Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Comparáid idir Cín Lae Amhlaoibh agus Litreacha as Éirinn – na haicmí sóisialta roimh, agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Comparáid idir Cín Lae Amhlaoibh agus Litreacha as Éirinn – na haicmí sóisialta roimh, agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir

Nóra Murphy

Réamhrá

San alt seo, pléitear an dá théacs, Cín Lae Amhlaoibh (De Bhaldraithe, 1976) agus Litreacha as Éirinn (Ó Finneadha, 2013). Is téacsanna fíorshuimiúla iad na téacsanna seo ina bhfuil téama an ghorta agus na bochtaineachta le feiceáil. Tá téamaí agus ceisteanna éagsúla le feiceáil sna saothair seo, ach tá an t-iniúchadh ar na haicmí sóisialta ar cheann de na téamaí is tábhachtaí iontu.

Nochtadh roinnt saothar san 20ú haois agus san 21ú haois a bhain leis an ngorta, mar shampla, Eoghan (Ní Shúilleabháin, 1992); Creideamh agus Gorta (Ó Duinnín, 1901); agus na scannáin Arracht (Ó Súilleabháin, 2019) agus Black 47 (Dillon & Ryan, 2018). Dá shuimiúla na saothair sin, is suimiúla fós na téacsanna scríofa thuasluaite, áfach.  Is dialann fhíorcháiliúil í Cín Lae Amhlaoibh, a scríobhadh idir na blianta 1827 agus 1835. Tugann an scríbhneoir, Amhlaoibh Ó Súilleabháin, léargas iontach don léitheoir ar an ngnáthshaol, ar chostas rudaí, ar an aimsir, ar an mbás, ar an tionchar a bhí ag na Gaill ag an am, ach níos tábhachtaí ná sin, ar an difríocht idir na haicmí sóisialta sa tréimhse sin. San alt seo, pléitear roinnt de na tréithe sin atá luaite agus an bhaint a bhí acu leis na haicmí sóisialta.

Is sraith litreacha atá sa dara téacs, a scríobh an Gearmánach Moritz Hartmann agus é ar cuairt in Éirinn. Mar sin, tá éagsúlacht idir an dá théacs maidir le dearcadh agus meon an scríbhneora agus an scríbhneoireacht féin. Tagann ceist na n-aicmí sóisialta chun cinn sna litreacha chomh maith, áfach, rud a thugann seans dúinn iniúchadh comparáideach a dhéanamh eatarthu.

Cín Lae Amhlaoibh

Feictear sa dialann le hAmhlaoibh Ó Súilleabháin gur bhall den mheánaicme i gCallainn, Co. Chill Chainnigh é an t-údar, baile a bhí bocht go leor ag an am: Ó Súilleabháin [was an] intellectual within the Kilkenny Catholic middle class (Cullen, 1971: 186). Léiríonn Ó Súilleabháin a aicme agus cur síos á dhéanamh aige ar na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl le linn na tréimhse sin. Léirítear sa chín lae, mar shampla, go ndeachaigh sé ar thurais éagsúla. Chuaigh sé go Dún Laoghaire ag tús na dialainne agus tá níos mó taistil le feiceáil ag deireadh na dialainne agus tagairtí ar fáil do Chorcaigh agus cur síos ar Bhaile Átha Cliath ann. Is léir go raibh sé sách buartha faoin ísealaicme agus é ag déanamh cur síos ar na daoine siúd. Bhí tuiscint mhaith aige orthu, ar ndóigh, dá bharr gur bhog sé ón aicme sin é féin nuair a bhain sé a phost mar mhúinteoir amach.

Déanann Ó Súilleabháin dhá thagairt déag do na bochtáin agus don bhochtaineacht sa chin lae, agus déanann sé tagairtí do ghalair agus don ghorta naoi n-uaire. Cé go bhfuil siad luaite aige, áfach, is plé gairid a dhéanann sé do na téamaí sa chín lae, agus tá i bhfad níos mó tagairtí do na bochtáin ag scríbhneoir an dara téacs. Mar sin féin, déanann Ó Súilleabháin cur síos éifeachtach orthu nuair a dhéanann sé tagairtí dóibh, agus go deimhin, déanann sé cur síos ar an ísealaicme sna hiontrálacha faoi rudaí laethúla ar nós na haimsire agus na dturas a thugadh sé ar áiteanna éagsúla.

