Cur chuige na ceardlainne mar mhodh eile teagaisc an aistriúcháin

Padaí de Bléine

Soláthraíonn an taighdeoir, san alt seo, tuairisc ar thionscadal taighde a rinneadh sa bhliain acadúil 2022–2023, idir Deireadh Fómhair 2022 agus Nollaig 2022, chomh maith le torthaí an tionscadail chéanna. Rinneadh taighde ar úsáid na ceardlainne mar mhodh teagaisc agus foghlama an aistriúcháin i measc mhic léinn an tríú bliain ar chúrsaí BA (Saorealaíona le Gaeilge). Is gnách go n-áirítear aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge mar chuid de na modúil sna Saorealaíona agus go dearfa, mar chuid de na modúil i mBaitsiléir an Oideachais, ó bhliain a haon go bliain a trí. Is gnách go mbíonn píosa leanúnach próis le haistriú ar ábhar ar leith agus go n-ullmhaítear ar bhonn seachtainiúil sa léacht é. Rinneadh taighde ar chur chuige na ceardlainne agus na mic léinn ag aistriú píosa leanúnach próis a chum an taighdeoir agus leabhair thagartha ar leith in úsáid ag na mic léinn sa cheardlann leis an aistriúchán a éascú. Baineadh úsáid as Gramadach Gan Stró, Eagrán 4 (Ó Dónaill, 2016), Ó Bhéarla go Gaeilge (Mac Lochlainn, 2018) agus Cruinneas (Mac Lochlainn, 2020) mar phríomhthéacsanna tagartha sa cheardlann. Baineadh úsáid as leabhair thagartha eile a mbeadh cur amach ag na mic léinn orthu thar na trí bliana dá gcúrsa céime agus dhírigh an taighdeoir leibhéal na teanga sa tsliocht a bhí le haistriú ar shiollabas an tríú bliain.  Díríodh ar chur chuige na ceardlainne a mholtar in Fitzpatrick & Hunt (2019).  Mar sin de, rinneadh taighde ar chur chuige an mhodha úir lena fháil amach cad é a shíl na mic léinn faoi chur chuige na ceardlainne agus iad ag cur lena bhfeasacht agus lena n-eolas ar an Ghaeilge. Cuireadh ceistneoir chuig na mic léinn ag tús an tionscadail le fáil amach cad é an dearcadh a bhí acu ar an aistriúchán go ginearálta agus ar a mhuiníní a bhí siad maidir le cúrsaí aistriúcháin. Eagraíodh an cheardlann agus rinneadh fístaifeadadh ar an cheardlann féin agus na mic léinn i mbun oibre le breathnóireacht a dhéanamh ar an chur chuige. Cuireadh agallamh ar na mic léinn i bhfócasghrúpaí cúpla lá i ndiaidh na ceardlainne lena dtuairimí ar an mhodh úr teagaisc a mheas. Rinneadh anailís ar thuairimí na mac léinn.

