Féilscríbhinn Thábhachtach Thrípháirteach: Léirmheas ar Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil

 (LeabhairCOMHAR: Baile Átha Cliath, 2016. 480 lch

Eagarthóirí: John Walsh agus Peadar Ó Muircheartaigh)

 

Léirmheastóir:

Marie Whelton

Bailiúchán tathagach d’ocht n-alt déag atá san imleabhar seo ina dtugann iarmhic léinn, iarchomhghleacaithe agus cairde ómós don scoláire ceannródaíoch, an tOllamh Nollaig Mac Congáil.  Seachas réamheolas a thabhairt sa Réamhrá ar ábhar na n-alt, cuireann na heagarthóirí nóta beathaisnéiseach ar fáil faoi Nollaig Mac Congáil.  I measc na sonraí spéisiúla a thugtar ansin faoina óige, tá gur ghnóthaigh sé gradaim náisiúnta dá scileanna díospóireachta agus é ina dhéagóir i gColáiste Cholm Cille i nDoire.  Sonraítear gur chaith sé a shaol gairmiúil go léir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus gur chomhlíon sé róil éagsúla ansin thar na blianta: ba Léachtóir agus b’Ollamh é i Scoil na Gaeilge, ba Dhéan é ar Dhámh na nDán ar feadh tréimhse agus sular éirigh sé as a phost sa bhliain 2014, ba é an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid é.  Taispeánann an clár saothair a chuireann na heagarthóirí ar fáil ag deireadh an Réamhrá gurb éachtach an méid a bhain Mac Congáil amach ina shaol acadúil ach déanann siad ceiliúradh, freisin, ar a dhíograis ar son na mac léinn a bhíodh faoina chúram agus ar a fhlaithiúlacht lena chomhghleacaithe.  Tá an meas sin ar Nollaig Mac Congáil – an duine agus an scoláire – le léamh ar na hailt go léir sa leabhar agus is minic a thugann scríbhneoirí na n-aistí sonraí pearsanta faoin saintionchar a d’imir a chuid oibre agus a chuid tuisceana orthu.  Is iad na trí mhór-réimse taighde agus léinn a shaothraigh Mac Congáil i rith a shaoil a thugann struchtúr don chnuasach.

Sa chéad mhórchuid tá ocht n-alt ar Oidhreacht agus ar Litríocht Chúige Uladh.  Sa chéad cheann, míníonn iarmhac léinn de chuid Nollaig Mhic Congáil, Nóilín Nic Bhloscaidh, gurb í sanasaíocht sloinne a iarléachtóra a spreag í chun tagairtí don chú, don sionnach agus don mhac tíre a lorg sna scéalta béaloidis.  Cíorann sí go leor fabhalscéalta ón mbéaloideas agus tugann sí sárléargas ginearálta ar an bpearsantú a dhéantar iontu ar thréithe na n‑ainmhithe sin agus ar na teachtaireachtaí uilíocha a chuirtear in iúl, d’óg agus d’aosta, trí ‘dhaonnú’ a dhéanamh ar an gcú agus ar a gharghaolta.

Ba iad an teirce taighde ar an óige Chonallach i litríocht na Gaeilge agus an teirce taighde ar an litríocht a scríobh scríbhneoirí Conallacha do pháistí an dá chúis ar shocraigh Ríona Nic Congáil ar alt faoi fhorbairt litríocht na n-óg i dTír Chonaill (1900-1930) a sholáthar don chnuasach.  Tugann sí cuntas beacht ar an bhforbairt sin agus ar an tslí ar tháinig an litríocht Chonallach do pháistí faoi bhláth sna 1920í.  Is tairbhí an cuntas toisc ábhar teagaisc do pháistí a bheith curtha san áireamh in éineacht le hábhar litríochta agus toisc an litríocht Chonallach do pháistí a bheith curtha i gcomhthéacs ginearálta na litríochta Gaeilge do pháistí.  I dtreo dheireadh an ailt, díríonn Nic Congáil ar shaothar Fhinn Mhic Chumhaill (1885-1965) agus tugann sí blaiseadh den ábhar trí léamh tuisceanach sochstairiúil a dhéanamh ar an saothar sin.  Nochtann an t-alt, i gcoitinne, gur toibreacha luachmhara taighde iad an litríocht do pháistí agus na téacsanna oideachasúla a chum scríbhneoirí ó Dhún na nGall ag tús an chéid seo caite.

