Báid Mhóna agus Báiníní: Píosa spéisiúil físe ó Chonamara ón mbliain 1932

Dónal Ó Droighneáin

Gearrscannán deich nóiméad ar fhaid é Ireland: The Melody Isle a eisíodh sa mbliain 1934 agus atá le fáil ar an Idirlíon.[1]  Tá sé mar chuid de shraith gearrscannán taistil a choimisiúnaigh an comhlacht léirithe cáiliúil Metro-Goldwyn-Mayer.  Meiriceánach darbh ainm James A. FitzPatrick a stiúir – fear a bhain cáil amach as a chuid scannán taistil a rinneadh ar fud an domhain sna 1930dí, 1940dí agus 1950dí – agus ba mhinic le FitzPatrick feidhmiú mar scríbhneoir, léiritheoir agus reacaire ar na cláir seo chomh maith (IMBd).  Léiriú sách maoithneach a thugtar ar Éirinn na linne sa scannán agus i gceanna eile mar é a rinne FitzPatrick; ceol meidhreach agus amhráin mhánla ghrámhara leithéidí Mother Machree agus Where the Shannon River Flows le cloisteáil sa gcúlra.  Cé go dtugann an reacaire eolas faoi na radharcanna a thaispeántar, ní bhactar le cruacheisteanna a phlé; dírítear ar an taobh dearfach i gcónaí (Meehan 1971).  Is cosúil gur admhaigh FitzPatrick féin gur in aon turas a rinneadh sin mar go raibh imní air nach nglacfaí leis isteach i dtíortha áirithe dá ndéanfaí a mhalairt (IMBd).  Dá bhrí sin ní scannán doimhin faisnéise é Ireland: The Melody Isle, ach scannán éadrom taistil, ach ina ainneoin sin tógadh radharcanna neamhghnácha ar údar mór spéise iad.  Tugann siad léargas dúinn ar ghnéithe den saol mar a bhí i dtús na 1930dí nuair nach raibh mórán scannánaíochta dá leithéid ar siúl agus léiríonn siad coinníollacha agus bealaí maireachtála traidisiúnta a chuaigh i léig sna blianta a lean.

San alt seo díreofar ar mhír ghearr de Ireland: The Melody Isle, a tógadh i nDoire an Fhéich, Casla, i gCo. na Gaillimhe agus a thaispeánann móin á tabhairt go céibh áitiúil agus á luchtú ar bháid seoil ar mhaithe len í a dhíol níos faide ó bhaile.  De réir mar a thuigim is é seo an píosa físe is sine dá bhfuil ann a léiríonn an cheird seo a raibh an oiread tábhachta léi tráth, agus tógadh é nuair a bhí an obair fós lárnach i saol an phobail.  Dá réir sin más gearr féin an píosa scannánaíochta seo, is luachmhar é dóibh siúd a chuireann spéis i stair mhuintir an cheantair agus i stair na ceirde.  Fiosrófar san alt seo na radharcanna atá le feiceáil agus cuirfear leo le heolas ó fhoinsí an bhéaloidis agus na staire.  Beidh sé mar aidhm aige seo léargas a thabhairt ar an gcaoi ar féidir eolas físiúil, eolas scríofa agus eolas ó bhéal a nascadh ar bhealach a chuireann lenár dtuiscint agus spéis agus muid ag fiosrú gnéithe den chultúr dúchais agus den stair áitiúil.  Fiosróidh mé freisin an chaoi a dtugann an t-eolas seo deis dúinn machnamh a dhéanamh ar cheisteanna comhaimseartha, ceist na timpeallachta, mar shampla, agus teoiricí faoi ‘thábhacht áite’ atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas.

An Láthair

Céibh Aill na Graí a thugtar ar an gcéibh a léirítear sa scannán.[2]  Ainmníodh í ó aill fhada íseal atá os comhair na céibhe ar an taobh eile den bhóthar – bóthar R336 an lae inniu.  Tá an chéibh fós ann mar a léiríonn an pictiúr i ndeireadh an ailt seo.  Tá sí suite i nDoire an Fhéich i gCasla, i gConamara[3], gar go leor do cheanncheathrú Raidió na Gaeltachta agus tamall gearr roimh an gcasadh ó thuaidh i dtreo Leitir Mucú agus Camus.  Ó tharla go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar an tírdhreach – ar an mbóthar ach go háirithe – ón uair a rinneadh an scannán ba dheacair láthair na céibhe a aithint ar dtús, ach ba leid thábhachtach dom an charraig mhór shuntasach sa gcúlra atá le feiceáil fós sa lá atá inniu ann.[4]  Bhí an chéibh seo agus céibheanna beaga eile mar í an-tábhachtach do gheilleagar an limistéir mar gur thug siad deis do na báid móin agus feamainn agus earraí eile a luchtú sula ndíoltaí iad in áiteanna eile ar imeallbhord Chuan na Gaillimhe, agus thug siad deis freisin earraí a thabhairt i dtír.

