Céad-Táblóideach na Gaeilge: Anois

Dorothy Ní Uigín

Réamhrá

Bunaíodh an nuachtán Anois sa bhliain 1984.  Gael-Linn a bhunaigh agus mhair an foilseachán go dtí 1996.  (Féach Scéal Ghael-Linn le Mairéad Ní Chinnéide le haghaidh cur síos cuimsitheach ar bhunú agus ar stair na heagraíochta sin.)  San alt seo pléifear ábhar an nuachtáin agus déanfar cur síos ar na daoine a raibh baint acu leis, idir scríbhneoirí, eagarthóirí agus fhoilsitheoirí.  Táblóideach a bhí ann – an chéad uair a chonacthas a leithéid i scéal iriseoireacht na Gaeilge – cuma shnasta air agus pictiúir dhaite agus grianghraif tharraingteacha ann, ach ar tharraing an páipéar aird na gcainteoirí Gaeilge ag an am agus cén glacadh a bhí leis an bpáipéar sna ceantair Ghaeltachta?  Tháinig Anois i gcomharbacht ar Inniu agus Amárach, dhá nuachtán ar bhain stair fhada, shuimiúil leo, ach an comharba maith orthu a bhí in Anois?  Agus cén tábhacht a bhaineann le Anois i stair na hiriseoireachta Gaeilge trí chéile?   

Cúlra an Nuachtáin: An Comhchaidreamh & Gael-Linn

Gael-Linn, mar a luadh thuas, a bhunaigh Anois agus d’eascair Gael-Linn féin as an gComhchaidreamh, eagraíocht ollscoile a bhunaigh Máirtín Ó Flathartaigh in 1935 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mic léinn ollscoile.  In 1942, bhunaigh an Comhchaidreamh Comhar mar ardán litríochta, agus mar mheán bolscaireachta don eagraíocht.  Ceithre bliana ní ba dhéanaí, sa bhlian 1946, rinne an Comhchaidreamh coup ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in éineacht le Glún na Buaidhe agus toghadh cuid mhór de lucht an Chomhchaidrimh mar bhaill den Chomhdháil.  (Féach Architects of the Resurrection le R.M. Douglas le haghaidh cur síos iomlán ar Ghlún na Buaidhe.)  Thug an Comhchaidreamh go leor moltaí faoin nGaeilge don rialtas tríd an gComhdháil ach ba bheag toradh a chonaic siad ar a gcuid iarrachtaí.  Is i ngeall ar an easpa gnímh seo a bhunaigh an Comhchaidreamh ‘linn’ in 1953 chun airgead a bhailiú ar son na Gaeilge.  Phléigh Dónall Ó Móráin an míshásamh a mhothaigh an Comhchaidreamh leis an rialtas ag an am agus dúirt sé (1985: 46):

Ba faoi na cúinsí sin a ghlac an Comhchaidreamh tosaíocht arís sa bhliain 1953, trí eagras nua a bhunú faoina scáth – Gael-Linn – a d’fhéachfadh le hairgead a bhailiú ón bpobal d’fhonn léargas beag a thabhairt do lucht rialtais agus don phobal i gcoitinne ar an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach an t-airgead cuí a bheith ar fáil chuige.

Ag am a bhunaithe féin, scríobhadh an méid thíos ar an nuachtán Inniu (17 Aibreán, 1953) faoi Ghael-Linn:

I dtús na seachtaine seo tháinig Gaeilgeoirí le chéile i mBleá Cliath ar cuireadh ón Chomhchaidreamh le ‘linn’ (football pool) a bhunú ar mhaithe leis an Ghaeilge.  Sí seo an chéad linn riamh sa tír seo a mbeidh a torthaí ag brath ar chluichí a imrítear sa tír seo (.i. cluichí peile agus iomána Chumann Lúthchleas Gael) agus an chéad linn a mbeidh a litríochta go léir i nGaeilge…

‘Gael-Linn’ an t-ainm atá ar an linn.  Cé gurb é an Comhchaidreamh a bheas á reachtáil, is ar son cuspóirí na Gaeilge i gcoitinne is rún dóibh an t-airgead a dhéanfar uirthi a chaitheamh, agus tá triúr de chúigear caomhnóirí na Linne nach baill den Chomhchaidreamh iad.

Ainmneacha na gCaomhnóirí: Seán Ó Síocháin, Máirtín Ó Cadhain, Máire Bhreathnach M.A., Dónall Ó Móráin B.L. agus Aodhagán Brioscú B.Arch.

…Seo cuid de na bealaí a gcaithfear an t-ioncam: leis an Ghaeilg á chur chun cinn sna hollscoileanna; daoine óga a chur chun na Gaeltachta; ard-oideachas a sholáthar do mhic léinn ón Ghaeltacht; cuidiú le gluaiseachtaí eile na Gaeilge; halla caidrimh do Ghaeilgeoirí d’fháil.

Ghlac Gael-Linn áit an Chomhchaidrimh, agus tháinig deireadh leis an tseaneagraíocht le bunú na heagraíochta nua.  Dónall Ó Móráin féin b’údar le bunú Ghael-Linn trí mholadh a rinne sé ag cruinniú den Chomhchaidreamh i gCorcaigh in 1953, agus bhí an Móránach ina cheannasaí ar an eagraíocht ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí gur ghlac Riobárd Mac Góráin an cúram sin chuige féin sa bhliain 1992. 