In alt dar teideal ‘Earnán de Blaghd, File, agus Saol Polaitiúil an tSaorstáit sna 1930í’, sonraíonn Pádraig Ó Siadhail go bhfuil droch-chlú ar Earnán de Blaghd, Aire Airgeadais a linne, as na cinntí a rinne sé maidir le tuarastal múinteoirí agus pinsean na sean a laghdú ach go ndéantar dearmad ar an maoiniú a chuir sé ar fáil do scéimeanna éagsúla Gaeilge agus ar an gcomaoin a chuir a shaothar fileata, a shaothar aistriúcháin chomh maith lena chuid léirmheasanna ar chorpas na Gaeilge.  Ceistíonn Ó Siadhail na breithiúnais cháinteacha atá déanta ag scríbhneoirí eile ar ghairmréim an Bhlaghdaigh agus cruthaíonn sé go cumasach go bhfuil go leor fianaise ann a léiríonn go dtuilleann de Blaghd athbhreithniú a thabharfadh aitheantas d’ilchastacht an tionchair a d’imir sé ar shaol poiblí a linne.

‘Scéimh Rith-na-Ferside’ an teideal a bhí ar an gcéad amhrán a cuireadh i gcló de na hamhráin go léir a bhailigh Mícheál Ó Gallchóir.  Cé go bhfuil baint ag an logainm a luaitear i dteideal an amhráin le Tír Chonaill, ní d’áit i dTír Chonaill a thagraíonn sé ach d’áit dúchais an bhailitheora – Rinn na Feirste in Iorrais, Contae Mhaigh Eo – agus is amhrán é a dhéanann áilleacht na háite sin a cheiliúradh.  Ina alt críochnúil faoi shaol agus faoi shaothar Mhichíl Uí Ghallchóir, míníonn Cathal Ó Háinle go bhfuair an bailitheoir moladh mór ó Sheán Pléimeann as an obair a rinne sé ar an amhrán áirithe sin agus gur féidir gurbh é an moladh sin a spreag é chun leanúint ar aghaidh le bailiú na n-amhrán, in Éirinn ar dtús agus ina dhiaidh sin i Meiriceá, áit a ndeachaigh Ó Gallchóir ar imirce.  I gcorp na haiste, tugann Ó Háinle go leor fianaise a léiríonn gur chuir Ó Gallchóir oideachas ardchaighdeáin air féin i réimsí éagsúla de léann na Gaeilge.  Aithníonn Ó Háinle go bhfuil laigí áirithe ar shaothar Uí Ghallchóir ach déanann sé suntas dá chruinneas mar bhailitheoir amhrán agus dá inniúlacht mar thráchtaire ar na hamhráin chéanna.

Lonnaíonn Brian Ó Conchubhair an plé a dhéanann sé ar shaothar liteartha Sheosaimh Mhic Ghrianna i gcomhthéacs eachtraí shaol an scríbhneora agus tráchtann sé ar na dúshláin agus na tragóidí go léir a bhí le sárú ag Mac Grianna.  Léiríonn an t-alt gur shiúil Mac Grianna a bhealach féin sa saol mór agus i limistéar na litríochta.  Mar a deir Ó Conchubhair: ‘tháinig a chuid leabhar trasna ar an rud lena raibh criticeoirí liteartha na hÉireann ag súil agus ba mhór idir iad agus leabhair a dhearthár cháiliúil.  Ní raibh gnáthchonair na litríochta ná gnáthnósanna an chleachtais liteartha á gcleachtadh ag Mac Grianna…Ní aiteas is cúis leis seo, áfach, ach fís éagsúil agus tuiscint neamhspleách’ (134).  Cé go dtugann Ó Conchubhair iliomad sleachta le scríbhneoirí éagsúla a léiríonn go raibh meas ag a chomhghleacaithe air mar scríbhneoir réabhlóideach nuálach, áitíonn sé nach bhfuair Mac Grianna an t-aitheantas ceart a bhí tuillte aige go dtí gur bronnadh Duais an Bhuitléirigh air agus é ocht mbliana is seasca d’aois.  Is cúis áthais d’Ó Conchubhair go bhféachtar sa lá atá inniu ann ar shaothar Mhic Ghrianna mar ábhar fairsing léinn.