Cé go mba mhór an chabhair céibh a bheith ar fáil, bhíodh slipeanna agus calaí nádúrtha á n-úsáid go forleathan freisin sna háiteanna nach raibh céibheanna tógtha. Bhí na céadta acu seo ar fud chósta Chonamara de réir cosúlachta (O’Sullivan & Downey, 2018: 46.)  Dá bhrí sin ní eisceacht ar bith a bhí i gCéibh Aill na Graí agus go deimhin bhí, nó tá, céibheanna beaga eile i bhfoisceacht míle nó dhó di ar gach aon taobh.[5]  Sa gceann thuaidh de Chuan Chasla atá sí, ó thuaidh arís de Chalafort cáiliúil Ros an Mhíl, í ar bheagán uisce agus fada go leor ó Chuan na Gaillimhe.  Ach bhí sé de bhuntáiste aici go raibh sí gar do phortaigh an cheantair agus an-fheiliúnach dá réir sin do lucht bainte agus díolta na móna.  Is cosúil go mbaintí leas as caladh nádúrtha ann sular tógadh an chéibh féin.  Seo mar a dhéantar cur síos uirthi i gcomhthéacs Bhord na gCeantar Cúng (CDB), a thóg céibh nua ar an láthair sna 1890dí:

Derrynea Quay, for instance, situated at the very head of Cashla Bay, is a long distance from the open sea and the fishing grounds.  There had been a landing place there from much earlier times and the small quay had been built in 1883.  Because it was already a place well known for the export of turf, the new pier built by the CDB was most likely provided to facilitate that particular trade, rather than to assist the fisheries. (Wilkins, 2017: 261)

Is deacair dúinn a shamhlú inniu an scil agus an mioneolas ar nádúr áite a bhí ag bádóirí na seanaimsire, agus mar a léiríonn an sliocht seo b’áit dhúshlánach a bhí in Aill na Graí le bád a stiúradh, go háirithe sular tógadh aon chéibh san áit:

Interviewees told me of places where people today would be amazed that boatmen were able get any craft to such a position and to dock there, let alone a hooker or a leath-bháid. One such place is Inis Aillte, where turf was taken from by a leath-bháid ‘The Swan’, to be brought to Árainn. My interviewee expressed total amazement, saying that it was ‘unbelievable, that they must have known every rock, every corner and every current in there’… Another such place is Aill na gCraí in Doire Né, where it must have proven extremely difficult to bring a boat into, because of the numerous rocks which are only exposed at low tides and the absence of any quayside infrastructure there at that time. (Ó Sabhain, 2019: 115)

An obair a fheictear sa scannán agus smaointe a spreagann sí

Sa scannán feictear carranna capaill agus asail ag iompar ualaí móna agus á bhfágáil ar bhruach na céibhe.  Is léir go raibh an obair seo ar siúl ar feadh tamaill mhaith ar an lá, mar go bhfuil carnáin shuntasacha móna le feiceáil.  De réir mar atá an mhóin á fágáil ann tá meitheal oibre á socrú, á líonadh i gcléibh agus á hiompar go dtí na báid.  I radharc amháin feiceann muid cailín agus beirt bhuachaillí ag líonadh cléibh atá lena dtaobh, agus ag cabhrú le fear ceann a ardú ar a dhroim sula dtugann sé leis é go dtí an bád.  Is léir mar sin go mbíodh óg agus fásta, fir agus mná páirteach san obair seo.  Cé gur fir atá ag luchtú na mbád sa scannán – b’fhéidir go deimhin gurb iad na bádóirí féin iad – tá cuimhne sa mbéaloideas ar mhná a bheith i mbun na hoibre:

Tá sé suimiúil sna blianta ina mbíodh an ‘Lady’ ag tarraingt mhóna sa gcéad seo caite gurbh iad na mná a dhéanadh an luchtadh.  Bhídís ag faire na mbád ag teacht aníos an cuan agus thosaídís ag iompar na móna i gcléibh go mbíodh na báid luchtaithe acu.  Is minic go mbíodh orthu a dhul trasna ocht mbád in Aill na Graí.  Thógadh na báid móin freisin as béal na habhann thuas ag Teach Mór Chasla. (Ó Héalaí & Ó Tuairisg, 2007: 39).

