Eagrán: 2013

Eagarfhocal

D’eascair an iris Léann Teanga: An Reiviú as togra acadúil a bhí mar chuid den chúrsa MA (Léann Teanga) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge 2012/13. Is iad na réimsí éagsúla teanga an t-aistriúchán, an tsochtheangeolaíocht, an teangeolaíocht, agus an teagasc teangacha atá faoi chaibidil san iris. Is í seo an chéad eagrán den Reiviú, ach foilseachán bliantúil a bheidh ann feasta, agus táthar ag súil go mbeidh sí ina glór tábhachtach in Éirinn agus ar fud an domhain sa dioscúrsa teanga.

Tá an Coiste Eagarthóireachta go mór faoi chomaoin acu siúd ar fad a chuir comhairle orainn agus a thug cabhair agus cúnamh dúinn leis An Reiviú a chur in eagar.  Is mór an onóir dúinn gur ghlac a Shoilse, an tUachtarán Michael D. Higgins, iar-Léachtóir de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh lenár gcuireadh Réamhrá a scríobh don eagrán tosaigh seo agus glacaimid buíochas ó chroí leis as ucht a thacaíochta don togra. 

Ní bheadh iris againn gan na scríbhneoirí cumasacha a d’fhreagair an glaoch agus a roinn a gcuid feasa, saoithiúlachta agus ábhar taighde – gan trácht ar a gcuid ama – go fial flaithiúil linn agus tá súil againn go mbeidh toradh na hoibre sin mar acmhainn luachmhar do lucht acadúil na Gaeilge agus d’acadóirí agus mic léinn trí chéile amach anseo.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl d’fhoireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge idir Stiúrthóirí, Léachtóirí agus Theagascóirí an chúrsa MA (Léann Teanga) a bhí sásta a gcuid ama agus a gcuid saineolais a roinnt linn i gcónaí.  Gabhaimid buíochas faoi leith le foireann riartha agus tacaíochta Áras na Gaeilge as a gcabhair agus a gcomhoibriú, go háirithe Siobhán Ní Chualáin a ghlac ualach oibre riaracháin an Choiste Eagarthóireachta uirthi féin chomh maith lena cúraimí oifige.  Tá buíochas mór tuillte freisin ag dearthóir an tsuímh idirlín, Shannon Reeves as an tsárobair a rinne sé i ndearadh agus i bhfoilsiú an tsuímh. Gabhaimid buíochas leis na piarmheasúnóirí freisin a chinntigh ardchaighdeán na hirise.

Mar fhocal scoir ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl d’Fhoras na Gaeilge, a rinne urraíocht ar sheoladh an tsuímh idirlín – is mór againn an mhuinín a léiríonn an tacaíocht don togra nua-aoiseach ar-líne seo – agus díol misnigh, tá súil againn, don Choiste a bheidh ag teacht i gcomharbacht orainn in 2014. 

 

Coiste Eagarthóireachta – Léann Teanga: An Reiviú

Anna Lee; Tara Ní Mhóráin; Niamh McCann; Áine Uí Fhoghlua; Conor Walsh