Is í an ghné d’oidhreacht agus de litríocht Chúige Uladh a ndéanann Lillis Ó Laoire mionphlé cáiréiseach air ná an t-amhrán ‘Tráthnóna Beag Aréir’ – amhrán a d’aistrigh/a chum Séamus Ó Grianna.  Léiríonn Ó Laoire go raibh tionchar ag saothair éagsúla ar an amhrán ach go bhfuil sé go mór faoi chomaoin ‘The Heather Glen’, le George Sigerson.  Tar éis comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir an dá amhrán áitíonn Ó Laoire go ndearna Máire iarracht chomhfhiosach téacs Sigerson a fheabhsú.  Pléann Ó Laoire amhrán Mháire i gcomhthéacs thraidisiún amhránaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta agus taispeánann sé go bhfuil débhrí, teannas drámatach, gné mhisteach agus éifeacht mhothálach aige nach bhfuil le sonrú sa bhunamhrán Béarla.  Ní hamháin sin, ach tá miondifríochtaí, freisin, sa cheol a théann leis an dá leagan den amhrán.  I bhfianaise a anailíse ar na difríochtaí sin, dearbhaíonn Ó Laoire gur mothálaí an t-atmaisféar a chruthaíonn an ceol a théann le hamhrán Mháire.  Déanann Ó Laoire argóint áititheach gurb iad na buanna sin atá ag foclaíocht agus ceol amhrán Mháire a chinntíonn go dtugann an t-amhrán idir shólás agus spreagadh samhlaíochta fós do dhaoine comhaimseartha.

Dán Gaeilge i Leabhar Farnese a spreag samhlaíocht agus fiosracht Mhichíl Mhic Craith agus déanann sé scagadh sultmhar ar an dán sin ina alt.  Is lámhscríbhinn é Leabhar Farnese a cuireadh le chéile go speisialta i gColáiste na Sasanach sa Róimh do shochraid an Chairdinéil Farnese – duine d’uaisle na Róimhe a fuair bás sa bhliain 1626 agus a raibh baint aige le rítheaghlach Shasana.  Ocht ndán, i dteangacha éagsúla, san iomlán atá sa dara leath den lámhscríbhinn ach is éard atá eisceachtúil faoin dán Gaeilge nach bhfuil baint ar bith aige leis an tsochraid agus nach dán nuachumtha é ach dán a chum Giolla Brighde Ó hEoghasa nach mór fiche bliain roimh an tsochraid, sa bhliain 1607.  Ransaíonn Mac Craith na foinsí chun teacht ar an mbréagadóir a chuir dallamullóg ar údar na lámhscríbhinne agus déaduchtaíonn sé gurbh é Antaine Ó hIceadha an cleasaí a sholáthair an seandán agus a rinne é a ‘uasdátú’ trí fhocail áirithe a athrú ann.  Ní haon ionadh é gurb é ‘Bobaireacht Ghaeilge i gColáiste na nGall sa Róimh’ an teideal oiriúnach a chuireann Mac Craith ar a alt – alt a thugann spléachadh spraíúil ar ghnéithe de ‘pholaitíocht’ na gColáistí sa Róimh sna 1600í.

