Déphearsantacht an Chainteora Dhátheangaigh – An ann di?

Belinda McHale
Topaic(í): 

Like many other people who speak more than one language, I often have the sense that I’m a slightly different person in each of my languages – more assertive in English, more relaxed in French, more sentimental in Czech.  Is it possible that, along with these differences, my moral compass also points in somewhat different directions depending on the language I’m using at the time? (Sedivy, 2016: 1)

Sa pháipéar seo, cíorfar tuairimí grúpa beag dátheangach i leith an ráitis seo thuas chun scagadh a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas: an dá phearsantacht éagsúla a d’fhéadfadh maireachtáil i sícé an chainteora dhátheangaigh, na peirspictíochtaí míréireacha ar an saol a eascraíonn as cómhaireachtáil an dá theanga mar aon leis an gcoimhlint a ghintear ansin scaití, agus tionchair na dteangacha sin san iomaíocht lena chéile.  Déanfar ionramháil ar shaothair éagsúla ina gcíortar na téamaí seo i gcomhthéacs dhearcthaí rannpháirtithe an taighde seo.  Baineadh feidhm as ceistneoir mar mhodh taighde chun an páipéar seo a chur i gcrích toisc go n-éascaíonn sé iniúchadh a dhéanamh ar phróifíl ghrúpa beag daoine (Denscombe, 2010: 31).  Dáileadh na ceistneoirí ar 15 dhuine agus rinne ochtar díobh sin iad a chomhlánú.  Aithnítear gur sampla beag é seo ach mar sin féin, tá an taighdeoir den tuairim gur fiú go mór na torthaí seo a mheas toisc go soláthraíonn siad léargas bailí ar an ábhar.  Leagann Denscombe (2010) béim ar an tábhacht a bhaineann le sampla beag a roghnú chun tairbhe níos fearr a bhaint as na torthaí:

Researchers can make the strategic decision to concentrate their investigation on one or a few cases in order to allow greater depth to their research, more attention to the dynamics of the situation, better insights that come from a detailed knowledge and understanding of a specific example (186).

Chuathas i muinín Patton (2002) agus próiseas roghnúcháin na rannpháirtithe á dhearadh.  Socraíodh teicníc na samplála cuspóiriúla a chur i gcrích toisc go n-éascódh sé iniúchadh a dhéanamh ar eolas a d’eascródh as acmhainní teoranta, nó i bhfocail Cresswell & Plano Clark (2011): ‘Purposeful sampling involves identifying and selecting individuals or groups of individuals that are especially knowledgeable about or experienced with a phenomenon of interest (38).  Beartaíodh, mar sin, an ceistneoir a chur chuig cainteoirí dátheangacha a raibh aithne ag an taighdeoir orthu toisc gur tuigeadh go mbeadh tuairimí bailí acu a bhainfeadh le hábhar an taighde.  Tugtar cód d’ionchur na rannpháirtithe ar mhaithe lena gcuid anaithnideachta a chothú, is é sin, R1 i gcomhair Rannpháirtí 1, R2 i gcomhair Rannpháirtí 2, srl.  Laistigh den ghrúpa féin, tá cainteoirí dátheangacha a d’fhoghlaim an dara teanga i suíomh foirmeálta oideachais agus cainteoirí eile a bhfuil an dá theanga acu ón luath-óige.  Meabhraítear arís don léitheoir go bhfuil torthaí an ailt taighde seo bunaithe ar ghrúpa beag dátheangach agus aithnítear mar sin, go bhfuil siad réasúnta teoranta.  Tá an taighdeoir den tuairim, áfach, go bhfuil siad inmharthana agus dlisteanach mar sin féin agus go bhféadfaí an taighde áirithe seo a fhorbairt arís amach anseo.

Débhríocht an Dátheangachais

Tá go leor taighde déanta i réimse an dátheangachais le blianta fada anuas agus is minic nach n-aontaítear le sainmhíniú an téarma é féin.  Maíonn Bloomfield, duine de na saineolaithe is túisce a chuir peann ar phár faoin ábhar seo, gur ‘near-native control of two or more languages’ (1933: 56) atá i gceist leis an dátheangachas.  Tá cúrsaí athraithe go mór ó shin agus cé go dtagann Wei (2000) leis seo, ní leagann sé an oiread sin béime ar chaighdeán an chainteora dúchais sa sainmhíniú atá aige féin:

The word ‘bilingual’ primarily describes someone with the possession of two languages.  It can, however, also be taken to include the many people in the world who have varying degrees of proficiency in and interchangeably use three, four or even more languages (7).

Luaitear ‘three, four or even more languages’ thuas i gcomhthéacs an dátheangachais.  Tagraíonn Ní Neachtain (2012) do na saineolaithe Trudgill (2000) agus Romaine (2006) agus don dearcadh atá acu siúd maidir leis an dátheangachas agus leis an ilteangachas, is é sin, go molann siad gur téarmaí inmhalartaithe iad agus gur féidir iad a úsáid i gcomhthéacs ar bith ina bhfuil dhá theanga nó níos mó faoi chaibidil.  Molann Ní Neachtain, áfach, gur cheart cloí le tuairimí shochtheangeolaithe an lae inniu agus a bheith níos cruinne nuair atáthar ag tagairt do na téarmaí seo.  Molann sí ‘dátheangachas’ chun tagairt a dhéanamh do dhá theanga agus ‘ilteangachas’ chun tagairt a dhéanamh do thrí theanga nó níos mó (2012: 33).  Rachfar i muinín an tsainmhínithe seo i gcomhthéacs an pháipéir seo, is é sin, go gciallaíonn an dátheangachas cumas duine dhá theanga a labhairt.

Tionchar Teanga ar an Weltanschauung[1]

Cuirtear béim i réimse na hantraipeolaíochta teangeolaíche ar an gcaidreamh idir smaointe agus teanga.  Creidtear nach amháin gur toradh ar an bpróiseas smaointeoireachta é úsáid teanga ach go bhfuil a mhalairt fíor chomh maith – go  mbíonn tionchar ag an máthairtheanga ar an mbealach a gcruthaítear smaointe.  Dar le Piaget: ‘what children learn about language is determined by what they already know about the world’ (luaite in Douglas Brown, 2002: 34) agus tagann Bloom agus Lahey leis: ‘what children know will determine what they learn about the code for both speaking and understanding messages’ (1978: 34).