An cheardlann á hullmhú

Aithníonn Ní Fhrighil & Nic Eoin (2009: 2) an géarghá atá ann siollabais agus acmhainní teagaisc a fhorbairt atá fóirsteanach agus a spreagfaidh dea-chleachtas i bhfoghlaim agus i dteagasc na Gaeilge. Is chuige sin a cuireadh an cheardlann le chéile le modh eile teagaisc a chur i láthair na mac léinn. Tá cúrsa gramadaí leagtha amach ag Roinn na Gaeilge agus is gnách go ndéantar an teagasc ar an ghramadach i bhfoirm léachta. Déantar iarracht díriú ar na míreanna gramadaí atá á bhfoghlaim acu de réir an tsiollabais sna léachtaí gramadaí nuair a thugtar léacht ar an aistriúchán do na mic léinn. Baintear úsáid as Gramadach Gan Stró, Eagrán 4 mar phríomhthéacs gramadaí thar na trí bliana sna léachtaí. D’fhéach an taighdeoir le hábhar na gceardlann a chur in oiriúint do chaighdeán Gaeilge na mac léinn agus bunaíodh na míreanna gramadaí ar aonaid as Gramadach Gan Stró, Eagrán 4.  Luann Ó Catháin (2009: 21) nach n-éiríonn le líon suntasach de na mic léinn an ‘léim mhór dheiridh’ a thabhairt, is é sin úsáid cheart an eolais nuashealbhaithe a chur i bhfeidhm ina gcuid obair scríofa agus sa teanga labhartha. Cé gur minic a thuigeann na mic léinn an t-ábhar gramadaí a phléitear sa léacht, bíonn sé deacair orthu é a úsáid i gceart nuair a iarrtar orthu aistí a scríobh, nó aistriúcháin a dhéanamh taobh amuigh de scafaill an tseomra ranga. Is amhlaidh atá an cás le cuid de na mic léinn in institiúid an taighdeora agus rinneadh iarracht sa taighde seo an léacht ar an ghramadach agus an léacht ar an aistriúchán a cheangal le chéile i bhfoirm ceardlainne. Tugann Ní Mhaonaigh (2009: 78) ‘process-orientated syllabi’ ar shiollabais ina gcuirtear béim ar an phróiseas foghlama. Is ar thascanna nó ar thionscadail a bhunaítear siollabais den chineál seo agus ábhar an tsiollabais measartha solúbtha. Is féidir a mhaíomh go gcuimsíonn cur chuige na ceardlainne próiseas foghlama agus na mic léinn ag obair le chéile ar thasc a bhfuil treoracha tacúla leis. Is féidir leis an léachtóir agus leis na mic léinn ábhar a bhfuil spéis acu araon ann a roghnú sa phróiseas seo agus díriú ar an ábhar chéanna sa teagasc. Roghnaíodh píosa próis ar an Titanic don tasc seo sa cheardlann. Roghnaíodh an t-ábhar seo toisc go raibh spéis ag an taighdeoir féin ann agus toisc gur bheag duine nár chuala trácht ar an long iomráiteach. Mar sin de, bheadh gach mac léinn ábalta réamheolas de chineál éigin a thabhairt chuig an cheardlann. Scríobh an taighdeoir píosa leanúnach próis. Baineadh úsáid as na leabhair thagartha Gramadach Gan Stró, Eagrán 4 (Ó Dónaill, 2016), Ó Bhéarla go Gaeilge (Mac Lochlainn, 2018) agus Cruinneas (Mac Lochlainn, 2020) agus leabhair thagartha eile a bhí in úsáid ag na mic léinn ar a gcúrsa céime. Cuirim i gcás, déanann na mic léinn staidéar ar Mo Dhá Róisín (1921) agus tá frásaí as an leabhar in úsáid sna tagairtí. Chaith an taighdeoir a dhúthracht ag iarraidh píosa leanúnach próis a chur le chéile agus é ag díriú ar na leabhair thagartha thuasluaite. Áirítear neart fíricí a bhaineann leis an Titanic a mbeadh na mic léinn ábalta foghlaim fúthu san aistriúchán agus an taighdeoir ag dúil go gcuideodh siad leis na mic léinn míreanna gramadaí a cheangal le fíricí agus iad a fhoghlaim agus a shealbhú dá dtairbhe. Mar shampla, tá an abairt ‘the ship that had taken three years to build sank in three hours’ san aistriúchán. Tagann an ghramadach a bhaineann leis na huimhreacha aníos san abairt. Tá seans níos fearr go sealbhófar ‘trí bliana’ agus ‘trí uair an chloig’ agus an t-eolas bainteach le scéal an Titanic. Cuireadh an tagairt agus an leathanach cuí (Gramadach Gan Stró: 114) in iúl ar an phíosa próis leis an tasc a éascú do na mic léinn (féach Aguisín 1).

