Códswitcheáil agus códmixeáil: iniúchadh ginearálta ar an gcódmheascadh Gaeilge-Béarla ar na meáin shóisialta

Conchúr Caomhánach
Topaic(í): 

Réamhrá

Le blianta beaga anuas tá borradh tagtha ar úsáid na Gaeilge ar líne, agus mar thoradh ar an éileamh atá ar na meáin shóisialta tá cúinne beag den idirlíon ann ina mbíonn an Ghaeilge in úsáid go seasta mar theanga phobail ag grúpaí beomhara úsáideoirí. Tá úsáid na Gaeilge ar líne éagsúil ó théacsanna scríofa eile sa gcaoi gurb é an t-úsáideoir féin a ghineann an t-ábhar ar fad, agus sa gcaoi nach ndéantar iar-eagarthóireacht ar na téacsanna céanna sula gcuirtear in airde ar líne iad, den gcuid is mó. D’fhéadfadh sé mar sin go mbeadh an teanga atá le feiceáil ar líne níos cosúla leis an teanga choiteann, nó go mbeadh gnéithe áirithe teanga le haithint inti nach bhfuil le feiceáil i gcineálacha eile téacs. Tá sé i gceist sa bpáipéar seo aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann leis an gcódmheascadh Gaeilge-Béarla, le tionchar an Bhéarla ar an nGaeilge, leis an téarmaíocht agus téarmaiméadracht, agus le ráta an chódmheasctha Gaeilge-Béarla ar na meáin shóisialta.

Mar chéim thosaigh, is fiú na téarmaí ‘códmheascadh’ agus ‘códmhalartú’ mar a úsáidfear iad sa pháipéar seo a phlé. Tarlaíonn an códmhalartú nuair a athraíonn cainteoir idir dhá theanga ag teorainneacha áirithe (d’fhéadfadh cainteoir abairt amháin a rá i mBéarla agus iompú ar an nGaeilge don chéad abairt eile, mar shampla). Baineann an páipéar seo go príomha leis an gcódmheascadh aonfhocail, nuair a dhéantar gnéithe ó dhá theanga éagsúla a chumasc in aon fhocal amháin (Stefanich et al., 2019: 2). Tarlaíonn an códmhalartú idirabairteach ag na teorainneacha idir abairtí, agus ar an gcaoi chéanna tarlaíonn an códmheascadh aonfhocail ag na teorainneacha idir moirféimí éagsúla laistigh den fhocal céanna. Tá plé siar is aniar ann maidir lenar cheart códmhalartú nó códmheascadh a thabhairt ar an nós úd nuair a bhíonn focal aonair i gceist – cinneann roinnt taighdeoirí (Lynn & Scannell, 2019) an dá théarma a úsáid go hinmhalartach, ach tá roinnt taighdeoirí eile ann (Ó Domagáin, 2013; Myers‑Scotton, 1993) a mhaíonn go bhfuil an códmhalartú agus an códmheascadh suite ag an dá thaobh den speictream teagmhála teanga. Dar leo gurb é an códmheascadh an chéim dheiridh sula nglacfar le focal iasachta isteach i léacsas na teanga óstaí. Go tras-teangeolaíoch, is cosúil go n‑aontaíonn taighdeoirí go bhfuil rialacha faoi leith ag gabháil leis an gcódmheascadh aonfhocail, ach níltear ar aon fhocal maidir le cad iad na rialacha sin (Poplack, 1980: 585). Mar sin, tá cainteoirí dátheangacha in ann fréamhacha agus táthmhíreanna ó dhá theanga a chumasc gan stró chun focail mheasctha a chruthú, agus déanann siad amhlaidh ar bhealach córasach (Stefanich et al., 2019: 23). Ní gá, áfach, go mbeadh na rialacha a bhaineann leis an gcódmheascadh i dteanga amháin infheidhme i dteanga eile – caithfear gach péire teangacha a mheas cás ar chás (Stenson, 1991: 561).

I gcás na Gaeilge, phléigh roinnt taighdeoirí an códmhalartú agus an códmheascadh Gaeilge-Béarla go dtí seo (Lynn & Scannell, 2019; Ní Laoire, 2016; Hickey, 2009; Stenson, 1993; Stenson, 1991), ach is beag plé atá déanta ina ndírítear go sonrach ar an gcineál códmheasctha a tharlaíonn ag leibhéal an fhocail (seachas obair Stenson), agus is lú arís an plé a rinneadh ar an gceist le blianta beaga anuas. San aon alt amháin ina bpléitear an códmheascadh Gaeilge‑Béarla ar líne (Lynn & Scannell, 2019), níor thángthas ach ar dhá shampla den chódmheascadh aonfhocail. Sa chás sin, cruthaíodh na leaganacha measctha tríd an réimír an- a chur le hainmfhocail ón mBéarla – féach ceann de na samplaí sin in (1) thíos:

  1.   a. Tá an-talent go deo agaibh in Éirinn

      b. You have a great deal of talent in Ireland (Lynn & Scannell, 2019)

