Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Beirt fhílí a Scríobh Dánta Caointe dá Máthair | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Beirt fhílí a Scríobh Dánta Caointe dá Máthair

Padaí de Bléine
Brian Hanratty

Ina shaothar ceannródaíoch, The English Elegy: Studies in the Genre from Spencer to Yeats (1985), maíonn Peter Sacks, ‘the traditional forms and figures of elegy relate to the experience of loss and the search for consolation.’ Is géire, áfach, an dúshlán eiseach ar an bhás, dar leis an charachtar Pozzo a chruthaíonn Beckett in Waiting For Godot (1986:83): They give birth astride of a grave, the light gleams an instant, then it’s night once more. Soláthraíonn an dá dhearcadh thuas comhthéacs don alt seo a chuireann dánta caointe le Cathal Ó Searcaigh agus le Seamus Heaney i gcuimhne ar a máithreacha i gcomparáid lena chéile. Is iad na dánta a ndíreofar orthu san alt seo ná ‘III’ agus ‘VI’ le Heaney as a shraith d’ocht ndán mholta The Haw Lantern a chéadfhoilsíodh in 1987, agus an dá dhán mholta ‘Na Pionnaí Gruaige’ in An tAm Marfach ina Mairimid (2010) agus ‘Caoineadh’ as An Bealach ’na Bhaile (1993) le Cathal Ó Searcaigh. Ba nós ciotainta é i measc na nGael an duine marbh a chaoineadh, dar le Ó Súilleabháin (1961: 101): ‘Is minic a mholtar an duine atá ar lár go hard agus léirítear a dhea-thréithe sa dán’. Cé go léirítear an moladh céanna sna dánta a scríobh Heaney agus Ó Searcaigh, tá difríochtaí eatarthu atá téamach agus teoiriciúil. Is soiléir go bhfuil dánta molta an bheirt fhilí tochtmhar agus coscrach, ach is é tuairim scríbhneoirí an ailt seo go léiríonn an dá dhán ‘III’ agus ‘VI’ as Clearances le Heaney go bhfuil coimhlint phearsanta iontu murab ionann is dánta Uí Shearcaigh. Tá dobrón frithráiteach ar Heaney a léiríonn teannas as broinn idir é féin agus a mháthair. Ar an láimh eile, tá Ó Searcaigh an-ghoilliúnach go fóill agus é ag moladh a mháthar go hard gan teannas ar bith le sonrú ina shaothar. Ar a bharr sin, ó thaobh dearcadh teoiriciúil de, tá difear suntasach idir an stíl teanga a úsáideann an bheirt fhilí ina gcuid filíochta. Is follasach in ‘Caoineadh’ agus tá sé intuigthe in ‘Na Pionnaí Gruaige’ go bhfuil bás mháthair Uí Shearcaigh ceangailte le creimeadh na Gaeilge, creimeadh a tharlaíonn gach uair a chailltear duine den tseanghlúin agus creimeadh ar cuireadh tús leis le polasaí an choilíneachais. Maidir le Heaney, áfach, tá an taobh pearsanta agus an taobh polaitiúil ceangailte le chéile, rud atá intuigthe ón ainm Clearances a thugann sé ar a shraith dánta, ainm corraitheach atá ceangailte le córas coilíneachais na Sasanach in Éirinn. Tá difríocht theoiriciúil eile idir an bheirt fhilí. Éiríonn le Heaney dánta a chumadh a léiríonn go haeistéitiúil an dóigh a n-athraíonn sé an dobrón atá air trí fhilíocht a chumadh a bhfuil brí uilíoch inti. Dar le Corcoron (1998: 157–8):

In Clearances grief is transformed into a new kind of outwardly directed energy. Death is luminous as well as negative, a ‘bright nowhere’ in which a soul ‘ramifies’. The reality and idea of death becomes an entirely undesired but necessary enlargement of imaginative capacity.

