Céim ar an Bhealach: spléachadh ar an chéad chaibidil de Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna

Padaí de Bléine
Topaic(í): 

A great book begins with an idea; a great life with a determination. (L’Amour, 1989:3)

Cé gur foilsíodh Mo Bhealach Féin den chéad uair sa bhliain 1940, tá ailt á scríobh agus cláir raidió agus teilifíse á ndéanamh fós ar an saothar tábhachtach seo.  Is é an aidhm atá leis an alt seo ná cuidiú leis an té a rachaidh i mbun an leabhair den chéad uair lena bhealach a éascú isteach ann.  Cuireann Mac an Bheatha (1970: 54) síos ar Mo Bhealach Féin mar leabhar aoncharachtair, ach deir sé fosta nach aon locht ar leabhar é nach bhfuil ann ach an t-aon charachtar amháin, fad is atá an duine sin suimiúil, agus is cinnte go bhfuil Seosamh Mac Grianna an-suimiúil mar dhuine agus mar scríbhneoir.  Go dearfa, maíonn Mac an Bheatha go bhfuil na chéad trí chaibidil de Mo Bhealach Féin ar na próis is fearr dár scríobhadh riamh sa Ghaeilge.

Ach cad iad na tréithe atá de dhíth ar chéad chaibidil de leabhar leis an léitheoir a mhealladh?  Dar le Bradshaw (2016), tá seacht dtréith de dhíth leis an léitheoir a mhealladh sa chéad chaibidil.  Deir sí go bhfuil líne mhaith nó paragraf maith de dhíth le tús a chur léi, carachtar suimiúil, guth láidir, suíomh maith, coimhlint, smaointe le suim a mhúscailt sa léitheoir agus díograis an scríbhneora.  Is léir go n-áirítear na tréithe uile seo sa chéad chaibidil de Mo Bhealach Féin.  Sa chéad líne den chéad chaibidil, tá oscailt ar dóigh againn agus guth láidir ag labhairt go díreach linn.  Osclaíonn Mac Grianna (1940: 5) a dhírbheathaisnéis leis an focail, ‘Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach, creid mise ní searbh atá sí ach garbh agus sin an fáth a seachantar í.’  Léiríonn an t-údar scoilt agus coimhlint idir ‘siad’ agus ‘mise’ agus láithreach bonn músclaítear suim an léitheora.  Deir Kiberd (1993: 173-4) go mbaineann sé úsáid as an seanfhocal d’aon ghnó lena rá leis an léitheoir go bhfuil sé ag dul a bheith difriúil leis na scríbhneoirí a thaistil an bealach roimhe, amhail Thomáis Uí Chriomthain, Mhuiris Uí Suilleabháin agus Peig Sayers a d’úsáideadh na seanfhocail go minic agus a bhíodh i gcónaí ag aontú le nath ciotianta an phobail.

Pléascann sé an seanfhocal sa chéad abairt – agus tá sé mar a bheadh comhcheilg rúnda idir Seosamh agus an léitheoir i gcoinne an domhain mhóir ina dhiaidh sin. (Kiberd, 1993:174)  

Leis an oscailt phléascach sin tá Mac Grianna á scarúint féin ón ghnáthphobal agus ag labhairt go díreach leis an léitheoir.  Creideann Deane (1977: 58) go bhfuil bua ó nádúr aige agus go bhfuil sé an-éirimiúil thar chách agus scartha scoilte ón slua dá bharr, ach go bhfuil sé ar lorg na fírinne sa saol:

By virtue of this truly gifted, the people most in contact with that which is eternally true would always be isolates, rejected by and rejecting the material benefits of this world, seeking instead, in nature and in the vagaries of the human personality, the truth which is avoided by most people.

Aontaíonn Ó Muirí (1999: 161) le Deane agus ríomhann seisean go bhfuil Mac Grianna ar lorg an tsoithigh naofa agus na fírinne a sheachnaíonn an mhórchuid de na daoine agus go gcuireann an léitheoir suim ann cionn is go bhfuil sé difriúil leis na scríbhneoirí eile.  Ní leanfaidh Mac Grianna conair an choinbhinsiúin ná an gnáthbhealach i dtaca lena shaol féin agus lena chuid scríbhneoireachta féin. Ina ionad sin, scaoilfidh sé é féin saor ó laincisí an bhéaloidis agus na seanfhocal ach bainfidh sé úsáid as an saibhreas atá aige agus as tobar theanga a mhuintire ach í a mhúnlú le guth a thabhairt dá shamhlaíocht féin.