Aithníonn Lynn agus Scannell nach bhfuil an toradh sin ag teacht lena mbeifí ag súil leis sa chaint, toisc go bhfuil samplaí den chódmheascadh aonfhocail chomh coitianta sin sa teanga labhartha. Tugann siad le fios go bhfuil tuilleadh samplaí den nós céanna le fáil ar líne ach cuardach a dhéanamh ar Twitter, go háirithe samplaí de leaganacha measctha dar críoch ‑áil, cé nach luann siad aon samplaí (Lynn & Scannell, 2019). Beagnach deich mbliana fichead ó shin, thug Stenson le fios go raibh an códmheascadh aonfhocail ag éirí an-chomónta sa ghnáthchaint sa Ghaeltacht i gContae na Mí (1993: 123). Ó shin i leith, phléigh taighdeoirí éagsúla an códmheascadh agus na hathruithe atá ag teacht ar an nGaeilge chomhaimseartha, mar thoradh ar an teagmháil leis an mBéarla (Hickey, 2009; Ó Domagáin, 2013; Ní Laoire, 2019). Ar an iomlán, is cosúil go bhfuil an nós comónta go leor go fóill – in iniúchadh Hickey, bhí an códmheascadh le sonrú i thart ar 8.5% de na habairtí a labhair múinteoirí le daltaí scoile, ar an meán (2009: 15). Mar sin, bhí sé mar aidhm ag an iniúchadh reatha úsáid an chódmheasctha Gaeilge-Béarla ar líne a mheas.

Modheolaíocht

Is féidir an teangeolaíocht chorpais agus ábhar arna ghiniúint ag úsáideoirí a úsáid chun léargas a fháil ar an ngnáthúsáid laethúil teanga ar bhealaí nárbh ann dóibh cheana, toisc gur féidir cuid mhór sonraí a bhailiú agus a phóirseáil ag aon am amháin (Lynn & Scannell, 2019). Ar an mbonn sin, bhíothas ag iarraidh go dtabharfadh an corpas a tiontaíodh don iniúchadh seo léargas ginearálta ar na gnéithe teanga atá le feiceáil sa Ghaeilge a úsáidtear ar na príomh-mheáin shóisialta ar líne. Tá 1,070, 949 focal sa chorpas deiridh a úsáideadh sa pháipéar reatha, agus tá sé bunaithe go príomha ar thrí mheán shóisialta ar a mbíonn an Ghaeilge in úsáid go forleathan: Twitter, Facebook agus Discord. Measadh roinnt ardán eile (ar nós Reddit agus an blagaisféar Gaeilge) agus an corpas á chur le chéile, ach níor cuireadh san áireamh sa deireadh iad mar gheall ar easpa sonraí agus deacrachtaí a bhain le téacs a chamchóipeáil ón idirlíon. Mar sin, seo thíos na critéir theangeolaíocha a bhain leis an gcorpas deiridh:

  1. Tagann gach téacs sa chorpas ó leathanaigh agus ó ardáin mheán sóisialta ar líne (Twitter, Facebook, Discord) ar a mbíonn an Ghaeilge in úsáid mar phríomhtheanga chumarsáide ag úsáideoirí;
  2. Ba é an t‑úsáideoir féin a ghin an t‑ábhar agus ní dhearnadh iar‑eagarthóireacht ar an téacs sular cuireadh in airde é (ach amháin i gcás roinnt cuntas oifigiúil a bhain le heagraíochtaí Gaeilge);
  3. Baineann gach téacs le tréimhse bliana idir Eanáir 2020 – Nollaig 2020. Leis an gcritéar seo, cruthaíodh cothromaíocht éigin idir líon na bhfocal ó gach ardán agus líon na n‑úsáideoirí ar gach ardán.

Tá tuilleadh sonraí maidir leis an gcorpas deiridh ar fáil in Aguisín 1. Rinneadh na sonraí a scagadh agus a ghlanadh ach hipearnaisc agus sonraí eile nár bhain le hábhar a bhaint. Baineadh ainmneacha úsáideoirí dar tús ‘@’ ón gcorpas ar mhaithe leis an anaithnideacht, agus ar an mbonn gur chuir siad isteach ar chuardaigh na n-gram agus na n‑eochairfhocal ar Sketch Engine. De bharr deacrachtaí a bhain le téacs a chamchóipeáil, níl san áireamh sa tacar sonraí Facebook ach postálacha – níor bailíodh tráchtanna ná freagraí ar phostálacha. Easnamh in iomláine an chorpais is ea an méid sin, ach mar sin féin tá líon ard focal (130,000) sa tacar sonraí Facebook. Tá na tvuíteanna Gaeilge sa chuid den chorpas a baineadh ó Twitter bunaithe ar an suíomh gréasáin Indigenous Languages (Scannell, 2011), a dhéanann catalógú ar chuntais a bhíonn ag postáil i dteangacha mionlaigh. Camchóipeáladh tvuíteanna ó thart ar 80 cuntas a bhí le haithint ar an suíomh Indigenous Languages. Bunaithe ar an gcur chuige sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh líon níos airde tvuíteanna ó úsáideoirí áirithe sa chorpas, toisc gur úsáideadh raon dátaí (agus ní teorainn ar líon na dtvuíteanna ag gach úsáideoir, mar shampla) chun an t-ábhar a bhailiú. Mar sin, tá seans ann go mbeidh féinchanúint chainteoirí áirithe i gceist le torthaí ar leith san iniúchadh seo, in áit nósanna cainte forleathana, agus ba cheart cuimhneamh ar an méid sin agus na torthaí ón bpáipéar seo á meas. Bhíothas ag súil leis freisin go mbeadh cuid mhór Béarla i láthair sa chorpas deiridh, toisc nach raibh bealach ann abairtí Béarla a bhaint ón gcorpas go córasach agus é á thiontú. Cuireadh an cheist sin san áireamh agus na torthaí á gcomhaireamh i ngach iniúchadh thíos, agus níor tugadh aird ar thorthaí a d’eascair as abairtí lán-Bhéarla. I mbeagán focal, ba cheart cuimhneamh ar na srianta a bhaineann leis an gcorpas reatha agus gach toradh ón iniúchadh sa pháipéar seo á mheas. Ní féidir le haon chorpas a bheith uilechuimsitheach, ach tá an t-údar den tuairim go dtugann an corpas a tiontaíodh don pháipéar seo léargas níos fearr ar an nGaeilge a úsáidtear ar líne ná aon chorpas eile atá ar fáil go poiblí ag an tráth seo. Is é Twitter an tacar sonraí is mó sa chorpas reatha, ach d’fhéadfadh Facebook agus Discord (agus ardáin eile ar nós Reddit) a bheith ina bhfoinsí saibhre teanga amach anseo, dá bhféadfaí na sonraí a bhailiú mar is ceart.

