Aistriúchán ar an ngearrscéal ‘Le bonheur’ le Guy de Maupassant
Mia Mac Donnchadha a d’aistrigh
Rannóg na bhFochéimithe
Am suipéir bhí ann, an tráth sin den tráthnóna nuair atá dorchadas ag titim, díreach sula dtugtar isteach na lampaí. Bhreathnaigh an teach mór amach ar na maidhmeanna agus cheapfá gur i gceannas ar an bhfarriage a bhí sé. Bhí an ghrian théis dul fúithi agus d’fhág sí an spéir ina pluid bhándearg, breac le spotaí órga, ina diaidh. Bhí an Mheánmhuir fós ag lonrú faoi sholas lag an lae, gan loit gan locht, ar nós leathán snasta miotail.
Sheas beanna fiaclacha na sléibhte amach i bhfad uathu in aghaidh na spéire chorcra thiar. Is faoin ngrá a labhair siad. Dúradh na rudaí ceannann céanna a dúradh go minic roimhe seo agus iad ag déanamh plé ar an sean-ábhar, agus le titim na hoíche tháinig dúlionn bog a chruthaigh cion i gcroi na ndaoine. Chualathas an focal ‘grá’ ní fios cé mhéad uair sa seomra sin, i nguth láidir fir nó go séimh ó dhuine de na mná. Shílfeá gur líonadh an seomra leis an bhfocal seo, gur ag eitilt ar nós éin a bhí sé, nó ag faoileáil ar nós taibhse.
‘An féidir le duine bheith i ngrá ar feadh na blianta i ndiaidh a chéile?’
‘Is féidir,’ a dheimhnigh roinnt acu; ‘ní féidir,’ a dúirt roinnt eile.
Pléadh an cás, leagadh amach teorainn agus tugadh samplaí, agus mhúscail an comhrá seo seansmaointe in anam chuile dhuine sa seomra. Níorbh fhéidir leo a gcuid scéalta féin a lua a thuilleadh ach labhair siad faoin ábhar seo le spéis dhíograiseach agus mothú domhain. D’aontaigh siad d’aon ghuth gur ábhar seanchaite ach uilechumhachtach, mar sin féin, a bhí sa gcomhaontú lách seo nach bhfuil tuiscint cheart againn air fós.
D’éirigh duine den ghrúpa dhá shuíochán de léim agus shac sé méar i dtreo bhun na spéire. ‘Céard é sin i bhfad uainn?’ arsa sé agus a dhá shúil ar leathadh. Is ar éigin a bhí meal dorcha le feiceáil ag gobadh aníos as an bhfarraige agus d’éirigh na mná chun súil a chaitheamh ar an gcruth ait seo. Ní fhaca siad a leithéid riamh. ‘’Sí an Chorsaic atá ann,’ a dúirt duine acu, ‘ní bíonn amharc uirthi ach faoi dhó nó trí huaire sa mbliain, ag brath ar an atmaisféar. Caithfidh an spéir a bheith thar a bheith glan, nuair nach bhfuil ceo na farraige á ceilt.’
Ba léir dhóibh na cnoic agus an brat sneachta a chlúdaigh iad agus sheas siad ag breathnú, faoi gheasa agus faoi uamhan, ar an oileán coimhthíoch seo. Seans go bhfaca taiscéalaithe an domhain, dá leithéidí Columbus, na radharcanna aisteacha céanna nuair a leag siad súil ar thalamh bán.
Chualathas guth séimh seanfhir, nach raibh théis tada a rá go dtí sin, ‘’nois, bhí aithne a’msa tráth ar bheirt a bhí sona sásta, a dhearbhaíonn gur féidir go deimhin, a bheith i ngrá ar feadh na mblianta fada. Creidim go bhfuil an t-oileán seo théis é héin a nochtadh chun an scéailín grá seo a insint dúinn, ach déanfaidh mé héin iarracht an scéal a aithris.
‘Thug mé cuairt ar an oileán fiáin seo chúig mbliana ó shin agus is cuimhin liom an áit go maith. Tá an Chorsaic níos rúnda agus níos faide uainn ná Meiriceá, fiú go mbíonn amharc a’inn uirthi anois is aríst ó chósta na Fraince, mar atá a’inn inniu.
