Eagarfhocal

Helen Conlon, Dolores de Bhál, Daithí Ó Gallachóir, Deirdre Uí Liatháin

Fáilte is fiche chuig an gcúigiú heagrán den Reiviú, iris acadúil atá á foilsiú ar bhonn bliantúil ag mic léinn an chúrsa MA (Léann Teanga) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.  Cuimsítear réimse leathan ábhar san iris i mbliana, lena n-áirítear pleanáil teanga, teangeolaíocht agus sochtheangeolaíocht, teagasc teangacha, cúrsaí cumarsáide agus na meáin Ghaeilge.  Táthar ag súil go mbeidh an t-eagrán seo ina acmhainn luachmhar agus taitneamhach do lucht léinn na Gaeilge.

Ba mhaith leis an gCoiste Eagarthóireachta buíochas a ghabháil leo siúd a chuir comhairle orainn agus a thug cabhair agus cúnamh dúinn an t-eagrán is déanaí den Reiviú a fhoilsiú.  Tá muid go mór faoi chomaoin ag an Dr Caoimhín Ó Dónaill, Léachtóir Sinsearach in Ollscoil Uladh, as réamhrá na hirise seo a scríobh.

Léiríonn scríbhneoirí na bliana seo saibhreas na hoibre atá idir láimhe ag pobal acadúil na Gaeilge.  Gabhaimid buíochas leo as a gcuid eolais, taighde agus ama a roinnt go fial flaithiúil linn.  Bhí ról an-tábhachtach ag ár bpiarmheasúnóirí freisin; d’oibrigh siad go dian le hardchaighdeán na hirise a chinntiú agus tá muid fíorbhuíoch díobh.

D’oibrigh an coiste i gcomhar le Shannon Reeves i mbliana chun dearadh nua a chur ar shuíomh an Reiviú.  Molaimid a chuid cruthaitheachta agus samhlaíochta, a chuir go mór leis an táirge deiridh.  Is mór againn freisin an urraíocht a chuir Foras na Gaeilge ar fáil i mbliana agus an tacaíocht leanúnach a thugann siad don togra.   

Ní mór dúinn aitheantas a thabhairt d’fhoireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Áras na Gaeilge, a bhí sásta a gcuid ama agus a gcuid saineolais a roinnt linn i gcónaí.  Mar fhocal scoir, is mian linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an Dr Dorothy Ní Uigín as an treoir agus comhairle a thug sí dúinn leis an bhfoilseachán seo.  Is mór againn a cúnamh agus foighne.

 

An Coiste Eagarthóireachta –  Léann Teanga: An Reiviú

Helen Conlon, Dolores de Bhál, Daithí Ó Gallachóir, Deirdre Uí Liatháin