Torthaí agus plé

Tugann Stenson le fios go gcuirtear an táthmhír bhriathartha ‑áil le haon bhriathar Béarla a úsáidtear in abairt chódmheasctha Gaeilge-Béarla, i bhfoirm ainm briathartha, de ghnáth (1991: 567). Bunaithe ar an bpointe tosaigh sin, is féidir iniúchadh simplí a dhéanamh ar na hainmneacha briathartha dar críoch -áil sa chorpas reatha d’fhonn léargas a fháil ar a choitianta is atá an códmheascadh Gaeilge-Béarla. I dtosach, rinneadh cuardach minicíochta do shamplaí dar críoch an táthmhír bhriathartha -áil, agus tiomsaíodh na torthaí i liosta. Rinneadh an liosta céanna a scagadh ansin agus baineadh samplaí nach raibh baint acu le hábhar (mar shampla, ainmfhocail Ghaeilge dar críoch -áil). Ar deireadh, roghnaíodh an 300 ainm briathartha is coitianta dar críoch ‑áil agus tiontaíodh i ngearrliosta iad. Ag an bpointe seo, sula ndéanfar na torthaí féin a phlé, is gá aghaidh a thabhairt ar cheist thábhachtach: conas is féidir idirdhealú idir leaganacha measctha nó malartaithe agus iasachtaí atá seanbhunaithe sa Ghaeilge? Míníonn Stenson go bhfuil léacsas an Bhéarla tar éis tionchar seasta a imirt ar an nGaeilge ón 17ú haois (1993: 108), agus tugann sí le fios go bhfuil roinnt téarmaí iasachta ann atá comhtháite go hiomlán sa Ghaeilge ag an bpointe seo, sa chaoi nach n‑aithneodh cainteoir dúchais gur tháinig siad ó theanga eile (Stenson, 1991: 563). Féach (2a) agus (2b) thíos, mar shampla, téarmaí a tháinig ón tSean-Fhraincis:

(2)  a. seirbhís (service)

    b. giúistís (justice) (Stenson, 1991)

‘Nua-iasachtaí’ a thug de Bhaldraithe ar iasachtaí den chineál sin in 1953, agus ó shin tá líon na nua-iasachtaí sa Ghaeilge tar éis dul in airde go pras. Ní gá ach dul ag póirseáil san Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge nó sa Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta le líon na dtraslitrithe ón mBéarla a aithint. Go bunúsach, bhí gá san iniúchadh reatha le hidirdhealú idir iasachtaí a bhfuil glacadh leo cheana agus ‘nua-iasachtaí’ úrnua nó leaganacha measctha. Ar an mbonn sin, cinneadh samplaí a bhaint ó na torthaí corpais bunaithe ar a ‘liostaithe’ is a bhí siad i bhfoinsí agus i bhfoclóirí oifigiúla Gaeilge (Deuchar, 2005, a chum an cur chuige sin). Go hachomair, níor measadh aon sampla ón gcorpas a bhí le fáil i bhfoclóirí oifigiúla Gaeilge cheana, ar nós (3a) agus (3b) thíos, a bheith ábhartha agus baineadh ón ngearrliosta iad.

(3) a. gúgláil (googling)

               b. focáil (fucking)

Leis an gcritéar sin, aithníodh 57 sampla den chódmheascadh aonfhocail i measc na n‑ainmneacha briathartha dar críoch ‑áil. Is é sin le rá gur aithníodh 57 téarma códmheasctha dar críoch -áil i measc an 300 ainm briathartha is coitianta sa chorpas, ar théarmaí iad nach raibh fáil orthu in aon fhoclóir údarásach Gaeilge. Tá an toradh sin suntasach go maith ó thaobh staitistice de, agus cuimsíonn sé 19% de na hainmneacha briathartha is comónta sa chorpas. Taispeántar na samplaí códmheasctha a aithníodh (agus a minicíocht) sa tábla thíos.

 

GAEILGE

MOIRFÉIMÍ

MIN.