Sna dírbheathaisnéisí a foilsíodh roimh Mo Bhealach Féin chuir na húdair síos ar uaisleacht na hoibre, ar ghleic na ndaoine agus cuireadh béim mhór ar shaibhreas agus ar sheanfhocail.  Is iad sin na tréithe sna dírbheathaisnéisí a d’fhoilsigh Tomás Ó Criomhthain, Muiris Ó Suilleabháin agus Peig Sayers ar mhunitir na mBlascaodaí.  Go deimhin, rinne Séamas Ó Grianna, deartháir le Seosamh, rinne seisean amhlaidh ina dhírbheathaisnéis féin Nuair a Bhí Mé Óg.  Léiríonn Mac Congáil (1990: 108) an difear idir an bheirt deartháireacha:

Ina chuid scríbhneoireachta bhí Séamas ag cloí go mór le béaloideas, le seanchas na ndaoine ar shaol an naoú céad déag, le breithiúnas na gcomharsan ar imeachtaí a chéile, agus ar eachtraí saolta a chuir cor i gcinniúint an duine. Ní sa tsaol sin a bhí suim ag Seosamh…Bhí a intinn lán staire agus seanlitríochta, i nGaeilge agus i mBéarla, agus ba mhian leis saoirse na spéire a ligean lena shamhlaíocht.  

Is follasach go raibh Seosamh difriúil lena dheartháir agus leis an ghlúin scríbhneoirí a d’fhoilsigh dírbheathaisnéisí roimhe.  Níor leor do Sheosamh an chonair nó an bealach a leag ‘siad’ síos ó aimsir na hAthbheochana anall a leanúint.  Ina áit sin, fógraíonn an chéad abairt sin go scaoilfidh sé é féin saor ó laincisí an traidisiúin; ó laincisí na seanfhocal agus ó laincisí an bhéaloidis – cé go n-úsáidfidh sé tréithe seo na teanga ar a bhealach féin agus ar bhealach úr ina shaothar.  Murab ionann Seosamh agus údair eile, rachaidh sé a bhealach féin agus cuartóidh sé an fhírinne mar a thuigeann sé féin í, mar a deir Ó Muirí (1999:161),

It is this belief in the rough nature of truth which propels Mac Grianna out into the world. He wants to find out what truth is and to find out how rough it actually is ‘the truth’ is avoided by most people. Mac Grianna sets himself the task of searching it out. This in itself is enough to make him different from the rest of his fellow countrymen.

Tá an méid sin soiléir ó theideal na dírbheathaisnéise – Mo Bhealach Féin – teideal a fuair sé, dála an scéil, ó ‘Éiric Bhuille gan Chosnamh’ a bhí ag uncail leis, Johnny Sheimisín Ó Dónaill, (Ó Dochartaigh, 1994: 53).  Cuireann Ó Tuama (1981: 157) síos ar an leabhar mar a bheadh úrscéal dírbheathaisnéiseach ann agus cuireann Titley (1991: 47) síos air mar:

Is mó fós den cheapadóireacht atá againn in Mo Bhealach Féin (1940) Sheosaimh Mhic Grianna a áirítear uaireanta mar dhírbheathaisnéis ach arb iad an díocas buile anama agus an mórtas fréasúrach spride nach réitíonn ach an oiread le socaire na faisnéise beatha na tréithe is géire a nochtaítear ann.

D’fhreagair Mac Grianna an dúshlán a shíl sé a bhí roimhe agus chuaigh sé a bhealach féin leis an scríbhneoireacht chruthaitheach.  Tá sé mar a bheadh ealaíontóir ann atá ag dul a bhaint úsáid as na cineálacha céanna péinte le bealach eile a chruthú leis an domhan a fheiceáil, nó mar a bheadh fíodóir ann atá ag dul a bhaint úsáid as na snátha céanna le patrún nua a chruthú. Ar ndóigh is fíodóir focal é agus cuirtear é seo in iúl don léitheoir sa chéad pharaghraf:

Is óg i mo shaol a chonaic mé uaim é, an ród sin a bhí le mo mhian, an bealach cas geal a raibh sleasa cnoc ar gach taobh de ba deise ná aon chnoc dá bhfuil i gceol; agus anál an aeir os a chionn a bhéarfadh bua ar aer an tsaoil mar bheir an fíon bua ar an uisce; agus seandroichid a bhí ag éisteacht le cogarnach srutha a fhad agus a théad an chéad mearchuimhne; agus bailte bánbhreaca idir neoin bhig agus béal maidne; agus clúideanna scíste a bhféadfainn suí iontu go n-aithnínn beo gach gas agus luibh iontu;’ (Mac Grianna, 1940: 5)

Téann an chéad pharaghraf seo i gcion go mór ar an léitheoir agus aithnítear láithreach ón athfhriotal thuas go bhfuil sé rithimeach fileata.  Dar le Uí Laighléis (2017: 188),  mhaígh Enrí Mac an Bhaird a bhí ag obair in An Gúm nuair a tugadh lámhscríbhinn Mo Bhealach Féin isteach, mhaígh seisean gurbh é an lámhscríbhinn ab fhearr é dár léigh sé i nGaeilge le fada an lá.  Dúirt Ó Conchubhair (2016: 145) gur téacs réabhlóideach radacach a bhí ann agus nach bhfacthas a leithéid roimhe.  Cheap Mac an Bheatha (1970: 56-7) go raibh an chéad pharaghraf sin chomh fileata agus a scríobhadh i nGaeilge riamh.  Mhaígh sé fosta:

An té a bhfuil a dhúil san fhilíocht, an té a bhfuil a thóir ar an áilleacht, an té a bhfuil ciall aige do bhinneas focal agus do chumas smaointe, is léir dá leithéid ón chéad abairt seo go bhfuil fear á chur féin inár láthair ar fiú éisteacht leis.