Bunú Anois

Dónall Ó Móráin a bhí ina bhainisteoir ar Anois freisin, an nuachtán a bhunaigh Gael-Linn in 1984.  (Féach nóta beathaisnéise ag: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1744).   Sular bunaíodh an páipéar, bhí cainteanna ag dul ar aghaidh ag an rialtas leis an dá nuachtán sheachtainiúla Gaeilge a bhí á bhfoilsiú ag an am – Inniu agus Amárach – chun deontas do na nuachtáin a shocrú.  Bord na Gaeilge a bhí i mbun na gcainteanna seo ar son an rialtais, agus bhí an Bord ag iarraidh go ndéanfaí comhnascadh idir an dá nuachtán agus go ndéanfaí maoiniú ceart ar nuachtán amháin.  Agus na cainteanna seo ag dul ar aghaidh, fógraíodh conradh i gcomhair nuachtán nua seachtainiúil – rud nach raibh aon súil ag lucht Inniu Amárach leis.  Bhuaigh Gael-Linn an conradh don nuachtán nua, agus tháinig an chéad eagrán de Anois amach an 2 Meán Fómhair, 1984.  Is mar seo a leanas a rinne Proinsias Mac an Bheatha cur síos ar imeachtaí na réamhthréimhse seo in I dTreo na Gréine (g.d.: 46 & 49)[1]:

Chreid lucht Inniu ‘gur nuachtán náisiúnta ina bpléifí gach ceist náisiúnta agus idir-náisiúnta an cuspóir a bhí ag Inniu…Cuspóir Ghaeltachta a bhí ag Amárach agus cuspóir teanga; cuspóir náisiúnta agus atógáil na hÉireann a bhí ag Inniu – cuspóir a raibh gnéithe eacnamaíochta agus sóisialta, polaitiúla agus morálta agus eile aige chomh maith le gné na teanga…

Agus ansin lá amháin i mí Dheireadh Fómhair, 1983, gan focal a rá linn roimh ré chuir an Roinn fógra sna nuachtáin laethúla go raibh tairiscintí á lorg acu ó dhaoine le páipéar seachtainiúil nua Gaeilge a fhoilsiú.  Nuair a d’fhiosraíomar ina thaobh dúirt an Roinn linn go bhféadfaimis féin tairiscint a chur isteach.  Chuireamar tairiscint isteach agus chuir seacht ndream eile tairiscintí isteach…Bhí a fhios againn, ar ndóigh, go raibh sé beartaithe ag an Roinn deireadh a chur le Inniu.  Agus bhí tuairim againn cé a bhí i gceist acu leis an pháipéar nua a fhoilsiú…

Sular foilsíodh an chéad eagrán de Anois, scríobh Dónall Ó Móráin an méid thíos in Comhar (Lúnasa, 1984: 7), faoin nuachtán nua a bhí le teacht ar an saol go gairid ina dhiaidh sin:

Tá rud an-tábhachtach breise le rá faoin ábhar léitheoireachta a bheidh in Anois.  Ní bheadh trácht ar fhoilseachán mar é murach an ghluaiseacht um chaomhnú na Gaeltachta agus um athbheochan na Gaeilge.  Is beag léitheoir nach suim léi/leis an Ghaeltacht féin agus staid na Gaeilge sa chuid eile den tír.  Caithfidh Anois freastal ar fónamh ar an tsuim leathan sin.

Tagann an cur chuige seo salach ar an gcur chuige a bhí ag Ciarán Ó Nualláin nuair a tosaíodh ar Inniu a fhoilsiú in 1943.  Bhí sí mar aidhm ag an Nuallánach cúrsaí Gaeilge, agus cúrsaí ghluaiseacht na Gaeilge a sheachaint oiread agus ab fhéidir ar Inniu, agus cé nár cloíodh i gcónaí leis an bprionsabal sin, bhí sé lárnach i bhfealsúnacht an Nuallánaigh. 

Chuir a chuma nua-aimseartha le rath Anois ag an tús mar gur ceannaíodh an nuachtán as fiosracht.  Sa nuachtán , (3 Meán Fómhair, 1984), luadh foilsiú Anois, ach rinneadh gearán nach raibh sé ar fáil sna sé chontae.  An tseachtain dar gcionn, áfach (10 Meán Fómhair, 1984), in alt dar teideal ‘Moladh Mór do Anois’ dúradh an méid thíos faoin bhfoilseachán nua:

Tá moladh tuillte ag Dónall Ó Móráin, Bibi Baskin agus foireann iomlán Anois as ucht an nuachtáin bheomhair ghleoite atá á chur ará fáil acu gach Domhnach.  Tá an dara heagrán níos fearr fós ná an chéad cheann agus gach dealramh ar an scéal gur ag dul i bhfeabhas a bheas sé amach anseo…

Rinneadh baghchat ar an nuachtán i gConamara, áfach, agus is cinnte gur bhain míshuaimhneas le bunú Anois mar gheall gur tháinig deireadh le Inniu agus Amárach lena bhunú.  Is léir gur thuig lucht Anois go raibh an míshásamh seo ann, agus déantar tagairt indíreach dó sa chéad eagrán den nuachtán (2 Meán Fómhair, 1984: 3).  Deirtear san eagarfhocal:

Níor thángamar ar an saol d'fhonn foilsiúchán ar bith eile a dhíchur.  Ní raibh a leithéid de pholasaí riamh againn – agus ní bheidh.  Dar linn, níl a leath dóthain irisí Gaeilge á bhfoilsiú faoi mar atá.  Rud é seo a bheidh á rá go tréan agus go rialta againn amach anseo.