Cá bhfios nach bhfuil An Lady, an bád atá luaite sa mhír sin, le feiceáil sa scannán?  De réir an tseanchais áitiúil ba i gCladhnach a tógadh í, agus go leor bád nach í, níos lú ná míle bealaigh ó Aill na Graí.  Tá céibh eile i gCladhnach go deimhin, as ar tógadh go leor móna freisin.

Trí bhád seoil atá le feiceáil againn sa scannán. Is cosúil gur báid mhóra iad, cé go bhféadfadh sé go bhfuil leathbhád ina measc.  Ba iad seo na báid ba mhó agus dá réir sin ab fheiliúnaí d’iompar na móna.  Sa lá atá inniu ann rangaítear an bád mór mar bhád idir 35 agus 44 troigh ar fhaid agus an leathbhád idir 28 agus 35 troigh ar fhaid, tomhaiseanna a thagann leis an rangú traidisiúnta a dhéantaí orthu (Barry & Scott, 2008: 170).  Cá raibh an mhóin atá sa scannán le cur?  Go hÁrainn b’fhéidir, nó go hÓrán Mór nó Cinn Mhara nó Baile Uí Fhiacháin, nó go Cathair na Gaillimhe féin.  Ní raibh móin le fáil in aice láimhe sna háiteanna sin, rud a d’fhág go raibh éileamh an-mhór uirthi ó tharla go raibh breoslaí eile gann.  Thug sé seo deis do lucht díolta na móna, idir bhainteoirí agus bhádóirí, airgead a shaothrú.  Is fada siar a théann trádáil na móna; tá tagairt ag Ruaidhrí Ó Flaithearta ón mbliain 1684 do mhóin a bheith á tabhairt go hÁrainn (1846: 67–8) agus luaitear i bhfoinsí éagsúla ón 19ú céad í chomh maith.  I gcuntas ón mbliain 1837, mar shampla, déanann Samuel Lewis tagairt do na céadta bád a bheith páirteach san obair seo agus i ndíol na feamainne mar leasú:

The town of Galway and a large portion of the adjoining country are supplied with turf from the district that stretches along the headlands of Kilkerrin (Kilkeran) and Greatman’s bays in this parish; and the inhabitants of the interior, through the medium of Lough Corrib, are hence supplied with sea-sand and sea-weed for manure.  Several hundred boats are constantly employed in the conveyance of these articles, and during the intervals between the fishing seasons many of the fishing-boats are similarly occupied.  (1837: 77)

Luaiter ‘céad’ nó ‘céad go leith’ bád a bheith le feiceáil i gcuntais bainteach le tús an 20ú haois chomh maith, cé gur dóigh go raibh cineálacha eile oibre ar nós trádáil earraí siopa ar siúl acu sin chomh maith (Ó Béarra & Wigger, 2012: 37; Feiritéar, 2014: 47).  Is léir mar sin go mba obair ar scála mór a bhí ar siúl ag na báid mhóna, agus dá mba rud é go raibh sé d’am nó d’acmhainn ag lucht déanta Ireland: The Melody Isle bheadh ar a gcumas píosaí scannánaíochta a bheadh ar aon dul le míreanna Chéibh Aill na Graí a dhéanamh ar fud an chósta thiar.  Cuireann an t-eolas seo agus radharcanna an scannáin i gcuimhne dúinn gur thug an mhóin, acmhainn nádúrtha de chuid a dtimpeallachta, deis do dhaoine iad féin a chothú agus go raibh sí ina cuid lárnach de shaol an phobail.  Bhaintí í go háitiúil, choinníodh na daoine a riar féin di mar bhreosla baile, agus dhíolaidís an chuid eile le lucht na mbád.  Thugtaí ‘móin chalaidh’ ar mhóin a bhí le díol mar a léiríonn an giota seo as agallamh a rinneadh i 1964:

(Cainteoir A): Móin chalaidh, móin le cur go hÁrainn.  Fear ar bith a mbeadh portaigh rathúil aige bhuel bheadh sé b’fhéidir a’ féachaint le haghaidh ceathair nó cúig nó sé de luchta báid mhóra móna a bheith aige le cur go hÁrainn.  Agus sin í is mó a bheadh i gceist aige i dtosach, caoi agus cuma a chuir uirthi, agus d’fhágadh sé an mhóin sin go deireadh aimsire.