Déantar an chuid is mó de na tagairtí don ísealaicme sna blianta 1830–1832 agus an ‘gorta gorm’ (De Bhaldraithe, 1976: 73) rábach sa tír, i measc na mbochtán go háirithe. Faightear, mar shampla, cuntais ar na daoine a bhí ag fulaingt sa chur síos seo ag Ó Súilleabháin in Iúil 1830:

Táid na bochtáin ag priocadh na bpotátaí as bruachaibh na n-iomairí. Tá an gorta gorm ag dul ina mbéal. Is deacair a rá go n-agarfaidh Dia orthú é, ach ina dhiaidh sin is uile, is olc an taithí é. Óir má thosaíonn bochtán ar bhradaíocht ar bheagán, is baolach go leanfaidh ar mhórbhrádaíocht, ar ghadaíocht, ar shlad, ar chreachadh, ar bhroid, ar bhreith ar éigean. (De Bhaldraithe, 1976: 73.2351–2357)

Faightear íomhá de na ‘bochtáin’ anseo agus iad ag obair. Tá tagairt déanta ag an Súilleabhánach anseo don ‘ghorta gorm’ chomh maith leis na daoine bochta, rud a léiríonn an nasc eatarthu. Ní bhíodh na haimcí ba shaibhre ag streachailt leis an saol sa chaoi chéanna is a bhí an ísealaicme agus léiríonn an t-údar é seo ar bhealach éifeachtach agus comparáid shoiléir á déanamh aige eatarthu. Cé gur scríobhadh an sliocht seo roimh an nGorta Mór féin, taispeántar go raibh an gorta mar ghnáthrud ag na daoine ba bhoichte in Éirinn sa tréimhse sin.

Neartaítear an íomhá thuas leis an uaim a úsáideann Ó Súilleabháin sa leagan ‘gorta gorm’. Is teicnic chliste atá úsáidte anseo mar leagann sé béim ar mhothúcháin na spailpíní. Soilsítear an méid sin arís leis an uaim sa líne ‘bochtán ar bhradaíocht ar bheagán, is baolach [...]’ (De Bhaldraithe, 1976: 73). Cuireann an uaim béim ar an líne agus díríonn sé aird an léitheora mar thoradh air sin. Is teicnic chliste í aird a tharraingt ar an [m]’baol’ a bhaineann leis an ábhar atá á phlé aige agus mar thoradh air sin fágtar íomhá bhuan in intinn an léitheora. Tacaíonn cur síos Uí Shúilleabháin anseo leis an teoiric atá ag Fegan faoi na daoine a scríobh faoi streachailt na mbocht sa tréimhse sin – ní raibh siad féin, mar scríbhneoirí, ag fulaingt (Fegan, 2002: 16).

Cruthaíonn Ó Súilleabháin íomhánna de spailpíní agus iad ag obair chun airgead a shaothrú le seoladh abhaile. Dearann an t-údar an íomhá seo lena chuid uiríoll agus níos déanaí sa chín lae, feictear go bhfuil an-bhá aige leo nuair a dhéanann sé trácht ar an ‘spailpín bocht’ (De Bhaldraithe, 1976: 79. 2551). Taispeántar na difríochtaí idir na haicmí anseo, agus Ó Súilleabháin ag nochtadh a chuid dáimhe leis na bochtáin. Cruthaíonn sé bearna idir é féin agus na bochtáin nuair a chuireann sé a thrua in iúl sa sliocht seo agus é ag iarraidh go bhfeicfeadh an léitheoir nach bhfuil siad mar an gcéanna. Níl aon trua dó féin le sonrú anseo, ach tá trua do dhaoine eile le ann.