An cheardlann á heagrú

Maíonn Fitzpatrick & Hunt (2019: 2) go dtugann ceardlann saoirse don léachtóir srianta an léachta a shárú agus modh a oireann don lucht foghlama agus don ábhar atá le teagasc a chruthú. Cuirtear béim ar na torthaí foghlama i gceardlann a eagraítear go maith. Is iad na torthaí foghlama a bhí leis an cheardlann a d’eagraigh an taighdeoir sa chás seo ná go mbeadh na mic léinn ábalta an píosa leanúnach próis ar an Titanic a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, go mbainfeadh siad úsáid as na leabhair thagartha a tugadh dóibh agus go mbeadh siad ag comhoibriú lena chéile leis an Ghaeilge is beaichte a chur ar an sliocht. Dhírigh an taighdeoir ar na tuairimí atá ag Mac Lochlainn (2018: xiii) maidir le bunchúramaí an teagascóra agus é ag teagasc an aistriúcháin, is iad sin: an seisiún teagaisc a phleanáil, úsáid cheart a bhaint as ábhar teagaisc atá ar fáil nó ábhair nua a dhearadh agus an rang a bhainistiú sa dóigh is nach mbeadh na gníomhaíochtaí rófhurasta do rannpháirtithe áirithe agus ródhúshlánach do rannpháirtithe eile. Tá tuairimí Mhic Lochlainn ag teacht le tuairimí Fitzpatrick & Hunt (2019: 11), a mhaíonn gur chóir próifíl an lucht foghlama a mheas lena chinntiú go mbeadh torthaí foghlama na ceardlainne inshroicthe acu. Molann Fitzpatrick & Hunt (2019: 69) fosta nach gcaithfí barraíocht ama ag tús na ceardlainne agus go mbeadh ‘…the bare minimum number of slides’ ann. Chuige sin, baineadh úsáid as sé shleamhnán ag tús na ceardlainne seo agus caitheadh a trí nó a ceathair de bhomaite ag míniú na ceardlainne (féach Aguisín 2). Míníodh do na mic léinn go mbeadh sliocht le haistriú acu, bunaithe ar an Titanic. Cuireadh an liosta tagairtí a mbainfí úsáid astu in iúl dóibh ar na sleamhnáin agus cuireadh na hintinní foghlama in iúl.

Na mic léinn i mbun an mhodha úir

Tháinig na mic léinn le chéile le triail a bhaint as an chur chuige úr nuair a críochnaíodh an réamhobair. Cuireadh na mic léinn ina ndá ghrúpa d’ochtar ag táblaí móra agus chuaigh an taighdeoir síos fríd na nótaí ar sheó sleamhnán Powerpoint. Molann Fitzpatrick & Hunt (2019: 69) go dtosofaí ar an cheardlann a ghasta agus is féidir. Chloígh an taighdeoir sa chás seo leis an chur chuige sin. Cuireadh na leabhair thagartha i lár na dtáblaí agus iarradh ar na mic léinn an sliocht ar an Titanic a thiontú go Gaeilge. Míníodh go mbeadh an freagra díreach le fáil as cuid de na leabhair thagartha ach i gcás na gramadaí go mbeadh samplaí ann a thiocfadh leo a úsáid leis an fhreagra a oibriú amach. Cuir i gcás, sa chéad abairt tá, ‘around Easter 1912’ ann. Má chuartaíonn na mic léinn leathanach 32 de Gramadach gan Stró beidh an sampla ‘um thráthnóna’ ann agus beidh orthu an freagra ‘um Cháisc’ a oibriú amach as sin. San ochtú líne den aistriúchán tá an abairt, ‘they were living from hand to mouth’ ann. Má chuartaíonn na mic léinn leathanach 8 de Ó Grianna (1921) beidh an nath ‘bhí siad beo ón lámh go dtí an béal’ ann agus beidh siad ábalta an frása a bhaint díreach ón leabhar. Tá an frása ‘Fr Francis Brown was very lucky’ ar an aonú líne déag den aistriúchán agus is féidir an t-aistriúchán a aimsiú in Mac Giolla Chomhaill (2003) ar leathanach 129: ‘bhí an t-ádh dearg air’. Bhí an fhoirm chuí den fhocal nó den fhrása le hoibriú amach ón eolas a tugadh sa tagairt in amanna, áfach. Mar shampla, tá an frása ‘in the middle of the sea’ sa dara líne den aistriúchán. Tugtar ‘in aice na farraige’ ar leathanach 51 in Ó Dónaill (2016) agus b’éigean do na mic léinn ‘i lár na farraige’ a oibriú amach as an leid sin. Tá an frása ‘three different classes’ ar líne a seacht den aistriúchán. Tá ‘trí chathaoir ghorma’, a thugann an riail maidir le huimhir, ainmfhocal agus aidiacht le fios do na mic léinn, le fáil ar leathanach 119 in Ó Dónaill (2016). Arís eile, caithfidh siad ‘trí aicme dhifriúla’ a aimsiú as an eolas a thugtar. Tá an frása ‘he met two Americans’ le haistriú ar an cheathrú líne déag den aistriúchán. Tugtar an tagairt as Ó Dónaill ar leathanach 158. Mínítear ar an leathanach sin gurb í foirm an ghinidigh iolra den ainmfhocal a úsáidtear i ndiaidh beirt – deichniúr, de ghnáth. Tugtar na samplaí ‘ceathrar ceoltóirí, cúigear páistí agus seisear ban’. Arís eile, bhí ar na mic léinn ‘beirt Mheiriceánach’ a oibriú amach as an eolas a tugadh. Agus na mic léinn i mbun oibre, chuaigh an taighdeoir ó ghrúpa go grúpa agus é ag iarraidh a chinntiú go raibh ag éirí leo na míreanna gramadaí a oibriú amach lena chéile. Threoraigh sé chuig an tagairt cheart iad má bhí deacracht acu agus chaith sé tamall leo ag míniú na gramadaí a bhain le mír ar leith. Chonacthas dó go raibh na mic léinn ag comhoibriú i ngrúpaí de cheathrar agus ligeadh leo. Bhí sé ina bhuntáiste go raibh grúpa beag ann agus an taighdeoir ag míniú míreanna gramadaí do cheathrar in áit ochtair. Glacadh leis an chomhairle a chuireann Fitzpatrick & Hunt ar an eagraí ceardlainne maidir le teacht le chéile mar ghrúpa iomlán i ndiaidh fiche bomaite. Molann Fitzpatrick & Hunt (2019: 109) go dtiocfadh an grúpa le chéile i ndiaidh gach fiche bomaite leis an dul chun cinn a mheas. Tugtar ‘stand and share’ ar an ghné seo den cheardlann agus tugadh deis do na mic léinn a gcuid dul chun cinn a roinnt leis na grúpaí eile agus roinnt samplaí de na míreanna gramadaí a mhíniú agus iad ag dul don aistriúchán.  Labhair an taighdeoir leis na mic léinn mar ghrúpa ar feadh cúpla bomaite. Mhol sé obair na ngrúpaí éagsúla agus d’aibhsigh sé cuid de na píosaí a bhí aistrithe go beacht acu. Míníodh arís gur chóir go mbeadh gach duine páirteach inti agus nár chóir an obair a fhágáil faoi dhuine nó bheirt as an ghrúpa. Mhair an cheardlann uair an chloig ar fad agus bhí dhá shos bheaga ann – i ndiaidh fiche bomaite agus i ndiaidh daichead bomaite – leis na míreanna gramadaí a threisiú agus leis na mic léinn a spreagadh. Tá samplaí den obair a rinne na mic léinn le feiceáil thíos (féach Aguisín 5).