 

GAEILGE

MOIRFÉIMÍ

MIN.

tweetáil

tweet + áil

17

 

googeláil

google + áil

1

    

googláil

google + áil

1

buzzáil

buzz + áil

4

 

google-áil

google + áil

1

tagáil

tag + áil

4

 

gúgl-translatáil

google translate + áil

1

doxxáil

doxx + áil

3

 

hireáil

hire + áil

1

flexáil

flex + áil

3

 

infiltratáil

infiltrate + áil

1

rideáil

ride + áil

3

 

jiveáil

jive + áil

1

quotetweetáil

quotetweet + áil

3

 

mansplaineáil

mansplain + áil

1

backpackáil

backpack + áil

2

 

muteáil

mute + áil

1

cycleáil

cycle + áil

2

 

paceáil

pace + áil

1

droppáil

drop + áil

2

 

potteráil

potter + áil

1

leafáil

laugh + áil

2

 

ranteáil

rant + áil

1

raghdáil

ride + áil

2

 

raighdeáil

ride + áil

1

streamáil

stream + áil

2

 

réineáil

rain + áil

1

taggáil

tag + áil

2

 

sceamáil

scam + áil

1

babhnsáil

bounce + áil

1

 

shazamáil

shazam + áil

1

binge-áil

binge + áil

1

 

speedáil

speed + áil

1

bookmarkáil

bookmark + áil

1

 

spikeáil

spike + áil

1

buskáil

busk + áil

1

 

stanáil

stan + áil

1

carbon-datáil

carbon date + áil

1

 

stockáil

stock + áil

1

checkáil

check + áil

1

 

switcháil

switch + áil

1

cléimeáil

claim + áil

1

 

tannáil

tan + áil

1

concoctáil

concoct + áil

1

 

teamáil

team + áil

1

copyáil

copy + áil

1

 

trendáil

trend + áil

1

dubbáil

dub + áil

1

 

tryáil

try + áil

1

foragáil

forage + áil

1

 

vaccumáil

vaccum + áil

1

figúráil

figure + áil

1

 

vadhbáil

vibe + áil

1

flyeáil

fly + eáil

1

 

vetoáil

veto + áil

1

getteáil

get + áil

1

 

vibeáil

vibe + áil

1

 

Tábla 1: Samplaí den chódmheascadh aonfhocail i measc na 300 ainm briathartha is coitianta dar críoch ‑áil sa chorpas reatha, agus a minicíochtMarcáladh na leaganacha i dTábla 1 ar athraíodh a struchtúr nó a ndearnadh traslitriú orthu le cló trom.

 

caveat sna torthaí thuas sa chaoi a raibh minicíocht an-íseal ag cuid mhór de na samplaí – ba é tweetáil (17) an sampla a raibh an mhinicíocht ab airde aige i dTábla 1, ach ba é fáil (2237) an sampla a raibh an mhinicíocht ab airde aige sa chorpas iomlán. Mar sin, cé go bhfuil líon ard leaganacha códmheasctha i measc na n-ainmneacha briathartha is coitianta sa chorpas, ní hionann é sin agus a rá gur úsáideadh gach ceann de na leaganacha céanna ar mhinicíocht an‑ard.

Dar le Stenson, tá trí phríomhghné a chruthaíonn deacracht agus taighdeoirí ag súil leis an gcódmheascadh Gaeilge-Béarla a chatagóiriú: débhríocht, réamh‑chomhshamhlú agus comhshamhlú páirteach (1991: 563). Baineann an débhríocht agus an réamh-chomhshamhlú leis an bhfoghraíocht, agus ní féidir iad a imscrúdú sa pháipéar seo toisc gur bunaíodh an corpas reatha ar théacsanna amháin. Baineann an tríú gné sin, an comhshamhlú páirteach, le samplaí den chódmheascadh a thagann le rialacha na Gaeilge i mbealaí áirithe, ach nach bhfuil neadaithe go hiomlán sa Ghaeilge (Stenson, 1991: 565).

I dTábla 1, feictear fianaise den chomhshamhlú moirfeolaíoch ag roinnt leibhéil éagsúla. Ar an gcéad dul síos, cruthaíodh cuid de na leaganacha measctha gan aon athrú a dhéanamh ar na moirféimí féin, ach an iarmhír Ghaeilge ‑áil a chur le hainmfhocal Béarla. Is é sin an próiseas teangeolaíoch díreach céanna a ndéanann Stefanich et al. (2019) cur síos air: 

 (4) a. cycleáil (cycling)
      b. vibeáil (vibing)
      c. spikeáil (spiking)
      d. paceáil (pacing)

Tá na samplaí in (4) thuas nach mór díreach mar an gcéanna le roinnt de na samplaí a phléann Stenson (1991). Tá comhdhéanamh simplí ag na samplaí sin (ainmfhocal Béarla agus ‑áil ‑eáil na Gaeilge curtha leis). Tá roinnt samplaí eile ann, áfach, ar nós na gceann in (5) thíos, a thugann le fios go mbaineann cainteoirí úsáid as straitéisí éagsúla chun foirmeacha measctha a chruthú i gcásanna eile:

(5) a. droppáil (dropping)
     b. dubbáil (dubbing)
     c. getteáil (getting)

I ngach ceann de na samplaí in (5) thuas, is cosúil gur cruthaíodh an leagan measctha ach an táthmhír ‑áil a chur le rangabháil láithreach an Bhéarla, agus ní leis an ainmfhocal Béarla. Is é sin le rá go bhfuil an chuma air gur cruthaíodh na leaganacha thuas tríd an iarmhír ‑ing a bhaint ón mbriathar Béarla san aimsir láithreach agus an iarmhír Ghaeilge ‑áil a chur ina háit. Dá mbunófaí na leaganacha sin ar ainmfhocail ón mBéarla, bheifí ag súil le dropáil, dubáil agus geteáil, ach míniú a bheadh sa phróiseas sin thuas ar an litir dhúbailte atá le feiceáil i ngach ceann de na samplaí thuas. D’fhéadfadh sé, mar sin, go mbíonn próisis éagsúla in úsáid ag cainteoirí Gaeilge chun leaganacha measctha a chruthú i gcásanna éagsúla.