Samhlaigh é seo anois; domhan atá fós ina chíor thuathail. Sléibhte agus claiseanna beaga cúnga á scoilteadh agus caisí ag ritheacht tríothu. Gan ann ach leaca eibhir agus dúichí coillteacha ar feadh fhad do radhairc uait, gan machaire féin le feiceáil. Tír lom ghortach atá inti, gan tada galánta fuithi. Tagann an taiscéalaí ar bhailte beaga ó h-am go chéile, agus iad suite mar a bheadh clocha caite ina gcnap ar bharr sléibhe.
Níl aon chultúr, ná aon tionscail ná aon ealaín fiú san áit seo. Ní fheicfidh tú géag crainn snoite ná dealbh cloiche ná tada a thabharfadh le fios go raibh spéis dá laghad ag muintir na háite i maisiúchán ná in áilleacht. Ach nach iontach agus aisteach é sin faoi ghrúpa daoine? Nach gcaitheann siad a saol sa tóir ar rud eicint mealltach nó a spreagas mothú iontu. Is fásach cultúir atá ann, ach chuirfeadh sé alltacht ar dhuine nach fiú deich truif an ealaín dóibh.
Cuimhnigh ar an Iodáil, áit a bhfuil fáil ar an oiread sárshaothair gur sárshaothar ann héin í! Áit a bhfeictear cruthúnas in chuile dhromchla; marmar, adhmad, cré-umha, iarann, miotal nó cloch, ar éirim an chine daona. Ní haon iontas é go léiríonn chuile ghiurléid agus daighsín sna seantithe go bhfuil díocas na háilleachta go smior ionainn. Adhrann muid an Iodáil mar gurb í láthair bheannaithe na háilleachta í, agus go gcruthaíonn sí neart agus bua ár gcuid cruthaitheachta.
Agus ar an taobh eile den scéal tá an Chorsaic, chomh fiáin agus a bhí sí riamh. Nach aoibheann Dia dhóibh é, suite ina gcuid tithe beaga bunúsacha gan tada ag cur isteach orthu ach achrann teaghlaigh. Is ansin atá fianaise na lochtanna a bhíonn ar chine nach bhfuil ach leath-mhúineadh air, atá fós le feiceáil in anam na ndaoine seo. Tá siad taghdach, mailíseach agus cruálach gan cuimhniú air. Mar sin féin is dream flaithiúl, dílis, soineanta iad, a chuirfeadh fáilte roimh strainséara agus a thaispeánfadh cairdeas do chách mar chúiteamh ar oiread na fríde den chineáltas.
Mí a chaith mé ag fánáil thimpeall an oileáin iontaigh seo, agus d’airigh mé gur ar dhomhan iasachta a bhí mé. Níl teach ósta ná tábhairne ann, gan bóthar fiú le dul chomh fada leo dá mbeadh siad le fáil! Cosáin miúileanna a thugann chomh fada leis na bailte beaga thú, a sílfeá fúthu gur fáiscithe de thaobh na sléibhte atá siad. As seo, tá amharc ag duine ar na duibheagáin atá ag lúbadh agus ag casadh ag bun na gcnoc, agus chuile oíche cloistear guth duairc na gcuisí go maidin.
Téann tú ó dhoras go doras ag cuartú dídine na hoíche agus greim le n-ithe. Suíonn tú ag bord le muintir an tí agus codlaíonn tú faoi dhíon beag simplí, go dtugann fear an tí chomh fada le ciumhais an bhaile thú an mhaidin dár gcionn. Croitheann sé lámh leat agus guítear gach rath ort.
‘Bhuel, tráthnóna amháin agus deich n-uair an chloig caite a’m ag trampsáil, tháinig mé chomh fada le teachín beag uaigneach suite in íochtar gleanna a bhreathnaigh amach ar an bhfarraige i gcéin. Sháinigh dhá fhána ghéara an tsléibhe, brataithe le crainnte agus scrobarnach, gach a raibh sa ngleann brónach seo ar nós ballaí caisleáin.
Bhí gairdín le feiceáil ar thaobh amháin an tí, agus fíniúnacha curtha ar an taobh eile. Chonaic mé go raibh crainnte cnó capaill ag fás freisin, rud eicint lena gcoinneáil ag imeacht ar aon nós, agus barr arb fhiú pingin mhaith san áit bocht seo iad.
Ba seanbhean a chuir fáilte romham ag an doras, a raibh cuma dhian uirthi agus a bhí chomh glan leis an gcriostal. D’éirigh fear an tí dá chaothaoir luachra chun mé a bheannú agus shuigh sé arís gan tada a rá.
