 unsa de phlúr pléineáilte’. Cuireadh an treoir seo i bhfeidhm sa spriocthéacs agus chabhraigh sé cuma shlachtmhar a chur ar an spriocthéacs.

Bhí cinneadh le déanamh maidir le ceist chomhréire eile, an gcuirfí an tuiseal tabharthach i bhfeidhm ar fhocail iasachta, mar shampla ‘gratin’. I gcomhar le stiúrthóir an tráchtais, rinneadh cinneadh nach nós gnásúil a bheadh ann é sin a dhéanamh agus an réiteach is fearr ná iad a fhágáil lom, mar shampla, ‘leis an gratin’ in ionad leis an ngratin. Tógadh an cinneadh seo ar chúis phraiticiúil freisin – cad a dhéanfaí i gcás focail iasachta, mar shampla ‘Caesar’, nach mbeifí ábalta úrú a chur air. Ní théann sé le fuaimniú na Fraincise ‘g’ a chur roimhe. Ar an bhforas sin, ní bheadh sé sásúil riail gramadaí teanga amháin a chur i bhfeidhm ar fhocail iasachta ó theanga eile de bharr baic teanga agus fuaimnithe.

Tháinig ceist ghramadaí eile chun cinn, is í sin, úsáid na bhforainmneacha nó mar a tharlaíonn sa spriocthéacs, glacadh leis go bhfuil an forainm intuigthe agus gan é a scríobh go sainiúil. Feictear an sampla seo sa spriocthéacs, ‘Bain amach as an oigheann agus cuir isteach na prátaí milse ansin agus cuir ar ais isteach san oigheann go ceann 30 nóiméad.’ Níor úsáideadh forainm i gcásanna mar seo agus meastar go dtéann seo le gontacht agus stíl an bhuntéacs. Treoracha atá i gceist anseo agus níl an stíl inste a fheictear in áiteanna eile sa spriocthéacs le sonrú anseo. Tá sé intuigthe ó na treoracha a thagann roimhe sin go mbaintear an soitheach leis na comhábhair ann amach as an oigheann agus go gcuirtear na prátaí milse leis.

Téarmaíocht

Tháinig roinnt pointí suimiúla téarmaíochta chun cinn agus an t-aistriúchán idir lámha. Feictear an focal ‘chop’ sa bhuntéacs go rialta. Ar cheann de na sainmhínithe a thugtar ar chop ar www.collinsdictionary.com, tá ‘cut into pieces’. I bhfoclóir Béarla – Gaeilge de Bhaldraithe (1959: 117) feictear ‘mionghearraim (glasraí)’. Tá an míniú seo a leanas ar ‘mionghearr’, i bhfoclóir Uí Dhónaill (1977: 865), ‘Cut fine, shred, mince, chop.’ Má bhreathnaítear ar ‘cut’ ar www.collinsdictionary.com, tá ‘chop’ liostaithe mar théarma comhchiallach faoi. Tá gaol éigin idir ‘cut’ agus ‘chop’ mar sin. An fhadhb a bhí ann ná idirdhealú a dhéanamh idir ‘chop’ agus ‘finely chop’ sa spriocthéacs. De réir WinGléacht, tá ‘gearr’ ar cheann de na briathra a chuimsíonn ‘cut’. Luaitear ‘To chop(meat) fine, feoil a ghearradh go mion’ i bhfoclóir de Bhaldraithe (1959: 254). Cuireadh an t-eolas thuas san áireamh agus rinneadh cinneadh chun ‘gearr’ a úsáid do ‘chop’ agus ionas go mbeadh an t-idirdhealú soiléir ‘gearr go mion’ a úsáideadh mar aistriúchán ar ‘finely chop’. Síleadh nach mbeadh sé sásúil ‘mionghearr’ a cháiliú le haidiacht chun ‘finely’‘fine’ a léiriú.

Thángthas ar mhírialtacht maidir leis an bhfocal ‘chilli’. ‘Cillí’ atá i bhfoclóir de Bhaldraithe (1959: 115), ar WinGléacht agus ar www.focloir.ie; feictear an litriú ‘sillí’ ar www.focal.ie agus tá an litriú ‘cilí’ san fhoclóirEacnamaíocht Bhaile (An Roinn Oideachais, 1982: 22) agus sa Lámhleabhar Bia agus Dí (Foras na Gaeilge, 2003:31) agus ‘cillithe’ atá ar ‘chillis’ sa Lámhleabhar Miondíola (Foras na Gaeilge, níl bliain luaite: 84). Ós rud é go bhfuil an litriú ‘cillí’ le feiceáil i móramh na bhfoinsí agus san fhoinse is nuaí, cloíodh leis an litriú sin sa spriocthéacs.