Aiste chritice shnoite i mBéarla le Philip O’Leary is ea an aiste dheireanach sa chéad mhórchuid den leabhar ina ndéanann sé measúnú ar ocht ndráma leis an drámadóir stairiúil, Séamus Ó Néill.  Tugann O’Leary suntas don taighde fairsing stairiúil a rinne Ó Néill dá chuid drámaí agus don chúram a thug sé a bheith chomh dílis agus ab fhéidir dá chuid foinsí.  Is iad róshimplíocht na dtéamaí agus neamhchastacht na gcarachtar is mó a thugann O’Leary faoi deara, áfach, maidir le drámaí luatha Uí Néill.  Cé go n-admhaíonn O’Leary gur tháinig fás agus forbairt ar chumadóireacht Uí Néill thar na blianta agus gur éirigh leis níos mó de phearsantacht agus d’inspreagadh a chuid carachtar a thaiscéaladh ina shaothar déanach, ar an iomlán, tugann O’Leary breithiúnas tomhaiste ar na drámaí nuair a deir sé: ‘it is perhaps more fitting to value his plays for their ambition than for their achievement’ (223).

Sé alt ar Irisí agus Nuachtáin na Gaeilge atá sa dara mórchuid den chnuasach.  Is iad scríbhinní dioscúrsacha Mháirtín Uí Chadhain is ábhar d’alt spéisiúil Dhónaill Uí Bhraonáín agus ceadaíonn sé na hailt go léir, idir cholúin liteartha agus scéalaíocht, a d’fhoilsigh Ó Cadhain in Scéala Éireann, Feasta agus Comhar sa tréimhse 1949-1952.  Is iomaí ábhar a phléitear sna hailt chéanna: an teanga, an béaloideas, cultúr liteartha na Gaeilge agus nádúr an dúchais ina measc.  Thar aon rud eile, léiríonn alt Uí Bhraonáin go raibh áit ar leith ag meafar na créafóige i scríbhneoireacht dhioscúrsach Uí Chadhain sa tréimhse agus gurbh fhiú iltoiseacht an mheafair sin a scaoileadh chun tuairimí Uí Chadhain ar na hábhair sin thuas a léirthuiscint.  I bhfocail Uí Bhraonáin: ‘Samhail reitrice go cinnte í samhail na créafóige ach samhail a fhéachann le teachtaireacht throm théamúil a iompar san am céanna; gurb ann don intleachtóir dúchais atá feasach ar stair an chine agus a chruthaíonn a leagan féin den stair le go dtiocfadh borradh faoin dúchas, faoin gcultúr, faoin teanga agus faoin litríocht in ithir nach cré choimhthíoch, dhoicheallach í’ (242).

Ailt dhioscúrsacha is ábhar den dara halt i gCuid a Dó, freisin, áit a bhféachann Ken Ó Donnchú ar na hailt a d’fhoilsigh Seán Ó Súilleabháin sa nuachtán laethúil, Scéala Éireann, a fhad agus a bhí sé ag obair le Coimisiún Béaloideasa Éireann idir 1958 agus 1982.  Déanann Ó Donnchú iarracht aidhm agus fiúntas na n-alt sin a iniúchadh i gcomhthéacs gnéithe de scéal an Choimisiúin.  Is í buntéis Uí Dhonnchú nach raibh Ó Súilleabháin ag iarraidh meon an Choimisiúin a chur chun cinn go scunscan sna hailt ach go raibh dhá aidhm eile aige: sa chéad áit, bhí sé ag iarraidh na gnéithe de dhúchas na hÉireann ab ansa leis féin a chur os comhair lucht léitheoireachta leathain ar bhealach soléite éadrom, agus sa dara háit, bhí sé ag iarraidh obair acadúil áirithe i réimse an bhéaloidis a dhéanamh agus a spreagadh trí mheán an nuachtáin.  Dar le Ó Donnchú, d’éirigh leis na hailt an chéad aidhm a bhaint amach.   Maidir leis an dara haidhm, áitíonn Ó Donnchú gur chuir ‘srianta an mheáin’ (265) constaic roimh Ó Súilleabháin an aidhm sin a fhíorú agus gur thrua é nár lig cúinsí oibre an Choimisiúin dó ‘a dhúthracht a chaitheamh le hailt agus leabhair acadúla ar an mbéaloideas a scríobh’ (247).