D’arsaigh an file T.S. Elliot gur chóir don fhilíocht cumarsáid a dhéanamh sula dtuigfí í agus is cinnte go ndéanann an chéad pharaghraf fileata seo teagmháil agus cumarsáid leis an léitheoir lena rithim fhileata.  Aithníonn an ceoltóir clúiteach Donal Lunny an ceol atá sna focail sa chéad pharaghraf agus scríobh sé fonn le dul leo, cé gur píosa próis atá ann.  Dúirt Donal Lunny sa chlár Mo Bhealach Féin 2009: ‘Tá rithim sna foclaí a scríobh Seosamh Mac Grianna.  Tá sé go hiontach in áiteanna.  Shílfeá go raibh ceol ar siúl ina cheann’.

Deir an file Gaelach Cathal Ó Searcaigh (2018: 35), arb as Gaeltacht Thír Chonaill é, dála Sheosaimh Mhic Grianna, go ndeachaigh a cheantar féin agus a theanga féin i bhfeidhm go mór ar an dóigh chéanna le Mac Grianna.  Deir sé go raibh focail ag déanamh meabhráin dó ó bhí sé óg; a gcló, a gcruth, a mboladh is a mblas.  Deir Ó Searcaigh má dhéantar an bomaite reatha, bomaite suaithníochta a cheapadh agus a shrianadh go gcuirtear an t-am ar ceal agus go sealbhaítear an tsíoraíocht.  Is é a dhála céanna é le Seosamh Mac Grianna agus is cinnte go bhfuil rud éigin ceaptha agus sealbhaithe aige sa chéad pharaghraf seo agus é ar lorg na fírinne.  Leanann Cathal Ó Searcaigh ar aghaidh a rá nach nochtann an fhírinne í féin ach dóibh siúd a bhfuil a gcuid súl foscailte acu.  Ní súile cinn amháin a bhí á mhaíomh aige ach súil na haigne agus súil na samhlaíochta.  Léirítear a fheabhas a bhí samhlaíocht Mhic Grianna sa chéad pharaghraf dá dhírbheathaisnéis.

Cuireann an chéad pharaghraf de Mo Bhealach Féin síos ar áilleacht an nádúir agus cruthaíonn sé pictiúr den suaimhneas agus é ag cur síos ar na cnoic, ar na luibheanna, ar na droichid agus ar na haibhneacha.  Baineann sé úsaid as ‘ciall na bhfocal’ le ‘ceol na bhfocal’ a chruthú.  Spreagann an scríbhneoireacht na céadfaí agus cuireann an t-údar síos ar an fhíon ag fáil bua ar an uisce.  Ar ndóigh nuair a léigh Seosamh Mac Grianna (1936:5) saothar Phádraic Uí Chonaire fuair an fíon bua ar an uisce mar a dé sé féin:

Ach casadh An Chéad Chloch orm.  Agus nuair a léigh mé an leabhar seo stad mé a chur focal Béarla le ceol m’aigne.  Chreid mé go mb’fhéidir litríocht uasal fhiliúnta a scríobh i nGaeilge.  Bhí blas ar an leabhar agam mar bheadh blas ar fíon ag an té nach raibh a fhios aige go dtí sin go raibh ar an saol ach uisce.

Mhothaigh Mac Grianna go raibh an litríocht ab uaisle i nGaeilge ceilte air go dtí gur léigh sé saothar Uí Chonaire agus ansin thuig sé gurbh fhiú go mór ceol na Gaeilge a chur lena chuid scríbhneoireachta féin in áit a cheird a chleachtadh trí mheán an Bhéarla.  Dar le Ó Muirí (2007: 59) go raibh an casadh seo ar shaothar Uí Chonaire ar ceann de na heachtraí ba thábhachtaí i saol Mhic Grianna mar scríbhneoir.  Deir sé gur míorúilt a bhí ann ar nós na míorúilte sa Bhíobla nuair a athraíodh an t-uisce go fíon agus ach ab é sin nach mbeadh an leabhar Mo Bhealach Féin againn.  Tagraíonn Seosamh don amhrán ‘Inis Dhún Rámha’, amhrán a chluineadh sé go minic ina óige ag fás aníos i Rann na Feirste agus aithníonn an léitheoir láithreach go bhfuil an scríbhneoir ag déanamh ceangail lena bhaile dúchais féin agus lena mhuintir féin.  Is iomaí file Gaelach a cheanglaíonn a chuid filíochta lena cheantar agus lena mhuintir féin dála Chathail Uí Shearcaigh agus Mháirtín Uí Dhireáin.  Is léir go raibh Seosamh go fóill ‘idir dhá cheann na himní’ ag tús a cheirde go dtí gur chuir An Chéad Chloch cor ina chinniúint.  Tá Kiberd (1993: 74) den bharúil go bhfuil an scríbhneoir óg idir dhá thraidisiún fós ina óige.  Forbraíonn Mac Congáil (1990: 1) an pointe seo agus é ag cur síos ar streachailt an scríbhneora óig:

An rud is spéisiúla faoi dháta breithe Sheosaimh agus faoin tréimhse sin ina raibh sé ag teacht i méadaíocht, gur idir-ré go bunúsach a bhí ann. Ar an taobh amháin, bhí an tSeanÉire Ghaelach ann – í sin nár scaoil a dheartháir ‘Máire’ léi riamh ina chuid scríbhneoireachta – agus ar an taobh eile bhí Éire úr Gallda ann. Bhí an dá Éire sin i ngleic le Seosamh ó thús agus mhair an comhrac tamall fada ag iarraidh seilbh a fháil ar a intinn agus, dá réir sin, ar a fhealsúnacht mar scríbhneoir.

Bhí meas mór ag Seosamh ar na seanfhóid agus ar na seantraidisiúin ach mhothaigh sé nár leor iontu féin iad don saol nua-aimseartha.  Chuir Seosamh síos air féin mar ‘rí-éigeas na nGael san fhichiú céad seo’.  Deir Ó Háinle (1990: 3) gur bhain Mac Grianna úsáid as an fhocal ‘éigeas’ d’aon gnó mar mhalairt ar an fhocal ‘file’ mar gur mhaith leis a thabhairt le fios go raibh an traidisiún liteartha sealbhaithe aige chomh maith le dúchas an bhéil bheo.  Dúirt Ó Doibhlin (1991) sa chlár teilifíse Dá mBíodh Ruball ar an Éan gur aithin Seosamh go raibh bua na filíochta sin aige agus gur aithin sé fosta nár leor teanga na ndaoine ann féin mar litríocht, go mbeadh ar dhaoine an teanga sin a lúbadh agus a úsáid ar bhealach eile.  Cuireann Mac an Bheatha in iúl (1970: 56) go bhfuil pian anama le sonrú sa líne ‘cé a shamhlódh dom nár shiúil mé riamh é, mise rí-éigeas na nGael san fhichiú céad seo, in aimsir na hAiséirí?’  Léiríonn an líne seo saol uaigneach an fhile agus aisling nár fíoradh ina iomláine, dar leisean.  Is dóigh le Kiberd (1993: 174) go bhfuil an leabhar ar fad intuigthe san abairt sin ina nascann an t-údar a dhualgas traidisiúnta mar scríbhneoir Gaelach ‘mise rí-éigeas na nGael’ agus a chuspóir comhaimseartha mar ealaíontóir san aois nua, ‘san fhichiú céad seo’.  Mothaíonn Seosamh anseo go bhfuil dualgas air le bheith ina scríbhneoir agus ina ealaíontóir sa chiall chomhaimseartha agus is trom an t-ualach é ar an scríbhneoir óg a scarann é ó na daoine thart air.  Tá macalla an fhile Máirtín Ó Direáin (1966) le tabhairt faoi deara sa chuid sin ina dhán ‘Bí i do chrann’ nuair a deir sé:

Uaigneach crann i lár na coille,                                                                                                         

Uaigneach file thar gach duine.

Is féidir a rá gur mhothaigh Seosamh go raibh sé scartha ó dhaoine ó aois an-óg agus go raibh an saol ar fad ina choinne.  Tá Ó Muirí (1999: 163-4) den tuairim gurb é sin atmaisféar iomlán na chéad chaibidle, go bhfuil an domhan mór i gcoinne Mhic Grianna.  Cuireann Mac Grianna (1940: 6) in iúl go raibh a mhuintir i gcónaí anuas air:

Le fada riamh dá dtigeadh slaghdán ar dhuine dhéanfaí trua de; dá dtigeadh slaghdán ormsa ba mhór an náire dom é. Dá dtigeadh fearg ar dhuine eile ba sin an té nach ligfeadh a chnámh leis an mhada; dá dtigeadh fearg ormsa bam é an tarbh de dhuine fhiáin.