Ceist téarmaíochta a bhí tugtha faoi deara sular thosaigh próiseas an aistriúcháin ná conas an focal ‘serve’ a láimhseáil.Meastar go bhfuil ‘riar’, a chloistear go minic ar an bhfocal ‘serve’, lom mar fhocal i gcás bia nó méise.Chuathas i mbun taighde chun frása ní ba dhúchasaí agus ní b’oiriúnaí don chócaireacht a aimsiú.Thángthas ar ‘(i) bia a chur ar bord; (ii) bia a riaradh’ agus ‘anraith a leagan chuig duine’ i bhFoclóir de Bhaldraithe (1959: 646). Tá an téarma ‘riar’ i dtaca le bia le faomhadh ar www.focal.ie. Ar an suíomh www.focloir.ie, feictear ‘ba cheart go mbeadh sé te nuair a chuirtear chun boird é’ ar ‘it should be served hot’. Sa leabhar Neam Neam (Scoil Náisiúnta Shailearna, 2006),feictear an frása ‘Cuir chun boird’ freisin. ‘Dáil’ atá le feiceáil sa leabhar Is Furasta Fuint... Roghnaíodh ‘cuir chun boird’ a úsáid den chuid is mó sa spriocthéacs toisc go raibh sé i leabhar atá scríofa ag pobal Gaeltachta. Lena cois sin, tá an leagan seo le feiceáil ar www.focloir.ie.In áiteanna nach raibh ‘cuir chun boird’ inghlactha tá ‘riar’ in úsáid toisc go bhfuil sé in úsáid mar théarma ar ‘serve’ in Foclóir Béarla – Gaeilge de Bhaldraithe.

Logainmneacha

Fadhb a bhí le sárú agus an spriocthéacs á réiteach is ea an chaoi ar cheart logainmneacha atá in úsáid ag cuideachtaí tráchtála mar bhranda, cosúil le Avoca agus Ballymaloe a láimhseáil. Úsáidtear Avoca ar dhá bhealach éagsúla sa bhuntéacs, chun an baile a chur in iúl agus chun ainm branda an chaifé a léiriú. Rinneadh cinneadh toisc gur ainm branda aitheanta é Avoca nach n-aistreofaí é, ach sa chás go raibh Avoca luaite sa bhuntéacs i dtaca leis an mbaile go n-aistreofaí é go ‘Abhóca’, mar atá ar www.logainm.ie.

Dúshláin

Bhí dúshláin teicneolaíochta le sárú le linn phróiseas an aistriúcháin ach an dúshlán ba mhó a bhí ann ná lorg an Bhéarla a sheachaint sa spriocthéacs. Bhí dúshlán i gcónaí leis an aistriúchán ach bhí sé ní b’éasca é a láimhseáil de réir a chéile. Tar éis athléamh á dhéanamh ar an spriocthéacs agus nuair a fuarthas aiseolas ó stiurthóir an tráchtais, rinneadh giotaí a leasú nuair a ceapadh go raibh lorg an Bhéarla orthu.  An chéad aistriú a bhí ar ‘Hot soup and cars don’t mix’ ná ‘Mar a tharlaíonn sé ní mheascann anraith te agus gluaisteán’ ach níl an leagan seo atá ródhílis don Bhéarla soiléir. Feictear an leagan leasaithe seo sa spriocthéacs, ‘Ach ní mhairfidh pota anraith the i ngluaisteán ar feadh i bhfad’. Bhí comhairle Vinay agus Darbelent ar intinn i gcónaí go háirithe i dtaobh aistriúchán atá róliteartha a sheachaint, baol atá ann go háirithe le haistriúchan ó Bhéarla go Gaeilge. Ceird faoi leith atá ann toisc gurb í an bunteanga go minic, seachas an sprioctheanga, teanga dhúchasach an aistritheora:

De ghnáth bíonn an sprioctheanga (an teanga a bhfuil an téacs le haistriú chuici) ó dhúchas ag an aistritheoir ... agus mioneolas aige ar an mbunteanga (an teanga ina bhfuil an téacs scríofa). I gcás na Gaeilge is é a mhalairt is fíor de ghnáth, óir is ó Bhéarla go Gaeilge a dhéantar an t-aistriúchán agus is fearr i bhfad an t-eolas atá ag an aistritheoir at an mbunteanga ná ar an sprioctheanga. Is aistritheoir as an gnách é an t-aistritheoir go Gaeilge (Ó Ruairc, 1997: 6).  