An mhodheolaíocht

Shocraigh an taighdeoir go mbainfí úsáid as modhanna éagsúla le sonraí a bhailiú ar thuairimí na mac léinn faoi chur chuige na ceardlainne mar mhodh eile do theagasc an aistriúcháin. Baineadh úsáid as ceistneoirí, as fócasghrúpaí agus as breathnóireacht trí fhístaifeadadh, mar go raibh an taighdeoir den bharúil gurbh fhearr a d’fhóir siad don taighde seo. Taighde cáilíochtúil a bhí ann agus mar sin de bhí tuairimí scríofa agus tuairimí ó bhéal na mac léinn an-tábhachtach agus lán de shonraí saibhre. Baineadh úsáid as ceistneoirí le tuairimí na mac léinn ar thasc an aistriúcháin a mheas. Molann Singer & Cooper (2017: 2) go mbeadh ceisteanna a bhfuil scála 1 – 5 mar fhreagraí acu agus ceisteanna oscailte sa cheistneoir, agus is é sin an dóigh ar cuireadh an ceistneoir le chéile (féach Aguisín 3). Cuireann Krueger (1994: 6) síos ar fhócasghrúpa mar ‘a carefully planned discussion designed to obtain perceptions on a defined area of interest in a permissive, non-threatening environment.’ Ar ndóigh, mar a deir Sinner et al (2022), is é an dúshlán a bhíonn roimh an taighdeoir agus é ag dul don fhócasghrúpa ná a chinntiú go mbíonn deis ag gach duine sa ghrúpa a bharúil a thabhairt. Chuige sin, eagraíodh dhá fhócasghrúpa d’ochtar leis an deis sin a thabhairt. Rinneadh fístaifeadadh den cheardlann agus na mic léinn i mbun aistriúcháin. Molann Dufon (2002: 49) agus Radcliff (2003: 113) úsáid an fhíseáin le sonraí saibhre a bhailiú. Míníodh do na rannpháirtithe go raibh an ceamara ag taifeadadh ó thráth áirithe agus go mbeadh sé in úsáid leis an idirghníomhú idir na mic léinn a mheas. Chuaigh an taighdeoir i dteagmháil le Coiste Eiticí an Choláiste agus le hOifig Thaighde an Choláiste le cead a iarraidh an taighde a dhéanamh, agus toiliú scríofa a iarraidh sular cuireadh peann le pár. Tugadh an cead (féach Aguisín 4) agus bhí na mic léinn toilteanach páirt a ghlacadh sa taighde agus údarás an choláiste sásta ligean don taighde dul ar aghaidh.  