Ní rud gnáthach é eagarfhocal a bheith ar Anois, ar ndóighDeirtear i gcéadeagrán an nuachtáin:

Eagarfhocal é seo chun a chur in iúl nach mbeidh foilsiú eagarfhocail ina ghnáthnós againn; níl de dhánacht ionainn a mheas go mbeadh rud bunúsach le cur i láthair againn gach seachtain faoi chúrsaí an tsaoil mhóir. 

Luadh, áfach, go mbeadh an spás á thairiscint acu ar an nuachtán gach seachtain do dhaoine ar mhaith leo a gcuid smaointe féin ar cheisteanna áirithe a chur in iúl.  Ceist chigilteach an easpa eagarfhocail, áfach, mar go dtugann eagarfhocal léargas ar mheon foilseacháin.  Shíl Risteárd Ó Glaisne, go deimhin, gur mhór dearcadh láidir a bheith ag eagarthóirí nuachtáin, agus mhaígh sé (Ní Uigín, 2017: 79):

An té nach gcreideann i rud ar bith…ar cuma éigin bhí an easpa sainmhínithe i gceist…agus ní thugann sé sin seans duit do chuid sainmhínithe féin a oibriú amach – rud a dhéanann tú má tá tú ag streachailt leis an duine… (Agallamh, Nollaig 1992)

Léirigh sé laigeacht i dtaca le lucht bunaithe Anois nach raibh siad sásta aon pholasaí eagarthóireachta ar leith a leagan síos ná a léiriú ar an nuachtán.

In ainneoin shéanadh Uí Mhóráin thuas maidir le foilseacháin eile a ‘dhíchur’, d’fhan an míshuaimhneas i measc cainteoirí Gaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht faoin gcaoi ar tháinig Anois ar an saol.  In aitheasc Phroinsias Uí Chonluain (a raibh baint aige le Glúin na Buaidhe agus a scríobhadh ailt faoi chúrsaí scannánaíochta ar Inniu), mar Uachtarán ar an Oireachtas in 1984, mar shampla, dúirt sé an méid thíos:

Chuala muid i rith na bliana Aire na Gaeltachta agus Cathaoirleach Bhord na Gaeilge ag maíomh as an dul chun cinn a bhí déanta acu agus ‘an sprioc tábhachtach a baineadh’ amach nuair a chin an tAire ‘ar sholáthar a dhéanamh do nuachtán nua Gaeilge ó Mheán Fómhair amach’.  Níor luaigh ceachtar acu go raibh dhá pháipéar Gaeilge a gcur chun báis le tús a chur leis an cheann nua.  Anois tá eagarthóir agus bainistoir agus foireann Inniu ar an ‘dole’ agus gan socrú ceart ar bith déanta ar a son den chineál a gheall Aire na Gaeltachta nuair a bhí tua an bháis á bagairt agige an chéad uair.  Creidim go ndearnadh tairiscint éigin le deireanaí atá suarach go maith agus nach bhfuil ag cur ar dhóigh a bith lena mbeadh tuillte ag foireann Inniu i ndiaidh a saothair ar feadh corradh le daichead bliain.

Eagarthóirí & Scríbhneoirí Anois:

Ba í Bibi Baskin céadeagarthóir Anois.  Bhí sí ina heagarthóir ar an nuachtán go dtí Deireadh Fómhair 1985, agus ina colúnaí air ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin, agus colún den ainm ‘Seilfsmaointe’ aici.  Ba bheag taithí iriseoireachta ná eagarthóireachta a bhí ag Bibi Baskin, ach chuir a ceapachán leis an íomhá nua-aimseartha, nuafhaiseanta a bhí lucht Anois ag iarraidh a chruthú don nuachtán agus bhí, ar ndóigh, cumas maith scríbhneoireachta inti.  Ceapadh an file agus fear léinn Tomás Mac Síomóin ina eagarthóir ar Anois ina diaidh, i mí Dheireadh Fómhair, 1985.  Ar na scríbhneoirí eile a bhí ag scríobh ar an nuachtán sna blianta luatha seo bhí Cathal Póirtéir, Gabriel Rosenstock, Fiachra Ó Marcaigh agus Conall Ó Móráin.  Bhí colún rialta ag Proinsias Mac Aonghusa agus ag Micheál Ó Muircheartaigh ar an bpáipéar agus scríobhadh an Móránach féin ‘colún aoire’ faoin ainm cleite ‘Briciú’ ar Anois.  Dar le Mairéad Ní Chinnéide (2017: 123) gur ‘Cuireadh deireadh leis an cholún nuair a rinne Roinn na Gaeltachta gearán faoi.’

Ba é Mícheál Ó Cearúil a ghlac áit Thomáis Mhic Shíomóin mar eagarthóir ar Anois.  Bhí sé ina eagarthóir ar Comhar roimhe sin, ach ní fada a d’fhan sé i mbun eagarthóireachta ar Anois, agus ar eagrán Dheireadh Fómhair 1991, de Comhar (4), luadh:

Ardaíonn imeacht Mhíchil Uí Chearúil ó eagarthóireacht Anois ceisteanna bunúsacha faoin mbainisteoireacht atá á déanamh ar iriseoireacht na Gaeilge.  Dar le (12/9/1991) ’is eol go raibh an caidreamh eatarthu (an Cearúlach agus Dónall Ó Móráin, Stiúrthóir Bainistí Anois) go dona le tamall anuas, cionn is go raibh an tUas. Ó Cearúil míshásta lena laghad áiseanna is airgid a bhí á chur ar fáil ag an Mhóránach d’fhorbairt an pháipéir.