Is ó pheirspictíocht eile a rinne Sapir agus Whorf staidéar ar theangacha Indiaigh Mheiriceá ag tús an chéid seo caite agus bhunaigh siad hipitéis Sapir-Whorf ar an taighde seo.  Dar le Whorf: ‘we dissect nature along lines laid down by our native language’ (luaite in Mesthrie et al., 2006: 6–7).  Maíonn an bheirt antraipeolaithe seo go gcruthaíonn teanga dhúchais duine sraith catagóirí a fheidhmíonn mar ardán trína bhfeiceann sé imeachtaí an tsaoil agus a rialaíonn an bealach ina mbaineann sé ciall as gnéithe éagsúla den saol céanna.  Léiríonn an hipitéis seo gur féidir le teanga tionchar a imirt ar an gcruinneshamhail a bhíonn ag pobal ar an saol.  As an ochtar a thug faoin gceistneoir a fhreagairt, mhaígh cúigear acu go raibh tionchar ag an teanga a ndéanann siad a gcuid machnaimh inti ar an bhfealsúnacht phearsanta a bhíonn acu.  I measc na dtuairimí a bhí acu, luadh:

The language a person is born with definitely affects the way you live, behave and think.  One’s native language is directly connected to its culture and therefore has an impact on one’s behaviour.  For example, in my case, Spanish people tend to speak with their body expressing different opinions and behaviours and we are more dynamic and visual in that way compared to other languages (R1).

Déarfainn go bhfuil baint ag an teanga le mo dhearcadh saoil, ach i ngan fhios dom.  Ní dóigh liom go bhfuil aon neart agam air (R2).

I feel that my native/dominant language determines my outlook on life.  I lived in France for nearly 9 years and it is more this experience of living in a foreign country that made me reflect on how identity is acted out (R3).  

Is dóigh ar bhealach go bhfuil baint lárnach ag mo theanga dhúchais le mo dhearcadh ar an saol agus mo chuid fealsúnachta féin, cé nach ndearna mé dianmhachnamh ar an gcoincheap seo riamh.  Cé go bhfuil an saol ag athrú de shíor, go fo-chomhfhiosach, is dóigh go bhfuil tionchar ollmhór agus go bhfuil muid múnlaithe (b’fhéidir i ngan fhios dúinn féin) ag an timpeallacht/ag an áit inar tógadh muid agus tá ról an-lárnach go deo ag an teanga agus ag na gnéithe eile ar fad a bhaineann le teanga i.e. cultúr, béaloideas, nósmhaireachtaí, tuiscintí, stair, ceol, seanfhocail, spórt, piseoga, creideamh agus eile orainn (R4). 

Tar éis iniúchadh a dhéanamh ar na tuairimí seo thuas, léirítear tionchar na teanga dúchais ar dhearcadh an chainteora ach, os a choinne sin, mhaígh beirt rannpháirtithe nár cheap siad go raibh an tionchar sin chomh láidir sin:

Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaint lárnach ag mo theanga dhúchais le mo dhearcadh saoil. Tá mo theanga dhúchais tábhachtach dom ach níl aon tionchar aici ar mo dhearcadh saoil ach, é sin ráite, ní dhéanaim mórán machnaimh ar an dearcadh atá agam ar an domhan (R5).

In anneoin gur tógadh sa Ghaeltacht mé agus go raibh Gaeilge lárnach sa phobal mórthimpeall den chuid is mó, is é an Béarla mo phríomhtheanga.  Déanaim mo chuid machnaimh i mBéarla.  Creidim nach bhfuil tionchar ag an teanga sin ar an dearcadh atá agam ar an domhan (R6).                                               
 

Léiríonn an éagsúlacht tuairimí gur casta an feiniméan é an nasc idir teanga, forbairt smaointe, dearcadh agus féiniúlacht.  Bréagnaíonn cuid de na tuairimí seo hipitéis Sapir-Whorf i gcomhthéacs dhioscúrsa an dátheangachais agus an gaol a mhaireann idir teanga agus smaointe.  Mar sin, bunaithe ar dhearcthaí na ndátheangach sa staidéar seo, glacfar le foirm chaolaithe den hipitéis seo nó mar a shoiléiríonn Mesthrie et al. (2006) ‘our language influences (rather than completely determines) our way of perceiving things’ (8).

An Féin mar Choincheap So-athraitheach

Táthar ann i measc roinnt cainteoirí dátheangacha a mhaíonn gur ‘new person’ iad sa teanga nua a d’fhoghlaim siad (Koven, 2007: 62).  I dtaighde a rinne Dewaele & Pavlenko (2003) ar thuairimí grúpa ilteangach maidir lena dtaithí ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí féiniúlachta, d’áitigh 65% de na rannpháirtithe gur airigh siad difriúil agus iad i mbun comhráite ina dteangacha éagsúla.  Luann siad cúiseanna leis na difríochtaí seo: difríochtaí inghreamaithe teangeolaíochta agus cultúir, comhthéacs foghlama faoi leith ag baint le gach aon teanga, leibhéil éagsúla maoithneachais sna teangacha difriúla mar aon le leibhéil éagsúla cumais (2007: 63).  Tá go leor de na gnéithe céanna le sonrú i measc na rannpháirtithe a thug faoin taighde áirithe seo.  Tagraíonn duine amháin don chomhthéacs foghlama agus an tionchar a bhí aige sin ar an gcaoi a n-airíonn sí agus an T2 á labhairt aici:

Yes, I do feel different when I speak French.  I think the context in which you primarily learnt the language is very much reflected when you speak a second language.  In my case, it would have been an informal, student setting and I would automatically adopt its associated language register and tone when conversing.  I would have to consciously try to adopt a more formal register if the social setting required me to do so but this would not be as automatic as in my L1, English (R3).

