Anailís ar chomhthéacs, ar spriocanna agus ar thorthaí réamhphróisis na pleanála teangan i Limistéar Pleanála Teanga Chiarraí Theas (Uíbh Ráthach)

Shane Grant

Réamhrá

Is é aidhm an pháipéir seo anailís a dhéanamh ar phlean teanga Chiarraí Theas (Uíbh Ráthach) a réitíodh de réir rialachán Acht na Gaeltachta 2012.  Déantar mionscagadh ar ábhar an phlean teanga a d’fhaomhaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sa bhliain 2018.   Cuirtear lionsa anailíseach ar leith i bhfeidhm ar an gcomhthéacs teangeolaíoch agus socheacnamaíoch, ar spriocanna an phlean teanga, ar thorthaí an bhailiúcháin sonraí agus ar na príomhdhúshláin a bhaineann lena chur i bhfeidhm.  Chuige sin, baintear feidhm as foinsí ábhartha éagsúla san anailís idir an plean teanga é féin, torthaí réamhphróisis na pleanála in Uíbh Ráthach, torthaí Daonáirimh agus tuarascálacha éagsúla ar fhorbairt pobail agus teanga Chiarraí Theas.  Tarraingítear ar ábhar ó agallaimh a dhein údar an ailt seo le daoine a bhfuil ról ar leith acu i bhforbairt pobail agus teanga in Uíbh Ráthach.

Cúlra an Phróisis Phleanála Teanga

Feidhmíonn an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi bhunús reachtúil a tugadh isteach mar chuid d’Acht na Gaeltachta 2012.  Tagann comhthéacs na pleanála teanga faoi bhrat an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge (2010–2030).  Cuireadh glaoch chun tairisceana amach sa bhliain 2014 ina bhféadfadh le heagrais iarratas a chur isteach le bheith mar cheanneagraíocht a mbeadh de chúram orthu plean teanga a ullmhú.  Tá ról ar leith ag Údarás na Gaeltachta maidir le roghnú na gceanneagraíochtaí, le measúnú a dhéanamh ar na pleananna a chuirtear isteach agus le moladh a dhéanamh don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir lena gcaighdeán.  Cuirtear síos in Treoirlínte Pleanála Teanga (2014) de chuid na Roinne seo bunús agus riachtanais a bhaineann leis an bpróiseas pleanála – go dtugtar tréimhse dhá bhliain don ullmhúchán agus go mbíonn seacht mbliana dá chur i bhfeidhm.  Is í tuiscint na Roinne ar phróiseas na pleanála go bunúsach ná ‘Modhanna pleanáilte faoina ndéantar iarracht tionchar a imirt ar an teanga a labhraítear in aon phobal faoi leith’ (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta 2014: 7).  Deintear soiléiriú go mba cheart go mbeadh na bearta a ghinfear ag deireadh an phróisis ‘sonrach, intomhaiste, insroichte, ábhartha’ (ibid 2014: 8).

Roghnaíodh Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh mar cheanneagraíocht i gCiarraí Theas.  Tá plean teanga Uíbh Ráthaigh á chur i bhfeidhm faoi láthair.  Ceapadh pleanálaí teanga i bhFeabhra 2019, Victor Bayda, Rúiseach, a bhain aitheantas ar leith amach sna meáin náisiúnta agus idirnáisiúnta le déanaí de bharr an chúlra spéisiúil atá aige.  Is tábhachtach a aithint go bhfuil tuairisc Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh díreach foilsithe, Márta 2019, tar éis do choiste an Tascfhórsa a bheith ar an bhfód ó bhí 2017 ann. Beidh stiúrthóir á cheapadh go luath agus bainfidh obair an choiste stiúrtha anois go mion le hobair na pleanála teanga sa cheantar, mar a aithnítear sa phlean teanga:

Toisc an cúlú agus an meath teanga a bheith ceangailte go dlúth leis an titim ghinearálta sa daonra; ní mór an phleanáil teanga a shuíomh go huile is go homlán san fhorbairt phobail, gheilleagrach agus dhaonna.  (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 29)

Sainiú ar Limistéar Pleanála Teanga Chiarraí Theas

Déantar cur síos ar limistéar cheantar Uíbh Ráthaigh mar dhúiche Gaeltachta a bhfuil bailte fearainn scaipthe timpeall thar chuid de mhórchuaird Chiarraí.