Aiseolas a aimsíodh as na sonraí a bailíodh

Cuireadh ceisteanna an cheistneora agus an fhócasghrúpa le chéile le barúlacha na mac léinn ar úsáid na ceardlainne mar mhodh eile teagaisc an aistriúcháin a aimsiú. Iarradh barúlacha na mac léinn ar na gnéithe seo a leanas ar an cheistneoir le ceisteanna druidte agus úsáideadh an scála 1–5 agus 5 ar an fhreagra is dearfaí:

  • Cé chomh muiníneach agus atá tú ag dul don aistriúchán?
  • An mbaineann tú taitneamh as an scil seo a fhorbairt?
  • An bhfuil tú eolach ar áiseanna agus acmhainní atá ar fáil le cuidiú leat?

Seo na freagraí a fuarthas ar an chuid seo den cheistneoir. Maidir le muinín na mac léinn agus iad ag dul don aistriúchán, bhí duine amháin ann a roghnaigh 4, aon duine dhéag a roghnaigh 3 agus ceathrar a roghnaigh 2. Maidir le taitneamhacht an taisc, bhí ceathrar ann a roghnaigh 4, seachtar a roghnaigh 3 agus cúigear a roghnaigh 2. Maidir le heolas ar na háiseanna, bhí seisear ann a roghnaigh 4, naonúr a roghnaigh 3 agus duine amháin a roghnaigh 1. Tá sé le tabhairt faoi deara nár roghnaigh oiread agus mac léinn amháin 5 mar fhreagra ar cheist ar bith, rud a léiríonn go bhfuil easpa muiníne acu nuair a phléann siad cúrsaí aistriúcháin. Iarradh barúlacha na mac léinn ar na gnéithe seo a leanas ar an cheistneoir le ceisteanna oscailte:

  • na deacrachtaí a bhaineann leis an aistriúchán;
  • cur chuige ar leith a úsáidtear agus iad ag dul don aistriúchán.

Seo na freagraí a fuarthas ar an chuid seo den cheistneoir. Maidir leis na deacrachtaí luadh an ghramadach go ginearálta agus na gnéithe seo a leanas go háirithe: an tuiseal ginideach, focail choimhthíocha nó frásaí coimhthíocha, an briathar a chur san aimsir cheart, friotal na Gaeilge a aimsiú, abairtí a chur le chéile mar is ceart, frása agus paragraf, an dóigh a n-athraíonn focail mar gheall ar fhocail eile, agus aimsiú na dtéarmaí cearta.  

Cuireadh ceisteanna oscailte ar na mic léinn agus iad san fhócasghrupa. Tugadh deis do gach duine a b(h)arúil a thabhairt. Iarradh barúlacha na mac léinn maidir leis na gnéithe seo a leanas:

  • obair mar bhall de ghrúpa;
  • buntáistí agus míbhuntaistí na ceardlainne;
  • leathanaigh na dtagairtí á dtabhairt;
  • ar chuidigh an cur chuige leis an mhuinín agus
  • an sásamh as an chur chuige seo.