Léiríonn Vendler (1998: iii) an teannas frithchosúil seo ina saothar Seamus Heaney. Measann sí an tsraith iomlán ina saothar agus ríomhann sí; ‘the world is defined not by the presences moving within it, but by etched absences of the realia that used to be there.’ Éiríonn leis an fhocal, ‘etched’ lena lorg péintéiriúil, fórsa ocsamórónach a bhaint amach agus é ag teacht leis an fhocal dearóile, ‘absences’. Nuair a dhéantar iniúchadh níos doimhne ar na dánta sa tsraith Clearances tá éiginnteacht, coinbhleacht agus fiú cur i gcoinne pearsanta le sonrú. Maíonn Hart (1992: 199), agus é ag tagairt do Clearances, ‘Heaney’s relations with his mother are ambivalent, marked like most mother-son relationships by ambivalence’. Is fiú iniúchadh a dhéanamh ar an chur i gcoinne pearsanta sin mar a léirítear é sa dá shoinéad ‘III’ agus ‘VI’ in Clearances.

When all the others were away at mass.

Sa chéad dul síos is gá soiléiriú a dhéanamh ar an tsimplíocht mhealltach de chéad líne an tríú soinéad. Cloíonn an soinéad le meadaracht iambach an pheintiméadair. Sáraíonn an impleacht neamhghnách an t-ord méadrach agus an rialtacht, áfach, nuair a dhéantar iniúchadh faoi dhromchla soineanta séimeantach an dáin. Tá iarracht den íoróin sa chéad líne gur tugadh deis don mháthair agus don mhac caidreamh neamhcheadaithe faoi rún a eagrú agus an bealach glan acu. Ó tharla go raibh a athair agus a chuid siblíní ‘away’, tá an mháthair agus an mac saor le sult a bhaint as an chaidreamh Éideapúsach atá ag an mhac lena mháthair. Méadaítear ar shuntas an chaidrimh neamhcheadaithe, áfach, leis an fhocal íorónta ‘others’ sa chéad líne agus ‘hers’ sa dara líne. Ó tharla go raibh an chuid eile ar shiúl ar Aifreann, is féidir a mhaíomh go raibh an mháthair agus an mac ag láidriú an chaidrimh eatarthu agus ag an am céanna ag daingniú a gcoinne agus iad ag treascairt theagasc na hEaglaise Caitlicí a deir go gcaithfidh caitlicigh freastal ar Aifreann gach Domhnach. Léiríonn an dara líne cónasc íorónta, ‘I was all hers as we peeled potatoes.’ Ceanglaíonn an file gnáthobair tí agus é ag maíomh go raibh seilbh aige ar a mháthair anois. De réir mar a leanann an dán ar aghaidh méadaítear ar dhéine an dráma eatarthu. Tá na leannáin ag feidhmiú i gcomhcheilg rúndachta. Ní bhristear ar an chiúnas ach nuair a bhaintear an craiceann de na prátaí. I líne a ceathair ‘Like soldering weeping off the soldering iron’, léiríonn úsáid an bhriathair ‘weeping’ íomhá íorónta inchurtha leis an íomhá den teas mór leis an ‘solderng iron’. Ag an phointe seo san anailís, is fiú tagairt a dhéanamh don bharúil a bhí ag Pelligreno ina alt dar teideal, ‘Seamus Heaney’s Proleptic Elegies’ a foilsíodh in Kentucky Philological Review (1998). Tá Pellogrino den bharúil go bhfuil dán molta scríofa ag Heaney in ómós dá athair a bhí go fóill beo ag an am nuair a scríobh Heaney an dán ‘Digging’. Is féidir a mhaíomh go raibh an ciúnas idir Heaney agus a mháthair ag léiriú go bhfuair gné éigin den chaidreamh eatarthu bás cheana féin agus í fós beo. Sa chúigiú líne cuireann sé in iúl gur chruthaigh an obair a bhí ar bun acu ag baint an chraiceann de na prátaí, ‘Cold comforts set between us’ cé go raibh craicne na bprátaí ‘Gleaming in a bucket of clean water.’ Mar sin de, ag an am céanna, is íomhánna den easpa caidrimh agus d’fhoinse na beatha iad. De réir mar a thagann deireadh leis an ochtréad, áfach, clistear na leannáin as a mbrionglóid den choinne neamhcheadaithe leis an tuiscint go músclódh na steallta beaga uisce óna gcuid oibre iad agus ‘would bring us to our senses.’ Cuirtear clabhsúr leis an tsos tragóideach cholach ag deireadh an ochtréid agus treisíonn an sos fada i ndiaidh an fhocail ‘senses’ an chuma ar an scéal go bhfuil deireadh ann.