Síneann sí ó Bhaile an Sceilg agus Bá Naomh Fhionáin ar an gcósta agus Máistir Gaoithe cois Abhainn na hUíne, go Cathair Dónall san iardheisceart. Go bunúsach, tá cnámh droma sléibhe ag rith ó bhá Bhaile ‘n Sceilg intíre go Bealach Oisín agus idir sin, tá na haibhnte An Aoine, An Cumerach, An Fionghlais agus na lochanna (Loch Luíoch, Doire Ianna, Loch na mBreac Dearg, Loch na Móna, Loch Iasc na Mac Tíre) ag scoilteadh an cheantair soir-siar.  (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 12)

Tá deacrachtaí ag baint le háireamh agus le dáileadh cheantar Uíbh Ráthaigh mar cheantar Gaeltachta mar go bhfuil fearainn éagsúla scoite amach ó fhearainn taobh leo.  Tá an fhadhb seo ann ó socraíodh na teorainneacha Gaeltachta i 1926 agus d’fhág sin castacht ar leith ina dhiaidh mar gur fágadh na pobail Ghaeltachta deighilte amach óna chéile. ‘Tá scéal toghranna Gaeltacht Chiarraí Theas casta go leor, sa mhéid is go bhfuil codanna de na toghranna sa Ghaeltacht, codanna eile nach bhfuil’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 19).

Tá an rian seo le feiscint tríd an bplean teanga ar fad agus leanaí a chónaíonn i limistéar Gaeltachta nach bhfuil de rogha acu freastal ar scoil Ghaeltachta ina gceantar toisc go bhfuil an scoil lonnaithe lasmuigh de theorann oifigiúil na Gaeltachta.  Tá iarrtha ag Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh ar an Roinn cead a bheith acu baile an Choireáin a chur sa phlean mar go mbaineann tábhacht ar leith leis an mbaile seo ó thaobh seirbhísí agus an gheilleagair de (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018).  Tugtar aitheantas do na príomhbhailte seo a leanas sa phlean: Cathair Dónall, An Dromaid, Baile an Sceilg, An Gleann agus an Coireán.

Comhthéacs Socheacnamaíoch agus Teangeolaíoch Uíbh Ráthaigh

Cé go bhfuil go leor dúshlán roimh cheantair Ghaeltachta na tíre seo go léir, a bhfuil ar an mórchuid, ar imeallbhord na hÉireann, tugtar aitheantas ar leith sa litríocht do chás eisceachtúil cheantar Uíbh Ráthaigh.  Tá daonra an cheantair creimthe ag an eisimirce, a fhágann nach féidir an daonra a choimeád sa cheantar faoi láthair de bharr cúinsí dúshlánacha eacnamaíochta, fostaíochta agus sóisialta (O’Keeffe & O’Sullivan, 2017). Is mar seo a chuirtear síos ar an meathlú atá tagtha ar dhaonra Uíbh Ráthaigh i bPróifíl Dhéimeagrafach agus Shocheacnamaíochta Chiarraí Theas.

The area is structurally and demographically weak… While the area attracts thousands of tourists and many loyal visitors who return every year, and is popular with retirees, it continues to lose many of its own young people. Youth out-migration is a feature across many rural regions in the EU, but Gaeltacht Uíbh Ráthaigh distinguishes itself from other micro-regions by its inability to attract those same people back when they are in their twenties or thirties, let alone entice young people from other areas.  (O’Keeffe & O’Sullivan 2017: 2)

San fhoinse is déanaí atá againn ar chomhthéacs socheacnamaíoch na gceantar Gaeltachta, Próifíl Shocheacnamaíoch de na Seacht gCeantar Gaeltachta in Éirinn (Ó Céidigh, 2018), tugtar le fios go bhfuil Uíbh Ráthach faoi mhíbhuntáiste (mar atá i gceantair Ghaeltachta eile), go bhfuil dúshláin ann a théann thar tháscairí éagsúla – mar phróifíl aoise, líon daoine gan oideachas foirmeálta acu agus líon teaghlach nach bhfuil rochtain ar leathanbhanda acu (Ó Céidigh 2018).