Seo na freagraí a fuarthas ón dá ghrúpa agus iad ag dul don cheardlann. Maidir le bheith ag obair mar bhall de ghrúpa, mhothaigh tromlach na mac léinn (ceithre dhuine dhéag acu) go raibh an cur chuige seo go maith agus nár cuireadh cruacheist ar dhuine ar bith agus nár cuireadh duine ‘ar an spota’ mar a dúradh. Mhothaigh na mic léinn go raibh siad ábalta na tagairtí a aimsiú le chéile agus an leagan ceart a oibriú amach nuair ba ghá. Dúirt mac léinn amháin gur thug sé deis dóibh a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh le chéile ar shuíomh comhoibrithe fosta. Maidir leis na buntáistí a bhaineann le cur chuige na ceardlainne, shíl na mic léinn go raibh struchtúr maith léi agus go raibh na torthaí foghlama an-soiléir, dúirt siad fosta gur léir go raibh obair mhór i gceist don léachtóir píosa próis don cheardlann a scríobh agus go raibh siad an-bhuíoch as an obair sin. Maidir leis na míbhuntáistí, luaigh cúpla mac léinn gur mhothaigh siad nár leo féin an t-aistriúchán ag an deireadh. Bhí na mic léinn ar aon ghuth maidir leis na tagairtí. Dúirt siad gur thug na tagairtí treoracha leanúnacha dóibh agus gur shábháil siad cuid mhór ama orthu agus gur choinnigh siad a bhfócas. Dúirt siad fosta, go gcuirfeadh sé fonn orthu na tagairtí a úsáid ní ba mhinice. Shíl siad go raibh sé tairbheach go raibh freagraí nó frásaí díreacha, i gcásanna áirithe, le baint amach as na tagairtí a tugadh dóibh agus go raibh orthu freagraí a oibriú amach agus iad ag úsáid na samplaí a tugadh dóibh sna tagairtí i gcásanna eile.  Dúirt na mic léinn gur chuir an cur chuige leis an mhuinín s’acu agus gur méadaíodh ar a muinín nuair a d’oibrigh siad frása nó téarma gramadaí amach le chéile agus iad ag baint úsáid as na tagairtí. Mhothaigh na mic léinn gur thug sé deis dóibh a bheith ag foghlaim óna chéile agus lena chéile. Mhol siad an ‘stand and share’ i ndiaidh gach fiche bomaite agus is d’aon ghuth a dúirt nár mhothaigh siad an t-am ag dul thart.  Dúirt mac léinn amháin gur chuidigh sé léi go raibh an sliocht bunaithe ar an Titanic agus suim mhór aici ann agus eolas maith aici ar an long. Maidir leis an sásamh a baineadh as an chur chuige seo, ba léir gur bhain siad an-taitneamh as agus gur chuir siad lena bhfeasacht teanga agus lena gcuid eolais ar mhíreana gramadaí, (féach Aguisín 5). Díol spéise a bhí ann go ndúirt siad gur modh taitneamhach a bhí ann ach nach dtiocfadh leis an léachtóir an modh seo a úsáid i gcónaí. Mhol siad go n-úsáidfí an modh seo ag tús na bliana go dtí go n-éireodh siad cleachta leis na tagairtí agus leis na téarmaí gramadaí uilig agus go rachadh siad i dtreo obair bheirte agus i dtreo an neamhspleacháis ina dhiaidh sin. Dúirt mac léinn amháin nach mbeadh tacaíocht na dtagairtí ná tacaíocht na gcairde aici agus í ag déanamh aistriúcháin faoi choinníollacha scrúdaithe, ach gur bealach maith í an cheardlann le tús a chur leis an phróiseas foghlama.

Bhreathnaigh an taighdeoir ar an fhíseán a rinneadh le linn na ceardlainne. Maíonn Grimshaw (1982: 121) go dtugann an físeán deis don taighdeoir breathnú ar an tsuíomh arís agus arís eile, rud a chuireann leis an anailís agus leis an léirmhíniú ar na sonraí.  Chonacthas don taighdeoir sa chás seo go raibh na mic léinn ag díriú ar an obair go dúthrachtach agus go raibh comhoibriú ag dul ar aghaidh idir na mic léinn. Ba léir go ndearna na mic léinn neamhaird den cheamara agus gur dhírigh siad ar an tasc de réir mar a chuaigh an cheardlann ar aghaidh. Chualathas mac léinn amháin ag rá go gcuartódh sé an tagairt agus ansin go n-oibreodh siad an ghramadach amach le chéile. Cé gur eagraíodh ina dhá ngrúpa d’ochtar iad, ba léir ag amharc siar ar an fhíseán gurbh fhearr a d’fhóir grúpaí de cheathrar agus gur tharla sé sin go nádúrtha agus na mic léinn ag comhoibriú le chéile. Is fiú a lua, áfach, go ndeir Lomax & Casey (1998) go bhfuil fabht san argóint nach gcuireann ceamara isteach ar na rannpháirtithe agus nach dtugann siad aird ar bith air. Chuir srianta ama agus líon focal ceangal ar an taighdeoir. Chítear go bhfuil féidearthachtaí ann tuilleadh úsáide a bhaint as an fhíseán le sonraí saibhre agus barúlacha na mac léinn féin a fháil. B’fhiú go mór amharc siar ar an fhíseán i gcuideachta na mac léinn amach anseo agus a mbarúlacha a fháil ar an obair a bhí ag dul ar aghaidh. Tugtar ‘stimulated recall procedure’ ar an chur chuige seo agus cuirtear ceisteanna oscailte ar na rannpháirtithe ar an phróiseas smaointeoireachta a bhí acu díreach i ndiaidh an imeachta. Molann Calderhead (1981: 211) agus Lyle (2003: 963) an cur chuige seo agus is cinnte go mbeidh an próiseas seo in úsáid ag an taighdeoir agus é ag déanamh tuilleadh taighde ar an ábhar seo.