 

Conclúid

Thug an tionscadal seo léargas iontach ar obair an aistritheora ghairmiúil. Treisíodh an tábhacht a bhaineann le hathléamh a dhéanamh ar phíosa aistriúcháin tar éis é a fhágáil ar leataobh ar feadh tamaill. Feictear botúin chló agus fadhbanna teanga nuair a dhéantar athléamh ar spriocthéacs aistrithe. Treisíodh freisin an tábhacht a bhaineann le taighde críochnúil a dhéanamh chun na frásaí agus téarmaí is dúchasaí agus is oiriúnaí a aimsiú. Go minic, faightear réimse téarmaí nó focail de dheasca an taighde sin agus bíonn cinneadh ciallmhar le déanamh ag an aistritheoir.

Roghnaíodh an buntéacs seo toisc go raibh dúshláin faoi leith ag baint leis an téacs seo a aistriú. Bhíothas ag iarraidh téacs praiticiúil a aistriú atá sothuigthe agus cruinn a sholáthar ionas go mbeadh daoine ábalta an teanga a úsáid mar chuid de ghníomhaíocht laethúil shóisialta – an chócaireacht. Pléann Maolmhaodhóg Ó Ruairc (1997:30) gairm an aistriúcháin agus an ról a bhí aige i gcónaí in ainneoin gur ceapadh ar feadh tamall gur gníomh a bhí ann ‘chun teanga iasachta a theagasc nó a fhoghlaim’ agus deir sé ‘Ní hionann é a thuilleadh agus an ceacht a dhéantar ar scoil mar chuid de rang teanga’. Ar an ábhar sin, is féidir a áitiú go gcabhróidh téacsanna dea-aistrithe le teanga cumarsáide a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc pobal cainte, ach go háirithe teanga atá leochaileach ó thaobh líon na gcainteoirí atá aici.

 

Leabharliosta

 

Leabhair

An Gúm (2007) Treoracha d’Aistritheoirí. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Arnold, H., & Hayes, L. (2000) Avoca Café Cookbook. Cill Mhantáin: Avoca Handweavers Limited.

Fitzgibbon, T. (1968) A Taste of Ireland in Food and Pictures. Londain: Pan Books Ltd.

Mac Lochlainn, A. (2000) Cuir Gaeilge Air. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Mac Murchaidh, C. (2002) Cruinnscríobh na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Munday, J. (2012) Introducing Translation Studies: Theories and Applications. Third Edition. Londain: Routledge.

Nettle, D., & Romaine, S. (2000) Vanishing Voices: The Extinction of the World’s Languages. Oxford; Nua-Eabhrac: Oxford University Press.

Ní Chéidigh Uí Chonghaile, M. (1991) “Is Furasta Fuint...” le Fear as na Minna. Gaillimh: Cló Iar-Chonnachta.

Ó hAnluain, L.A. (1999) Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí. Eagrán Nua. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Ruairc, M. (1997) Aistrigh go Gaeilge: Treoirleabhar. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ó Ruairc, M. (2007) Aistrigh Leat. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Scoil Náisiúnta Shailearna. (2006) Neam Neam. Gaillimh: Scoil Náisiúnta Shailearna.

Tithe an Oireachtais. (2012)Gramadach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil: Caighdeán Athbhreithnithe. Baile Átha Cliath: Seirbhís Thithe an Oireachtais.

 

Alt Nuachtáin

Ó Giollagáin, C. (2012) Cearta teanga, pobal mionteanga agus polasaí an Stáit. Irish Times, 15 Feabhra.

 

Ailt Irise

Mac Con Iomaire, M. agus Cashman, D. (2011) Irish Culinary Manuscripts and Printed Cookbooks: A Discussion. Petits Propos Culinaires 94, lch. 81-101.

 

Foclóirí agus Innill Chuardaigh

An Roinn Oideachais (1982) Eacnamaíocht Bhaile/Home Economics. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Foras na Gaeilge (2003) Lámhleabhar Bia agus Dí. Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.