Tá daonra 1,808 i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.  Tá daonra cuíosach beag in Uíbh Ráthach, go háirithe má chuirtear i gcomparáid leis an gceantar Gaeltachta eile i gCiarraí, Corca Dhuibhne a bhfuil comhroinnt 79.4% de dhaonra iomlán cheantair Ghaeltachta Chiarraí sa leithinis sin, a fhágann sin sciar 20.6% den daonra ag Uíbh Ráthach (Féach Léaráid 1).  Tá laghdú leanúnach ar an daonra fós á bhrath in Uíbh Ráthach ina bhfuil bailte fearainn á dtréigint le breis is seasca bliain (O’Keeffe & O’Sullivan 2017). Tá titim 1,228 ó 3,036 go 1,808 tarlaithe ó bhí 1956 ann (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018).

The population of the Uíbh Ráthach Gaeltacht has decreased from 3,036 (1956) to 1,797 (2011). This equates to a 41% decline. This contrasts to a 17.51% average population growth rate for Gaeltacht areas within the same timeframe.   (O’Keeffe agus O’ Sullivan 2017:  48)

Léaráid 1

Tá próifíl aoise níos críonna ag an gceantar seo ná an meánráta tíre.  Is suntasach go bhfuil an aoisghrúpa 45–64  in Uíbh Ráthach (29.6%) go mór thar an meánráta de 23.8%.  Is amhlaidh ó thaobh an aoisghrúpa +65 a bhfuil 22.1% in Uíbh Ráthach mar gurb é an meánráta tíre seo ná 13.4% (Ó Céidigh 2018).

 

Aoisghrúpa

Meánráta Tíre

Ráta in Uíbh Ráthach

0 – 4

7.0%

5.7%

5 – 12

11.5%

10.3%

18 – 24

8.9%

5.9%

25 – 44

29.5%

21.7%

45 – 64

23.8%

29.6%

65+

13.4%

17.7%

 

Léaráid 2

Tá Uíbh Ráthach faoi mhíbhuntáiste leis ó thaobh líon na ndaoine nach bhfuil oideachas foirmeálta acu.  Tá 16.1% de dhaoine in Uíbh Ráthach gan oideachas foirmeálta bainte amach acu i gcomparáid leis an meánráta tíre de 12.5%.  Is amhlaidh arís ó thaobh daoine a bhfuil oideachas tríú leibhéal acu, tá Uíbh Ráthach thíos leis; 28.2% de dhaoine a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal bainte amach acu, i gcomparáid le 33.4% mar atá mar mheánráta timpeall na tíre (Ó Céidigh, 2018).  Cé go bhfuil an figiúr seo thar an meánráta tíre, d’fhéadfaí a áiteamh go bhfuil baint idir é seo agus an phróifíl aoise chríonna atá in Uíbh Ráthach.

Anuas ar na dúshláin shocheacnamaíocha seo, tá staid na teanga tromchúiseach go leor in Uíbh Ráthach.  Níl ach méid fhíorbheag cainteoirí Gaeilge a labhrann an teanga ar bhonn laethúil sa cheantar faoi láthair.  Tuairiscíonn 11% nó 121 as an daonra iomlán de 1,808 in Uíbh Ráthach go labhrann siad an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den gcóras oideachais (Daonáireamh 2016).  Bhí titim 9% (11) ar líon daoine a d’aithin sa Daonáireamh go labhrann siad an Ghaeilge go laethúil idir na blianta 2011 agus 2016.  Tugann eolas an Daonáirimh taobh amháin den scéal, ach d’fhéadfaí a shamhlú go bhféadfadh an figiúr seo a bheith níos lú arís mar go bhfuiltear ag brath ar ionracas fhreagraí na rannpháirtithe anseo.

Cuireadh eolas ar fáil le foilsiú an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) agus sa Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2015).  Díríodh ar thorthaí Daonáirimh 2006 agus 2011 sa cháipéis nuashonraithe agus ar shonraí ‘Scéim Labhairt na Gaeilge’ thar na blianta 2005 go 2006 agus 2010 go 2011.  Déantar cur síos sa tuarascáil ar thrí mhórchatagóir cheantar Gaeltachta de réir chéatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge (lasmuigh agus laistigh den gcóras oideachais) atá iontu; Catagóir A (+ 67%), Catagóir B (44–66%) agus Catagóir C (níos lú ná 44%).  Níl aon Chatagóir A in Uíbh Ráthach agus níl ach toghroinn amháin a bhfuil an stádas Chatagóir B aici – na Beathacha.  Is suntasach áfach, nach bhfuil ach 7 cainteoir laethúil anseo as an daonra iomlán de 14.  Tá na toghranna eile go léir áirithe mar Chatagóir C (Ó Giollagáin & Charlton 2015).  Níor bhain ach 17 tigh aitheantas amach faoi Scéim Labhairt na Gaeilge sa bhliain 2011.  Áitíonn Ó Giollagáin & Charlton (2015) go mbíonn cúiteamh scolaíochta i gceist go mór sna ceantair a n-éiríonn leo aitheantas a fháil faoin scéim agus nach mbíonn san fhianaise go raibh seasmhacht ag an nGaeilge, cuir i gcás i 17 tigh in Uíbh Ráthach.