(Cainteoir B): Agus a… an mhóin is fearr ag gabháil go hÁrainn?

(Cainteoir A): Bhuel an mhóin is fearr ag gabháil… chaithfeadh sé an mhóin is fearr a chur go hÁrainn mar ní cheannódh an tÁrainneach aon drochmhóin uaidh; ní raibh aon mheas aige uirthi.  Agus bhí an mhóin chomh fairsing an t-am sin agus nach dtógfadh an tÁrainneach ach an mhóin ab fhearr.  (Caint Ros Muc; Caint 4, Roinn 4)

Tugtar tuairim faoin socrú airgid a dhéanadh na bádóirí le lucht bainte na móna sa mhír spéisiúil seo ó Raidió na Gaeltachta a tógadh ó Jimmy Cheoin as an gCeathrú Rua in 1973 agus é ag cuimhneamh siar ar a chuid bádóireachta. Léiríonn sé freisin an chaoi a raibh na bádóirí in ann a gcearta a éileamh ar na ceannaitheoirí:

Sibh féin a bhaineadh an mhóin?

Ó ní muid, ach daoine eile agus muid á tógáil uathu, an dtuigeann tú.  An chéad uair ansin, dhá phunt an lucht a bhíodh muid a thabhairt dóibh.  Luchtóidís isteach an bád dhúinn.  Bhí go maith ansin; bhí muid píosa deas mar sin ar dhá phunt.  Ach rinne muid strike ansin agus d’fhan na báid uilig anoir agus nuair a chuaigh muid soir aríst – cuireadh fios orainn – fuair muid dhá phunt déag agus ba mhaith an t-airgead dhá phunt déag an uair sin.  Bhuel, fuair lucht na móna cheithre phunt; agus bhíodar thar a bheith buíoch ach bhí muide ag déanamh go maith an uair sin.  Ach bhí ‘chuile rud a bhaineann don bhád daor – láinnéir, seolta, blocanna agus gach rud. (Feiritéar, 2014: 47)

Beirt a bhíodh sa mbád go hiondúil, an t-úinéir agus a leathbhádóir, agus ó thaobh íocaíochta de is cosúil gurb é an nós a bhí ann go bhfaigheadh úinéir an bháid luach trí lucht móna a dhíoltaí as a chéile agus a leathbhádóir an ceathrú lucht (Ó Tuairisg, 2001: 15).  Luaitear, áfach, san alt sin gur tháinig athrú nóis le himeacht aimsire agus go bhfuair an leathbhádóir luach gach tríú lucht.  Mar atá luaite san agallamh thuas bhí ábhar an bháid daor agus ba ar an úinéir a thitfeadh an costas.  Cheannaítí rópaí, seolta, táclaí agus a leithéid i gCathair na Gaillimhe, ach ba i gConamara féin a bhí na saortha cumasacha a chuireadh iad seo i bhfearas sna báid.  Ó thaobh adhmaid de, cé gur ó cheantair eile ina raibh crainn flúirseach a d’fhaightí an t-adhmad leis na báid a dhéanamh go hiondúil (Mac Giollarnáth, 1941: 251), bhí na saortha oilte sciliúil ar ghearradh an adhmaid agus tógáil an bháid de réir múnlaí a bhí acu féin.  Ach ba mhinic a bhaintí úsáid as adhmad raice a thagadh i dtír dá mbeadh sé feiliúnach (Mac Giollarnáth, 1941: 251; Ó Héalaí & Ó Tuairisg, 2007: 39–40), nó fiú amháin as adhmad portaigh:

Is minic a rinneadh bád de’n dair dhuibh as an talamh agus de’n ghiúsach a bhíodh sínte ins na portacha.  Bhíodh an dair is an ghiúsach molta le haghaidh glúnadh an bháid.  Ní raibh aon chaitheamh ina gcionn.  Bhí an casadh ionntab agus bhíodar cruaidh.  (Mac Giollarnáth, 1941: 266)