Tagraíonn Kinginger d’athchruthú féiniúlachta[2] agus í ag plé an athraithe mhóir a tharlaíonn do chainteoirí dátheangacha faoi leith (luaite in Pavlenko & Blackledge, 2004: 3).  Tugann sé seo le fios go bhfuil a leithéid de rud agus so-athraitheacht phearsantachta nó féiniúlachta[3] ann, mar atá luaite i dtuairim an rannpháirtí thuas agus í ag tagairt do thionchar na timpeallachta foghlama uirthi féin.  Tacaíonn Voloshinov (1973) le Kinginger (2004):

The speaking personality, its subjective designs and intentions, and its conscious stylistic stratagems do not exist outside their material objectification in language.  Without a way of revealing itself in language, be it only in inner speech, personality does not exist for itself or for others.  Language lights up the inner personality and its consciousness; language creates them and endows them with intricacy and profundity – and it does not work the other way.  Personality itself is generated through language. (152–3)

Léiríonn Voloshinov anseo nach bhfuil féiniúlacht duine neamhspleách ar an teanga a labhraíonn sé ach go bhfuil an féin agus teanga idirnasctha, go bhfuil siad fite fuaite lena chéile, gur coincheap so-athraitheach é an féin.  Tagraítear do na difríochtaí inghreamaithe cultúir i dtuairimí rannpháirtithe eile, áit a léirítear tuiscint ar an nasc idir teanga agus cultúr:

Different languages are directly connected to their respective cultures and therefore depending on what language you speak, you adopt, somehow, a different way to express yourself, imitating the actions and mannerisms that specific language represents.  For example, when I speak in English the tone of my voice lowers and I don't use my body as much to communicate and express myself.  Why?  Because people around me who speak English as a native language do that and humans do tend to imitate what's around them (R1).

Airím difriúil nuair a labhraím teanga amháin i gcomparáid le teanga eile.   I mo chas féin, braithim go bhfuil ceangal faoi leith agam le Gaeilgeoirí eile (fiú mura bhfuil aithne agam orthu) ó tharla go bhfuil an teanga chéanna á labhairt againn agus is léir go bhfuil an-mheas againn ar an nGaeilge.  Braithim go bhfuil tuiscint i bhfad níos doimhne agam ar chultúr, ar stair agus ar oidhreacht na hÉireann mar go bhfuil Gaeilge líofa agam (R6). 

Airím difriúil agus mé ag labhairt i dteanga eile, ní thuigim cén fáth ach tá níos mó féinmhuiníne ionam i dteanga amháin ná mar a bheadh ionam i dteanga eile.  Ceapaim go mbaineann sé le meon na tíre agus meon chultúr na tíre sin seachas aon rud eile (R2).

Léirítear anseo an tionchar a imríonn malairtí cultúir, na nósmhaireachtaí coitianta atá fréamhaithe i gcultúr amháin i gcomparáid le cultúr eile, ar shícé an chainteora.  Tráchtar, freisin, ar chleachtas coinbhinsiúnach an phobail teanga a éilíonn iompar, dearcadh agus leibhéal muiníne faoi leith ón gcainteoir.  Má dhéantar scagadh níos mine ar na ráitis thuas, soiléirítear feasacht mheiteachognaíoch na gcainteoirí áirithe seo agus iad ag déanamh cur síos ar an aistriú pearsantachta a thugann siad faoi deara iontu féin.  Maíonn duine amháin: ‘the tone of my voice lowers and I don't use my body as much to communicate and express myself’ (R1) agus duine eile: ‘tá níos mó féinmhuiníne ionam i dteanga amháin ná mar a bheadh ionam i dteanga eile’ (R2).  Léirítear machnamh meiteachognaíoch an chainteora go han-soiléir anseo thíos freisin, áit a ndéantar tagairt don loighic Chairtéiseach agus an chaoi a dtuigeann sí gur dlúthchuid de go leor struchtúir Fhraincíse í:

When speaking French, I think differently than when speaking English.  A simple thing like adapting culturally-specific gestures is an example of this.  Also, Cartesian logic is reflected in French language structures and this is something of which I was conscious (R3).

Léiríonn an rannpháirtí seo an comhchlaonadh urlabhra nó an dúil atá aici a bheith níos cosúla leis an gcainteoir Francach i dtéarmaí teangeolaíochta agus iompair araon.  Tagraíonn sí don gheáitsíocht chultúrtha agus tionchar na fealsúnachta ar struchtúir na Fraincise anseo agus tá sé soiléir go bhfuil éifeacht an-láidir ag na toscaí seo ar a dearcadh mar chainteoir dátheangach. Tagraíonn beirt rannpháirtithe do na ‘difríochtaí inghreamaithe teangeolaíochta’ a shoiléiríonn Dewaele & Pavlenko (2003) mar cheann de na cúiseanna don athrú pearsantachta sa chainteoir dátheangach:

Airím difriúil cinnte, fiú go fisciúil – baineann do bhéal agus do scornach úsáid as matáin eagsúla ag labhairt na Gaeilge i gcomparáid leis an mBéarla.  Tá glór difrúil agam i nGaeilge.  Tá ceol éagsúil a bhaineann leis an mbealach a labhraíonn tú an Ghaeilge – mothaím go bhfuil ‘suas agus síos’ ag baint le habairtí i nGaeilge.  Is teagacha éagsúla iad agus mar sin, ba cheart go mbeadh siad eagsúil óna chéile (R8).

Yes, I feel different when I speak my T2.  I think that gestures, accent, and vocabulary all allow you to express yourself differently.  There are often times when an expression / word / phrase in Spanish is much more appropriate than anything in English is (R1).

Athdhearbhaítear dearcadh Kinginger (2004) sna tuairimí seo, áit a maíonn sí: ‘Personality itself is generated through language’ (152–3).  Maíonn cainteoir amháin go gcabhraíonn an gheáitsíocht, tuin chainte agus foclóir len í féin a chur in iúl ina cuid teangacha éagsúla agus gurb iad sin cuid den chúis a n-airíonn sí difriúil agus í ag labhairt teanga amháin i gcomparáid le teanga eile.  Tagraíonn an rannpháirtí eile don chaoi a gcruthaítear na fuaimeanna éagsúla sa bhéal agus í thar a bheith feasach ar na gluaiseachtaí difriúla inmheánacha seo a idirdhealaíonn teanga amháin ó theanga eile, agus, i ndeireadh na dála, a chruthaíonn comhthéacs ina n-airíonn sí éagsúil sa dá theanga a labhraíonn sí. 

Déanann rannpháirtí amháin tagairt dá leibhéal cumais sa T2 agus tugann sé le fios go mb’fhéidir go bhfuil baint aige sin leis an gcaoi a n-airíonn sé nuair a bhíonn sé á labhairt:

Braitheann sé ar an suíomh.  Ní airím difriúil má labhraím an Ghaeilge nó an Béarla i suíomhanna sóisialta.  Bím beagán coinsiasach nach bhfuil mo chumas sa Bhéarla chomh maith le mo chumas sa Ghaeilge má bhím i suíomhanna foirmiúla Béarla.  Braithim gur fearr an ard réim teanga atá agam sa Ghaeilge ná sa Bhéarla (R5).