Déanann Dorothy Ní Uigín measúnú saineolach ar thábhacht na n-irisí agus na gcolún Gaeilge a foilsíodh sa tréimhse díreach roimh bhunú Chonradh na Gaeilge.  Tráchtann sí ar na hirisí léannta a bhí dírithe ar chúrsaí teanga agus cultúir (Bolg an tSolair, Ancient Ireland, An Fíor-Éirionnach agus The Celt) agus ar na hirisí léannta inar foilsíodh ábhar Gaeilge cé nárbh é sin a bpríomhghnó (Dublin Penny Journal, Ulster Journal of Archaeology, The Atlantis, Dublin University Review agus Revue Celtique ina measc).  Taispeánann Ní Uigín gur chuir na tréimhseacháin sin ábhar Gaeilge ó na lámhscríbhinní chomh maith le litríocht Ghaeilge ar fáil don phobal den chéad uair agus go ndeachaigh sé sin i gcion ar an litríocht Angla-Éireannach agus ar Athbheochan na Gaeilge araon.  Tá plé ar leith déanta ag Ní Uigín ar an ról a bhí ag The Nation i gcur chun cinn na Gaeilge agus i gcothú an náisiúnachais mhíleata i measc na ndaoine, agus, sa spléachadh a thugann sí ar na colúin Ghaeilge a foilsíodh in irisí agus nuachtáin eile (The Shamrock, The Keltic Journal and Educator agus Tuam News – gan ach cuid bheag a lua) léiríonn Ní Uigín gur cholúin oideachasúla iad cuid mhaith acu a thug deiseanna luachmhara d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.  Ar an iomlán, cruthaíonn an t-alt gur réamhtheachtaithe tábhachtacha ar Athbheochan na Gaeilge a bhí sna hirisí agus sna colúin Ghaeilge sin go léir.

Is caoithiúil, dá bhrí sin, go bpléann an chéad alt eile sa chnuasach leis an irisleabhar is mó a shamhlaítear le hAthbheochan na Gaeilge, is é sin Irisleabhar na Gaedhilge.  Is alt dea‑scríofa é alt Liam Mhic Pheaircín ina rianaíonn sé ‘tóchar’ an irisleabhair faoina eagarthóirí éagsúla.  Molann sé scóip leathan ilghnéitheach an irisleabhair agus soláthraíonn sé go leor fianaise a dhearbhaíonn go bhfuil an Ghaeilge, an litríocht agus an béaloideas go mór faoi chomaoin ag Irisleabhar na Gaedhilge.  Is é príomhthátal Mhic Pheaircín gur sholáthair an t‑irisleabhar meán dioscúrsach beo nua-aimseartha do phobal na Gaeilge – idir fhoghlaimeoirí agus scoláirí teanga – ag am a raibh géarghá lena leithéid agus go ndeachaigh an meán sin go mór chun sochair na hAthbheochana teanga.

Ina haiste léannta sise, déanann Regina Uí Chollatáin iniúchadh struchtúrtha tionscantach ar insint scéil 1916 in An Claidheamh Soluis.  Scrúdaíonn Uí Chollatáin claonadh agus dearcadh an nuachtáin ag aimsir na réabhlóide agus léirmhíníonn sí go gcaitheann an tráchtaireacht ar 1916 solas ar ghnéithe de streachailt ghluaiseacht na Gaeilge leis an náisiúnachas agus ar ghnéithe de streachailt ghluaiseacht na Gaeilge le saol comhaimseartha na cathrach.  Áitíonn sí, áfach, gur féidir ‘síolta tosaigh an amhrais i dtaobh úsáid na Gaeilge do dhioscúrsa cultúrtha agus féiniúlachta’ (330) a fheiceáil sa tráchtaireacht chéanna agus go bhfeictear ionannú áirithe á dhéanamh ag an am idir an Ghaeilge a úsáid sna meáin chlóite agus claonadh náisiúnaíoch.  Ar ndóigh, bhí impleachtaí fadtéarmacha ag an ionannú sin mar a léiríonn na coimhlintí teanga is déanaí i bpolaitíocht thuaisceart Éireann, ach, dar le Uí Chollatáin, ceann de na torthaí ba shuntasaí a bhí air ná an deighilt a tharla, ag leibhéal náisiúnta, idir iriseoireacht an Bhéarla agus iriseoireacht na Gaeilge a bhfuil iriseoireacht na Gaeilge thíos léi fós.