Ní rud nua é an meath a bheith ar labhairt na Gaeilge in Uíbh Ráthach. I mórshaothar sochtheangeolaíoch a d’fhoilsigh Bríd Ní Mhóráin sa bhliain 1997, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá: Meath na Gaeilge in Uíbh Ráthach (An Sagart 1997), d’aithin sí an meathlú tubaisteach a bhí tagtha ar an nGaeilge in Uíbh Ráthach ag an am. ‘Mheas na fáisnéiseoirí go léir go raibh an chuid a b’fhearr de Ghaeilge Uíbh Ráthaigh thíos i reilig na Mainistreach’ (Ní Mhóráin, 1997: 205). Tugtar le fios chomh maith sa leabhar go raibh cuid mhór d’fháisnéiseoirí an taighde caillte ag am foilsithe an tsaothair.  Ní raibh feidhm shóisialta leathan ag an teanga fiú ag an am sin.  ‘Maidir leis an dteanga Ghaeilge is ar éigean a mhaireann sí ach amháin sa réimse siombalach agus i measc na seanchainteoirí dúchais.  Ní hí gnáth-theanga an phobail níos mó í’ (Ní Mhóráin, 1993: 9).  Deineadh cáiseamh ar leith ar thodhchaí na filíochta sa dúthaigh ag brath ar laige na teanga mar áis chumarsáide i measc an aosa óig ‘Is beag Gaeilge atá ag an nglúin óg in Uíbh Ráthach ar fad agus tá na  teanga imithe go mór chun deiridh ann…’ (Ní Mhóráin, 1993).

D’aithin Liam de Paor (1974) go raibh an teanga nó an Ghaeltacht, sa chiall is mó a thuigtear an focal sin, le bheith ar tí imeacht go brách agus dúradh sin beagnach daichead cúig bliain ó shin.

I would not wish to give the impression that the Gaeltacht of Uíbh Ráthach is on the point of fading away, only that it is in danger of doing so…When the Irish language and its tradition have been lost in Ballinskelligs – the landscape will be empty.  (De Paor 1974: 10)

Samhlaíodh staid thubaisteach le labhairt na Gaeilge in Uíbh Ráthach chomh fada siar le fichidí na haoise seo caite.  Chuir an bailitheoir Béaloideasa, Séamus Ó Duillearga síos go raibh an Ghaeilge ag imeacht go tiubh in Uíbh Ráthach, tráth an ama a bhí sé ag bailiú scéalta ó Sheán Ó Conaill sna fichidí (Comhar 1949: 25).

Cén túsphointe atá ag an bpleanáil teanga ó thaobh bearta a shonrú agus comhthéacs dúshlánach mar sin roimh an teanga sa cheantar?  An aithnítear sainchás agus saindúshláin Uíbh Ráthaigh sa phlean? Cén t-eolas breise a chuireann an próiseas bailiúcháin sonraí mar chuid de réamhphróiseas na pleanála teanga in Uíbh Ráthach ar fáil?  An luíonn siad leis na dúshláin atá aitheanta thuas?

Anailís ar thorthaí taighde na Ceanneagraíochta

Tarraingíodh ar mhodhanna éagsúla le linn an phróisis bhailiúcháin faisnéise mar chuid d’ullmhú phlean teanga Chiarraí Theas.  Chuir meitheal pleanála Uíbh Ráthaigh suirbhé timpeall in 2015 agus úsáideadh suirbhé an Dr Brendan O’Keeffe, a scaipeadh ar an bpobal in 2016.  Dáileadh suirbhé ar dhaltaí bunscoile in 2016 agus suirbhé eile maidir le seirbhís aifreanntaí.  Eagraíodh grúpaí fócais agus cruinnithe le coistí pobail agus le gnónna ábhartha sa cheantar chomh maith.  Baineadh feidhm as torthaí seimineáir ‘Ag an gCrosbhóthar: Uíbh Ráthach Dátheangach’ a tionóladh mar chuid d’Éigse na Brídeoige 2017, féile chultúrtha bhliantúil a eagraítear in ionaid éagsúla timpeall cheantar Uíbh Ráthaigh, inar labhair baill an phobail ar a dtaithí féin leis an nGaeilge agus lena gceantar go ginearálta.