Tagann sé seo le taighde Dewaele & Pavlenko (2003), áit a luann siad leibhéil éagsúla cumais mar chúis leis an athrú pearsantachta sa chainteoir dátheangach.  Áitíonn rannpháirtí amháin nach n-airíonn sí difriúil nuair a labhraíonn sí a dá teanga agus soláthraíonn sí an chúis: ‘Is dóigh de bharr gur fhoglaim mé an dá theanga agus mé ag fás aníos agus gur tógadh i bpobal dátheangach mé nach n-airím mar sin’ (R4).  Tagann rannpháirtí eile leis seo freisin nuair a mhaíonn sé gur tógadh le Gaeilge é ach go raibh Béarla ar a thoil aige ó aois an-óg agus mar sin, ‘ceapaim gurb é seo an chúis nach bhfuil an dara féiniúlacht agam’ (R5).  Tá sé spéisiúil nach dtugann an bheirt seo a bhfuil an Béarla agus an Ghaeilge acu ó bhí siad an-óg suntas don tso-athraitheacht féiniúlachta agus léiríonn sé go gcaithfear an luath-dhátheangachas a chur san áireamh agus an t-ábhar seo á scagadh.  Sainmhíníonn Wei a bhfuil i gceist leis an luath-dhátheangachas agus iniúchadh á dhéanamh aige ar chatagóirí éagsúla an dátheangachais féin.  Maíonn sé gur duine é an luath-dhátheangach a bhfuil dhá theanga sealbhaithe aige ina luath-óige (2000: 6).  Toisc nach raibh comhthéacs foirmeálta foghlama i gceist le teangacha na beirte seo, gur sealbhaíodh iad sa bhaile nó sa phobal a raibh cónaí orthu ann, agus go mbíodh taithí acu a bheith ag códmhalartú ó theanga amháin go teanga eile go minic, ní thagann siad le coincheap na féiniúlachta so-athraithe.  Bhí taithí sheanbhunaithe acu ar an dá theanga, rud a d’fhág nár aithin siad an fhéiniúlacht nua ag teacht chun cinn.

Scileanna Fadhbréitigh an Dátheangaigh

Tagraíonn Sedivy don smaointurgnamh mór le rá i réimse na síceolaíochta morálta, an traein éalaitheach, agus í ag cíoradh an fhéin sho-athraithigh i gcainteoirí dátheangacha.  I staidéar a foilsíodh in 2015 san irisleabhar PLOS ONE ina raibh cainteoirí a raibh an Béarla agus an Spáinnis acu mar T1 faoi seach, míníodh dóibh go raibh traein a bhí imithe as smacht ag dul i dtreo cúigir ach go raibh deis acu duine eile a bhrú os comhair na traenach agus go sábhálfaí an cúigear.  Sa chaoi seo, dar ndóigh, mharófaí duine amháin seachas cúigear.  Nuair a chuala na rannpháirtithe an scéal ina dteanga dhúchais, d’áitigh níos lú ná aon chúigiú acu nach mbeidís sásta an duine aonair a bhrú agus a mharú, ach nuair a cuireadh an scéal céanna os a gcomhair ina ndara teanga (sé sin, an Béarla do na cainteoirí dúchais Spáinnise agus an Spáinnis do chainteoirí dúchais an Bhéarla), mhaígh leath acu go mbeidís sásta an duine aonair a íobairt chun an cúigear eile a thabhairt slán.  Léiríonn sé seo go maireann dhá mhodh smaointeoireachta in intinn an chainteora dhátheangaigh nó mar a mhíníonn Sedivy í féin:

Such judgements [teanga dhúchais v’s T2] involve two separate and competing modes of thinking – one of these, a quick, gut-level ‘feeling’, and the other, careful deliberation about the greatest good for the greatest number.  When we use a foreign language, we unconsciously sink into the more deliberate mode simply because the effort of operating in our non-native language cues our cognitive system to prepare for strenuous activity (2016: 2). 

Léiríonn na cainteoirí seo go raibh siad i bhfad ní ba chúramaí ag déanamh cinntí sa dara teanga, go raibh siad ag iarraidh gach uile ghné a scrúdú sula ndéanfaí cinneadh feasach agus gur úsáid siad na modhanna céanna cognaíocha chun an fhadhb a réiteach is a bhí in úsáid acu agus iad ag foghlaim na dara teanga.  Tá sé spéisiúil, mar sin, go bhfuil éagsúlacht tuairimí i measc rannpháirtithe de chuid an taighde seo agus iad ag plé scileanna fadhbréitigh agus an phróisis chinnteoireachta.  Luann beirt chomh héasca is atá sé cinntí a dhéanamh ina máthairtheanga:

Tá i bhfad níos mó taithí agam a bheith ag déanamh cinntí agus ag plé le réiteach fadhbanna i mBéarla.  Bíonn sé níos éasca orm iad a dhéanamh sa teanga sin ó tharla gurb é an Béarla mo phríomhtheanga.  Nuair a chaithim cinntí a dhéanamh agus a bheith ag plé le réiteach fadhbanna i nGaeilge, bíonn sé níos deacra mo chuid mothúchán a chur trasna i gceart (R6). 

Tagraíonn sí go hindíreach anseo don dua a bhaineann le cinneadh a dhéanamh sa dara teanga nó don ‘effort’ agus don ‘strenuous activity’ a luann Sedivy (2016) thuas.  Tacaíonn rannpháirtí eile leis seo freisin agus leagann sí béim ar an éifeachtacht a bhaineann le cinneadh a dhéanamh ina máthairtheanga nó le ‘quick, gut-level feeling’ Sedivy (2016):

Is dóigh gur rud nádúrtha dom a bheith ag réiteach fadhbanna, ag déanamh cinntí agus araile sa Ghaeilge go laethúil.  Is dóigh go mbeinn in ann rudaí a mhíniú agus mé féin a chur in iúl níos soiléire, níos sciobtha agus go mbeinn níos compordaí ag labhairt na Gaeilge de bharr gur i nGaeilge is mó a bhím ag déileáil leis na cúrsaí seo (R4).