Tá comhtháthú níos láidre fós le feiceáil i roinnt samplaí eile. Ó thaobh na moirfeolaíochta de, tá na cásanna in (6) thíos, ina ndearnadh moirféimí iomlána ón mBéarla a thraslitriú, i measc na dtorthaí is spéisiúla atá le feiceáil i dTábla 1:

 (6) a. babhnsáil (bouncing)
      b. cléimeáil (claiming)
      c. gúgl-translatáil (google translating)
      d. raighdeáil (riding)
      e. réineáil (raining)
      f. sceamáil (scamming)
      g. vadhbáil (vibing)

I ngach ceann de na samplaí thuas, tugadh moirféimí iasachta ón mBéarla isteach i struchtúir Ghaeilge ag leibhéal an fhocail agus rinneadh iad a thraslitriú de réir rialacha ortagrafaíochta na Gaeilge. Is suimiúla fós na samplaí céanna nuair a chuimhnítear nach dócha go mbeifí in ann idirdhealú a dhéanamh idir (4b) vibeáil agus (6g) vadhbáil sa chaint. Dar le Myers-Scotton, is cinneadh coinsiasach in aigne an chainteora a bhíonn sa chódmheascadh i gcónaí (1993: 141), agus sa chás seo d’fhéadfadh sé (a) gur chinn cainteoirí moirféimí a thógáil ar iasacht ón mBéarla agus (b) gur chinn siad na moirféimí iasachta sin a ‘athGhaelú’ ag an am céanna, ach iad a thraslitriú de réir nósanna litrithe na Gaeilge. D’fhéadfaí a argóint nach fianaise é an nós sin ar thionchar an Bhéarla ar an nGaeilge, ach ar chruthaitheacht na gcainteoirí dátheangacha ar féidir leo moirféimí ‘úra’ Gaeilge a chruthú sa léim. Níl sé iomlán soiléir cén éifeacht a bhíonn ag idé-eolaíocht cainteoirí ar an gcinneadh cruth na Gaeilge a chur ar mhoirféimí iasachta sa scríbhneoireacht, ach déanann Bennett‑Kastor trácht ar ‘the conservatism of written language’ agus maíonn sí go mbíonn sé de nós ag cainteoirí i ngach teanga tionchar an dara teanga a ruaigeadh ón scríbhneoireacht a oiread agus is féidir leo (2008: 31). Is cinnte go léirítear comhshamhlú láidir moirfeolaíoch ag leibhéal an fhocail sna samplaí traslitrithe sin thuas.

Is féidir le leaganacha códmheasctha a bheith comhtháite leis an nGaeilge ag leibhéal an fhocail (go moirfeolaíoch) nó i struchtúr na habairte (go comhréireach). Tugann Stenson le fios go mbíonn foirmeacha measctha ar nós na gceann a pléadh go dtí seo an‑simplí de ghnáth, agus nach mbíonn marcóirí casta aimsire ná tuisil le feiceáil agus moirféimí an Bhéarla in úsáid i struchtúr na Gaeilge (1991: 567). Ag an bpointe seo, tá teacht ag léitheoirí ar cheist eile ar féidir a iniúchadh agus iad ag baint úsáid as an gcorpas reatha.

Tuigtear gurb é tweetáil an toradh is coitianta i dTábla 1 thuas – is minic a dhéantar tagairt do phostálacha eile i bpostálacha ar an ardán micreabhlagaireachta. D’fhonn a chomhtháite is atá an fhoirm chódmheasctha tweetáil sa chorpas reatha a mheas, rinneadh cuardach simplí ar gach téarma ina raibh an leama tweet. Cuireadh samplaí ina raibh an séimhiú nó an t-úrú san áireamh leis an torthaí deiridh (is é sin le rá go ndearnadh samplaí ar nós thweet agus dtweet a chomhaireamh leis an minicíocht iomlán do tweet). Scriosadh torthaí ó abairtí lán-Bhéarla. Taispeántar na torthaí i dTábla 2 thíos, mar aon leis an minicíocht agus an struchtúr moirfeolaíoch a bhain le gach sampla.