Faighimid léargas níos doimhne ar aicme Uí Shúilleabháin, nuair a dhéanann sé trácht ar a ‘chailín aimsearthach ag glanadh [a] chuid potátaí’ (De Bhaldraithe, 1976: 74. 2371–2372). Feictear an códmheascadh anseo agus tionchar an Béarla ar an nGaeilge. Tugann an códmheascadh le fios don léitheoir an tionchar a bhí ag na Sasanaigh ar an nGaeilge le linn na tréimhse sin, agus ina theannta sin, an tionchar a bhí acu ar Ó Súilleabháin é féin:

For Ó Súilleabháin the ‘other’ is the ‘Sasanaigh’ [...]. It is against them and through competition with them that he comes to self-definition. So it is that Ó Súilleabháin is in competition with the class above him but crucially, seeks to adapt to his own class and background characteristic aspects of Anglical culture [...] – and the diary as a literary form. (Ó Drisceoil, 2011: 14)

Teastaíonn ón Súilleabhánach a bheith níos airde ar an dréimire sóisialta ná na boicht nó na Gaeil, agus is gné den uasaicme é a bheith ag scríobh dialann, mar a luann Ó Drisceoil. Feictear an tionchar seo chomh maith nuair a athraíonn Ó Súilleabháin ó Ghaeilge go Béarla i roinnt dá chuid iontrálacha ina dhialann  Master Richard Corr commenced learning of my son Dennis, Nov. 19th, 1828, being Wednesday (De Bhaldraithe, 1976: 50.1582–1583). Athraíonn sé ón gcódmheascadh anseo agus scríobhann sé go hiomlán i mBéarla, rud atá fíorshuntasach. Is cosúil go bhfuil an t-údar idir dhá intinn maidir lena theanga féin agus a chultúr féin dá dheasca sin.  

In iontáil eile deir Ó Súilleabháin: ‘Labhartar an Ghaeilge ann go coiteann le daoine dubha agus bána. Maise mo ghrá croí na díbearthaigh bhochta Ghaeltacha. Cia dubh bán iad is ionúin liomsa clanna Gael’ (De Bhaldraithe, 1976: 85.2704–2706). Tá Ó Súilleabháin ar son na Gaeilge anseo, dá bharr gur as Éirinn é, ach léiríonn na hiontrálacha Béarla, b’fhéidir, go bhfuil sé fós idir dhá intinn faoin gceist.

Litreacha as Éirinn

Is acmhainn iomlán éagsúil iad na litreacha a scríobh an Gearmánach Moritz Hartmann nuair a tháinig sé ar cuairt go hÉirinn díreach tar éis an Ghorta Mhóir. Labhrás Ó Finneadha a d’aistrigh go Gaeilge iad in Litreacha as Éirinn (2013). Tá cosúlacht mhór amháin idir na litreacha seo agus an chín lae, áfach, de bharr go bhfuil duine ó aicme níos airde ag déanamh cur síos ar na bochtáin; sa chás seo orthu siúd a fheiceann Hartmann agus é ar thuras go Baile Átha Cliath. Cé go bhfuil an chosúlacht sin le feiceáil idir an dá théacs, tá roinnt difríochtaí le sonrú eatarthu freisin.

Leagtar béim ar an streachailt a bhí ag daoine sna cathracha i gcomparáid leis an méid atá le sonrú sa chín lae ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin ina bhfuil cur síos déanta ar na bochtáin i gCallainn den chuid is mó. Aibhsítear an phreab a bhaintear as an údar nuair a théann sé go Baile Átha Cliath den chéad uair díreach tar éis an Ghorta Mhóir. Tagann an téacs seo go mór leis an méid a deir Kevin O’Rourke faoi na héifeachtaí fada a bhí ag an nGorta Mór ar mhuintir na tíre: [...] the Famine had a lasting impact on post-Famine Ireland (O’Rourke, 1994: 309). Ina theannta sin, de réir an chuntais a thugann Emily Mark-Fitzgerald sa chlár fáisnéise The Hunger (RTÉ), glacadh le roinnt de na híomhánna a tháinig ón tréimhse tar éis an Ghorta Mhóir mar íomhánna ón nGorta Mór féin (Mark-Fitzgerald 2020). Is léir ón méid sin gur téacs fíorthábhachtach é Litreacha as Éirinn, mar is féidir linn comparáid suntasach a dhéanamh idir na daoine bochta roimh agus i ndiaidh an Ghorta Mhóir.