Idirdhealaíonn beirt rannpháirtithe eile idir na réimsí éagsúla teanga a bhfuil teagmháil acu leo agus braistint ghinearálta na ngréasán teanga seo mar aon leis na tnútháin iomadúla a bhíonn acu.  Soláthraíonn siad na cúiseanna seo i gcomhthéacs cinneadh faoi leith a dhéanamh ag brath ar an timpeallacht teanga ina bhfuil siad:

Personally, no, I don’t perform differently in my various languages, as I have much more contact with the English speaking world here in Dublin.  However, I think perhaps in work surrounded by native Spanish speakers or when living in Spain this could be the case.  I think that inherently we all want to ‘fit in’ & ‘belong’ to a community and perceptions of what might be most appropriate in one language setting or another may exert an influence on decision making (R7).

Is féidir liom smaoineamh ar eachtra ar leith.  D’iarr duine éigin rud orm agus thug mé freagra ar leith dó.  Agus mé ag smaoineamh siar air, dúirt mé liom féin dá mbeinn ag labhairt i dteanga eile go dtabharfainn freagra difriúil ar an gceist.  Arís, ceapaim go mbaineann sé le féinmhuinín agus go bhfuilim ag iarraidh smaoineamh cosúil le cainteoir dúchais sa teanga atá i gceist (R2). 

Léirítear anseo an brú fo-chomhfhiosach atá fréamhaithe i sícé an chainteora dhátheangaigh agus é ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, is é sin, dul i ngleic leis an bpróiseas cinnteoireachta ach an cinneadh sin a bheith ag teacht le comhdhearcadh coitianta an phobail urlabhra ag an am céanna.  Tá ‘competing modes of thinking’ Sedivy (2016) thar a bheith soiléir anseo cinnte, ach is cúinsí seachtracha den chuid is mó, brú sochaíoch mar aon le braistintí agus tnútháin, a chothaíonn na modhanna smaointeoireachta seo.  Easaontaíonn rannpháirtí eile le tuairim Sedivy (2016), is é sin, tá cur i gcoinne an dá shnáithe a mhaíonn sí a mhaireann sa chainteoir dátheangach le sonrú anseo, an snáithe réasúnach agus an snáithe mothúchánach:

When it comes to decision making, maybe not so much [I don’t perform differently], as after all, you are a person with principles and opinions regardless if you speak one, two or more languages.  When talking about feelings and perceptions, definitely yes, I do perform differently...you directly behave and express yourself depending on what's around you.  For example, Irish people think in a different way to Spanish people and your brain is able to distinguish between one and the other and send you behavioural messages accordingly (R1).  

Tugtar le fios anseo nach gá go mbeadh an cainteoir dátheangach neamhréasúnach sa T1 mar gheall ar na cúinsí maoithneacha agus mothaitheacha a nasctar leis an teanga seo.  Maíonn an rannpháirtí seo nach ionann ábaltacht mheiteachognaíoch agus a bheith in ann cinntí a dhéanamh i mbealach níos neodraí toisc go mbíonn ‘principles and opinions [ag duine] regardless if you speak one, two or more languages’.  Tagann an seasamh seo salach freisin ar an méid atá á thuairisciú ag Athanasopoulos (2015):

Bilinguals also tend to make more rational economic decisions in a second language.  In contrast to one’s first language, it tends to lack the deep-seated, misleading affective biases that unduly influence how risks and benefits are perceived (3).

Léirítear sa dearcadh seo thuas go bhfuil sé indéanta teanga nua a fhoghlaim ach go bhfuil sé níos casta na bonn-instinní, breithiúnais, braistintí, mothúcháin agus iomas a thabhairt slán sa dara teanga.  Tógann Sedivy arís air seo: ‘In the language that comes most naturally to us, those things [breithiúnais, braistintí, mothúcháin agus iomas] will butt up against, and often overpower, cold rationality; in one that’s less familiar, rationality stands more of a fighting chance’ (2016: 2).  Ní thagann duine de rannpháirtithe an taighde seo leis sin, áfach, agus áitíonn sí: ‘I would say it is more the impact of the context in which the L2 was learnt that wields the greatest influence in decision making’ (R3) seachas a bheith chomh diongbháilte sin gurb ionann an T1 agus easpa doimhneachta sa phróiseas smaointeoireachta.  Cé nach n-áitíonn an rannpháirtí go díreach é, tá macalla anseo ó dhearcadh Sedivy, áit a ndeir sí:

One possibility is that wording has less impact in a second language because the language itself isn’t as deeply rooted in a web of associations and memories.  Words in a foreign language simply don’t set off emotional resonances as they do in a native tongue because the associative links are fewer and weaker (and perhaps connected to the more cerebral classroom settings in which they were first learned) – meaning that we quite literally feel less when using a second language (2016: 3).

Maíonn sí anseo go mbíonn comhcheangail faoi leith le focail shainiúla agus go nasctar mothúcháin áirithe le focail a chualathas go minic in óige an chainteora.  Leanann an rannpháirtí céanna ar aghaidh agus maíonn sí: ‘It is quite enjoyable to be conscious of different personas when speaking different languages and the contrast between two languages adds a performative aspect to speaking the L2’ (R3).  Tagraíonn sí don fhéin so-athraitheach anseo, ‘different personas’, agus dhá phearsantacht an chainteora dhátheangaigh.  Cé nach míníonn sí go sonrach tionchar an chomhthéacs foghlama, dearbhaíonn sí, mar sin féin, go bhfuil sí den tuairim go maireann na féiniúlachtaí éagsúla seo sa chainteoir dátheangach.  Soláthraíonn sí ardán d’fhocail Koven anseo freisin: ‘These reflections show the creative role that language can play in evoking context.  The experience of language is often part of one’s experience of context’ (2007: 73).  Is é an ról cruthaitheach seo a chabhraíonn leis an rannpháirtí áirithe seo sult a bhaint as a cuid teangacha, as an persona faoi leith a nascann sí le teanga amháin i gcomparáid le teanga eile. 

Cé go bhfuil éagsúlacht tuairimí anseo i gcomhthéacs thionchar an dá theanga ar scileanna fadhbréitigh agus go bhfuil toisí seachtracha i gceist in amanna a bhfuil éifeacht acu siúd ar chumas an chainteora dhátheangaigh cinntí a dhéanamh, tá rannpháirtí amháin den tuairim nach bhfuil baint ar bith ag an teanga a bhíonn in úsáid aige le cinneadh a dhéanamh:

Ní dóigh liom go mbíonn aon tionchar ag an teanga a bhíonn in úsáid agam ar na cinntí a dhéanaim ná má bhím ag plé le réiteach fadhbanna.  Ní chuireann ceachtar teanga isteach ar mo chinntí, mo bhreithiúnais, mo mhothúcháin, srl.  Ní ritheann cúrsaí teanga liom má tá cinntí, srl le déanamh (R5).