Deir Kiberd (1993: 177) go bhfuil guth cantalach an dara páiste le haithint anseo nach bhfuair cothrom na Féinne i gcomórtas lena dheartháir aibí.  Aontaíonn Mac Einrí (1994: 137) le Kiberd agus dar leisean, chonachtas do Sheosamh go raibh an saol mór anuas air, a mhuintir san áireamh, agus go raibh siad ag tuar donachta dó. Is léir ó línte truacánta sin an údair go raibh saol uaigneach scartha aige ina óige agus gur mhothaigh sé nár caitheadh go cothrom leis.  Maíonn Ó Muirí (2007: 35) go dtéann goin na mothúchán i gcion ar an léitheoir agus go bhfuil an t-údar ris os comhair an tsaoil mhóir.  Is cosúil go raibh Seosamh ina éan corr ó aois an-óg agus gur thuig sé féin go raibh deighilt idir é féin agus páistí eile an bhaile.  Chaitheadh Seosamh na huaireanta fada ag léamh ina luí cois na habhann nó cois na farraige agus sólás á fháil aige seal tamall i gcuideachta an nádúir.  Is cosúil go bhfuair Seosamh cúiteamh de chineál éigin agus é ‘ag éisteacht le cogarnach srutha’ ar an saol aonarach a bhí aige agus dualgas an fhile air.  Scríobh an file Éireannach John O’Donoghue (2003: 27) go raibh an bóthar aonarach i ndán don fhile in amanna ach go raibh leigheas de chineál éigin ar fáil sa nádúr dó:

Solitude gradually clarifies the heart until a true tranqulity is reached. The irony is that at the heart of that aloneness, you feel intimately connected with the world indeed the beauty of nature is often the wisest balm for it gently relieves and releases the caged mind.

Is léir gur mhothaigh Seosamh go raibh ceangal na gcúig gcaol air agus gur mhothaigh sé go raibh sé féin faoi ghlas.  Baineann sé úsaid as an bhriathar ‘bris amach’ agus é ag caint ar fhágáil na scoileanna amhail is go raibh sé sáinnithe nó gafa iontu.  Tugann an t-údar le fios gur theagasc sé i naoi scoil i naoi gcontae agus is leor an nod seo don léitheoir gur dhoiligh dó socrú síos in aon áit amháin.  D’éirigh sé as an teagasc nuair a tháinig aisling chuige go raibh na línte sa leabhar rolla mar a bheadh barraí príosúin ann.  Ní raibh am ar bith aige don saol socair seascair a d’fhóir do chuid mhaith daoine eile.  Bhí sé ag iarraidh a shamhlaíocht a ligean le saoirse na spéire gan srian fisiciúil ná intleachtúil uirthi.  Is cinnte go raibh ar Sheosamh an fód a sheasamh agus a bheith daingean diongbháilte lena bhealach féin a leanúint.  Léiríonn Kiberd (1993: 117) gur shnámh Seosamh in aghaidh an easa leis an saol leamh dúr gránna a sheachaint.

Tagraíonn Mac Grianna arís don fhile ag maíomh gur scríobh sé scéalta nach gcuirfeadh sé i bprionta choíche cionn is gur chreid sé nár chóir don fhile a shaothar a dhíol.  Tugann sé léargas arís eile don léitheoir anseo ar an mheas atá aige ar shaothar uasal an fhile.  Tagraíonn sé do na daoine a mbíodh sé ag obair leo mar ‘leathchairde’ ag léiriú nár mhór an meas a bhí aige orthu.  Aithníonn Mac Grianna (1940: 7) go bhfuil sé difriúil leo agus glacann sé lena shaol uaigneach agus is cosúil go n-ardaíonn sé uaisleacht an uaignis ina shamhlaíocht nuair a deir sé:

Agus faoi dheireadh d’fhág mé siad síos siar mé, cé gur mhair siad – mo leathchairde atá mé a rá – ag tabhairt cuirí chun a gcuid tithe dom ní b’fhaide ná ba mhian liom.  Fa dheireadh d’fhág siad síos siar liom féin mé.  Bhí sin nimhneach ó thús, ach d’éirigh mé cleachta leis.  Bhí dúil riamh agam a bheith liom féin.

Chuirfeadh mian rí-éigeas na nGael san fhichiú céad seo mian an tseanfhile Marbhán a mhair sa seachtú haois i gcuimhne don léitheoir agus a bhfuil cuntas air in Williams & Ní Mhuiríosa (1979: 77).  Nuair a chuir Guaire, deartháir le Marbhán ceist air cén fáth ar chaith sé an oíche amuigh agus a cheann ar thalamh aige, d’fhreagair Marbhán trí mhionchuntas a thabhairt dó ar an aoibhneas a bhí ag roinnt lena shaol taobh amuigh: é i bhfad ó chaidreamh daoine, cantain bhinn na n-éan agus ceol na gaoithe agus na n-eas le cloisteáil aige, comhluadar na n-ainmhithe, torthúlacht na bplandaí agus luibheanna le tabhairt faoi deara agus na toir mar chuideachta aige.  Cé go ndearna Seosamh a dhícheall ar feadh bhunús dheich mbliana an saol socair a leanúint, thuig sé sa deireadh nár fhóir sé dó.  Is cosúil go bhfuil sé doiligh don té atá éirimiúil thar chách caidrimh a bheith aige le daoine nach bhfuil chomh héirimiúil céanna leis, agus cuireann sé sin frustrachas air agus éiríonn sé borb gonta le daoine.