Focal scoir

Ba mhaith leis an taighdeoir torthaí an taighde a tharraingt le chéile sa chonclúid seo. Is léir ó bharúlacha na mac léinn sna freagraí a tugadh sna ceistneoirí go dtugtar a ndúshlán sliocht a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus gurb é cruinneas na míreanna gramadaí agus iad i mbun aistriúcháin, is dúshlánaí acu. Rinne an taighdeoir iarracht teacht ar mhodh úr teagaisc leis an aistriúchán a chur i gcomhthéacs agus leis an phróiseas a éascú. Rinne an taighdeoir iarracht ceardlann a chur le chéile a chuirfeadh na mic léinn ag comhoibriú le chéile le hintinní foghlama a bhaint amach agus le deis a thabhairt dóibh dul i dtaithí ar thagairtí agus ar an dóigh lena n-úsáid. Tháinig sé chun solais gur bhain na mic léinn sult as an chur chuige seo ach nárbh fhéidir an cur chuige seo amháin a úsáid i dteagasc an aistriúcháin. Chonachtas do na mic léinn go mbeadh an cur chuige seo taitneamhach, tairbheach ag tús an aistir aistriúcháin agus go dtiocfadh leo dul i dtreo an neamhspleáchais de réir mar a rachadh siad i dtaithí ar an chleachtas. Chuir srianta ama agus srianta líon na bhfocal ceangal ar an taighde, ach tugadh pointí saibhre eolais don taighdeoir. Molann Ní Mhaonaigh (2009: 81) gur cheart go gcuirfeadh siollabas béim ar fhéinriar an fhoghlaimeora agus go gcuideofaí leis an fhoghlaimeoir níos mó freagrachta a ghlacadh as a chuid foghlama féin. Próiseas foghlama atá i gcur chuige na ceardlainne ina mbíonn na mic léinn ag comhoibriú le chéile. An uair amháin a bhíonn an dea-chleachtas foghlamtha acu le chéile agus an mhuinín cothaithe iontu is féidir leo an próiseas céanna a úsáid agus iad ag obair i mbeirteanna agus ansin ina n-aonar. Mar a mhaíonn Mac Lochlainn (2018: viii) ‘is as an chleachtadh a thagann an mháistreacht; ní leor cúrsa oiliúna aistriúcháin a dhéanamh ach an cheird a thabhairt leat trí shíorchleachtadh.’ Feiceann an taighdeoir féidearthachtaí dearfacha le cur chuige na ceardlainne agus na mic léinn ag síorchleachtadh le chéile agus ag siúl i dtreo an neamhspleacháis.  Le cur leis an taighde seo, tá sé ar intinn ag an taighdeoir stór sleachta a chur le chéile arbh fhéidir úsáid a bhaint astu i gcur chuige na ceardlainne agus in obair neamhspleách araon. Tá rún aige sliocht a bhunú ar théamaí éagsúla amhail: pearsa spóirt, tréimhse staire, cúrsaí ceoil agus cúrsaí ollscoile agus an cur chuige céanna le haistriúchán ar an sliocht ar an Titanic a úsáid leo. Bainfear úsáid astu thar thréimse bliain acadúil le taighde níos doimhne agus barúlacha níos glinne ar an chur chuige a mheas. Is cóir go ndíreofar níos mó ar áiseanna foclóireachta, na háiseanna gramadaí san áireamh, agus ar an leas praiticiúil a bhaineann mic léinn an lae inniu astu sna ceardlanna a eagrófar amach anseo. Cuirfear freagraí samplacha ar fáil fosta leis na sleachta a chuideoidh leis na mic léinn féinmheasúnú a dhéanamh ar a gcuid oibre féin. Bheadh léachtóirí tríú leibhéal ábalta a sliocht nó a sleachta féin a chur le chéile bunaithe ar na leabhair a ndearna na mic léinn staidéar orthu agus ar ábhar a bhfuil dúil acu iontu. Feictear don taighdeoir go n-eascróidh tuilleadh taighde as an phíosa seo agus nach bhfuil sa chuid seo ach a thús.