Tugtar aicsean an mhiondráma chun tosaigh chuig an tréimhse díreach roimh bhás a mháthar, sa véarsa sé líne. Tagraítear don tsagart ar chaith na leannáin neamhcheadaithe dímheas ar a Aifreann Domhnaigh san ochtréad, ar dtús. Mar sin féin, tá an sagart faoi lánseoil ag urnaí dá mháthair atá ag saothrú an bháis nó mar a deir Heaney, ‘…hammer and tongs at the prayers for the dying.’ Léiríonn an íomhá seo a thagann as an cheárta mothú meicniúil na paidreoireachta, ach tugann dord na bpaidreacha le fios fosta go bhfuil a chuid iarrachtaí in aisce. Ní féidir le paidreacha an tsagairt stop a chur le bás a mháthar. Cuireann rím na bhfocal ‘crying’ agus ‘dying’ le mothú tromchúiseach an bhróin. Sna trí líne dheireanacha den véarsa tagann na mothúcháin dhifriúla uilig le chéile i seirbhe shaibhir an fhile. Téann an file siar chuig an lá a raibh sé féin agus a mháthair ag baint craiceann de na prátaí agus chuig an íomhá choscrach dá mháthair, a cheann cromtha go grámhar ‘bent towards my head’. Athraítear an déine atá le mothú in ‘Sons and Lovers’ san ochtréad go grá an mhic ag caoineadh bhás a mháthar. Léiríonn an dá líne dheireanacha sa véarsa sé líne castacht chaolchúiseach an dáin ina iomláine. Agus é ag cuimhneamh ar bhaint an chraicinn de na prátaí lena mháthair, tuigeann sé le grá beagnach earótach a chóngaraí a bhí siad dá chéile go fisiciúil agus a hánail, ‘breath in mine.’ Is cosúil, áfach, go bhfuil airm mharfacha á n-iompar acu, ‘fluent dripping knives’. Ina ainneoin sin, agus iad ag obair le chéile leis na sceana, mar a deir Heaney, ‘Never closer the whole rest of our lives’. Díbritear an ‘closeness’ seo leis na híomhánna a leanann agus is cinnte go bhfuil sé rómhall an craidreamh a athmhúscailt anois agus a mháthair ar shlí na fírinne. Is féidir go dtugann úsáid an fhocail ‘whole’ leid go híorónta go bhfuil féidearthacht ann go leanfaidh an mac ar aghaidh lena choinní earótacha.

Sa tsoinéad ‘VI’, ‘First Flush of Easter holidays’, tugann an file cumasc débhríoch den chaidreamh cholach gan chead agus an creideamh. Sa chéad líne, tagraíonn sé go híorónta agus ar dhóigh rúnda earótach do, ‘first flush of Easter holidays.’ Tá cineál caidrimh gan chead intuigthe sa fhrása, ‘first flush’ agus tá fianaise den chaidreamh gan chead agus é ag ceangal ‘holidays’ na Cásca, an tsollúntacht naofa leis – ‘The ceremonies during holy week’. Méadaítear ar an chaidreamh cholach gan chead sin sa tríú líne nuair a thugann an file le fios gurbh iad na searmanais sin, ‘…highpoints of our Sons and Lovers phase.’ Ceanglaíonn an tagairt do leabhar cáiliúil D.H. Lawrence, an caidreamh idir Heaney agus a mháthair leis an charachtar ficseanúil Paul Morel a dhéanann iarracht éalú ó éadmhaireacht a mháthar agus iarrachtaí luatha Morel caidrimh ghrámhara a fhorbairt taobh amuigh den cheangal Éideapúsach a bhí aige lena mháthair. Ina theannta sin, cuirtear béim go cliste ar an chumasc íorónta den ghné naofa agus den ghné earótach leis na híomhánna sa cheathrú líne atá reiligiúnach, gnéasach agus fallach: ‘The midnight fire. The paschal candlestick.’