I gCathair na Gaillimhe freisin a cheannaítí an ceaileacó nó ‘beaifití’ a d’úsáidtí le seolta a dhéanamh roimh theacht ábhar seoil an lae inniu.  Ba chineál cadáis trom garbh a bhí anseo.  Arís, áfach, feiceann muid idirghníomhú spéisiúil idir amhábhar á cheannaítí ón taobh amuigh agus scileanna áitiúla leis an ábhar a chur in oiriúint don cheird; ghearradh lucht na mbád na seolta as an gcadás agus bhídís in ann iad a choinneáil deisithe agus bealaithe.  D’úsáidtí im, déanta sa mbaile, measctha le tarra leis na seolta a bhealú agus a chaomhnú (Ó hIarnáin, 2008: 179).  Dhéantaí seolta as líon roimh theacht an chadáis (ibid, 2008: 179).  Mhair cuimhne ar an líon agus na táirgí a dhéantaí as i mbéaloideas na ndaoine.  Bhíodh garraithe lín flúirseach tráth mar go mbíodh éadaí á ndéanamh as agus go leor ábhair eile bainteach le bádóireacht, na seolta san áireamh:

Bhíodh líon curtha ag ‘chuile dhuine beagnach agus bhíodh na mná tóighthe bunáite na haimsire leis.  Bhíodh na heangacha iasgaigh dhá ndéanamh as an líon agus na téadracha agus ‘chuile shórt rópa dá raibh ag teastáil ó na hiasgairí, agus na seoltaí.  Agus chómh maith le téadracha, rópaí agus seolta bhíodh éadach dóibh féin dá dhéanamh ag na daoine as an líon.  Bhí figheadóirí an-fhairsing.  Ní raibh mórán chor ar bith dá cheannacht ag na daoine ach ‘chuile rud dhá dhéanamh acab.  An chéad fhear a cheannuigh seol baffaity badh fear de mhuinntir Ní é as Leitheanach.

Bhí seasamh na mbad agus na n-eangach ar an líon agus bhíodh na mná i gcómhnaidhe ag pléidhe leis.  (Mac Giollarnáth, 1941: 268)

Tugann an tagairt sin ‘d’éadach dóibh féin’ muid go dtí gné shuntasach eile den scannán– na héadaí baile atá á gcaitheamh ag na fir, is é sin na treabhsair agus na ‘báiníní’ áitiúla ar chosúil le seaicéid iad, agus geansaithe cniotáilte olla fúthu sin is cosúil.  Bhí an t-amhábhar – más olann nó líon – agus na scileanna déantúis éadaí ar fad le fáil sa gceantar, ó lomadh na gcaorach go sníomh agus deilbh, go fíodóireacht agus táilliúireacht.  Seo mar a dhéantar cur síos ar chaighdeán na n-éadaí baile ó fhear a mhair i bhfoisceacht míle nó dhó d’Aill na Graí:

Níl túirne ná cárla le feiceál i dteach ar bith anois déarfainn ná aon chaint air.  Tá siad caithte in áirde.  Agus an flainín atá dhá díona anois ’sé an áit atá sé dhá dhíona sa muileann agus níl aon mhaith ánn.  An flainín a chonnaic mise a bhíodh a’inn fhéin dhá mbeadh sé a’ báisteach ón hocht ar maidin go dtí an sé tráthnóna ní ghabhfadh aon deóir thríd.  Ach an flainín atá anois ánn aon mhúr amháin tá tú fliuch go craiceann.  (CBÉ, Im 1683, 106. Bailithe 1963)

Mar a thugtar le fios ansin bhí sé de cháil ar an éadach traidisiúnta seo go raibh sé láidir agus go seasfadh sé tamall fada, rud a luaitear go minic i bhfoinsí an bhéaloidis (féach, mar shampla, Ó Buachalla, 1978.) Tá ceacht le foghlaim againn uaidh seo i saol an lae inniu, saol an mhearfhaisin, na dífheidhmeachta pleanáilte, agus na snáithíní saorga a thiteann as éadaí agus a dhéanann an oiread dochair don timpeallacht i gcomparáid le holann (IWTO).  Ach más mian linn é seo a athrú ní mór a chur san áireamh ar dtús go bhfuil marthanacht / inbhuanaitheacht agus fórsaí an mhargaidh glan in aghaidh a chéile:

Environmentalists have focused attention on the ecosystem degradation associated with garment manufacturing and have attempted, with limited success, to sway the opinions of consumers to consume less and consume differently. Interventions have had only partial success, because fundamentally changing consumption patterns represents a threat to one of the logics that underpins capitalism: the need for the market to grow and economic activity to ever expand or face crisis. (Brooks et al., 2017: 491–2)