Tháinig Bernard Harris i gcomharba ar Mhícheál Ó Cearúil mar eagarthóir an nuachtáin.  Luann Mairéad Ní Chinnéide (2017: 125–6):

Níor chabhraigh cur chuige bhainisteoir Anois chun eagarthóirí a choimeád ná chun meanma na foirne a chothú.  Ba mhinic easaontas idir é agus iad faoin ábhar a bhí le cur sa nuachtán.  Bhí na rátaí iocaíochta íseal agus bhíodh moill ar iad a íoc.

Bhí cás leabhair ann i 1989 a chosain £8,000 agus bhí fiacha £25,000 ar an nuachtán an bhliain dar gcionn.  Nuair a ceapadh Bernard Harris ina eagarthóir i 1991 bhí an díolachán tite go mór agus an nuachtán i gcruachas airgid…

I 1996 d’aistrigh Roinn na Gaeltachta cúram mhaoiniú (127) na n-irisí Gaeilge do Bhord na Gaeilge agus d’fhógair siadsan go mbeidís ag lorg tairiscinti poiblí do nuachtán seachtainiúl Gaeilge.  Bíodh gur chaith bord Anois Teoranta mórchuid dua le hullmhú iarratais sa bheagán ama a tugadh dóibh, theip orthu an conradh a fháil…

In alt ar Lá, (24 Meitheamh, 1993), dúirt Diarmuid Ó Gráinne faoi Dhónall Ó Móráin gur ‘fear a chuirfeadh an Genghis Khan in áit na leathphingine ó thaobh coimeádachais de…’ a bhí ann, agus tar éis a bháis dúirt Proinsias Mac Aonghusa an méid thíos faoin gcaoi a ndearna sé bainistíocht ar lucht eagair agus scríofa an nuachtáin (Foinse, 25 Samhain, 2001).:

B’fhéidir gur chuir sé a ladar féin ró-mhor in obair Anois agus nár thug sé deis do na heagarthóirí éagsúla a bhí ar an iris.  Ní duine é Dónall Ó Móráin a thabharfadh mórán cead a gcinn dóibh siúd a bhí ag obair faoina stiúir.  Má bhí locht air, b’in é é.

Ábhar an Nuachtáin

Ba dheacair do Anois nuacht reatha náisiúnta ná idirnáisiúnta a chur ar fáil, agus bhíodh an nuachtán ag brath cuid mhór ar phreasráitis agus ar ábhar ó nuachtáin eile do na hailt ar Anois.  Mhínigh Dónall Ó Móráin, (Agallamh, Bealtaine, 1993), go léadh sé ar a laghad ceithre nuachtán déag in aghaidh an lae, nuair a bhí Anois á fhoilsiú, agus go bpiocadh sé amach aon phíosaí a cheapann sé a bheadh spéisiúil do lucht léitheoireachta Anois.  D’aithin léitheoirí an cur chuige seo agus dúirt Conall Van Doren in (2 Meán Fómhair, 1993) an méid seo thíos faoi:

Tá an t-iriseán Anois chomh mífhóirsteanach don mhargadh agus a bhí riamh, é bog lán le píosaí aistriúcháin as irisí Sasanacha, mar dh’ea gur le ‘comhfhreagraithe’ éagsúla iad nó iad faoi ainmneacha cleite ach gur léir ón stíl gur le haistritheoir amháin iad go léir.

Mhol sé Mícheál Mac Aonghusa a ceapadh ar an bhfoireann in 1986, áfach, agus dúirt:

…bíonn ‘Comhad Cathrach’ thar cionn i dtólamh ag Mícheál Mac Aonghusa, ar duine de na scríbhneoirí próis is fearr dá bhfuil againn faoi láthair é.  Bíonn idir throm agus éadrom aige, é i gcónai údarásach, eolgaiseach, ealaíonta.

Iriseoir éirimiúiil léannta a bhfuil croí agus anam ann.  Faraor, nár fágadh Mícheál i mbun eagarthóireacht na hirise agus nach dtéann Deainí agus Beirní amach a díol…

Dónall Ó Móráin an ‘Deainí’, a luaitear thuas, agus Bernard Harris an ‘Beirní’. 

Rinneadh gearán faoin easpa nuachta ar Anois in Comhar freisin (Feabhra, 1993); deir ‘An Fiosróir Náisiúnta’ an méid seo thíos faoin gceist:

Ag nochtú an ghléas spreagtha nua[2] le tuilleadh focal per leathanach a mhealladh as iriseoirí Anois, dúirt an Commissar Dónall Ó Móráin go méadófaí tuarastal na n-oibrithe láithreach.

‘Dáilfear dhá bhabhla ríse orthu an 1,000 focal as seo amach in áit aon bhabhla amháin,’ ar seisean.  ‘Ach tuigtear go scaoilfear éinne a thiteann faoin leibhéal sin trasna Pháirc an Fhionnuisce.’

Shéan an Commissar Ó Móráin tuairiscí go raibh pleananna aige alt nuachta a chur isteach sa pháipéar deiridh seachtaine roimh dheireadh an chéid.  ‘An duine deireannach a fuarthas ag iarraidh nuacht a shleamhnú isteach idir na torthaí feise agus mo phictiúrsa, dhíbir mé chuig an Ghulag Cathrach é’.

