Eagarfhocal

Oisín Mac Giolla Bhríde
Cassie Ní Chatháin
Róisín Ní Cheallaigh

Is mór an onóir agus is mór an chúis áthais agus bhróid dúinne, Coiste Eagarthóireachta na bliana 2023, fearadh na fáilte a chur romhat chuig an aonú heagrán déag de An Reiviú, an iris acadúil a fhoilsíonn mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge gach uile bhliain.

Mar is gnách, tá réimse leathan ábhair san iris i mbliana, lena n-áirítear cúrsaí aistriúcháin, sochtheangeolaíocht, litríocht, teagasc teangacha, chomh maith le léirmheasanna ar leabhair a bhaineann le dúchas agus léann na Gaeilge.

Táimid go mór faoi chomaoin acu siúd ar fad a chuir comhairle orainn agus a thug cúnamh dúinn an t-eagrán seo de An Reiviú a chur in eagar. Táimid fíorbhuíoch díobh siúd ar fad a scríobh na hailt agus de na piarmheasúnóirí ar fad freisin, a bhí thar a bheith flaithiúil lena gcuid ama, bail ó Dhia orthu. Ar ndóigh, ní bheadh aon iris ann dá n-uireasa.

Gabhaimid buíochas le hÁine Ní Chonghaile, ní hamháin as an iris a sheoladh, ach as an réamhrá a scríobh. Tá obair mhór déanta ag Áine ar son earnáil na Gaeilge agus an aistriúcháin, agus ba mhór an ónóir dúinn gur ghlac sí lenár gcuireadh.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hAnna Davitt ó Fhoras na Gaeilge chomh maith, agus le Foras na Gaeilge féin, as urraíocht agus tacaíocht leanúnach a thabhairt do An Reiviú ó bunaíodh é sa mbliain 2013.

Anuas air sin, ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an dearthóir Shannon Reeves atá ag plé le dearadh na hirise ó bunaíodh í freisin. Cuireann sé slacht agus snas ar an suíomh gach aon bhliain.

Ar deireadh, táimid go mór faoi chomaoin ag an Dr Dorothy Ní Uigín agus ag an bhfoireann uile in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Áras na Gaeilge. Fathach folaithe is ea í an Dr Dorothy Ní Uigín le gach a bhaineann leis An Reiviú a chur le chéile agus a chur ar fáil agus b’ollmhór an cúnamh, an treoir agus an tacaíocht a thug sí dúinn agus muid ag tabhairt faoi iris na mbliana seo a sholáthar.

Is don Dr Feargal Ó Béarra atá eagrán na bliana seo de An Reiviú tiomanta.

An Coiste Eagarthóireachta 2023

Oisín Mac Giolla Bhríde, Cassie Ní Chatháin, Róisín Ní Cheallaigh