Teacht chun cinn Glóir Nua

Eascraíonn pointe eile suimiúil as taighde Koven (2007), áit a gcuirtear béim ar an nguth nua a shealbhaíonn an cainteoir dátheangach.  Míníonn Koven gur áitigh roinnt rannpháirtithe de chuid a taighde féin gur airigh siad ar nós duine difriúil sa T2 toisc gur tharla athrú de chineál éigin, dar leo féin, dá nguth.  Áitíonn sí: ‘They [na rannpháirtithe] seem to be referring not just to the effect of using different pronunciation, but to the effect of inhabiting a different persona associated with the sound images of another language’ (2007: 77).  Tá macalla anseo ó theoiric Douglas Brown (2002) agus an coincheap ar a dtugann sé ‘language ego’: ‘As human beings learn to use a second language, they develop a new mode of thinking, feeling, and acting – a second identity’ (12).  I gcomhthéacsanna faoi leith, is léir go nasctar guth nua leis an bhféiniúlacht nua a fhorbraítear sa chainteoir dátheangach, claochlú ollmhór a fhágann go n-airíonn an cainteoir thar a bheith difriúil agus é ag úsáid na dara teanga.  Tá sé suimiúil, mar sin, nach bhfuil dearcthaí fhormhór na rannpháirtithe sa taighde seo ag teacht leis an teoiric seo.  Feictear cúiseanna éagsúla ina gcuid tuairimí, luaitear an luath-dhátheangachas mar phríomhchúis anseo mar aon le tionchar na norm sóisialta nó tnútháin éagsúla an phobail urlabhra ina bhfuil siad ag maireachtáil.  Is iad seo a leanas cuid de na tuairimí a bhí acu:

Ní cheapaim go bhfuil mo ghlór éagsúil nuair a labhraím sa dara teanga.  Bíonn an Ghaeilge agus an Béarla fite fuite i mo chuid smaointe ó lá go lá agus tá sé nadúrtha a bheith ag dul ó theanga amháin go teanga eile gan stró (R6).   

Ní cheapaim go bhfuil [glór difriúil agam] de bharr go raibh an dá theanga ar mo thoil agam ó bhí mé óg (R4).  

Ní dóigh liom go mbainim úsáid as glór éagsúil nuair a labhraím sa dara teanga.  Ceapaim gurb é an glór céanna atá agam sa dá theanga.  Tógadh le Gaeilge mé ach bhí Béarla ar mo thoil agam ó aois óg agus ceapaim gurb í seo an chúis nach bhfuil aon difríocht idir mo ghlór sa Ghaeilge ná sa Bhéarla agus nach bhfuil an dara féiniúlacht agam (R5).

Toisc go raibh an dá theanga ar a dtoil ag na rannpháirtithe seo ó bhí siad an-óg, ní cheapann siad go bhfuil glór éagsúil acu sna teangacha seo agus ní ghlacann siad leis an an bhféin so-athraitheach ach an oiread.  Malartaíonn siad ó theanga amháin go teanga eile go minic, shealbhaigh siad an T2 seachas í a fhoghlaim go hacadúil i dtimpeallacht foghlama faoi leith agus b’fhéidir go mbaineann na toisí éagsúla seo leis an easpa ailínithe idir a dtaithí féin agus dearcadh Sedivy (2016): ‘Differences arise between native and foreign tongues because our childhood languages vibrate with greater emotional intensity than do those learned in more academic settings’ (3).  Léiríonn sé seo freisin go bhfuil féidearthacht níos mó ann go mbeadh an dara féiniúlacht le sonrú sa dátheangach a fhoghlaimíonn an dara teanga i dtimpeallacht fhoirmeálta foghlama seachas an duine a shealbhaíonn an teanga go nádúrtha.

Tagann dearcadh an rannpháirtí seo le dearcadh an triúir thuas den chuid is mó sa mhéid is nach gceapann sé go dtagann athrú rómhór ar a ghuth nuair a mhalartaíonn sé idir a chuid teangacha ach, ag an am céanna, tugann sé suntas d’athrú de chineál éigin anseo: ‘Tá blas difriúil agam i dteangacha difriúla, ní dóigh liom go n-athraíonn mo ghlór an oiread sin.  B’fhéidir go bhfuil mo ghlór níos féinmhuiníní i dteanga amháin seachas ceann eile’ (R2).  Is dearcadh thar a bheith intuigthe é seo i gcomhthéacs na foghlama teanga nuair a airíonn foghlaimeoir níos muiníní ag labhairt an T1 i gcomparáid leis an T2, agus go minic, bíonn sé níos neamhchinnte sa T2 ná sa teanga dhúchais.  Treisítear teoiric Douglas Brown (2002) anseo agus é ag tagairt don fhéineacht teanga nó don ‘language ego’: ‘The new language ego, intertwined with the second language, can easily create within the learner a sense of fragility, a defensiveness, and the raising of inhibitions’ (12).

Léirítear feasacht rannpháirtithe eile anseo agus iad ag iarraidh géilleadh don norm cultúir agus comhtháthú teangeolaíoch a mhúnlú leis na pobail urlabhra a mbíonn teagmháil acu leo:

In a way, I find this true [I feel different when speaking a second language].  Not so much as having a different identity, as you can never deny your roots and where you’re from, but your expressions and behaviours do change.  For example, when I travelled back to Spain after months of being in Ireland, I found that Spanish people indeed shout or have very high tones when speaking.  I was overwhelmed at first but after a few minutes, your brain switches to the language and culture you are immersed in at that moment and you behave accordingly.  Nevertheless, I have to say that I have adopted certain behaviours from one culture and adapted them to my own.  For example, the tone of my voice has definitely changed when I speak both my native language, Spanish, and my T2, English (R1).