Bhí gearán den chineál céanna ag Uinsionn Mac Dubhghaill (1993a: 9) sa bhliain chéanna:

Anois, the newspaper by Gael-Linn with the help of some £3,000 of State funds each week, is a disgrace.  It contains little news or information, partly because it pays its contributors so badly, and even fails to keep its dwindling readership abreast of many developments relating to Irish.  Much of what passes for comment and analysis in the paper is little more than the myopic ramblings of Gaeilgeoirí who complain incessantly about what the State or various interest groups are or not doing for the language.

Anois is arís, bhíodh Anois chun tosaigh ar fhoileacháin eile le scéal nuachta, ach má bhí, rinneadh cinnte é sin a fhógairt ar an nuachtán.  Féach thíos an méid a scríobhadh ar eagrán 6 Eanáir, 1985, mar shampla:

Anois chun Tosaigh.

Ar 2 Nollaig thuairiscigh Anois go raibh an galar marfach A.I.D.S. tar éis an tír seo a shroiceadh.  Ní bhfuair na nuachtáin eile an scéal tábhachtach seo go ceann míosa ina dhiaidh sin.

Ar na scríbhneoirí rialta a scríobh ar Anois, bhí Proinsias Mac Aonghusa – a luadh thuas – a raibh alt ar Anois aige ó bunaíodh an nuachtán.  Bhíodh ailt ar chúrsaí teanga agus staire aige agus ailt tuairimíochta ar chúrsaí reatha.  Tá ailt leis faoi dhaoine mór le rá i saol na Gaeilge: Pádraig Ó Conaire (30 Lúnasa, 1987), agus Risteárd Ó Glaisne (25–26  Lúnasa, 1990) mar shampla, agus ar 12 Feabhra, 1989, foilsítear an t-aitheasc a thug sé le linn an Aifrinn Chuimhneacháin do Dhónall Mac Amhlaigh thiar ar an gCeathrú Rua.  Cé go bhfuil na hailt seo dea-scríofa, tá rian den seanghalar a bhain le go leor foilseachán Gaeilge ar na hailt seo – cainteoirí Gaeilge ag scríobh faoi chainteoirí Gaeilge agus á moladh.

Bhí an sagart agus úrscéalaí Pádraig Standún ag scríobh go rialta ar Anois ó 1987 amach.  Phléigh sé ceisteanna a bhain leis an nGaeltacht chomh maith le cúrsaí reatha, cúrsaí eaglaise ar uairibh agus cúrsaí litríochta freisin ó thráth go chéile.  Iarracht a bhí sna hailt seo macasamhail an róil a bhí ag Amárach, a bhí ina nuachtán Gaeltachta, a ghlacadh.

Tá roinnt alt, agus cúpla gearrscéal, le Dónall Mac Amhlaigh ar Anois ó thús 1987.  Ar aon dul leis na hailt leis ar Amárach agus ar Inniu, ba mhinic dó ag plé chúrsaí na nÉireannach i Sasana ar Anois – ‘Nollaig ar Deoraíocht’ (21 Nollaig, 1986) nó ‘Deoraíocht sa Bhreatain ina chontúirt do do Shláinte?’ (17 Aibreán, 1988), mar shampla.  Ar 5 Feabhra, 1989, áfach, fógraíodh ar Anois go raibh Dónall Mac Amhlaigh tar éis bás a fháil, agus deirtear an méid seo faoi:

Bhí a chuid alt in Anois ar an tuairisceoireacht ba ghéarchúisí dár fhoilsíomar ó thosaigh an páipéar.  Mar iriseoir bhí sé gairmiúil go smior.  B’onóir dúinn a bheith bainteach leis.

Fear ciúin umhal cuirtéiseach a bhí i nDónall Mac Amhlaigh.  Bhí carthanacht gan teorainn ag roinnt leis.  B'iontach an tuiscint a bhí aige do dhaoine.

Ar 29 Meán Fómhair, 1985, cuireadh tús le colún ar chúrsaí spioradálta ar Anois.  Tá ‘Machnamh an Domhnaigh’ leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta le fáil go seachtainiúil as sin amach go dtí tús 1990 nuair a fógraíodh ar an nuachtán go raibh taom croí ag an Athair Ó Fiannachta.  Cuireadh tús le colún nua le ‘Savanarola’ ar chúrsaí spioradálta ar 4 Márta, áfach.

Tá na ‘Réaltaí’ ar fáil ar Anois ón tús; féictear ainm Ingrid Gill leo ó 30 Meán Fómhair, 1984 amach go dtí 1986.  Tá ainm Bhiddy Early ag dul leo ó 22 Meitheamh, 1986, ach tá deireadh tagtha leo roimh dheireadh 1988.  Iarracht eile a bhí anseo chun cuma nua-aimseartha a chur ar an bhfoilseachán.

Ó 1990 amach, tá ailt rialta le Mel L. Brennan ar ­Anois – ailt dhea-scríofa atá iontu seo den chuid is mó ar ábhair ilghnéitheacha, agus in 1992–93, tá cuid mhór alt le Dáithí Ó hÓgáin – cúrsaí staire nó cúrsaí béaloideasa á bplé go minic aige.

Tá corr-ghearrscéal le Pádraig Breathnach agus dánta le filí éagsúla ar an nuachtán.  Rinneadh an t-uafás léirmheastóireachta ar an nuachtán i gcolún den teideal ‘Léite Pléite’.  Alan Titley, Tomás Mac Síomóin, Nollaig Ó Gadhra, Risteárd Ó Glaisne, Pádraig Ó Snodaigh, Ré Ó Laighléis, agus daoine eile nach iad a bhí i mbun na léirmheastóireachta.  Is cinnte gur bhain luach leis na léirmheasanna seo le treoir a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge agus le hugach a thabhairt do scríbhneoirí óga.