GA

EN

STRUCHTÚR

MIN.

tweetáil

tweeting

[tweet] + [áil]

12

tweetanna

tweets

[tweet] + [anna]

12

buntweet

original tweet

[bun] + [tweet]

3

quotetweetáil

quote tweeting

[quote] + [tweet] + [áil]

2

tweetálann

tweets

[tweet] + [álann]

2

atweet

retweet

[a] + [tweet]

2

tweetálaithe

tweeted

[tweet] + [álaithe]

2

tweetálfadh

would tweet

[tweetáil] + [faidh]

2

seantweet

old tweet

[sean] + [tweet]

1

atweetanna

retweets

[a] + [tweet] + [anna]

1

tweetálanna

tweets

[tweet] + [álanna]

1

 

Tábla 2 Foirmeacha measctha ina raibh an fhréamh-mhoirféim tweet, mar aon le haistriúchán Béarla, struchtúr agus minicíocht

Feictear láithreach go n-úsáidtear réimíreanna (seantweet, buntweet, atweet), leaganacha iolra (tweetanna, tweetálanna)  agus táthmhíreanna briathartha (tweetáil, tweetálfadh, tweetálann) gan siúnta taobh leis moirféim Bhéarla. Ó thaobh na moirfeolaíochta de, tá na samplaí thuas i bhfad níos casta ná na leaganacha measctha simplí a ndearna Stenson (1991) cur síos orthu. Ní hamháin sin, ach léiríodh i gcuid de na samplaí go raibh roinnt leaganacha measctha comhtháite go maith ag leibhéal na habairte, agus moirféimí iasachta faoi réir infhilleadh na Gaeilge mar a bheadh téarmaí dúchasacha ann:

(7)  a. Ná déanaigí iad a fhreagairt, ná déanaigí iad a qhuotetweetáil, déanaigí iad a thuairisciú agus a bhlocáil.

      b. Tá ardú mór ar líon na dtweetanna Gaeilge le mí anuas!

In (7a) agus in (7b) thuas, tagann litriú na moirféimí iasachta salach ar nósanna litrithe na Gaeilge, ach má dhéantar neamhaird air sin, tá na struchtúir agus na habairtí ina bhfuil siad le léamh  go hiomlán ceart de réir na gramadaí. Ar an iomlán, tá tuilleadh fianaise le fáil sna torthaí i dTábla 2 go bhfuil cainteoirí Gaeilge in ann an códmheascadh aonfhocail a láimhseáil go cumasach (Grosjean, 2010).

Ó thaobh na téarmeolaíochta de, tugann na torthaí i dTábla 2 le fios go bhfuil an mhoirféim iasachta tweet in úsáid go réasúnta forleathan i stór focal cainteoirí Gaeilge ar líne. Mar aon leis sin, tá dhá théarma eile ann ar tweet an Bhéarla a bhfuil glacadh leo i bhfoclóirí oifigiúla Gaeilge amhail An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge agus An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge – féach (8) thíos. Mar sin, tá dhá leagan údarásach ann cheana, agus tá an tríú leagan (atá comhtháite go páirteach) in úsáid go forleathan ar na meáin shóisialta. Dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa téarmaiméadracht, tarraingítear ceisteanna ar a chomhtháite nó a ionphlandaithe is atá téarmaí áirithe sa teanga choiteann, toisc go bhfuil carn téarmaí Gaeilge in úsáid ar an gcoincheap céanna:

 (8) a. tweetáil

      b. tvuíteáil

      c. giolcaireacht

 

Liostaíodh giolcaireacht i bhFoclóir de Bhaldraithe (1959) agus i bhFoclóir Uí Dhónaill (1977) mar ‘tweeting’ nó ‘birdsong’, agus d’fhéadfadh sé gur glacadh leis an téarma mar aistriúchán ‘dúchasach’ ar tweeting na meán sóisialta. Traslitriú simplí is ea tvuíteáil, agus cuireadh in airde sa Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge é den chéad uair in 2012. Ó thaobh rogha na bhfocal de, d’fhéadfaí a rá go bhfuil ‘íonacht theangeolaíoch’ éagsúil ag gach ceann de na téarmaí thuas: téarma dúchasach seanbhunaithe is ea giolcaireacht, traslitriú a cumadh le blianta beaga anuas is ea tvuíteáil, agus leagan códmheasctha le moirféim gan athrú ón mBéarla is ea tweetáil. D’fhonn a fhiosrú cé acu de na téarmaí sin is coitianta sa chorpas reatha, rinneadh cuardach leathan ar gach ceann acu. Tiomsaíodh na samplaí uile ina raibh na fréamhacha tweet, giolc agus tvuít le feiceáil, agus leis sin, bhíothas in ann na leamaí agus foirmeacha uile a bhí ag gabháil le gach ceann de na fréamhacha céanna a aithint agus a chomhaireamh. Taispeántar torthaí an chuardaigh sin i dTábla 3 thíos, mar aon le minicíocht iomlán na samplaí ar fad a bhain le gach fréamh.

Fréamh

Leamaí/leaganacha malartacha

Min. iomlán

tweet

tweetáil

156

 

tweetálfaidh

 

 

buntweet

 

 

atweet

 

 

tweetáladh

 

 

athtweetanna

 

 

seantweet

 

 

tweetálanna

 

 

athtweet

 

 

tweetanna

 

 

tweetálaithe

 

tvuít

tvuíteáil

85

 

tvuíteanna

 

 

athtvuít

 

 

athtvuíteáil

 

giolc

giolcaireacht

90

 

giolcanna

 

 

athghiolc

 

 

giolcacha

 

 

Tábla 3 Comparáid ar úsáid na bhfréamh-mhoirféimí tweet, tvuít agus giolc (mar aon leis na leamaí a bhí ag gabháil leo) sa chorpas reatha, agus an mhinicíocht iomlán ag gach téarma a bhain le gach fréamh.