Foras na Gaeilge (2003) Lámhleabhar Miondíola: A simple guide to the use of the Irish Language in the retail industry. Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.

De Bhaldraithe, T. (1959) English – Irish Dictionary. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Dónaill, N. (1977) Foclóir Gaeilge – Béarla. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

www.collinsdictionary.com

www.focal.ie

www.focloir.ie

www.logainm.ie

 

Suíomhanna Gréasáin

http://www.dannyminnies.ie/

http://www.ethnologue.com/country/IE/languages/

 

Aguisín: Sampla den spriocthéacs taobh leis an mbuntéacs

 

An Buntéacs

An Spriocthéacs

VEGETABLE MAIN COURSES

'When vegetables are prepared as they are here I want for nothing else; robust flavours and brilliant colours – paradise'

 

Vegetables form the core of what we do in the cafes, alongside the salads, with a great many customers opting for a meat-free meal without realising it. This runs very much in line with the general trend away from the tradition of meat and two vegetables which used to be so prevalent throughout the country.

But perhaps it can also be accounted for by the change in what we eat. Gone are the days when vegetables were steamed cabbage and soggy Brussels sprouts. Now you can choose from roasted red peppers and grilled aubergines to steamed root vegetables tossed in spiced and herbed butter, from lasagnes and all manner of pasta dishes to bakes, gratins, stews and casseroles that take their inspiration from China and Japan, Italy and Spain, South America and Australia.

It is no accident that we use whole boxes of red and yellow peppers, inky-black aubergines and lush, green courgettes. Like, seemingly, the rest of the world, we have taken Italy to our hearts and why not? This is a country that does really understand vegetables. The Italian obsession with herbs, too, has rubbed off on us and herbs are now a hallmark of many of the dishes served in the cafes.

Our celebration of all things Italian is not to the detriment of our own cuisine, however, and ne Irish fondness for root vegetables is still apparent in dishes such as the potato and celeriac gratin on page 101, as well as our enthusiasm for savoury tarts and quiches, both extremely well suited to a café environment.

If you are lucky enough to have your own garden, sourcing vegetables will hardly be a hardship. For most of us, however, the dearth of greengrocers means the supermarket or corner shop. For all the criticism levelled against the large chains, they have brought good-quality vegetables, from humble roots to the more exotic, within our grasp. Don't be slavish, however; if what you want is not up to scratch, seek out an alternative and be prepared to cook something else. Wizened vegetables are good for no one.

Seasonality helps here – don't go searching for asparagus in winter, parsnips in summer or peppers when there is frost on the ground. That said, many vegetables have become year round with the advent of poly tunnels and imports. But who wants everything all the time? With vegetables particularly, there is every reason to celebrate the changing seasons as and when nature dictates, rather than when we pine for a change.

 

SUNDRIES

'Roasting peppers, toasting seeds and nuts, dry-fryingspices, these are the kind of culinary lessons that make all the difference'

 

This is something of a catch-all chapter, home to the bits and pieces that do not belong elsewhere, or belong in more than one place. In many French recipe books this would be the first chapter, where many of the master recipes that go to make up other dishes reside. We have put it at the back on purpose because the kind of food we cook is not really that complicated. We do not build dishes, incorporating other recipes in their construction. Instead we take good ingredients and fashion them with speed and simplicity into something to eat. Our customers are hungry and want nourishing, simple food, not some culinary masterclass.

Our chefs tend to be cooks, not television- starring, multi-restaurant owners in search of another book deal. They cook because they like to, they do it well and enjoy the instant feedback from happy customers. People come to Avoca because they want a bowl of well-made soup, not to work their way through eight courses.

 

And this is surely the kind of food people generally cook at home. This is the chapter that tells you how to dress a salad, make pastry and fry spices. It is the chapter which will show you how easy it is to cook on a Thursday night; a piece of grilled fish or chicken can be made into a feast with roasted peppers (page 185), a salsaincorporating some dry-fried spices (page 185), or served with a rich tomato sauce, which you Happen to have prepared earlier and have in your freezer (page 184). Culinary life does not need to be complicated.

 

Many large companies look to exercise control, particularly as they grow, but in our case the control is already invested in you, the customer. Tell us you don't like something often enough and it will come off the menu. In truth, most chefs have their own recipe for shortcrust pastry for example, so it will vary depending on whether you are eating in Moll's Gap or Powerscourt The one given in this chapter is themost widely used but there are variations. That is, we believe, a strength. How dull to eat the same pastry all the time. What is important is that it is good pastry.