Bhí colún bríomhar ceoil le Ruaidhrí Ó Báille ar Anois ón tús.  Colún ar an bpopcheol a bhí anseo, agus é ar cheann de na colúin is fearr ar an nuachtán.  Colún nua-aimseartha, beo a bhí ann.  Bhí alt eile ar chúrsaí ceoil ar Anois freisin‘Dúdaireacht’ leis an ‘Troubadóir’ – ar cuireadh tús leis in 1987.  Ceol na hÉireann agus ceol tíre a phléitear sa cholún seo, agus fógraítear ceolchoirmeacha agus seisiúin cheoil ann.  Tháinig deireadh leis an gcolún áirithe seo ag deireadh 1990, ach i lár 1991, cuirtear tús le ‘Tionlacan’ le Seán Éinnú, inar pléadh ceol na hÉireann freisin.

Ó tosaíodh ar Anois a fhoilsiú, bhí ábhar do pháistí le fáil ar an nuachtán.  Bhí cartúin dhaite le fáil ar an gcéadeagrán, agus ‘Cé Rinn É?’ – ceacht bleachtaireachta le Cathal Ó Sandair (a raibh alt rialta leis ar Inniu ar feadh na mblianta.)  Chomh maith leis sin bhí colún den ainm ‘Súil ar Scolaíocht’ inar pléadh cúrsaí oideachais.  Níor mhair ‘Súil ar Scolaíocht’ i bhfad, agus níl alt Chathail Uí Shandair le fáil ar an nuachtán ach go dtí 1986.  Ar eagrán 20 Meán Fómhair, 1987, áfach, bhí fógra ar Anois i gcomhair ‘Áis Nua do Dhaltaí – An Dréimire’.  Forlíonadh ocht leathanach a bhí anseo, agus foilsíodh seacht n-eagrán de in aghaidh na scoilbhliana.  Bhí díolaíocht mhór air seo sna scoileanna agus chuir sé seo go mór le teacht isteach an nuachtáin.  Ach oiread leis an ábhar oideachasúil a bhí ar fáil ar leathanaigh Inniu roimhe, bhí tóir ar an ábhar seo i measc múinteoirí agus daltaí scoile

Bhí ailt spóirt ar Anois ón tús, agus ailt dea-scríofa, chumasacha atá iontu.  Mícheál Ó Muircheartaigh, an comhfhreagraí ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael a bhí ag an nuachtán, agus bhíodh ailt le Rónan Ó Conaill ar chúrsaí sacair ar Anois mar aon le hailt ar chúrsaí rugbaí le Diarmaid Ó Gráinne agus leideanna rásaíochta le Shane McCann. 

D’admhaigh Dónall Ó Móráin féin, in agallamh a rinne sé in 1992, nach raibh tóir mhór ar Anois sa Ghaeltacht.  Bhíodh Ar Aghaidh agus Amárach á léamh ar bhonn i bhfad ní b’fhorleithne ar fud na Gaeltachta ná mar a bhí Anois.  Go luath tar éis a bhunaithe, léiríodh míshásamh leis an nuachtán i measc lucht Gaeltachta – luadh an baghchat thuas – agus rinneadh cuid mhór gearáin mar gheall ar an bpáipéar.  Tá litir ar Anois, 9 Nollaig, 1984, ó léitheoir – Antaine Ua Caollaidhe – faoin ábhar seo agus molann sé:

Mar bhuille scoir, teachtaireacht uaim chugaibhse atá i mbun agóide.  Fásaigí suas, agus déanaigí gníomh de réir bhur n-aoise agus ligigí do lucht foilsithe agus eagarthóireachta an pháipéir seo a ngnó a dhéanamh gan cur isteach ó lucht na raiméise.

Meon an Nuachtán

Táiblóideachas nó gáifeachas a bhí le brath go láidir ar Anois, agus seachas obair na ndaoine a sonraíodh thuas ní raibh an iriseoireacht á saothrú ar chaighdeán ard ar an nuachtán.  Líonadh spás go saor agus go héasca – le féilirí d’imeachtaí Gaelacha, nó óráidí ó imeachtaí Gaelacha &rl.  Bhíodh grianghraif mhóra ar an gcéad leathanach nach mbíodh aon bhaint acu go minic le scéal ar bith a bhí sa nuachtán, ach cuireadh ann iad leis an tsúil a mhealladh.    Is í foirmle an Sun a lean Anois, ach níor oibrigh an fhoirmle seo i gcás léitheoirí na Gaeilge.  Lucht meán-aicmeach ab ea tromlach na léitheoirí Gaeilge ag an am – agus anois fós go deimhin.

Focal Scoir

Cé go raibh léitheoirí na Gaeilge ag súil le nuachtán ar ardchaighdeán ó lucht bunaithe Anois, ba léir, tar éis píosa, nár leor na pictiúir dhaite ar leathanaigh an pháipéir chun lucht léitheoireachta dílis a chothú.  Ní raibh seirbhís nuachta mhaith á soláthar ag an nuachtán, agus cloíodh go rómhinic le tuairisceoireacht ar imeachtaí Gaelacha ann, agus ar aistriúcháin ar scéalta i bhfoilseacháin Bhéarla.  Dúradh in An tUltach (1984: 25):

Dá fhreacnairce an páipéar úr, b’fhearr liom Inniu: Le Monde na Gaeilge a bhí ann san áit is gurb é Anois Sun na Gaeilge.  Más í Anois aghaidh nua na Gaeilge, tá aghaidh fidil de dhíth go práinneach ar an teanga.