Ba í an sprioc a bhí le tionól na suirbhéanna ná ‘bunlíne staitisticiúil a chur ar fáil don phlean teanga ó thaobh úsáid laethúil na Gaeilge sa cheantar’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 33).  D’fhreagair 107 duine an chéad suirbhé in 2015 agus d’fhreagair 126 an dara suirbhé a rinneadh in 2016.  Is beag an tsampláil í seo as an daonra iomlán de 1,753 – 6.1% den daonra; ní fhéadfaí a cheapadh gur éirigh le bunlíne staitisticiúil a bhaint amach le líon chomh beag rannpháirtithe.  Tá tábhacht áirithe ag baint leis na torthaí fós mar go dtugann siad eolas i dtaobh moltaí agus eispéiris ghrúpa áirithe daoine a chónaíonn sa cheantar, a luíonn leis na spriocanna eile a sonraíodh sa phlean; ‘moltaí an phobail a lorg i dtaobh na dtacaíochtaí atá ag teastáil chun an Ghaeilge a choimeád beo mar theanga phobail sa cheantar’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 33).  É sin ráite, is deacair comhthéacs uileghabhálach thaithí an daonra a thomhas le sampláil chomh beag sin nach n-éiríonn léi bunlíne staitisticiúil a leagan amach.

D’adhmhaigh 3% (3 duine) gurbh í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh.  Dúirt 18% (19 duine) go mbíonn comhrá Gaeilge acu gach lá agus dúirt 12% eile (13 duine) nach labhrann siad an Ghaeilge riamh.  Is suntasach go háirithe gur thug 91% (97 duine) le fios go dteastaíonn uathu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.  Is spéisiúla fós go ndúirt 100% acu gur theastaigh uathu stádas Gaeltachta an cheantair a choimeád.  Taispeánann seo an toil atá i sampláil an phobail seo an Ghaeilge a bheith mar ghné shainiúil dá gceantar ach tá míréir áirithe ann idir an dearcadh seo agus líon na ndaoine a labhrann an teanga go laethúil ann.

D’fhreagair 126 duine an tarna suirbhé a dáileadh in 2016, líon rannpháirtithe beag go leor arís.  Is ábhar spéise é gur thug 50% (63 duine) le fios nach n-úsáideann siad an Ghaeilge riamh.  Sin 50% de na rannpháirtithe a líon an suirbhé seo agus léiríonn siad nár úsáid siad an teanga in aon chor.  Má tá 121 cainteoir laethúil sa cheantar i láthair na huaire, bheadh sé spéisúil agus tábhachtach teacht ar a dtuairimí féin, cúram nár deineadh.  Níor úsáideadh ach sonraí ó na daoine a thoiligh iad féin páirt a ghlacadh ann.  Ní raibh ann ach 15% (19 duine) a d’aithin go labhrann siad an teanga go laethúil sa suirbhé.  D’fhreagair 126 dalta bunscoile an suirbhé a cuireadh orthu.  Is í an ghné is spéisiúla anseo ná nár thug ach 5 páiste le fios go bhfuil siad lánlíofa sa teanga.  Ní dúirt aon leanbh nach bhfuil ach an Ghaeilge sa bhaile acu ach an oiread.

Cé gur tearc an t-eolas a bailíodh de bharr líon teoranta na rannpháirtithe, is léir fós ón bpróiséas bailiúcháin seo agus ó thorthaí an Daonáirimh 2016, i dteannta le hanailís Uí Ghiollagáin & Charlton (2015) staid leochaileach ag an nGaeilge in Uíbh Ráthach.

An bhfuil réaltacht na ndúshlán agus an mheatha aitheanta i bplean teanga Chiarraí Theas?  Is léir go bhfuil cúis bhuartha ar leith ag Uíbh Ráthach a bhfuil líon fíorbheag cainteoirí laethúla fágtha sa cheantar.  Cén cur chuige atá á ghlacadh sa phlean teanga maidir le spriocanna agus bearta a shonrú agus na mórdhúshláin seo ar fáil sa cheantar?