Labhair a pháirtí liom agus dúirt:
‘Á, tá súil agam go maithfidh tú dhó é, tá sé bodhar anois. Ochtó’s a dó atá sé.’
Labhair sí mar a bheadh Francach ceart, rud a chuir iontas orm.
‘Ní as an gCorsaic sibh?’, a d’fhiafraigh mé di.
‘Ní hea’, arsa í, ‘is as an Mór-Roinn muid, ach tá muid théis leithchéad bliain a chaitheamh anseo.’
Bhuail faitíos agus buairt mé agus mé ag cuimhniú ar na blianta fada sin caite acu sa bpoll dorcha seo, chomh scoite amach ó chách. Tháinig seanaoire isteach agus shuigh sé ag bord linn chun béile an tráthnóna a ithe; anraith tiubh fataí, bagún agus cabáiste.
Nuair a bhí an suipéar críochnaithe againn, shuigh mé taobh amuigh agus d’airigh mé meáchan uafásach mo chroí i mo chliabhrach agus mé ag breathnú amach ar an tírdhreach gruama. Thuig mé cruatan an taistealaí, a bheith cúrtha cráite nuair atá an spéir dorcha agus an áit thimpeall ort lom. Is ag an bpointe sin díreach a cheapann duine go bhfuil deireadh ag teacht le chuile shórt - leat féin, agus a bhfuil thimpeall ort. Nochaítear an fhírinne dúinn, agus tuigeann muid trioblóidí uafásacha an tsaoil; an greim atá ag an uaigneas orainn ar fad, agus aonarachas na gcroí a mheallann agus a chuireann cluain orthu féin lena gcuid aislingí gur imithe ar shlí na fírinne atá siad.
Tháing an tseanbhean amach chun suí i mo theannta agus labhair sí leis an gcineál fiosrachta a mhaireann fiú san anam is fulangaí. ‘An as an bhFrainc thú?’
‘Sea, is ar saoire atá mé anseo.’
‘As Páras thú ab ea?’
‘Ní hea, as Nancy.’
Shíl mé go raibh sé seo théis stangadh a bhaint aisti, cé nach bhfuil mé cinnte cén chaoi ar airigh mé é seo.
‘Is as Nancy thú?’, a dúirt sí arís go mall.
Tháinig an fear chuig an dorais agus é ar nós cuma liom, mar a bhíos na bodhair go léir.
‘Cén t-ainm atá ort?’
D’fhreagair mé í agus bhreathnaigh sí go géar orm. Labhair sí go ciúin ansin, ar nós go raibh sí théis dul siar ar bhóithrín na smaointe.
‘Á sea, is cuimhin liom go maith é. Agus muintir Brismare, céard a tharla dhóibh siúd?’
‘Chuile dhuine acu caillte.
‘Ó, a Thiarna! Agus muintir Sirmont, an bhfuil aithne a’t orthu?’
‘Tá, is ginearál é an duine deireanach acu.’
Tháinig tocht uirthi go tobann, agus chonaic mé go raibh sí ciaptha le mothúchán láidir, diaga eicint. Bhuail fonn admhála í, í héin a nochtadh agus labhairt faoi chuile rud a bhí á tachtadh, chuile rud agus chuile dhuine a bhí sí théis a chur faoi ghlas ina croí go dtí an uair chinniúnach seo.
‘Sea , Henri de Sirmont. Tá a fhios agam go maith cé hé héin. ‘Sé mo dheartháir é.’
Baineadh siar asam agus stán mé uirthi agus mo dhá shúil ar leathadh. Bhuail cuimhne cinn go tobann ansin mé, rud eicint a raibh leath-dhearmad déanta a’m air. Bhí scannal mór i Lorraine fadó i measc na huasaicme nuair a d’éalaigh Suzanne de Sirmont, bean álainn ghustalach le hoifigeach neamhchoimisiúnaithe de reisimint husáir a bhí faoi smacht a hathar.
Buachaill dathúil a bhí ann, de shliocht íseal, ach bhí cuma shlachtmhar air ina fheisteas míleata gorm, an feairín seo a chuir cluain ar iníon an choirnéil. Is cinnte go raibh sí héis é a fheiceáil, é a thabhairt faoi deara agus titim i ngrá leis agus é ag máirseáil thar bráid lena scuadrún. Ach ní fios go fóill cén chaoi a raibh sí in ann labhairt leis, cén chaoi ar chas siad lena chéile, cén chaoi ar thuig siad a chéile, agus cén chaoi a raibh sé de mhisneach aici a thaispeáint go raibh grá aici dhó. Is mistéir nár réitíodh riamh é!