Tá an déantúsaíocht áitiúil le feiceáil chomh maith i ngné shuntasach eile den scannán; is é sin na carranna capaill atá le feiceáil.  Ach oiread leis na saortha bád, bhí lucht ceirde sa gceantar a bhí in ann iad seo a thógáil, na rothaí cairr san áireamh (Chearra, J. & Ó Cearra P., 2010: 286).  Go deimhin bhí uair ann gur go háitiúil a dhéantaí formhór na n-earraí agus uirlisí a d’úsáidtí ó lá go lá ach anois dar ndóigh is ó thar lear a thagann siad, iad mar chuid de shlabhraí móra dáileacháin idirnáisiúnta agus go leor de na deacrachtaí céanna ag baint leo agus a bhaineann le héadaí.  Paróiste atá i bhfoisceacht deich míle de Chasla atá i gceist sa gcuntas seo a leanas, ach d’fhéadfaí an méid céanna a rá faoi chuid mhór de Chonamara tráth:

Ba paráiste é a bhí in ann seasa go maith ar a chosa féin.  Bhí chuile chineál ceárdaí ann dár theastaigh ins an am agus níl sé mórán blianta ó caitheadh cuid acub i dtraipisí.  Bhí gaibhne, fíodóirí, táilliúirí, siúinéaraí, cúipéaraí, caoladóirí, tuíodóirí, óstóirí, siopadóirí, stiléaraí, síbíní agus gréasaí ann agus rinne siad sin ar fad freastal ar a bparáiste féin.  (ibid. 2010: 286).

Ceist do lá níos faide anonn is ea an bhfuil ról ag an déantús áitiúil i saol an lae inniu nó an mbeidh muid i gcónaí i dtuilleamaí ábhair a impórtáiltear.  Tá sé de chumhacht ag radharcanna ar nós na gceanna a fheictear in Ireland: The Melody Isle muid a chur ag smaoineamh ar a leithéid de cheisteanna comhaimseartha.

Roinnt smaointe faoi thábhacht áite agus traidisiúin

Tá sé de chumhacht ag na radharcanna freisin dul i gcion ar ár gcuid mothúchán, go háirithe agus muid inár seasamh san áit ar tógadh iad.  Cuireann siad muid ag machnamh ar nádúr agus dúchas áite agus an chaoi a bhfuil áiteanna in ann dul i gcionn orainn:

For decades, humanistic geographers and environmental psychologists have studied people’s emotional relationships to places.  Yi-Fu Tuan’s (1974, 1977) now classic work is among the first to examine the ways in which people attach meaning to place.  He argues that what begins as undifferentiated space evolves into place as we come to know places better and endow them with value.  Thus places acquire deep meaning through the 'steady accretion of sentiment and experience (Manzo & Perkins, 2006: 337).

De réir na tuairime seo déantar áit de spás nuair a chuireann muid ‘aithne’ air. Gaolmhar leis seo tá coincheap de chuid léann an chultúir ábharthaigh – gur féidir le ‘rudaí’ scéal nó beathaisnéis dá gcuid féin a bheith acu, agus go bhfuil siad in ann dul i bhfeidhm ar dhaoine, rud a dtugtar gníomhú[6] air (Gosden & Marshall, 1999).  Ní mór, áfach, ‘scéal’ áite a bheith ar eolas ag duine i dtosach sula dtiocfaidh an aithne seo chun cinn, mar gurb é a scéal a thugann a pearsantacht féin don áit, an ‘deep meaning’ atá luaite thuas ag Manzo agus Perkins.  Bhraith mé féin an chumhacht seo nuair a chonaic mé an scannán atá faoi chaibidil anseo den chéad uair agus nuair a d’aithin mé an láthair.  Ba mhinic roimhe sin a thiomáin mé thar Chéibh Aill na Graí gan mórán suntais a thabhairt di, ach anois tá mo mheon i leith na háite athraithe go mór.  Nuair a chuaigh mé le pictiúr a thógáil den chéibh mar atá sí inniu d’fhéach mé le seasamh sa spota céanna inar tógadh ceann de radharcanna an scannáin agus chuaigh an láthair i gcion orm i bhfad Éireann ní ba mhó ná mar a rachadh mura mbeadh scéal na háite agam.  Bhí saibhriú eispéiris i gceist; an méid a bhí os mo chomhair anois lán de bhrí agus de bheocht, a bhuíochas sin don scannán agus don eolas gaolmhar a bhailigh mé.  Tá tuairim ann nach ag leibhéal an duine aonair amháin atá a leithéid in ann tarlú ach ag leibhéal pobail freisin, agus go bhfuil sé in ann machnamh agus cumasú a spreagadh: ‘The importance of knowledge of rural landscapes would help the community reconsider its territory, keep its local identity, analyse and reconsider the benefits of the space which it possesses’. (Onica, 2019: 248)