Ar ndóigh, cé gur shantaigh Seosamh an saol ar an imeall b’éigean dó a intleacht a dhíol agus a aigne a thruailliú lena bheatha a thabhairt i dtír.  Ghlac sé post leis an Ghúm, eagraíocht a bunaíodh sa bhliain 1926 le téacsleabhair a sholáthar do na meánscoileanna agus le hábhar léitheoireachta a sholáthar do phobal na Gaeilge.  Déanann Máirtín Mac Niocláis (1991) cur síos cuimsitheach ar bhunú an Ghúim ina leabhar Seán Ó Ruadháin Saol agus Saothar.  Níorbh é seo an cineál oibre a shantaigh file ach ní raibh dlí ar an riachtanas ag an am.  Deir Mac Grianna (1940: 8):

Ach tá greim amháin ag an tsaol uilig orainn.  Dá mhéad éagosúlacht dá bhfuil idir fheara tá goile acu uilig.  Bhí goile agamsa, agus goile maith fosta. B’éigean a choinneáil lán.  Bhí an t-arán le cuartú agus ní fhásann an chhruithneacht ar an uaigneas.

Tá an chuma ar an scéal go raibh dhá ghoile mhaithe ag Mac Grianna – ceann amháin lena chorp a chothú agus an ceann eile lena shamhlaíocht a chothú.  Arís eile tá Mac Grianna gafa idir dhá shaol – saol an scríbhneora chruthaithigh agus saol an aistritheora.  Léiríonn sé dímheas ar an eagraíocht ón tús agus cáineann sé an t-ainm fiú.  Ar feadh tamaill déanann sé a chuid oibre ag maíomh go bhfuil sí chomh furasta lena bhróga a cheangal ach thuig Mac Grianna nach dtiocfadh leis a bheatha a thabhairt i dtír gan a chaighdeán scríbhneoireachta a bheith thíos leis mar atá luaite in Greene (1972: 32).  Níor ghlac sé i bhfad ar Mhac Grianna mar sin éirí dúdóite leis an obair chéanna nár cheadaigh dó a thíolachtaí mar scríbhneoir cruthaitheach a fhorbairt.  Bhí sé ag obair le litríocht mar a bheadh an té a bheadh ag cruinniú min shábha ag obair le hadhmad.  Tá macalla an scríbhneora Mheiriceánaigh David Henry Thoreau (1845: 3) anseo nuair a scríobh sé ‘the workers were so occupied by the coarse labours of work that they cannot pluck their finer fruits’.

Ní fhaca Seosamh toradh fiúntach ar bith ar a chuid oibre agus ní den chéad uair ina shaol mhothaigh sé go raibh sé i ngéibheann agus ceangal na gcúig gcaol air.  Mar a deir de Brún (2002: 187) ‘Ba é an Gúm arán laethúil Mhic Grianna, ach níor chothú ar bith dá shamhlaíocht a fuair sé ansin ach a mhalairt.’

D’éirigh Seosamh as an obair leis An Ghúm nuair a tharla easaontas idir é féin agus an eagraíocht mar gheall ar a shaothar An Druma Mór.  Dhiúltaigh an eagraíocht an t-úrscéal a chur i gcló ar eagla go gcuirfí an dlí uirthi gan athruithe móra a dhéanamh air.  Ní raibh Seosamh sásta an hathruithe a dhéanamh agus ba é sin cúis an easaontais.  Tá cur síos cuimsitheach ag Uí Laighléis (2017: 156-73) air seo ina saothar Gallán an Ghúim.  Cuireann Deane (1970: 54) síos ar an tréimhse seo i saol an scríbhneora mar dhuine ‘fiercly holding on to his own loyalites in a world which despised or ignored them’.