Leanann an cumasc den dlúthchaidreamh, den dúil agus den iarracht ar chur i gcoinne ar aghaidh sa tsoinéad. Ar ndóigh, léirítear an cumasc céanna i soinéid eile in Clearances. Mar sin, i Soinéad V mar shampla, tá teacht agus imeacht idir an mháthair agus an file ag tarlú go litriúil agus go meafarach agus iad ag filleadh na mbraillíní. Agus iad cóngarach dá chéile ag filleadh na mbraillíní, tharla go mbeadh siad lámh ar lámh, ‘end up hand to hand.’ Is iad na línte débhríocha ‘For a split second as if nothing had happened. For nothing had that had not always happened beforehand’ a leanann an chóngaracht fhisiciúil shealadach thochtmhar seo.

Sa cheathrú soinéad fosta, cuirtear cleasaíocht na máthar agus an mhic os ár gcomhair. Agus an file ar cuairt ghearr ar a mháthair bhain sé úsáid as teanga choimhthíoch léi, agus é ‘decently relapse into the wrong grammar which kept us allied and at bay.’ Leanann an débhrí chaolchúiseach ar aghaidh sa chúigiú soinéad. Sa tsoinéad seo, tá an mháthair agus an mac mar a bheadh an lánúin nuaphósta ann agus iad, ‘…glad to be kneeling next to each other up there near the front of the packed church’. Deimhnítear faoi cheilt an leid íorónta sin den chaidreamh neamhcheadaithe a dtugtar beannacht reiligiúnach di leis an líne ‘And rubrics for the blessing of the font’.

Mar a tharlaíonn i Soinéad III, áfach, éiríonn an ton gruama agus éiríonn sé níos tragóidí sa véarsa sé líne. Cuireann na sleachta as Salm 42 sa naoú líne agus sa líne dheireanach béim ar dhéine an bhróin mar gheall ar an bhás. Ar an dromchla, ar ndóigh, glactar leis an truamhéala agus leis an bhrón neadaithe i ndeasghnátha an chreidimh sa tSeachtain Mhór sna sé líne dheireanacha. Mar sin fein, tá an caidreamh neamhcheadaithe idir an mháthair agus an mac agus an déine Éideapúsach intuigthe. Ar ndóigh, tá rabhadh intuigthe le sonrú fosta sa ‘psalmists outcry’ chomh maith leis an dúil gan chúiteamh a ndéantar tagairt di sa líne as an salm: ‘Day and night my tears have been my bread’.

Is é Andrew Murphy (2000: 81) a dhéanann an cur síos is fearr ar an fhrustachas taobh thiar de na soinéid uilig nuair a deir sé go duairc: ‘the poem speaks both of a failure of true intimacy, a stultifying lack of real communication…’  Ar bhealach dearfach, dála Corcoran agus Vendler, aithníonn Murphy go n-éiríonn le Heaney déine an bhróin a athrú ó rud diúltach go rud dearfach buan ina chuid filíochta. Maíonn sé (200: 199) agus é ag tagairt don tsoinéad deireanach sa tsraith: ‘The ‘bright nowhere’, or luminous absence, recalls those moments of transcendence Heaney cherished in Larkin’s poetry’.

Mar a luadh san intreoir, is féidir cosúlachtaí idir na dánta molta a scríobh Heaney agus a scríobh Ó Searcaigh a aithint tríd an dóigh a léirítear grá don áit dhúchais iontu. Is téama timthriallach ina gcuid filíochta go ginearálta é. Ar an bhealach sin, mar shampla, sa chaibidil ‘Placing Cathal Ó Searcaigh’ sa leabhar On The Side of Light, díríonn Eoin Mac Carthaigh (2002:13) aird an léitheora ar áilleacht an tírdhreacha, ‘thart faoi bhun an Eargail’ agus léiríonn sé gurbh í an áilleacht seo foinse na filíochta a chum Ó Searcaigh. Sa leabhar chéanna, sa chaibidil, ‘Gay Gaelach agus Galánta’, maíonn James Doan (2002): ‘Much of Cathal’s poetry has a strong sense of place, another traditional feature which goes back to the ancient dinnseannachas’. Is féidir nasc a dhéanamh leis an dearcadh seo agus dearcadh Andrew Fitzsimons (2000: 134) ina léirmheas ar On The Side of Light: The Poetry of Cathal Ó Searcaigh nuair a maíonn sé: ‘Ó Searcaigh’s imaginative appropriation for his own ends of Ó Direáin’s phrase ‘oileán ruin (secret/beloved island) which shifts the location and significance from Ó Direáin’s Aran to Ó Searcaigh’s Caiseal na gCorr’. Is é Ó Searcaigh (2009) féin is fearr, áfach, a chuireann in iúl a ghrá áite agus é ag cur síos ar a cheantar féin mar a bheadh leannán ann. Ina alt ‘The View From The Glen’ scríobhann Ó Searcaigh (2009: 175):

I feel a vibrancy in every atom of my being that brings me into alignment with blazing galaxies and with blades of grass. After all every particle of my body comes from the primordial orgasm of matter that begot the universe.