Dar le Ó Donnchú, is é ‘drochbhail na cathrach ba thúisce a chuaigh i bhfeidhm’ ar Hartmann (2014: 30), agus é ag labhairt faoi údar an téacs seo. Soilsítear é seo go háirithe san alt a leanas:

An bhochtaineacht seo, an fhulaingt seo, brocamas an duine – ní cheapfá go bhféadfadh sé a bheith níos measa, is é sin go deimhin, nó go bhfeicfeá Baile Átha Cliath. Agus buailte leis an mbochtaineacht seo, tá an saibhreas as cuimse! (Ó Finneadha, 2013: 3)

Déanann an t-údar trácht ar an gcomparáid idir na haicmí sóisialta in Éirinn díreach tar éis an Ghorta Mhóir. Is léir uaidh seo an difríocht mhór shuntasach a bhí idir na haicmí sóisialta in Éirinn ag an am sin. Tháinig an scríbhneoir ón uasaicme agus saibhreas mór aige, ach feictear nach bhfuil sé in ann a leithéid de bhochtaineacht a bhí i mBaile Átha Cliath a thuiscint, agus ba cheart go mbeadh an meon céanna ag na daoine saibhre in Éirinn chomh maith, dar leis. 

Is féidir an sliocht sin a chur i gcomparáid le hiontráil dialainne i gcín lae Uí Shúilleabháin ina bhfuil cur síos déanta ar na boicht chomh maith:

Is baile beag bocht é. Táid na tithe muintire ag titim chum talún; tithe taisce gan cruithneacht gan coirce gan eorna gan min gan im gan muiceoil mhéith gan mairteoil mhaith. Táid comhlain na dtithe taisce ag titim dá dtuislibh, na fuinneoga gan gloine, sionnach rua ón gcarraig, níor bhaol dó mórán do mhúscladh sna seomraí dorcha folamha. Tá muileann nó dhó ag meilt. (De Bhaldraithe, 1976: 73.2336–2342).

Is léir arís go bhfuil dáimh ag Mac Amhlaoibh leis na daoine sin. Déanann sé comparáid freisin idir margadh a bhíodh ann, nach bhfuil ann anois. Mar sin, déanann Ó Súilleabháin comparáid idir an radharc sin agus an saol a bhí, i gcomparáid lena ndearna Hartmann, agus comparáid déanta aigesean idir na boicht agus na daoine saibhre.

Baineann cur síos eile ag Hartmann go mór le ceist na n-aicmí. Léiríonn sé an bhochtaineacht arís sna línte: ‘Níl cur síos ar bith ar an mbochtaineacht seo, a fhorleitheadaí í, agus na prochóga uafásacha ina bhfuil sí’ (Ó Finneadha, 2013: 7). Nochtar an déistin atá air agus tá dáimh le sonrú chomh maith. Ar na mothúcháin láidre atá anseo, tá déistin leis na daoine ba chúis le bochtaineacht na nÉireannach. Is féidir an chomhbhá chéanna a fheiceáil sa dialann ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin, agus cur síos déanta aige ar na spailpíní agus ar bhochtaineacht na ndaoine eile. Is nasc suntasach é seo idir na téacsanna agus na húdair, mar léiríonn sé sin go raibh fulaingt ollmhór ag na bochtáin roimh an nGorta, agus tar éis an Ghorta chomh maith.