Caithfear cuimhneamh fosta, áfach, gur aistrigh Mac Grianna breis agus milliún focal don Ghúm, (Ó Dónaill, 1990: 109) agus gur cinnte gur fhoghlaim sé scileanna teicniúla an scríbhneora ann.  Tugann Uí Laighléis (2017: 205) le fios gur chaith An Gúm go cothrom le Seosamh agus gurbh é barúil an scríbhneora an t-aon bharúil amháin a fuair an léitheoir.  Mar gheall ar chúrsaí le An Druma Mór agus ar na cúiseanna eile a luadh, d’éirigh Mac Grianna as a phost.  Tharraing Seosamh as tobar a mhuintire agus é ag tagairt don toirtín mór agus don mhallacht le cur síos a dhéanamh ar an scarúint leis an Ghúm.  Tagann an tagairt as an scéal béaloidis, Triúr Mac a scríobh Cáit Ní Ghallchóir, agus a d’aithris a hathair mór Dónall Ó Dónaill as Rann na Feirste.  Tá an scéal i gcló in Rann na Feirste Seanchas ár Sinsear.  Is ionann an toirtín mór agus an t-airgead a shaothraíonn Seosamh ag obair don Ghúm.  Ar ndóigh, má tá toirtín mór aige agus é ag obair don Ghúm, tá an mhallacht aige chomh maith.  Dála an ghasúir óig sa scéal béaloidis, bhí sé sásta an toirtín beag agus an bheannacht a ghlacadh agus dul a bhealach féin.  Tá tábhacht an traidisiúin agus na háite dúchais múnlaithe aige sa líne sin agus í in úsáid aige le smaoineamh nua-aimseartha ina shamhlaíocht a léiriú.

Leanann Seosamh leis sa chéad chaibidil ag insint dúinn gur léim sé isteach san fharraige gan bang snámha aige agus é ar ‘chladach uaigneach’ a léiríonn arís go raibh sé leis féin agus ina éan corr ina óige. Luaigh sé stair a cheantair agus tá mórtas cine le sonrú agus é ag maíomh go raibh Dlíthe na mBreithiún in úsaid go fóill ina bhaile dúchais – an baile is Gaelaí in Éirinn mar a deir sé féin níos faide anonn sa leabhar.  Dar le de Brún (2002: 27), tá  iarracht mhaith den eisceachtúlacht sa phíosa sin ina gcuireann sé síos go mórtasach ar a mhuintir, nuair a mholann sé Gaeltacht Thír Chonaill thar Ghaeltacht ar bith eile agus arís nuair a luann sé a pharóiste dúchais féin mar eiseamláir.  Ach is é an rud is mó a dhéanann Mac Grianna sa sliocht sin, dar le de Brún, iniúchadh a dhéanamh ar thréithe an laochais i sochaí na Gaeltachta agus ar an bhunús atá leo.  Dar leis, nuair a tháinig muintir Thír Chonaill slán ar an daorsmacht a tháinig i ndiaidh Chath Chionn tSáile, gur mhair cultúr na n-uasal gan meathlú gan truailliú ina dhiaidh.  ‘Oideachas na n-uasal’ is cúis leis an chód ridireachta a chleachtann siad go fóill agus a chrosann orthu ‘óinseach a thabhairt ar mhnaoi’.  Tagraíonn Mac Grianna don tréimhse a chaith sé faoi ghlas i nDroichead Nua agus Cogadh na gCarad ar siúl sa tír.  Dá mba dhoiligh dó cur suas leis na ceithre bhalla sa seomra ranga ba dheacra fós dó ceithre bhalla an phríosúin a fhulaingt.  Scríobh Mac Congáil (1994: 141) go gcaithfidh sé gur ghoill an tréimhse i ngéibheann go mór ar a intinn, mar fhear nach raibh acmhainn aige le fada ar aon chineál smachta ná ceangail, mar fhear a shantaigh saol na fairsinge.  Má bhí tairbhe ar bith le baint as am an anró a chaith sé sa phríosún ba é sin an t-uafás léitheoireachta a rinne sé.  Deir Kiberd (1993: 173) gur léigh sé abairt stuama in aiste de chuid Aodha de Blácam: ‘If Oliver Goldsmith had known Irish, he might have bent Irish prose to the range of modern thought.’ Spreag an abairt seo é le caint thíriúil na ndaoine agus litríocht chomhaimseartha na hEorpa a nascadh le chéile.  Maíonn Mac Grianna gur chuir sé cuid mhaith rudaí de ach nach raibh sé ag leanúint a bhealach féin le cuid mhaith acu.  Deir Mac Grianna (1940: 11) ‘ní raibh mé ag dul mo bhealach féin go hiomlán nuair a tharla siad dom.’

Cuireann Mac Grianna clabhsúr leis an chéad chaibidil ag insint don Ghúm agus don chine daonna go leanfaidh sé a bhealach féin anois beag beann orthu.  Tá sé mar a bheadh forógra David Henry Thoreau (1854: 3) ann a chuaigh a chónaí sna coillte ‘because I wanted to live deliberately, to front only the essential facts of life, and see if I could learn what it had to teach, and not, when I came to die, discover that I had not lived.’