 

Is díol suntais é go n-úsáidtear an mhoirféim iasachta tweet i bhfad níos coitianta sa chorpas reatha ná na macasamhlacha Gaeilge tvuítgiolc–ó thaobh na minicíochta de, tá na trí leagan le feiceáil i gcóimheas de 2:1:1 (nó mar sin). Is fiú a lua gur cosúil go bhfuil i bhfad níos mó leaganacha agus foirmeacha ag gabháil leis an moirféim tweet sna torthaí thuas. Is é sin le rá go bhfuil an líon is airde leaganacha malartacha (aimsirí, iolraí, foirmeacha briathartha, srl.) ag gabháil leis an moirféim tweet. Tugann sé sin le fios go mb’fhéidir go bhfuil tweet in úsáid i réimse níos leithne comhthéacsanna ná giolc tvuít. Ar an iomlán, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag an téarma measctha tweetáil agus na leamaí a bhíonn ag gabháil leis sa chorpas reatha, ó thaobh na minicíochta de agus toisc gur cosúil go bhfuil úsáid níos leithne aige. Ní gá go mbeadh ionadh ar léitheoirí faoin méid sin agus iad ag smaoineamh ar nádúr na meán sóisialta; tá sé éasca cur i gcoinne na hargóinte nach bhfuil sé de chead ach ag saineolaithe nó foinsí oifigiúla téarmaí nua a chruthú (Bhreathnach, 2011: 11), ach is minic a thagann nósanna nua teanga chun cinn ar líne, ós rud é nach mbíonn ‘rialacha’ ná ‘srianta’ i gceist, mar a bheadh le cineálacha eile téacs. Is cinnte nach bhfuil na torthaí i dTábla 4 thuas uileghabhálach, ach léiríonn siad go bhféadfaí na meáin shóisialta a úsáid mar limistéar don taighde téarmaiméadrachta d’fhonn iniúchadh a dhéanamh ar na téarmaí atá neadaithe i gcaint na ndaoine.

Clabhsúr

Tugadh aghaidh sa phlé seo ar cheisteanna ginearálta a bhaineann leis an gcódmheascadh Gaeilge-Béarla, le tionchar an Bhéarla ar an nGaeilge, leis an téarmaíocht agus téarmaiméadracht agus le stór focal cainteoirí Gaeilge. Mar a fheictear sna torthaí i dTábla 1, tá an códmheascadh Gaeilge-Béarla le haithint go forleathan sna téacsanna Gaeilge a chuirtear in airde ar na meáin shóisialta. Tugann na torthaí céanna léargas ar na próisis theangeolaíocha a úsáideann cainteoirí chun na leaganacha measctha sin a chruthú; cuirtear táthmhír shimplí le focal Béarla uaireanta, agus cuirtear cruth na Gaeilge ar mhoirféimí iomlána ón mBéarla i gcásanna eile. Tugann na torthaí i dTábla 2 le fios go bhfuil cuid de na leaganacha measctha céanna comhtháite go maith ó thaobh na moirfeolaíochta de, agus is minic a úsáidtear marcóirí casta aimsire agus tuisil Ghaeilge taobh le moirféimí, gan athrú ón mBéarla. Téann an méid sin níos faide ná an comhshamhlú simplí gramadaí a ndearna Stenson (1991) cur síos air. Tugtar le tuiscint i gcúpla sampla go bhfuil cuid de na foirmeacha códmheasctha céanna neadaithe go maith sa ghramadach ag leibhéal na habairte, agus infhilleadh na Gaeilge in úsáid ar mhoirféimí iasachta (féach 7a agus 7b thuas).

Ar deireadh, tugtar le fios sna torthaí i dTábla 3 (go héiginnte) go bhféadfadh sé go bhfuil na leaganacha iasachta agus measctha sin in iomaíocht leis na téarmaí oifigiúla Gaeilge atá liostaithe i bhfoclóirí údarásacha. Is cinnte go mbeidh an cheist dheireanach sin ina hábhar spéise dóibh siúd ar mhian leo ceisteanna maidir leis an téarmaiméadracht sa Ghaeilge a phóirseáil. Amach anseo, d’fhéadfadh sé a bheith fiúntach do thaighdeoirí teangeolaíochta corpais díriú ar na meáin shóisialta mar réimse a thabharfaidh léargas níos soiléire ar an teanga choiteann nó ar chaint na ndaoine ná cineálacha eile téacs. Mar gheall ar an líon ard códmheasctha atá le sonrú ann, d’fhéadfadh sé go bhfuil an téacs Gaeilge a chuirtear in airde ar na meáin shóisialta ar an leagan scríofa den teanga is cosúla le gnáthchaint na ndaoine.

Cé go maítear go bhfuil stiogma ag baint leis an gcódmhalartú Gaeilge-Béarla (Ní Laoire, 2016; Stenson, 1993), léirítear cruthaitheacht agus ardchumas feidhme cainteoirí dátheangacha i ngach ceann de na samplaí thuas. Ní féidir a rá go bhfuil aon cheann de na torthaí sa pháipéar seo uilechuimsitheach, ach tugann siad súil eile do léitheoirí ar na hathruithe teanga atá ag tarlú sa Ghaeilge chomhaimseartha, chun go bhfaighfí tuiscint níos doimhne ar na hathruithe céanna. Iniúchadh simplí atá sa pháipéar seo, ach táthar ag súil go mbeidh na ceisteanna a chíortar thuas ina mbonn nó ina n‑inspioráid ag tuilleadh taighde amach anseo.