Ní raibh súil leis a méid a tharla ar chor ar bith. Tráthnóna amháin, chomh luath agus a scaoileadh óna dhualgais saighdiúireachta é, d’imigh an bheirt gan tuairisc. Ní fhacthas go brách arís iad agus glacadh leis gur caillte a bhí sí. Go dtí an nóiméad cinniúnach sin nuair a thuig mé go raibh mé suite ag breathnú uirthi sa ngleann gruama seo.
‘Sé a dúirt mé ansin. Is cuimhin liom go maith é. Is tusa Mademoiselle Suzanne.’
Chlaon sí a cloigeann agus tháinig frasa deor léi. Bhreathnaigh sí i dtreo an tseanfhir a bhí ina sheasamh ina staic ar leac an dorais agus dúirt:
‘Eiseann atá ann.’
Thuig mé ansin go raibh sí i ngrá leis i gcónaí agus gur bhreathnaigh sí air leis na súile céanna mealltacha a chonaic an chéad lá riamh é.
‘An raibh tú sásta ar a laghad?’ a d’fhiafraigh mé di, agus d’fhreagair sí óna croí amach mé.
‘Ó cinnte, iontach sásta. Cuireann sé gliondar ar mo chroí. Ní raibh aiféala orm faoi thada riamh.’
Scrúdaigh mé í, buartha, faoi iontas agus faoi alltacht ag cumhacht an ghrá. Bhí an bhean shaibhir seo théis an fear, an tuatach seo, a leanacht go dílis. Ghlac sí le saol an tuathánaigh agus chas sí droim le huaisleacht agus le só, le fíneáltacht agus le míne agus chuaigh sí i gcleachtadh lena chuid nósanna simplí. Agus bhí sí chomh mór sin i ngrá leis agus a bhí riamh. Tútachán a bhí inti héin anois, agus í gleasta ina caipín simplí agus a sciorta bréidín. Shuíodh sí ag boirdín adhmaid ina cathaoir súgáin ag ithe strúisín fata, bagúin agus cabáiste as babhla cré. Chodlaíodh sí in aice leis ar thocht tuí.
Ní raibh sí théis cuimhniú ar thada riamh ach é. Níor airigh sí uaithi na héadaí galánta, ná an ghrástúlacht, ná boige na suíochán, ná boladh cumhra na seomraí teolaí lena gcuid ballaí maisithe le taipéisí, ná na pluideanna áilne len í féin a chlutharú. Níor theastaigh tada uatha riamh ach é. Agus eisean lena taobh, níor shantaigh sí tada ar domhan.
Nach óg a bhí sí nuair a d’fhág sí a saol agus chuile dhuine a thóg í agus a thug gean di, d’fhág sí ina diaidh iad. Tháinig sí aisti héin, cé is moite dhó-san, chuig an ngleann fiáin seo. Ba é tús agus deireadh a saoil a bhí é. Thug sé chuile shórt di; chuile rud a raibh dúil aici ann, chuile rud a raibh sí ag tnúth leis, chuile rud a theastaigh uaithi, thug sé di iad gan focal gearáin. Ó thús go deireadh, bhí sé théis a saol a líonadh le sonas. Ní fhéadfadh sí a bheith níos sona.
Chaith mé an oíche sin ag éisteacht le hanálú slóchtach an tseansaighdiúra, a bhí sínte ó chluas go driobal ar an tsráideog in aice leis an mbean a bhí théis é a leanacht céad míle ó bhaile. Agus mé i mo luí, rinne mé macnamh ar an eachtra seo, a bhí idir iontach agus simplí, gliondar croí thríd is thríd, agus a laghad a theastaigh chun é a chruthú.
D’imigh mé le héirí na gréine, théis lámh a chroitheadh leis an tseanlanúin.
Thit an scéalaí dá thost. Dúirt bean amháin, ‘Mar sin féin, bhí a haisling ró-shimplí, lena cuid mianta bunúsacha agus a cuid riachtanas leamh. Ní raibh inti ach óinseach.’ Labhair duine eicint eile go ciúin, ‘Nach cuma. Bhí sí sásta.’
Bhrataigh an dorchadas a bhí ag titim an t-amharc a bhí acu ar an gCorsaic ag bun na spéire. Thit sí go mall faoi na maidhmeanna, a scéal insithe aici faoin mbeirt leannán umhla a dtug sí tearmainn dhóibh.