Baineann Seosamh Mac Grianna úsaid as an fhocal ‘bealach’ seacht n-uaire sa chaibidil seo agus leagann sé a bhealach féin síos sa chéad chaibidil seo.  Is léir go bhfuil na tréithe ar thagair Bradshaw (2016) dóibh sa chéad chaibidil seo.  Tá oscailt phléascach, carachtar suimiúil, guth láidir, tús maith, suíomh suimiúil, coimhlint, agus díograis an scríbhneora le sonrú go láidir le suim an léitheora a mhúscailt inti. Is é seo an cur síos a rinne Titley (2011: 224-5) ar an leabhar seo agus a thugann le fios don léitheoir an cineál scríbhneora a luíonn roimhe:

It is really an imaginative credo and a defiant manifesto against the world, more than any kind of reconstruction of the externals of life, and still remains one of our best statements about the frustrated and misunderstood artist.

Leabharliosta: 

Leabhair

de Brún, R., (2002) An Mhéin Rúin.  Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.  

Greene, D., (1972) Writing in Irish today; Scríbhneoireacht Ghaeilge an lae inniu.  Corcaigh: Mercier Press.

Kiberd, D. (1993) Idir Dhá Chultúr.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

L’amour, L. (1989) Education of a Wandering Man.  Nua-Eabhrac: Bantam Books.

Mac an Bheatha, P., (1970) Seosamh Mac Grianna agus Cúrsaí Eile.  Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Mac Congáil, N., (1990) Seosamh Mac Grianna / Iolann Fionn Clár Saothair.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Congáil, N., (1994) Rí-Éigeas na nGael.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Grianna, S., (1936) Pádraic Ó Conaire agus aistí eile.  Baile Átha Cliath: An Gúm.

Mac Grianna, S., (1940) Mo Bhealach Féin.  Baile Átha Cliath: An Gúm.

Mac Muiris, P., (1962) Abair Amhrán.  Béal Feirste: Comhaltas Uladh.

Mac Niocláis, M., (1991) Seán Ó Ruadáin Saol agus Saothar.  Baile Átha Cliath: An Clóchomhair.

Ó Direáin, M., (1966) Cloch Choirnéil.  Baile Átha Cliath:  An Clóchomhar.

O’Donoghue, J., (2003) Divine Beauty, The Invisible Embrace.  Londain: Bantam Press.

Ó Grianna, C., (1998) Rann na Feirsde: Seanchas ár Sinsear.  Rann na Mónadh, Áth na gCoire, Tír Chonaill: Cló Cheann Dubhrann.

Ó Grianna, S., (1942) Nuair a Bhí Mé Óg.  Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Muirí, P., (1999) A Flight from Shadows.  Béal Feirste: Lagan Press.

Ó Muirí, P., (2007) Seosamh Mac Grianna, Míreanna Saoil.  Conamara: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Searcaigh, C., (2018) Teanga na gCorr.  Baile Átha Cliath: Arlene House.

Thoreau, D.H., (1854) Walden; or Life in the Woods.  Nua-Eabhrac: Dover Publications.

Titley, A., (1991) An tÚrscéal Gaeilge.  Baile Atha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Titley, A., (2011) Nailing Theses Selcted Essays.  Béal Feirste: Lagan Press.

Uí Laighléis, G., (2017) Gallán an Ghúim.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Williams, J.E. & Ní Mhuiríosa, M., (1979) Traidisiún Liteartha na nGael.  Conamara: An Clóchomhar.

Ailt

Deane, S., (1977) ‘Mo Bhealach Féin’ in Jordan, J. (eag) The Pleasures of Gaelic Literature.  Baile Átha Cliath & Corcaigh: Mercier.

Ó Conchubhair, B., (2016) ‘Seosamh Mac Grianna: A Bhealach Féin.’  Walsh, J. & Ó Muircheartaigh P. (eag.) Ag Siúl An Bhealaigh Mhóir.  Baile Átha Cliath: Comhar.

Ó Dochartaigh, L., (1994) ‘Mo Bhealach Féin.’ Mac Congáil, N. (eag.) Rí-Éigeas na nGael Léachtaí Cuimhneacháin ar Sheosamh Mac Grianna.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Dónaill, N., (1990) ‘Seosamh Mac Grianna.’ Mac Congáil, N. (eag.) Scríbhneoireacht na gConallach.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Háinle, C., (1994) ‘Friotal Fileata: Tionchar an Dúchais ar Fhriotal Sheosamh Mhic Grianna.’ Mac Congáil, N. (eag.) Rí-Éigeas na nGael Léachtaí Cuimhneacháin ar Sheosamh Mac Grianna.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Tuama, S., (2017) ‘Mo Bhealach Féin (1940).’ Doherty, R., Ó Conchubhair B. & O’Leary, P. (eag.) Úrscéalta na Gaeilge.  Conamara: Cló Iar-Chonnacht.

Cláir theilifíse

Dá mBíodh Ruball ar an Éan. BBC Northern Ireland, Meitheamh, 1991. Oilibhéar Ó Croiligh.

Mo Bhealach Féin TG4. 24 Nollaig, 2009. Donal Lunny.

Foinsí Leictreonacha

7 Key Elements To Include In Your First Chapter le Claire Bradshaw https://writersedit.com (Léite: 10 Eanáir 2019).