Mar a dúradh san intreoir, áfach, is féidir caoineadh Uí Shearcaigh i ndiaidh a mháthar a nascadh le creimeadh na Gaeilge agus lena mheon a chuireann i gcoinne an choilíneachais go gineáralta. Cuireann sé i gcoinne údarás na hEaglaise Caitlicí a bhí i gcumhacht in Éirinn fosta (cur i gcoinne a bhí intuigthe i Soinéad III de chuid Heaney in Clearances). Nasctar an cur i gcoinne seo leis an dóigh a mothaíonn Ó Searcaigh as áit mar gheall ar a ghnéasacht. Mar a aibhsíonn Ó Dúill (1996: 14) ina alt ‘Cathal Ó Searcaigh: A Negotiation with Place, Community and Tradition’:

While Ó Searcaigh does not share the religious and behavioural norms of the society in which he lives, he is able to draw on that society’s tradition of displacement, of being a part of it and yet apart from it.

Tugtar léargas ginearálta thuas ar fhilíocht Uí Shearcaigh agus ar na téamaí inti, a áiríonn ábhar ‘Na Pionnaí Gruaige’ agus ‘Caoineadh’. Tá sé de rún againn anois an dá dhán a mheas ceann i ndiaidh an chinn eile. In ‘Na Pionnaí Gruaige’ measctar an tocht leis an ionracas agus an file ag tabhairt faoi théama an bháis. Léirítear géire an dobróin ar an fhile ar dhóigh chumhachtach a théann i bhfeidhm ar an léitheoir. Ní léirítear, áfach, an mhachnamhacht fhéin-chomhfhiosach a léirítear in Clearances. Tugann Ó Searcaigh (2009:9) léargas ar an dlúthchaidreamh grámhar a bhí aige lena thuismitheoirí ina shaothar Light on Distant Hills, A Memoir: ‘The room where Mammy and Daddy have their bed is brightly whitewashed and always appears to be smiling. Some nights I sleep with Granda, other nights with my parents’.

Feidhmíonn an chéad véarsa in Na Pionnaí Guraige, a bhfuil lúibíní air, mar a bheadh eipeagraf ann don dán ar fad. Is é príomhsmaoineamh an fhile ag an phointe seo ná an dath donn ar ghruaig a mháthar. Agus í ar shlí na fírinne anois, áfach, machnaíonn sé go bhfuil athrú ag teacht ar dhath gruaige a mháthar agus í rua anois ar nós ‘an raithneach ag ruadhú’. Is féidir dearcadh an pháiste óig a mhothú ag comhtháthú le dearcadh an duine fásta agus an tuiscint anois aige go bhfuil a mháthair dhil, a chosain é ar gach contúirt ina óige, go bhfuil sí mar chuid den chré rua chéanna.

Cuirtear tús leis an dara véarsa sa dán leis an íomhá dhearóil:

‘Sa tseanbhabhla bhriste

caite sna driseoga ar chúl an tí-

fód creafóige ina bhéal,

d’aimsigh mé sa tsalachar

na pionnaí gruaige a bhíodh ag mo mháthair

nuair a bhí mé beag.’