Spriocanna, bearta agus dúshláin

Is maith ann é an t-aitheantas a thugtar don eisceachtúlachas a bhaineann le cás na pleanála teanga i gceantar Uíbh Ráthaigh. Tugtar le fios nach féidir feidhmiú chuig bearta áirithe a thabhairt i gcrích de mhacasamhail cheantar níos láidre Gaeltachta m.sh. i Limistéar Pleanála Teanga Chiarraí Thiar (Corca Dhuibhne). ‘Ní mór a chur san áireamh go bhfuil pointe tosaithe an-difriúil sa Ghaeltacht seo maidir le bearta a shonrú’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2017: 23).

Leagtar spriocanna ar leith síos ag tús an phlean teanga; go méadófaí líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den gcóras oideachais faoi 3% idir 2017 agus 2024 agus faoi 7% ansin idir 2024 agus 2030. Tá tréimhse trí bhliana dhéag curtha ar fáil acu le méadú 10% a bhaint amach. Tá sé tábhachtach a aithint go mbeidh gá le monatóireacht ar leith ar rath mar go bhféadfadh cothú meoin le linn an phróisis phleanála daoine a ghríosadh chun freagraí níos dearfaí ó thaobh úsáid na Gaeilge de a chur síos san fhoirm Daonáirimh. Is éigean teacht ar mhodh a chinnteoidh bailíocht thorthaí na hoibre ag deireadh na tréimhse chur i bhfeidhm.

Aithníonn meitheal pleanála Chiarraí Theas gur mionchéimeanna a bheidh i gceist cuid mhaith ar dtús. ‘Beidh gá áfach le céimeanna tosaigh i dtreo na hathbheochana a thógaint. Is céimeanna beaga bídeacha atá i gcuid acu (m.sh. ciorcal comhrá a athbhunú)’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 38). Aithnítear réaltacht an chomhthéacs theangeolaíoch in Uíbh Ráthach, nach bhféadfaí a bheith ag súil go ndéanfadh tromlach an phobail aisiompú teanga ach gur fearr féachaint chuig ‘feidhm institiúideach na teanga a láidriú’ ann (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 20).  Táid dírithe ar sheirbhísí naíonra a chothú chun go dtógfaidh clanna an cinneadh agus go mbeidh tacaíocht acu dá réir, a dteaghlaigh a thógaint le Gaeilge.  Tá an fócas ar an athmhúscailt seo agus táthar ag tosnú ag an mbun.  Ní féidir leo aisiompú iomlán a dhéanamh sa teaghlach ar an mbonn agus gan aon dalta scoile a bheith ann a labhrann an teanga sa bhaile (de réir an eolais a bailíodh i suirbhé na ndaltaí scoile).

Is é túsphointe na hathbheochana ná an teanga á cur á labhairt arís sa teaghlach. Seo croílár sprioc na pleanála teanga í an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin. Tá sé seo aitheanta sna bearta a bhaineann le hathbhúnú naíonra agus a bhaineann le feasacht a mhúscailt i measc tuismitheoirí óga chun iad a spreagadh tabhairt faoina leithéid.  (Plean Teanga Chiarraí Theas 2018: 38)

Tuigtear an bonn leochaileach atá faoi líon labhartha na teanga agus go bhfuil riachtanas ann nuachainteoirí a chumasú.  ‘Tá géarghá leis an bpleanáil sealbhaithe teanga chun eolas teanga a thabhairt do dhaoine’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 23).  Táthar ag iarraidh tuiscint a fhorbairt ar an mbuíon a thug an teanga leo agus tacú leo dá réir.  ‘An teanga a chur á neartú don mhionlach a úsáideann í go laethúil lasmuigh de chomhthéacsanna oideachais agus tuiscint a fháil ar an gcóras seachadtha a thug an teanga slán i measc an chéatadáin sin’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 22).  É seo ráite, ní ann don sprioc seo in aon cheann de na bearta a sonraíodh.

Tá sainchomhairle sochtheangeolaithe tógtha san áireamh acu sa phlean seo chomh maith agus iad ag cinntiú go mbeidh, mar a thug Fishman (2001) air, ‘cumarsáid ghníomhach’ mar chuid lárnach de bhearta na pleanála.  Is tábhachaí thar aon ní eile go bhféachfar chuig deiseanna úsáidte agus gréasáin chumarsáide a chur ar fáil.  Deineadh faillí i gcruthú deiseanna cumarsáide sa Ghaeilge i luathiarrachtaí pleanála teanga ó bhunú an tSaorstáit sa bhliain 1922.  Díríodh ar chumas a ardú ach gan gréasán de dheiseanna úsáidte a bheith mar chroílár.