Tá macalla anseo ó theoiric Koven (2007) arís agus ról cruthaitheach na teanga mar thionchar ollmhór ar dhearcadh an dátheangaigh seo.  Tá an tso-athraitheacht féiniúlachta an-soiléir sa tuairim seo freisin agus an rannpháirtí ag maíomh go mbíonn aistriú iompair idir a cuid teangacha, ag brath ar an timpeallacht teanga ina bhfuil sí.  Léiríonn rannpháirtí eile easpa cinnteachta sa tuairim atá aici maidir leis an bhféin so-athraitheach ach tagraíonn sí don bhrú seachtrach cloí le gnáthchleachtas an phobail teanga:

Níl mé cinnte an raibh nó an bhfuil móthúcháin ar leith agam i dtaobh seo [go bhfuil mo ghlór éagsúil nuair a labhraím sa dara teanga] – is dóigh nár cheistigh mé é seo le déanaí.  Seans nuair a bhí mé ní b’óige go raibh éifeacht aige seo orm, go mbínn ag iarraidh go mbeadh an chanúint chuí nó frásaí cearta in úsáid agam (R8).

Soiléirítear tionchair na norm sóisialta agus chomhdhearcadh coitianta an phobail urlabhra anseo, toscaí a chruthaíonn tnúthnáin éagsúla don chainteoir seo agus í ag iarraidh comhchlaonadh teangeolaíochta a bheith aici leis an sprioctheanga.

Conclúid

Mar a luadh thuas, tá go leor taighde déanta i réimse an dátheangachais le blianta fada anuas agus baineann go leor de seo leis na buntáistí teangeolaíochta agus síceolaíochta atá ann don chainteoir a bhfuil dhá theanga ar a thoil aige.  Bhí sé mar aidhm ag an taighdeoir seo, áfach, toise eile a scagadh agus staid sho-athraitheach an fhéin dhátheangaigh a chíoradh san alt seo.  Cé nach dtagann tuairimí rannpháirtithe an taighde seo le cuid den teoiric a ndearnadh scagadh uirthi anseo, is fiú smaoineamh gur sampla an-bheag a bhí faoi chaibidil sa taighde seo agus go mbíonn  peirspictíochtaí agus dearcthaí fréamhaithe i suibiachtúlacht an duine féin. 

Ar an iomlán, tá na rannpháirtithe den tuairim go mbíonn tionchar ag an teanga a labhraíonn said ar an gcruinneshamhail nó ar an dearcadh atá acu ar an saol.  I gcomhthéacs na so-athraitheachta  féiniúlachta, maíonn an chuid is mó de na rannpháirtithe go n-airíonn siad difriúil nuair a labhraíonn siad ina gcuid teangacha éagsúla agus go minic, is mar gheall ar nósmhaireachtaí coinbhinsiúnacha an phobail teanga, ar mhalairtí cultúir, ar thionchar na timpeallachta foghlama, agus ar leibhéal cumais sna teangacha difriúla a thugann siad suntas don fhéin so-athraitheach seo.  Luann cuid acu freisin na héilimh éagsúla fhisiciúla a idirdhealaíonn teanga amháin ó theanga eile agus i ndeireadh na dála, a chothaíonn cuid den athchruthú féiniúlachta iontu féin – geáitsíocht, leibhéal airde, breathnú sa tsúil agus blas na sprioctheanga.  Ní thagann na rannpháirtithe a bhfuil dhá theanga ar a dtoil acu ó aois an-óg leis seo, áfach, agus maíonn siad nach n-airíonn siad difriúil nuair a labhraíonn siad teanga amháin i gcomparáid le teanga eile, dearcadh atá fréamhaithe sa luath-dhátheangachas agus taithí na mblianta acu a bheith ag plé leis an dá theanga.

Cé nach n-aontaíonn aon duine gurb ionann cinneadh a dhéanamh sa T1 agus é a bheith neamhréasúnach agus nach leagann siad mórán béime ar an snáithe réasúnach ná ar an snáithe mothúchánach, léiríonn siad ina gcuid tuairimí go gcaithfear toscaí éagsúla seachtracha a chur san áireamh agus iad ag plé leis an bpróiseas cinnteoireachta ina gcuid teangacha éagsúla.  Luaitear comhdhearcadh coitianta na bpobal urlabhra a bhfuil siad mar bhaill díobh, noirm shóisialta, brú sochaíoch, braistintí agus tnútháin, comhchlaonadh urlabhra, agus malairtí cultúir anseo.  Léirítear éagsúlacht tuairimí arís maidir le glór nua an chainteora dhátheangaigh le rannpháirtithe áirithe ag easaontú leis an nóisean seo agus cainteoirí eile ag teacht leis go pointe agus iad ag lua cúrsaí féinmhuiníne, an language ego agus a bheith ag iarraidh comhtháthú teangeolaíoch a mhúnlú leis na pobail urlabhra a mbíonn teagmháil acu leo mar chúiseanna.

Mar sin, bunaithe ar an anailís a rinneadh ar pheirspictíochtaí rannpháirtithe an taighde seo, táthar den tuairim gurb ann don déphearsantacht sin sa chainteoir dátheangach agus go mbíonn sí níos follasaí i gcainteoirí dátheangacha faoi leith, ag brath ar an gcúlra foghlama teanga a bhíonn acu agus an teagmháil a bhíonn acu le pobail éagsúla urlabhra a bhfuil a gcuid nósmhaireachtaí agus tnútháin féin acu.  Bheifí ag súil leis seo i ndáiríre agus ábhar atá chomh suibiachtúil agus chomh pearsanta sin á scagadh.  Níor aontaigh aon duine de rannpháirtithe an taighde seo chomh mór sin le Sedivy (2016: 1) a luadh ag tús an pháipéir, áit a ndéanann sí tagairt do chainteoirí dátheangacha atá níos teanntásaí i dteanga amháin ná ceann eile agus a cheistíonn an fhéidearthacht go bhféadfadh tionchar a bheith ag an teanga a labhraíonn siad ar a gcuid moráltachta ach, mar sin féin, léiríonn siad ina gcuid tuairimí go bhfuil tionchar ag na teangacha a labhraíonn siad ar an mbealach a gcaitheann siad a saol agus ar an dearcadh atá acu i leith an tsaoil chéanna.

 

Aguisín: An Ceistneoir

Suirbhé / Survey

______________________________________

Is ar mhaithe le halt don iris acadúil ar-líne, An Reiviú, atá an taighde seo ar bun / This research is being undertaken for the online academic journal, An Reiviú.

Ní luaifear d’ainm sa taighde seo / Your input to this research will be anonymous.