Leabharliosta: 

Leabhair

Bhreathnach, Ú., (2011) A best-practice model for term planning. Tráchtas PhD, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU. (2016) Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. GAOIS. www.gaois.ie/ga/corpora/monolingual

Grosjean, F., (2010) Bilingual: Life and Reality. Harvard University Press. doi.org/10.4159/9780674056459

Myers-Scotton, C., (1993) Social Motivations for Codeswitching. Amsterdam University Press.

Myers-Scotton, C., (1998) Codes and Consequences: Choosing Linguistic Varieties (1ú eag.). Oxford University Press.

Ó Dónaill, N., (Eag.). (1977) Focloir Gaeilge-Bearla. An Gúm.

Ailt

Bennett-Kastor, T., (2008) ‘Code-Mixing in Biliterate and Multiliterate Irish Literary Texts.’ Estudios Irlandeses, 3, 29–41. https://doi.org/10.24162/ei2008-2959

de Bhaldraithe, T., (1953) ‘Nua-iasachtaí i nGaeilge Chois Fharraige.’ Éigse 7,7 1–34.

Deuchar, M., (2005) ‘Congruence and Welsh–English code-switching.’ Bilingualism: Language and Cognition 8(3). 255–69. doi.org/10.1017/s1366728905002294

Hickey, T., (2009) ‘Code-switching and borrowing in Irish.’ Journal of Sociolinguistics, 13(5). 670–88. doi.org/10.1111/j.1467-9841.2009.00429.x

Lynn, T., & Scannell, K., (2019) ‘Code switching in Irish tweets: A preliminary analysis.’ Association for Computational Linguistics, Proceedings of the Celtic Language Technology Workshop. 32–40. https://aclanthology.org/W19-6905/

Ní Laoire, S., (2016) ‘Irish-English Code-switching: a Sociolinguistic Perspective.’ Sociolinguistics in Ireland. 81–106. doi.org/10.1057/9781137453471_4

Nic Fhlannchadha, S., & Hickey, T.M., (2016) ‘Minority language ownership and authority: perspectives of native speakers and new speakers.’ International Journal of Bilingual Education and Bilingualism, 21(1), 38–53. doi.org/10.1080/13670050.2015.1127888

Ó Domagáin, G., (2013) ‘Cineál agus Feidhm an Chódaistrithe i nGaeilge Chomhaimseartha na Gaeltachta: Cás-Stáidéar ar Cheantar Ghort an Choirce.’ Éigse: A Journal of Irish Studies, XXXVII. 199–245.

Ó Murchadha, N., (2020) ‘Múnlaí teanga na Gaeilge agus an idé-eolaíocht teanga.’ TEANGA, the Journal of the Irish Association for Applied Linguistics, 27. 44–64. doi.org/10.35903/teanga.v27i.487

O’Rourke, B., Pujolar, J., & Ramallo, F., (2015) ‘New speakers of minority languages: the challenging opportunity – Foreword.’ International Journal of the Sociology of Language, 2015(231), 1–20. doi.org/10.1515/ijsl-2014-0029

Poplack, S., (1980) ‘Sometimes I’ll start a sentence in Spanish y termino en Español: toward a typology of code-switching.’ Linguistics, 18 (7–8). doi.org/10.1515/ling.1980.18.7-8.581

Scannell, K., (2011) Gaeilge. Indigenous Tweets. http://indigenoustweets.com/

Stefanich, S., Cabrelli, J., Hilderman, D., & Archibald, J., (2019) ‘The Morphophonology of Intraword Codeswitching: Representation and Processing.’ Frontiers in Communication, 4. doi.org/10.3389/fcomm.2019.00054

Stenson, N., (1991) ‘Code-switching vs borrowing in Modern Irish. In Language Contact in the British Isles: Proceedings of the Eighth International Symposium on Language Contact in Europe, Douglas, Isle of Man, 1988. Max Niemeyer Verlag. 559–80

Stenson, N., (1993) ‘English influence on Irish: the last 100 years.’ Journal of Celtic Linguistics, 2, 107–28. www.vanhamel.nl/codecs/Stenson_(Nancy_)_1993a

Aguisín 1

An corpas deiridh a úsáidtear sa pháipéar reatha (líon iomlán na bhfocal: 1,070,949)

Foinse

Comhadainm

Líon Focal

Cur Síos

Twitter

GA_twitter_personal01_2020

316,923

Tvuíteanna ó chuntais phearsanta Twitter a bhí liostaithe ar an suíomh gréasáin Indigenous Languages

 

GA_twitter_personal02_2020

338, 258

 

GA_twitter_org_2020

149,366

Tvuíteanna ó chuntais oifigiúla Twitter (RTÉ, TG4, na hInstitiúidí Eorpacha, srl.) a bhí liostaithe ar an suíomh gréasáin Indigenous Languages

Facebook

GA_facebook_gaeilge amháin_2020

110,471

Postálacha ón ngrúpa Gaeilge Amháin ar Facebook.

Discord

GA_discord_craic le gaeilge_2020

102,964

Teachtaireachtaí ó na grúpaí Discord d/craic le Gaeilge agus d/celtic languages

 

GA_discord_celtic langauges_2020

52,964