Tá sé d’ádh orainn go bhfuil cuid lárnach de ‘scéal’ na gcéibheanna áitiúla i gConamara fós linn, is é sin na húicéirí féin atá fós le feiceáil i go leor díobh.  Tá an athbheochan spéise agus bróid a tháinig chun cinn le breis is cúpla scór bliain anuas tar éis na báid shainiúla seo a thabhairt slán.  Ní mór, áfach, ré fhada na mbád mar bháid oibre a thabhairt chun cuimhne chun an scéal iomlán a fháil – an chaoi a raibh slí bheatha á baint amach ag an bpobal áitiúil as saothrú agus trádáil na móna; na daoine a d’oibrigh sna réimsí éagsúla den cheird seo, na háiteanna ar sheol na báid, a stair agus a seanchas.  Cuireann foinsí an bhéaloidis agus na staire cuid den scéal seo ar fáil dúinn, ach sílim go bhfuil cumhacht faoi leith ag baint le híomhánna agus míreanna físe, an píosa úd ó Ireland: The Melody Isle ina measc.

Mar atá agus mar a bhí: Céibh Aill na Graí inniu agus íomhá ón scannán ‘Ireland: The Melody isle’:

Grianghraf leis an údar, Dónal Ó Droighneáin

Íomhá ón scannán ‘Ireland: The Melody Isle’ le caoinchead The Travel Film Archive / Archive Farms

 


[1] Féach ‘The Travel Film Archive’: https://www.travelfilmarchive.com/home.php.   Tá leagan lánscáileáin curtha ar fáil acu ar YouTube chomh maith: https://www.youtube.com/watch?v=vbk6CgE_ZpY.  Cé gur ‘1934’ atá luaite leis an scannán ansin tá 1932 luaite in áiteanna eile, mar shampla, i mbunachar scannán agus teilifíse Choláiste na Tríonóide: https://www.tcd.ie/irishfilm/showfilm.php?fid=38843.

[2] Derrynea Quay a thugtar de ghnáth uirthi i mBéarla.

[3] Ag glacadh leis gur féidir ‘Conamara’ a thabhairt ar an gceantar sa lá atá inniu ann.

[4] Tá sí seo le feiceáil ag 3 nóiméad 20 soicind sa leagan den scannán atá le fáil ar YouTube, sa gcúlra os cionn an fhir atá ag iompar an chléibh: https://www.youtube.com/watch?v=vbk6CgE_ZpY.  

[5] Mar shampla, siar i dtreo na Ceathrún Rua tá Céibh an Chroisín i gCladhnach agus Céibh an tSrutháin sa Sruthán, agus i dtreo Ros an Mhíl céibheanna Chaladh na Muice agus seanchéibh Ros an Mhíl.

[6] ‘Beathaisnéis’ agus ‘Gníomhú’ a thugaim anseo mar aistriúchán ar ‘Biography’ agus ‘Agency’

Leabharliosta: 

Barry, P. & Scott, D., (2008) ‘The Galway Hooker,’ i Mac Cárthaigh, C. (eag.) Traditional Boats of Ireland. Corcaigh: The Collins Press, 15175.

Brooks, A., Fletcher, K., Francis, R.A., Dulcie Rigby E., Roberts, T., (2017) ‘Fashion, Sustainability, and the Anthropocene,’ Utopian Studies, 28 (3), 482504.

Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Caint Ros Muc: Caint 4, Roinn 4. Le fáil ag: https://www.dias.ie/celt/celt-publications-2/caint-ros-muc/#caint4

Cnuasach Bhéaloideas Eireann (CBÉ): 1683: 106. Mícheál Breathnach (60), Gleann Mhic Muireann, Co. na Gaillimhe. Bailitheoir: Proinnsias de Búrca, 1963.

Chearra, J. & Ó Cearra, P., (eag.) (2010) Seanchas Jimmí Chearra Chois Fharraige. Baile Átha Cliath: Coicéim.

Feiritéar, B. (2014) ‘Seacht nGuth ó na Seachtóidí,’ Cillín: Iris na Ceathrún Rua 2, Earrach.