Phrioc na pionnaí gruaige samhlaíocht Uí Shearcaigh a chuir ar thuras machnamhach siar é chuig laethanta an tsonais agus é ina ghasúr óg i gcuideachta a mháthar. Go dearfa, is iad na pionnaí is cúis le cumadh an dáin. Cuireann an easpa ríme sa dán béim mhór ar dhearóile an chéad véarsa agus cuireann an focal ‘caite’ i gcuimhne don fhile go bhfuil a mháthair dhil anois curtha caillte i gcré na cille agus na driseoga ag fás ar an uaigh. Troideann an file leis féin agus é ag tochailt i gcré a chuimhní ag iarraidh deireadh a chur leis na smaointe bróin agus cumha atá ag borradh aníos ina chroí. Nuair a aimsíonn sé na pionnaí gruaige sa bhabhla, áfach, tosaíonn athrú meoin a theacht air agus nuair a bhaineann sé an tríú véarsa amach is thiar i laethanta a óige atá an file, agus é i gcuideachta a mháthar ionúine. Is iad na pionnaí a mhúsclaíonn íomhánna a mháthar, agus íomhánna a cuid gruaige ina chuimhne. Cuimhníonn sé siar ar an loinnir a bhíodh ina ciabh chatach dhonn san oíche faoi sholas an tilly agus í, ‘á cíoradh agus á scuabadh agus ag cur na bpionnaí ann’. Cuireann sé síos ar a cuid gruaige leis an tsamhail ‘eas copair’ a thagraíonn d’áilleacht agus do dhathanna an nádúir mar a tharlaíonn sa chéad véarsa. Tá macallaí an Bhíobla agus an chreidimh le sonrú anseo leis an ghrástúlacht agus leis an chothú spioradálta.  Labhraíonn sé le gean agus le grá lena ‘mhamaí’ a léiríonn go bhfuil sé anois ina ghasúr óg agus é ag labhairt go díreach léi amhail is go bhfuil sí beo i gcónaí. Baineann sé úsáid as áilleacht an nádúir le cur síos ar áilleacht a mháthar, go háirithe ar a cuid gruaige. Léiríonn na focail ‘an bhoige’, cineáltas agus cuirtear ag deireadh na habairte iad le béim a chur orthu. Baineann an file úsáid as íomhá Dé agus a cuid gruaige mar a bheadh méara Dé ann ag cur coigiltí ann. Tá sé amhail is go raibh an creideamh agus an fabhalscéal measctha le chéile agus é ag dreapadh an chrainn – gruaig a mháthar – chuig fochair Dé. Tá a mháthair i gcuideachta Dé anois agus lorg agus rian an chreidimh a bhíodh aici anois ar an fhile féin. Sa dá véarsa dheireanacha tá an file ar ais san áit ar thosaigh sé:

I seanbhabhla bhriste

Gach craic ann chomh caol le ribe,

d’aimsigh mé sa tsalachar,

pionnaí gruaige mo mháthar;

pionnaí a théann go croí ionam is a folt

faoi chlár sa chaoineadh seo.

Tagann an file ar ais chuige féin anseo. Tuigeann sé go raibh sé ar thuras spioradálta thiar i laethanta a óige lena mhamaí sna véarsaí a chuaigh roimhe. Anois, áfach, is duine fásta é, agus nuair a amharcann sé ar na pionnaí ag an bhomaite seo, téann siad go croí ann agus fios aige go bhfuil ‘eas copair’ a mháthar faoi chlár agus faoi chré agus caoineann sé a mháthair agus cumha air ina diaidh.

Is féidir an comhtháthú céanna den tocht agus den chumha a mhothú i ndán molta eile de chuid an tSearcaigh – ‘Caoineadh’ (1993) a bhfuil an fotheideal – ‘I gcuimhne mo mháthar’ air. Is é Seamus Heaney a rinne aistriúchán ar an dán seo agus is féidir trí smaoineamh éagsúla a bhfuil comhtháthú eatarthu a mhothú sa teanga ghrafach a úsáidtear; bás tobann na caorach Mollie a bhí ina peata ag an fhile, tuiscint an fhile go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an bháis agus bás a mháthar ionúine féin. Cé go bhfuil sé deacair na trí imeacht sin a scarúint óna chéile, is dócha gur coscraí caoineadh a mháthar cionn is go bhfuil sé intuigthe. Tá sé amhail is go bhfuil sé chomh dobrónach sin faoi bhás a mháthar nach dtig leis ach tagairt indíreach a dhéanamh dó ag fíordheireadh an dáin. Tá sé amhail is go bhfuil an dobrón chomh domhain sin, nach bhfuil na focail aige féin, cé gur file é, go bhfuil an dobrón chomh domhain sin nach dtig leis culaith focal a chur air. Tá dhá véarsa sa dán seo. Tá cúig líne dhéag gan rím sa chéad véarsa agus trí líne dhéag gan rím sa dara véarsa. Léiríonn an easpa ríme agus rithim neamhrialta an dáin goilliúnacht an dobróin atá ar an fhile. Is ag tagairt do Mollie atá an file sa chéad véarsa. Tá sí ‘istigh i gcreagacha crochta na Beithí’ agus tá sí ‘á hithe ina beatha gur imigh an dé deiridh aisti’. Feictear an bás cruálach seo trí shúile an fhile agus é ina ghasúr óg. Feictear íomhá ghrafach an bháis i bhfuil agus i gcrúba na bpréachán. Is é seo an chéad taithí atá ag an fhile ar an bhás agus is féidir an tocht atá ag borradh aníos ann a mhothú. Ar ámharaí an tsaoil, bhí a mháthair dhil ann len a shuaimhniú an uair sin agus í ag casadh a chaill leis. Is féidir an caidreamh láidir grámhar lena mháthair a mhothú sna línte:

D’iompair abhaile mé ansin ar a guailneacha,

Ag gealladh go ndéanfadh sí ceapairí arán preataí.

Roimhe seo, áfach, agus an dobrón air chomh géar sin, samhlaíonn sé é féin ina leanbh óg agus é ag caoineadh na cuileatacha ar ucht a mháthar nuair a fuair Mollie bás. Méadaítear ar dhéine an dobróin leis an fhocal ‘cuileatacha’ a aistríonn Heaney go ‘sore’ sa Bhéarla agus a fheidhmíonn mar dhobhriathar in áit aidiachta ina aistriúchán. Leirítear an phian atá ar an fhile agus é ag caoineadh a mháthar.

Is beag faoiseamh atá le fáil ón dobrón sa dara véarsa, áfach. Is i ngéire atá an dobrón ag dul agus an file ina dhuine fásta. Nascann sé bás a theanga dhúchais; ‘ansacht na bhfilí – teangaidh ár n-aithreacha’ le bás Mollie agus an teanga anois ‘gafa i gcreagacha crochta na Faillí’. Dála Mollie, tá an teanga ag fanacht go ndéanfar tarrtháil uirthi ach níl ionainn (muintir na hÉireann ná muintir na Gaeltachta) í a tharrtháil le dasacht. Tá sé amhail is go bhfuil sé ag cur an locht air féin as bás Mollie agus as bás a mháthairtheanga. San aistriúchán a rinne Heaney air, baineann sé úsáid as athrá, ‘my mothers’ fathers’ mothers’ language’ le béim a chur ar an cheangal a dhéanann Cathal Ó Searcaigh leis an dá bhás; Mollie agus a theanga, le bás a mháthar ionúine féin. Tagann tocht ar an fhile ag smaoineamh ar an dá bhás sin; bás Mollie agus bás na teanga. Inniu, áfach, caithfidh sé an ceann is fearr a fháil ar an dobrón leis féin. Níl a mháthair ann lena a shuaimhniú agus ní dhéanfaidh gealladh an phian a mhaolú. Tá sé ag iarraidh ar an teanga troid a dhéanamh in éadan an bháis agus méadaíonn sé ar an smaoineamh seo agus é ag iarraidh ar a mháthair dhil na creachadóirí a chur chun reatha leis an cheann is fearr a fháil ar an bhás. I ndeireadh na dála, áfach, is féidir a mhaíomh go bhfuil sé ag coinneáil a mháthair agus a theanga dhúchais beo agus é ag scríobh an dáin i nGaeilge. Mar a deir Sewell (2002):

Many Ó Searcaigh poems (themselves written in a minority language often pronounced prematurely ‘dead’) enact a struggle against the stranglehold of silence so that each realized, full-born poem represents a symbolic victory over such things as the ‘grief held back from the lips which wears at the heart.  