 

 

Aguisín 5

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Leabharliosta: 

An Caighdeán Oifigiúil, (2016) Baile Átha Cliath: Tithe an Oireachtais.

Calderhead, J. (1981) ‘Stimulated recall: a method for research on teaching.’ British Journal of Educational Psychology. 51(2). June. 211–7.

Dufon, M.A. (2002) ‘Video recording in ethnographic SLA research: some use of validity in data collection.’ Language Learning & Technology.

Grimshaw, A.D. (1982) ‘Sound-image data records for research on social interaction: some questions and answers.’ Sociological Methods and Research 11(2).

Fitzpatrick Rob & Hunt D. (2019) The Workshop Survival Guide. Robfitz Ltd.

Krueger, R. A. (1994) Focus groups: A practical guide for applied research. 2nd edn, New York: Thousand.

Lomax, H. & Casey, N. (1998) ‘Recording Social Life: Reflexivity and Video Methodology.’ Sociological Research Online. Vol.3, no.2. http://www.socresonline.org.uk/3/2/1.hmtl.

Lyle, J. (2003) ‘Stimulated recall: a report on its use in naturalistic research.’ British Educational Research Journal 29.6. 861–78.

Mac Giolla Chomhaill, A. (2003) Deismir. Cumann Seanchais Ard Mhacha.

Mac Lochlainn, A. (2015) Cruinneas. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Mac Lochlainn, A. (2010) In Ord is in Eagar. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Mac Lochlainn, A. (2018) Ó Bhéarla go Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ní Fhrighil, R & Nic Eoin, M. (eag.) (2009) Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga. Múineadh agus Foghlaim na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Dónaill, É. (2016) Gramadach Gan Stró. Baile Átha Cliath: Gaelchultúr.

Ó Grianna, S. (1921) Mo Dhá Róisín in eagar ag Mac Congáil, N. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ratcliff, D. (2003) Video methods in qualitive research. Washington DC: American Psychological Association.

Sinner, S., Prochazka, F., Paus-Hasebrink, I., Austria & Farrugia, L. (2018) What are some good approaches to conducting Focus Groups with children. Ar fáil ag: http://www.lse.ac.uk/media-and-communications/assets/documents/research/eu-kids-online/toolkit/frequently-asked-questions/FAQ-34.pdf

Aguisín 1

Aguisín 2

Aguisín 3

Ceistneoir Saorealaíona B3

Dearcadh na mac léinn ar an aistriúchán roimh a fháil amach an bhfuil athruithe ar bith ann agus ina dhiaidh sin.

  1. Cé chomh muiníneach agus atá tú i mbun aistriúcháin ar an scála?

5-go hiomlán, 4-iontach, 3-go leor, 2-go measartha, 1 níl mé

 

  1. An dtaitníonn aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge leat?

5-go hiomlán, 4-go hiontach, 3-go maith, 2-go measartha, 1 ní thaitníonn

 

  1. An bhfuil tú eolach ar áiseanna atá ar fáil le cuidiú leat?

5-iomlán, 4-iontach, 3-go leor, 2-go measartha, 1 níl mé

 

  1. Cad iad na deacrachtaí a bhíonn agat le haistriúchán?

 

 

  1. An bhfuil cur chuige ar leith agat maidir le haistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge?

 

 

Aguisín 4

REC Member’s Comments On A Research Ethics Submission

REC members should complete this form outlining their comments on a research ethics submission.

1. Who are the researchers involved in the research project?

Padaí de Bléine

2. What is the title of the research project?

Iniúchadh ar chur chuige na ceardlainne maidir le haistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge. 

3. What comments do you have in relation to the research ethics submission?

 

 

 

 

 

 

The researcher has taken appropriate steps to ensure that ethical practice will be maintained during this project. He has explained the rationale for the work and taken due care to request consent from participating students. It is important that the researcher makes the disconnect from any assessment outcomes clear, as he has done in the Ethics Form.  It is recommended that a sentence to this effect is inserted in the consent letter to students, e.g. “Ní bheidh tionchar ar bith ag an tionscadal sé ar thorthaí measúnaithe mac léinn.”

 

 

4. Place a tick beside your decision in relation to the research ethics submission?

 

I agree to the research commencing in line with the information provided.  ü

 

I agree to the research commencing in line with the information provided, if the recommendations made by the committee are addressed.

 

I do not agree to the research commencing in line with the information provided, as there are serious ethical issues associated with gathering data from participants.

5. What is your name?

Gabrielle Nig Uidhir