In 1993, bhí an méid seo le léamh ar Comhar, (Meitheamh: 7) in ‘Eadrainn’:

Is breá linn mar atá ag éirí le foireann nuachtán seachtainiúil a chur ar fáil agus tréaslaímid a gcuid oibre leo.  Níl aon amhras ann anois ach gurb é príomhnuachtán na Gaeilge anois agus táimid ag súil go rachaidh sé ó neart go neart.

Bhí a leithéid ag teastáil go gear le tamall ó thosaigh caighdeán Anois ag titim go tubaisteach agus ó d’éirigh sé as bheith ag soláthair ábhar ina gcuirfeadh mórán de phobal na Gaeilge spéis.  Is port é seo a chloisimid ó sciar nach beag den phobal céanna agus is trua linn go bhfuil fianaise ár gcuid súl féin ag teacht leis.  Ní feasach muid cén saghas polasaí eagarthóireachta atá ag Anois ach, colúin cosúil le Comhad Cathrach le Mícheál Mac Aonghs a fhágáil as an áireamh, abair, is léir go bhfuil foireann níos congaraí, ar an morgóir, do chuisle an phobail ná mar atá a mbráithre i gCearnóg Mhuirfean.

Nílimid ag rá go bhfil foirfe.  Bíonn caighdeán atáirgthe na ngrianghrafanna ann go dona, abair – ach is locht inleigheasta é sin a bhaineann, maille leis na lochtanna eile, le gannchuid acmhainní.  Ach tá éirithe le colúnaithe a mhealladh a mbíonn nithe dúshlánacha spéisiúla le rá acu i gcónaí agus bíonn ilghnéitheacht ag baint leis an réimse nuachta a chlúdaítear.  Agus níl sárú Róisín Barr ag Anois le hanailís réalaíoch ghéarchúiseach ar chúrsaí na huaire – idir náisiúnta agus idirnáisiúnta – a chur ar fáil.  Bíonn a leithéid d’aicsean bunúsach do nueachtán seachtainiúil agus níor mhiste do an ghné sin d’obair an nuachtáin a leathnú.

Ardaíonn an rath atá ar nua seo ceisteanna an-mhóra (sic) faoi thodhchaí Anois, atá ag fáil tacaíocht mhór ó Roinn na Gaeltachta i gcónaí.  Chruthaigh an iarracht a rinne nuachtán lae a chur ar fáil nach bhfuil margadh sách mór ann chun a leithéid a chothú faoi láthair.  Sa ghnáthchaoi, d’fháilteoimis roimh chomórtas idir dhá nuachtán sheachainiúla ar nós agus Anois ach sílimid nach bhfuil an margadh mór a dhóthair chun a leithéid a iompar.

Sa chomhthéacs nua atá cruthaithe ag an seachtainiúil, ní foláir do Roinn na Gaeltachta féile a gcuid tacaíochta d’Anois – £3000 in aghaidh na seachtaine, cé gur doiligh é a chreidiúint ach torthaí an chaiteachais úd a mheas – a athmheas agus a bheith ag smaoineamh ar shocruithe nua a chinnteoidh go mbeidh nueachtán seachtainiúil amháín ar fáil a shásóidh pobal na Gaeilge.

Ar an bhfianaise atá ar fáil, sílim dá mbeadh fuinneamh agus cumas foireann pósta le hacmhainní Anois, go bhféadfadh réiteach éifeachtach a bheith ar an bhfadhb ansin ag Roinn na Gaeltachta.  Caithfidh cibé cinneadh a dhéanfaidh an Roinn a chur san áireamh go bhfuil an tacaíocht mhór atá á tabhairt aici d’Anois curtha faoi spotsholas phobal na Gaeilge ag rathúnas , ag a bhfuil obair níos fearr á dhéanamh ar airgead níos lú.

Faraor nár tharla an pósadh seo agus nach ag ceiliúradh na bainise ó shin atáimid.


[1] Is fiú freisin cur síos Mhairéad Ní Chinnéide in Scéal Ghael-Linn a léamh freisin (22): ‘Faoi 1982 bhí an nuachtán Inniu, a bhí ann le dhá scór bliain, beo ar éigean ceal acmhainní agus iriseoirí.  An bhliain chéanna cuireadh deireadh leis an deontas don nuachtán Gaeltachta Amárach a bhí lonnaithe i gConamara ó 1980 agus díolachán réasúnta aige sa Ghaeltacht.  Ansin, i 1983, d’fhógair Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail, próiseas tairisceana chun nuachtán seachtainiúil Gaeilge a fhoilsiú, ceann a dhéanfadh freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus ar chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre.

Chuir an Móránach grúpa le chéile chun iarratas a ullmhú.  Fuair sé cabhair agus comhairle ó Shéamas McConville, eagarthóir The Kerryman.  Nuachtán tabloideach, ildaite dar teideal Anois a bhí i gceist ag an ghrúpa agus bhí socraithe go mbeadh áiseanna an Sunday World ar fáil chun é a leagan amach agus a chur i gcló.  Roghnaíodh Anois as seacht dtairiscint.  An 14 Márta, 1984 síníodh an conradh idir Aire na Gaeltachta, agus Dónall Ó Móráin, thar ceann Anois Teoranta.