Focal scoir

Is fiú roinnt príomhphointí a eascraíonn as an luacháil chomparáideach idir an dá dhá mholta de chuid Heaney as Clearances agus an dá dhán molta de chuid Uí Shearcaigh a thabhairt chun solais sa chonclúid. Is follasach go bhfuil naisc shoiléire ann idir déine an dobróin atá orthu agus áilleacht liriciúil na filíochta. I gcás Heaney, áfach, tá níos mó coinbhleachta le sonrú ina shaothar. Tá cumasc ann idir an grá Éideapúsach agus an caidreamh neamhcheadaithe agus imeacht an ama a chríochnaíonn le cúlú ón ghrá sin agus fiú cur i gcoinne an ghrá sin. Tá sé suimiúil gurbh é Heaney a d’aistrigh Caoineadh le Cathal Ó Searcaigh go Béarla agus gur thug sé ‘Lament’ air. Fréamhaítear a gcuid filíochta ina gceantair féin; faoi bhun an Eargail i gcás an tSearcaigh agus ar an Mhóinín Bhán i gcás Heaney. Is léir gur imir baill a dteaghlaigh tionchar mór orthu agus go bhfuil siad faoi chomaoin acu as an tacaíocht a fuair siad uathu. Ní hiontas ar bith é, mar sin de, go ndeachaigh bás a máithreacha go mór i bhfeidhm orthu agus gur chuartaigh siad toibreacha tochtmhara a gcuimhne agus iad ag iarraidh sólás a thabhairt dóibh féin. Feictear mothúcháin chontrátha sa dá dhán mholta de chuid Heaney a ndearnadh iniúchadh orthu, agus rian an aiféala, na ciontachta agus an bhróin le mothú iontu. I bhfilíocht Uí Shearcaigh léirítear go díreach an dobrón atá air agus é faoi mhéala mhór agus é ag caoineadh bhás a mháthar.  Éiríonn leis an bheirt fhilí na focail a fhí le chéile a chruthaíonn taipéis ealaíonta agus dánta molta atá cumhachtach uilíoch. Dar le Ó Duain, (1968: 25):

Tá an fhilíocht sna línte toisc gur éirigh leis an bhfile an cumha agus an croíbhriseadh a chur i bhfios. Tugann sé é sin chun críche le ciall na bhfocal, leis an gcaint mheafarach, le frithshuíomh na smaointe, le rithim na línte, le ceol na bhfuaimeanna agus le teilgean na habairte.

Leabharliosta: 

Corcoran, N. (1998) The Poetry of Seamus Heaney. A Critical Study. Faber & Faber, London. 

Doan, J. & Sewell, F. (2002) (eag.) On The Side of Light. Critical Essays on the Poetry of Cathal Ó Searcaigh. Arlen House, Dublin.

Fitzsimons, A. (2002) Review of Doan, J. & Sewell, F. (eds) ‘On The Side of Light.’ The Poetry of Cathal Ó Searcaigh. Journal of Irish Studies. Vol.18 (2003), 133–35.

Hart, H. (1992) Seamus Heaney: Poet of Contrary Progressions. New York: Syracuse University Press.

Heaney, S. (1987) The Haw Lantern. London: Faber & Faber.

Henry, P.L. (2006) (eag.) Amra Choluim Cille. Iontaobhas Ultach / Ultach Trust.

Murphy, A. (2000) Seamus Heaney. Devon: Northcote House Publishers Ltd.

Ó Duain, O. (1968) Meas na Filíochta. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó Dúill, G. (1996) ‘A Negotiation with Place, Community and Tradition.’ The Poetry of Ireland Review. Winter. No.48. 14–8.

Ó Searcaigh, C. (1993) An Bealach ’na Bhaile. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta Teo.

Ó Searcaigh, C. (2009) Light on Distant Hills, A Memoir. London: Simon & Schuster.

Ó Searcaigh, C. (2009) ‘The View from the Glen’. Irish Pages. Vol.6, No.1. Ireland in Crisis. 175–80.

Ó Searcaigh, C. (2010) An tAm Marfach ina Mairimid. Dublin: Arlen House.

Ó Súilleabháin, S. (1961) Caitheamh Aimsire ar Thorráimh. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Tuama, S. (1961) Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Pelligreno, J. (1998) ‘Seamus Heaney’s Proleptic Elegies’. Kentucky Philological Review 13. 17–32.

Sacks, P. (1985) The English Elegy. Studies in the Genre from Spencer to Yeats. Baltimore: The John Hopkins University Press.

Vendler, H. (1998) Seamus Heaney. London: HarperCollins.