In ‘Scríbhneoirí Tosaigh An tUltach agus Iriseoireacht na Gaeilge’ cuireann Pádraig Ó Baoighill síos ar na scríbhneoirí a scríobh ábhar do An tUltach i mblianta luatha na hirise agus cuireann sé an scríbhneoireacht a rinne siad don iris i gcomhthéacs a saothar Gaeilge i gcoitinne.  I measc na scríbhneoirí a phléitear tá: An tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh, Seán Mac Maoláin, Seosamh Mac Grianna, Niall Ó Dónaill, Bríd Ní Dhochartaigh, Éamann Ó Tuathail, Séamas Ó Duilearga agus Séamus Ó Néill.  Ina theannta sin, cíorann Pádraig Ó Baoighill tábhacht An tUltach san iriseoireacht Ghaeilge go ginearálta.  Áitíonn sé gur cáipéis fhiúntach staire é le nócha bliain anuas agus gur meán tairbheach é a thugann uchtach do scríbhneoirí Ultacha agus don chultúr Ultach go háirithe.  Ag deireadh an ailt, luann sé gur tháinig deireadh, sa bhliain 2014, leis an maoiniú a bhíodh á fháil ag An tUltach go dtí sin ó Fhoras na Gaeilge.  Tapaíonn sé an deis agus impíonn sé ar Fhoras na Gaeilge tacaíocht airgid a thabhairt don iris arís.  

Téann na hailt go léir sa tríú cuid den chnuasach – ceithre cinn – i ngleic le cúrsaí teangeolaíochta agus canúineolaíochta.  Díríonn an chéad alt, alt leis an scoláire Meiriceánach Caoimhín Mac Con Raoi, ar shaibhreas na téarmaíochta Gaeilge don bhó.  Is alt glinn soiléir é atá bunaithe ar an tráchtas máistreachta a rinne an t-údar faoi stiúir Nollaig Mhic Congáil.  Baineann Mac Con Raoi gaisneas as mórshaothar Heinrich Wagner, Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects (LASID), mar phríomhfhoinse dá staidéar agus cabhraíonn sé go mór go ndéanann sé rangú ar an téarmaíocht de réir aoiseanna éagsúla na bó bainne (bó, bó bhainne, lao/gamhain, bodóg agus gamhnach).  Tagann Mac Con Raoi ar an gconclúid go bhfreagraíonn éagsúlacht shuaithinseach na téarmaíochta Gaeilge don bhó don tábhacht a bhíodh/atá ag an mbó sa tsochaí Éireannach, agus, sonraíonn sé nach aon ionadh é, i gcomhthéacs leitheadúlacht na déiríochta i gCúige Mumhan, gur forbartha na miontéarmaíochta don bhó i gcanúint na Mumhan ná sna canúintí eile.