 

This is not a cookery course and some areas have not been covered – roasting meat, for example, or working with eggs. But in an age when cookery books abound, it seemed a tad repetitious to deal with subjects that have been perfectly adequately covered elsewhere. The assumption made is that you want to eat good food and spend a little time preparing it – not hours, but enough time to enjoy a glass of wine and relax.

PRÍOMHCHÚRSAÍ GLASRAÍ

‘Nuair a ullmhaítear glasraí ar an gcaoi a ndéantar anseo, níl aon rud eile uaim; blasanna láidre agus dathanna iontacha – cócaireacht neamhaí’

 

Tá glasraí mar chroílár na hoibre a dhéantar sna caiféanna, in éineacht leis na sailéid. I ngan fhios dóibh féin roghnaíonn an-chuid custaiméirí béile gan feoil ar bith. Tá seo ag dul leis an gclaonadh atá ann anois bogadh ón traidisiún fadseasta atá sa tír seo – feoil a chur chun boird le dhá ghlasra.        

Ach b’fhéidir go bhfuil an t-athrú atá tagtha ar an méid a ithimid thíos leis seo. Is fada uainn na laethanta nuair ab ionann glasraí is cabáiste galaithe agus bachlóga Bruiséile báite. Tá rogha anois idir piobair dhearga rósta, ubhthorthaí griollta agus glasraí fréimhe galaithe, suaithe in im blaistithe le spíosraí agus luibheanna. Idir lasagne, gach cineál méise agus bácála pasta, gratins, stobhaigh, agus casaróil a chumtar le hinspioráid ón tSín agus ón tSeapáin, ón Iodáil agus ón Spáinn, ó Mheiriceá Theas agus ón Astráil.

Ní haon ionadh go n-úsáidimid boscaí iomlána de phiobair dhearga agus bhuí, ubhthorthaí ar dhath dúigh dhuibh agus cuirséid úra ghlasa. Cosúil leis an domhan mór, táimid tar éis glacadh go mór le tionchar chócaireacht na hIodáile, agus cén fáth nach nglacfadh? Tír í seo a thuigeann glasraí agus an dóigh cheart iad a ithe. Cosúil leis na hIodálaigh, táimid tar éis éirí an-cheanúil ar luibheanna agus bíonn luibheanna le blaiseadh in an-chuid de na miasa a riartar sna caiféanna.

Ní dhéanann an cion atá againn ar bhia na hIodáile aon dochar dár gcócaireacht féin, áfach, agus tá ceanúlacht na nÉireannach ar an nglasra fréimhe soiléir go fóill i miasa cosúil leis an gratin práta agus soiliriac ar leathanach 101. Tá ár ndíograis i leith toirtíní agus quicheanna neamh-mhilse soiléir freisin, agus tá an dá rud seo oiriúnach le riaradh i gcaifé.

Má tá an t-ádh leat agus gairdín agat, ní bheidh mórán stró ag baint le glasraí a fháil. De bharr na siopaí glasraí ag dul i léig, áfach, ceannaíonn an mhórchuid dínn glasraí san ollmhargadh nó sa siopa áise. In ainneoin an locht a fhaigheann daoine ar na siopaí sraithe móra seo, bíonn glasraí ar ardchaighdeán ar fáil dúinn idir glasraí fréimhe umhla agus an chuid atá níos andúchasaí. Ná bí sclábhánta, áfach; mura bhfuil an rud atá uait ar chaighdeán maith go leor, roghnaigh rud éigin eile agus cócaráil mias éagsúil. Níl maitheas ar bith i nglasraí seargtha.

Bíonn séasúracht ina chuidiú anseo – ná téigh ar thóir asparagais sa gheimhreadh, meacain bhána sa samhradh ná piobair nuair atá sioc ar an talamh. Ach anois, le teacht na bpolathollán agus na n-allmhairí, tá go leor glasraí ar fáil i rith na bliana ar fad. I ndáiríre cé atá ag iarraidh gach aon rud a bheith acu an t-am ar fad? I gcás glasraí go háirithe, is fiú na séasúir a cheiliúradh agus iad ag athrú agus gan a bheith ag dul sa tóir ar rudaí éagsúla de réir mar atá siad uainn.