A mhalairt de sin a thaispeánann Hartmann ar a thuras go Dún Laoghaire agus Deilginis. Déanann sé comparáid chumhachtach idir na bailte saibhre sin agus Baile Átha Cliath. Léiríonn Hartmann ‘na gairdíní’, agus clann taobh amuigh ag ithe a mbricfeasta (Ó Finneadha, 2013: 25). Feictear an chodarsnacht idir an cur síos seo, agus an an ceann a thug sé ní ba luaithe faoin mbochtaineacht sa chathair. Leagann Hartmann béim ar an áilleacht sna bailte sin:

Is áit dheas é Kingstown, a bhfuil ardán réidh ann aníos ón gcuan agus tá mórcharraig leathmhaol Dheilginise mar chúlra aige. Sa chúlra feictear aghaidh lonrach shraith tithe áille tuaithe a bhfuil a n-aghaidh amach ar dhroim na mara. Tá lochtáin agus gairdíní ar feadh an bhealaigh síos go calafort. (Ó Finneadha, 2013: 25)

Is féidir an íomhá sin a chur i gcomparáid leis na sráideanna i mBaile Átha Cliath:

Samhlaigh cathair an-mhór, agus sráideanna inti mar a bheadh i Londain agus gurb iad na bochtáin is boichte amuigh amháin atá ina gcónaí sna sráideanna sin – agus an uair sin féin níl agat ach tuiscint mheath ar an gcaoi a bhfuil formhór na gceantar uirbeach i mBaile Átha Cliath. (Ó Finneadha, 2013: 7)

Críoch

Tá léargas tugtha sna téacsanna thuas ar na héagsúlachtaí a bhí idir na haicmí éagsúla in Éirinn nuair a scríobhadh iad. Léirítear na difríochtaí idir na bailte éagsúla agus na haicmí difriúla daoine, agus dearcadh na scríbhneoirí féin. Tá cúlra Uí Shúilleabháin tábhachtach anseo i gcomparáid le cúlra Hartmann, duine ar dhuine den uasaicme mé.  Léiríonn litreacha Hartmann freisin na difríochtaí ollmhóra idir cúinsí maireachtála na hísealaicme agus na huasaicme a chonaic sé agus é in Éirinn.  Is foinsí luachmhara iad an dá théacs seo ar shaol na n-aicmí in Éirinn sa 19ú haois.

Leabharliosta: 

Leabhair

De Bhaldraithe, T., (eag.) (1976) Cín Lae Amhlaoibh. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Fegan, M., (2002) Literature and the Irish Famine 1845–1919. Oxford: Oxford University Press.

Ní Shúilleabháin, S., (1992) Eoghan. Gaillimh: Cló Iar-Chonnacht Teo.

Ó Duinnín, P., (1901) Creideamh agus Gorta. Baile Átha Cliath.

Ó Finneadha, L., (aist.) (2013) Litreacha as Éirinn. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ailt

Cullen, L.M., (1971) ‘Cín Lae Amhlaoibh by Tomás De Bhaldraithe’, Studia Hibernica, 186–7. www-jstor-org.proxy.lib.ul.ie/stable/20495990?sid=primo&seq=1#metadata_info_tab_contents.

Ó Donnchú, K., (2014) ‘Reviewed Work: ‘Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí’ le Labhras Ó Finneadha.’ Comhar, 74(7). 29–30. www-jstor-org.proxy.lib.ul.ie/stable/43499891?sid=primo&seq=2#metadata_info_tab_contents.

Ó Drisceoil, P., (2011) ‘Cín Lae Amhlaoibh: Modernization and the Irish Language.’ Kelly, J. (eag.), Ireland and Romanticism. Palgrave Macmillan. 13–25.

O’Rourke, K., (1994) ‘The Economic Impact of the Famine in the Short and Long Run.’ The American Economic Review, 84(2). 309–13.

Scannáin / Cláir Theilifíse

Dillon, P.J., Ryan, P., (2018) Black ’47. Baile Átha Cliath: Element Pictures.

Mark-Fitzgerald, E., ‘The Hunger: The Story of the Irish Famine’, RTÉ 1, 20 Samhain 2020.

Ó Súilleabháin, T., (2019) Arracht. Baile Átha Cliath: Macalla Teoranta.