Gosden, G. & Marshall, Y., (1999) ‘The Cultural Biography of Objects,’ World Archaeology 31 (2), 16978.

IMBd: Internet Movie Database. James Fitzpatrick. Le fáil ag: https://www.imdb.com/name/nm0280534/bio?ref_=nm_ov_bio_sm (Léite: 5 Lúnasa 2020).

International Wool Textile Organisation, (2020) Study Confirms Wool Fibres Readily Biodegrade in Marine Environments. Le fáil ag: https://iwto.org/study-confirms-wool-fibres-readily-biodegrade-in-marine-environments/  (Léite: 15 Eanáir 2021)

Ireland: The Melody Isle, (1932) Stiúrthóir: James A. FitzPatrick. Metro Goldwyn Meyer. Le fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=vbk6CgE_ZpY

Lewis, S., (1837). A Topographical Dictionary of Ireland. Londain: S. Lewis. Le fáil ag: https://archive.org/details/topographicaldic02inlewi

Mac Giollarnáth, S., (1941) Annála Beaga ó Iorrus Aithneach.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Manzo, L.C. & Perkins, D.D., (2006) ‘Finding Common Ground: The Importance of Place Attachment to Community Participation and Planning,’ Journal of Planning Literature 20(4), 33550.

Meehan, T., (1971) ‘Those Old Movie Travelogues, Or, ‘As the Sun Sinks Slowly In the West, We Bid Farewell,’ The New York Times. 28 Samhain, Rannóg XX, 1.

Onica, D., (2019) ‘Ethnographic Landscapes as a Resource for Sustainable Development.  Case study: Republic of Moldova,’ Revista: Journal of Archaeology, Anthropology and Interdisciplinary Studies 1, 24560.

Ó Béarra, F. & Wigger, A., (2012) Bádóireacht: Bootsbau und Seefahrt in der Westirischen Tradition. Aachen: Shaker Verlag.

Ó Buachalla, T. & Ó Muimhneacháin, A., (eag.) (1978) Seanchas an Táilliúra. Corcaigh: Cló Mercier.

O’Flaherty, R., (1684). A Chorographical Description of West Or H-Iar Connaught, Written A.D. 1684. Athchló, Baile Átha Cliath: Irish Archaeological Society, 1846. Le fáil ag: https://archive.org/details/achorographical00oflgoog  

Ó Héalaí, P. & Ó Tuairisg, L., (eag.) (2007) Tobar an Dúchais: Béaloideas as Conamara agus Corca Dhuibhne.  An Daingean, Co. Chiarraí: An Sagart.

Ó hIarnáin, C., (2008) ‘Boat Building and Related Trades,’ i Mac Cárthaigh, C. (eag.) Traditional Boats of Ireland. Corcaigh: The Collins Press, 15175.

Ó Sabhain, P.S., (2019) The Centrality of the Galway Hooker to Dwelling in the Island and Coastal Communities of South West Conamara. Tráchtas MA, Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Le fáil ag: https://www.galwayhookers.ie/  

Ó Sabhain, P., (2019) ‘Traditional sailing boats, embodied knowledge(s) and dwelling in coastal rural communities: The case of the ‘Galway Hooker’ in South West Conamara, Ireland,’ Journal of Rural Studies 72 (Nollaig), 22839.

Ó Sabhain, P. & McGrath, B. (2020) ‘That’s the boat that reared us’. Maritime culture, place and the role of the ‘Galway hooker’ in southwest Conamara,’ Folk Life, 58:2, 7796, DOI: 10.1080/04308778.2020.1804161

O’Sullivan, M. & Downey, L., (2016) ‘Turf Harvesting,’ Archaeology Ireland 30(1) (Earrach), 303.

O’Sullivan, M. & Downey, L., (2018) ‘Coastal Boat-landing Features,’ Archaeology Ireland 32(2) (Samhradh), 459.

Ó Tuairisg, R., (2001) ‘Saol an Bhádóra,’ Iris an Phléaráca, 129. Le fáil ag: Cartlann Ghaeltacht Chonamara: http://cartlann.ie/items/show/407.

Quinn, T., (2003) TURFBOATS – The Story of Cruinniú na mBád. Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe: Cruinniú na mBád Teo.

Wilkins, N.P., (2017) Humble Works for a Humble People: A History of the Fishery Piers of County Galway and North Clare, 1800–1922.  An Droichead Nua: Irish Academic Press.