Tá mé go mór faoi chomaoin agat as an am a ghlacadh chun na ceisteanna seo a fhreagairt / I really appreciate you taking the time to answer these questions.

__________________________________________

  1. Cén sainmhíniú a bheadh agat féin ar an dátheangachas? / What is your own personal definition of bilingualism?
  2. An ndéarfá go bhfuil baint lárnach ag do theanga dhúchais/do phíomhtheanga le do dhearcadh saoil, sé sin, an bhfuil tionchar ag an teanga a ndéanann tú do chuid machnaimh inti ar an bhfealsúnacht phearsanta atá agat/dearcadh atá agat ar an domhan?  Déan é seo a mhíniú, le do thoil. / Do you feel that your native/dominant language determines your outlook on life, ie. is your personal philosophy/view of the world influenced by the language you think and reflect in?  Please explain.
  3. An airíonn tú difriúil nuair a labhraíonn tú teanga amháin i gcomparáid le teanga eile?  Má airíonn, déan é seo a mhíniú.  Cé as a n-eascraíonn na difríochtaí seo agus cén fáth, i do thuairim féin, a bhfuil na difríochtaí seo ann? / Do you feel different when you speak one language in comparison to another?  If so, can you expand on this and explain why?  Where do these differences originate from and why, in your opinion, do they exist?
  4. Mura bhfuil tagairt déanta dó seo i gCeist a 3, an gceapann tú go bhfuil do ghlór éagsúil nuair a labhraíonn tú sa dara teanga (T2)?  Deir foghlaimeoirí teanga faoi leith nach n-aithníonn siad a nglór féin nuair a labhraíonn siad an T2 agus go mbraitheann siad uaireanta go bhfuil an dara féiniúlacht acu.  Má thagann tú féin leis seo, an féidir leat na mothúcháin seo a mhíniú? / If not covered in Question 3, do you feel that you sound different when speaking a second language?  Language learners have been known to admit to not recognising their own voice when speaking a L2 (second language) and to sometimes feeling like they have a second identity.  If you can relate to this, can you expand on these feelings and explain how they might affect you as a bilingual.
  5. Nuair a bhíonn tú ag déanamh cinntí agus ag plé le réiteach fadhbanna, an mbíonn cur amach éagsúil agat ag brath ar an teanga atá in úsáid agat, sé sin, an bhfuil tionchar ag toscaí faoi leith ar do chumas cinntí a dhéanamh; breithiúnais, braistintí agus mothúcháin, agus iomas, mar shampla? / When involved in decision making and problem solving, can you explain if you perform differently in your various languages, for example, do certain factors influence your decision making ability; natural instincts, feelings and perceptions, or perhaps intuition?

Míle buíochas,

Belinda McHale

Feidhmeannach Teanga

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

 

[1] An dearcadh a bhíonn ag duine ar an saol.

[2] Identity Reconstruction.

[3] Personality/Identity fluidity.

Leabharliosta: 

Leabhair

Bloom, L. & Lahey, M., (1978) Language Development and Language Disorders. Nua-Eabhrac: John Wiley.

Bloomfield, L., (1933) Language. Nua-Eabhrac: Holt, Rinehart & Winston.

Creswell, J.W. & Plano Clark, V.L., (2017) Designing and Conducting Mixed Methods Research. Stáit Aontaithe Mheiriceá: Sage Publications Inc.

Denscombe, M., (2010) Ground Rules for Social ResearchGuidelines for Good Practice. An Bhreatain Mhór: Open University Press.

Koven, M., (2007) Selves in Two Languages. Bilinguals’ verbal enactments of identity in French and Portuguese.  Philadelphia: John Benjamins.

Mesthrie, R., Swann, J., Deumert, A., & Leap, W.L., (2006) Introducing Sociolinguistics. Dún Éideann: Edinburgh University Press.

Patton, M.Q., (2002) Qualitative Research & Evaluation Methods : Integrating Theory and Practice.  Stáit Aontaithe Mheiriceá: Sage Publications Inc.

Pavlenko, A. & Blackledge, A., (2004) Negotiation of Identities in Multilingual Contexts.  An Bhreatain Mhór: Multilingual Matters.

Trudgill, P., (2000) Sociolinguistics. An Introduction to Language and Society.  An Bhreatain: Penguin Books.

Voloshinov, V.N., (1973) Marxism and the Philosophy of Language.  Nua-Eabhrac: Seminar Press.

Wei, Li., (2000) The Bilingualism Reader.  Londain: Psychology Press.

Ailt

Dewale, J.M. & Pavlenko, A., (2003) ‘Bilingual episodic memory: an introduction’, The International Journal of Bilingualism, 7 (3), 221–33.

Douglas Brown, H., (2002) ‘English Language Teaching in the “Post-Method” Era: Toward Better Diagnosis, Treatment, and Assessment’.  Richards, J.C., & Renandya, W.A. (eag.) Methodology in Language Teaching, An Anthology of Current Practice.  An Bhreatain: Cambridge University Press, 9–23.

Ji, F., (2006) ‘The Sapir/Whorf Hypothesis and Linguistic Engineering’,  Henshall, K., & Hong, X (eag.), Ethnic Identities and Linguistic Expressions: Languages, Literatures and Cultural Interaction in an Age of Globalization, Beijing: People's Literary Press, 218–34.

Kinginger, C., (2004). ‘Alice doesn’t live here anymore: Foreign language learning and identity reconstruction’. Pavlenko, A. & Blackledge, A. (eag.) Negotiation of Identities in Multilingual Contexts. An Bhreatain Mhór: Multilingual Matters, 219–42.

Ní Neachtain, M., (2012) ‘Ilteangachas agus Débhéascna’. Ó hIfearnáin, T., & Ní Neachtain, M. (eag.) An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc. Baile Átha Cliath: Cois Life, 33–47.

Romaine, S., (2006) ‘Planning for the Survival of Linguistic Diversity’.  Language Policy, 5, 441–73.

Foinsí Leictreonacha

Athanasopoulos, P., (2015) ‘How the language you speak changes your view of the world’, The Conversation, 1–3.  Le fáil ag: https://theconversation.com/how-the-language-you-speak-changes-your-view-of-the-world-40721.

Sedivy, J., (2012) ‘Does Speaking in a Second Language Make You Think More, or Feel Less?Discover, 30 Bealtaine.  Le fáil ag: http://discovermagazine.com/authors?name=Julie+Sedivy.