Tá ceardlanna ealaíne, cócaireachta mar aon le ranganna drámaíochta agus aisteoireachta aitheanta mar bhearta na pleanála chun deiseanna úsáidte teanga a mhéadú.  Tá sí mar aidhm ciorcal comhrá a eagrú sna bailte éagsúla agus ciorcal comhrá a bhunú leis na clubanna Chumann Lúthchleas Gael.  Teastaíonn uathu teanga na dtraenálaithe a iompú go Gaeilge thar thréimhse ama.  Moltar i measc na mbeart, go gcuirfear uair an chloig as Gaeilge ar siúl sna tithe tábhairne chomh maith.

Cé go ndéantar iarracht deiseanna úsáidte mar seo a chruthú, is léir go bhfuil amhras léirithe faoina gcur i bhfeidhm sa phlean. Luaitear ‘easpa suime’ an phobail ceithre huaire sna bearta seo a sonraíodh thuas, chomh maith le ‘suim na mball’ maidir le Gaeilge a bheith mar theanga chlubanna.  Níl an t-eolas nó tuairimí na ndaoine ábhartha ar fáil.  Ní féidir rath agus feidhm na n-imeachtaí seo a thomhas.  Is spéisiúil arís go n-aithnítear spéis an phobail sa phróiseas mar dhúshlán ar leith roimh phoiblíocht an phlean a chur sa tsiúl; ‘suim an phobail a choimeád sa phlean thar tréimhse seacht mbliana’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 122).

Is forbairt ón mbonn aníos atá i gceist leis an bpróiseas pleanála teanga trí chéile.  Tá tábhacht an phobail áitiúil aitheanta sa phlean.  ‘Tá tacaíocht an phobail criticiúil don phleanáil rathúil teanga’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 47).  Ó thaobh monatóireachta de, beidh ról ar leith ag na coistí a raibh baint acu leis an bplean a chur le chéile agus tugtar áit lárnach dóibh sa phlean.

Aithnítear ag an am céanna, go bhfuil tábhacht ar leith le gníomhú an Rialtais agus ceannaireacht ar leith a thógaint agus cur i bhfeidhm na bpleananna teanga faoi lán seoil.  ‘Cé gur pleanáil ón mbonn aníos atá i gceist, ní éireoidh leis gan tréantacaíochtaí leordóthaineacha ceannaireachta agus infheistíochta’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 46).  Níor cheart go gciallódh ‘ón mbonn aníos’ nár cheart ról láidir a bheith ag eagrais Stáit i monatóireacht chur i bhfeidhm an phlean.  Aithníonn an litríocht go mbíonn rath pleananna teanga ag brath ar chomhlíonadh gealltanas acmhainní agus tacaíochta ón Stát.  ‘Léiríonn an phleanáil teanga gur gá go mbeadh an Stát agus an pobal ag feidhmiú as lámha a chéile má tá rath le bheith ar an bpróiseas’ (Ó Coileáin, 2009: 14).

Conclúid

Tá plean teanga Uíbh Ráthaigh i dtuilleamaí ar fhorbairtí eile atá ar siúl ag leibhéal an phobail agus ag leibhéal an Stáit.  Is léir gurb é an dúshlán is mó atá in Uíbh Ráthach ná an easpa cainteoirí laethúla agus an laghdú atá tagtha ar dhaonra an cheantair.  ‘Is léir an dea-thoil i leith na teanga atá ag pobal Ghaeltacht Chiarraí Theas.  Tá an teanga tar éis cúlú go mór de bharr chúrsa laghdaithe daonra agus de bharr cúinsí socheacnamaíochta eile’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 35).  Tá an dá chúram fite fuaite le chéile.  Ní fhéadfaí a bheith ag súil go méadófaí líon chainteoirí na Gaeilge muna mbeadh bonn seasmhach faoi eacnamaíocht agus faoi dhaonra an cheantair.  Dar le Fíona Bushe, bean phobail a raibh baint láidir aici le forbairt an phlean teanga agus tuarascáil Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh, go bhfuil baol ann nach mbeidh fágtha de phobal Uíbh Ráthaigh ach ionad saoire samhraidh faoi dheireadh.  ‘Tá an baol ann go gcríochnódh an áit mar chineál ionad saoire do dhaoine agus nach mbeadh anso ach daoine ag freastal ar chuairteoirí’ (Bushe 2019).