Fochomhlacht de chuid Ghael-Linn ab ea Anois Teoranta, a raibh Bord Stiúrtha agus cuideachta dá chuid féin aige.  Bhí deontas bliantúil £124,800 aige ó Roinn na Gaeltachta agus bhíothas ag súil costais eile a chlúdach ó ioncam fógraíochta agus ó dhíolachán…’

[2] Bhí pictiúr de chanóin ag dul leis an alt, agus sin an ‘gléas spreagtha’ a bhí i gceist.

Leabharliosta: 

Leabhair

Douglas, R.M., (2009) Architects of the Insurrection: Ailtirí na hAiséirighe and fascist ‘new order’ in Ireland.  Manchain: Manchester University Press.

Mac an Bheatha, P., (1967) Téid Focal le Gaoith. BÁC: FNT.

Mac an Bheatha, P., (1983) Téann Buille le Cnámh. BÁC: FNT.

Mac an Bheatha, P., (gd) I dTreo na Gréine.  BÁC: FNT.

Ní Chinnéide, M., (2013) Scéal Ghael-Linn.  Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Duibhginn, S., (1962) Ag Scaoileadh Sceoil.  Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.

Ó Duibhginn, S., (1982) Tuairisc.  Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.

Ó hUid, T., (1960) Ar Thóir mo Shealbha.  Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó hUid, T., (1985) Faoi Ghlas. Cathair na Mart: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ailt

de Bhaldraithe, T., (1985) ‘Bunú Comhar.’  An Comhchaidreamh, Crann a Chraobhaigh. Eag.: S. Ó hAnnracháin.  Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.  24–9.

de Creag, A., (1984) Alt ar , 20 Lúnasa.

‘Eadrainn’, (1991) ‘Na Meáin.’  Comhar, Deireadh Fómhair.  4

‘Guaire’, (1984) ‘Inniu, Lá agus Anois.’  An tUltach. Deireadh Fómhair, 25.

Hutton, S., (1989) ‘Dónall Mac Amhlaigh, 1926–1989; An appreciation of the Man and his Writings.’  Irish Studies in Britain. (Uimh. 14, Earrach/Samhradh) 5–6.

Mac an Bheatha, P., (1985) ‘Gaeilge Uladh i mBaile Átha Cliath.’  An tUltach.  Nollaig.  20.

Mac Aonghusa, P., (1991) ‘Ní raibh leath an bhealaigh sách fada don Chuinneagánach.’  Anois.  Lúnasa.  24–25.

Mac Dubhghaill, U., (1993a) ‘D’imigh a lá.’  The Irish Reporter.  Uimh. 1, 3rd Quarter.   8–10.

Mac Dubhghaill, U., (1993b) ‘Tuarascáil.’  The Irish Times.  12 Bealtaine.

Ní Uigín, D., (1992) ‘Deirdre.’ An tUltach. Nollaig, 34–9.

Ní Uigín, D., (1995a) ‘Amárach: Nuachtán faoi bhreith an bháis ón tús’. Comhar, Márta & Bealtaine.  18–21, 15–8. 

Ní Uigín, D., (1995b) ‘Craobh na hAiséirí, Glún na Buaidhe agus Bunú Inniu.’ Irisleabhar Mhá Nuad.  75–110.

Ní Uigín, D., (2017) ‘Risteárd Ó Glaisne: Ceannródaí Iriseoireachta’. An Reiviú.  77–88.  (https://doi.org/10.13025/rjdf-2811).

Nic Eoin, M., (1990) ‘An Scríbhneoir agus an Imirce Éigeantach:  Scrúdú ar Shaothar Cruthaitheach Dhónaill Mhic Amhlaigh.’  Oghma 2.  BÁC:  Foilseacháin Oghma.  92–104.

Nic Pháidín, C., (1987) ‘Na hIrisí Gaeilge.’  300 Years of Irish Periodicals.  Eag.: B. Hayley & E. McKay.  Baile Átha Cliath: Lilliput Press.  68–85.

Ó Cairealláin, G., (1993) ‘Stairsheanachas .  Lá.  11 Feabhra.  7.

Ó Conluain, P., (1984) Aitheasc mar Uachtarán ar an Oireachtas.  An tUltach.  Mí na Nollag.  3–4.

Ó Flathartaigh, M., (1985) ‘Bunú an Chomhchaidrimh,’ An Comhchaidreamh, Crann a Chraobhaigh. Eag.: S. Ó hAnnracháin.   Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.  17–24.

Ó Gadhra, N., (1975) ‘Nuachtán Gaeltachta?’  Comhar, Iúil.  14–6.

Ó Glaisne, R., (1982) ‘Plan to amalgamate Irish papers opposed’.  The Irish Times.  10 Meitheamh.

Ó Glaisne, R., (1983) ‘Mó Léirmheas ar Inniu’. Inniu. Márta. 49.

Ó hEithir, B., (1985) ‘Seal i m'Eagarthóir.’  An Comhchaidreamh, Crann a Chraobhaigh. Eag.: S. Ó hAnnracháin.   Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.  48–55.

Ó hUid, T., (1984) ‘Nuachtán Náisiúnta na nGael.’  Comhar.  Meán Fómhair.  6–7.

Ó Móráin, D., (1984) ‘Anois.’  Comhar.  Lúnasa.  7.

Ó Móráin, D., (1984) ‘Múscailt Misnigh.’  An Comhchaidreamh, Crann a Chraobhaigh. Eag.: S. Ó hAnnracháin.   Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.  38–47.

Ó Murchú, M., (1984) ‘Nuachtáin.’  An tUltach.  Mí na Nollag.  7–10.

Nuachtáin

Amárach

Anois

Inniu

Agallamh

Ó Móráin, D.; Bealtaine, 1993.