ILNITHE

‘Piobair a róstadh, síolta agus cnónna a thóstáil, spíosraí athirimfhriochadh – ceachtanna a chuirfidh barr feabhais ar do chuid cócaireachta’

 

Cuimsítear meascán aisteach sa chaibidil seo, tá rudaí ann nach dtéann go nádúrtha i gcaibidlí eile nó a bhaineann le níos mó ná caibidil amháin. Chuirfí an chaibidil seo ag tús a lán leabhar cócaireachta Francach. Is anseo a chuirtear cuid mhór de na máistiroidis atá mar chuid de na hoidis eile sa leabhar. Tá sé curtha i gcúl an leabhair d’aon turas againne toisc nach gcócarálaimid bia atá róchasta. Ní chuirimid miasa le chéile trí oidis eile a úsáid chun na miasa sin a dhéanamh. Ina ionad sin, tógaimid comhábhair mhaithe agus déanaimid rud éigin le hithe go tapa agus go simplí. Bíonn ocras ar ár gcustaiméirí agus tá bia folláin, simplí uathu – níl sárthaispeántas cócaireachta uathu.

Is gnáthchócairí iad ár bpríomhchócairí, ní príomhchócairí teilifíse iad, sraith bialanna acu agus iad ar thóir conradh le leabhar eile a fhoilsiú. Bíonn siad ag cócaireacht toisc go mbaineann siad taitneamh as, déanann siad go maith í agus baineann siad sult as an aiseolas a fhaightear láithreach ó chustaiméirí sásta. Tagann daoine chomh fada le Avoca toisc go dteastaíonn babhla anraith fholláin uathu, ní ar mhaithe le hocht gcúrsa a ithe.

Caithfidh gurb é seo an cineál bia a bhíonn daoine ag cócaireacht sa bhaile den chuid is mó. Inseofar duit sa chaibidil seo conas sailéad a chóiriú, taosrán a dhéanamh agus spíosraí a fhriochadh. Taispeánfar duit sa chaibidil seo go mbíonn sé éasca bheith ag cócaireacht oíche Dhéardaoin; gur féidir féasta a dhéanamh as píosa éisc nó sicín le piobair rósta (leathanach 185), nó le salsaagus spíosraí tirimfhriochta fite tríd (leathanach 185) nó curtha chun boird le hanlann trátaí saibhir atá réamhullmhaithe agat agus sa reoiteoir (leathanach 184). Ní gá go mbeadh cócaireacht casta ar chor ar bith.

Bíonn comhlachtaí móra ag iarraidh smacht a fháil go háirithe agus iad ag fás ach i gcás Avoca tá an smacht ag an gcustaiméir cheana féin. Má insítear dúinn sách minic nach dtaitníonn mias leis na custaiméirí bainfear den bhiachlár í. Chun an fírinne a rá, tá oideas le haghaidh taosráin le crústa briosc, mar shampla, ag gach príomhchócaire agus mar sin de ní hionann an taosrán i gCéim an Daimh agus Cúirt an Phaoraigh. Úsáidtear an ceann sa chaibidil seo denchuid is mó ach tá leaganacha éagsúla ann. Creidimid anseo go dtugann sin láidreacht dúinn. Bheadh sé iontach leamh an taosrán céanna a ithe i gcónaí. An rud atá tábhachtach ná go mbeidh an taosrán ar ardchaighdeán.

Ní cúrsa cócaireachta é seo agus níl gach aon rud clúdaithe – feoil a róstadh, mar shampla, ná uibheacha a úsáid. Tá flúirse leabhar cócaireachta ar fáil sa lá atá inniu ann agus dar linn bheadh sé beagán athráiteach na rudaí seo a chlúdach sa leabhar seo agus iad clúdaithe i leabhair eile go fónta. Glactar leis go bhfuil tú ag iarraidh bia maith a ithe agus beagán ama a chaitheamh á ullmhú – gan uaireanta an chloig a chaitheamh air ach dóthain ama le sult a bhaint as gloine fíona agus tú ar do shuaimhneas.

 

 

[1]Aimsíodh an t-eolas seo ag: http://www.dannyminnies.ie/

[2]Aimsíodh an t-eolas seo ar http://www.hugoarnold.com/writing/ agus http://www.hugoarnold.com/about/ agus sa leabhar Avoca Café Cookbook.

[4]An bhrí atá le SL anseo ná source language