An bhunfhoinse chéanna – Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects (LASID) – atá in úsáid ag Peadar Ó Muircheartaigh chun an gaol idir chanúintí éagsúla Chúige Uladh a thaiscéaladh.  Le cabhair na teicneolaíochta nua-aimseartha, cuireann sé an t-eolas a dhíorthaíonn sé ó LASID i láthair i ngréasáin fhíliginiteacha agus i ndeindeagraim agus, ansin, úsáideann sé modheolaíochtaí ó léann na géineolaíochta agus na ríomhaireachta chun anailís ghéarchúiseach a dhéanamh ar na diagraim.  Taispeánann sé go mbaineann beachtas le toradh na hanailíse a chuireann le toradh na modheolaíochtaí canúineolaíochta traidisiúnta.  Cruthaíonn alt Uí Mhuircheartaigh go mbaineann práinn le digitiú an chorpais (an t-ábhar in LASID san áireamh) agus go soláthróidh na modheolaíochtaí atá pléite aige – modheolaíochtaí is féidir a úsáid go héasca le corpas digitithe – féidearthachtaí suntasacha taighde.

In alt leathdheireanach an chnuasaigh, cuireann John Walsh modheolaíocht de chineál eile i láthair an léitheora: is í sin an tsochtheangeolaíocht chriticiúil agus baineann sé úsáid as an modheolaíocht sin chun mionanailís chúramach a dhéanamh ar ghnéithe den athrú teanga agus den idé-eolaíocht teanga i mBreac-Ghaeltacht na nDéise sa tréimhse 1926-1956.  Cé go n-ainmníonn sé na foinsí éagsúla go léir a d’fhéadfaí a úsáid sa taighde, is iad cín lae an bhailitheora béaloidis, Nioclás Breatnach, príomhábhar an mhicreastaidéir.  Ní fhágann na conclúidí inchreidte téagartha a chuireann Walsh chun cinn ag deireadh an ailt aon amhras ar an léitheoir faoi thorthúlacht an chur chuige – go háirithe maidir le gnéithe de speictream teangeolaíoch casta a nochtadh.  

San alt deireanach, tugann Nollaig Ó Muraíle cuntas taitneamhach ar thogra a bhí conspóideach go leor sna 1940í ach nach bhfuair mórán airde riamh ó lucht acadúil.  Is é an togra atá i gceist ná togra ‘Eeris’ agus ba é an Bráthair Éamonn [Mícheál] Ó Murchú (a d’úsáid an t-ainm cleite cliste, ‘Dr Panini’) a phríomhúdar.  Leagan simplithe den Ghaeilge ab ea ‘Eeris’, go bunúsach, agus chum an Bráthair Ó Murchú a chuid rialacha féin dá theanga nua.  Tugann Ó Muraíle spléachadh don léitheoir ar na príomhrialacha sin agus rianaíonn sé cúlra agus comhthéacs an togra.  Cé go n-aithníonn Ó Muraíle na laigí móra a bhí ar chóras Uí Mhurchú, síleann sé nár cheart dearmad iomlán a dhéanamh ar an togra ach oiread.  I bhfocail Uí Mhuraíle: ‘…tá creidiúint ag dul don Bhr Eumon [sic] as an tsamhlaíocht a léirigh sé agus an méid dochreidte oibre a rinne sé, mar dhuine aonair, nach mór, leis an aisling a bhí aige a fhíorú’ (465).  

Is sárbhailiúchán aistí é seo a bheidh ina áis fhíorluachmhar ag taighdeoirí agus ag mic léinn araon amach anseo.  Tá moladh mór ag dul do na heagarthóirí as an bhfís ‘thrípháirteach’ a bhí acu don leabhar, as an leagan amach agus an rangú atá déanta acu ar an ábhar agus as an gclárú atá déanta acu ar shaothar Nollaig Mhic Congáil.  Tá an comhlacht foilsitheoireachta, LeabhairCOMHAR, le moladh freisin, as slacht agus dearadh an leabhair idir ghrianghraif agus chlúdach.  Is é mórbhua an chnuasaigh go gcuireann gach aiste atá san áireamh ann go mór le gort a shaothraigh an tOllamh Mac Congáil féin.  Ar an mbealach sin tugann na húdair an t-ómós is dual don mhórscoláire agus cuireann a bhféilscríbhinn barr maise ar an méid a bhain sé amach ina shaol gairmiúil do shaíocht na Gaeilge.