Ní hamháin sin ach baineann deacrachtaí ar leith leis an bpleanáil teanga in Uíbh Ráthach mar go bhfuil toghranna an cheantair scoite amach óna chéile. ‘Tá scoilt i gcuid mhaith de na toghranna i nGaeltacht Chiarraí Theas. Tá impleachtaí nach beag ag an scoilt seo do shláinte na teanga sa LPT’ (Plean Teanga Chiarraí Theas, 2018: 21).  Is léir mar sin, nach bhfuil na teorainneacha Gaeltachta mar atá siad anois ag déanamh aon mhaitheasa do chúrsaí teanga sa LPT.

Is tábhachtach agus is maith go n-aithnítear na sainchúinsí seo in Uíbh Ráthach agus nach bhfuil aon dallamullóg á chur ar réaltacht agus ar íogair chás na Gaeilge sa dúthaigh.  Tá am cinniúnach sroiste againn sa bhliain 2019 agus tús oifigiúil á chur le cur i bhfeidhm phleananna teanga chuid mhór Limistéar Pleanála Teanga agus pleanálaithe teanga fostaithe agus iad ag obair ar an talamh faoi láthair.  Tá an obair seo ag teacht ag an am céanna le cur i bhfeidhm phlean an Tascfhórsa.  Tá fuadar ar leith faoi chás cheantar Uíbh Ráthaigh anois a bhuí leis an aird a tarraingíodh ar an gceantar le tionól an Tascfhórsa, fostú an phleanálaí teanga Victor Bayda, agus leis an gclúdach atá á fháil ag an gceantar ar na meáin, go háirithe, ar Raidió na Gaeltachta.  Tá an t-am cinniúnach sroiste againn.  Tá an phleanáil agus an taighde curtha i gcrích.  Tá aidhmeanna sainiúla leagtha amach.  Tá an maoiniú agus an tacaíocht geallta.  Casfar aird anois ar an bpobal agus ar an Stát mar a thuigtear go mbeidh rath phlean teanga Uíbh Ráthaigh i dtuilleamaí ar sholáthar mhaoiniú leanúnach, ar thacaíocht leanúnach ón bpobal áitiúil agus ar mhonatóireacht ghrinn le linn na tréimhse chur i bhfeidhm 2017–2024.

Leabharliosta: 

Leabhair & Tuarascálacha

An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, (2014) Treoirlínte Pleanála Teanga.  Baile Átha Cliath: An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta.

Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh, (2018) Plean Teanga Chiarraí Theas (2018–2025), Ceann Eich, Uíbh Ráthach: Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh.

Ó Céidigh, P., (2018) Próifíl Shocheachnamaíoch de na Seacht gCeantar Gaeltachta in Éirinn.  Baile Átha Cliath: Seanad na hÉireann.

Ó Giollagáin, C. & Charlton, M., (2015) Nua-shonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2006–2011.  Údarás na Gaeltachta.

O’Keeffe, B., (2015) Rural Vibrancy in North-West Europe: A Case of South Kerry.  Luimneach: Coláiste Mhuire gan Smál.

O’Keeffe, B. & O’Sullivan, S., (2017) Gaeltacht Uíbh Ráthaigh – Prófíl Dhéimeagrafach agus Socheacnamaíochta Socio-Economic and Demographic Profile.  Údarás na Gaeltachta. http://hdl.handle.net/10395/2115.

Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh, (2019) ‘Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh: Tuairisc agus Plean Gníomhaíochta’.

Ailt

Fishman, J.A., (2001) ‘From Theory to Practice (and Vice Versa)’.  Fishman, J.A., (eag.)  Can Threatened Languages Be Saved? Reversing Language Shift, Revisited: A 21st Century Perspective.  Clevedon: Multilingual Matters.  451–84.

Ó Coileáin, A., (2009) ‘Pleanáil Teanga in Éirinn.’  Comhar, 69(9). 12–4. Le fáil ag: http://www.jstor.org.libraryproxy.mic.ul.ie/stable/41497724

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Brady, V., (2018) An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010-2030 – Cathair Chorcaí mar Shuíomh Taighde.  Tráchtas PhD.  Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Luimneach.

Agallaimh

Bushe, F., (2019) Agallamh le Fíona Bushe, An Coireán, Márta 2019.