D'imigh Feargal Ó Béarra ar shlí na fírinne ar an 21ú Nollaig 2022, agus is cailliúint ollmhór a bhás dá mhuintir, dá chairde agus do shaol na Gaeilge. Rugadh Feargal i mí na Bealtaine 1970. De bhunadh Mhuigh Eo a athair, Ted Berry (nach maireann), agus a mháthair, Sorcha (Sally) Ní Oistín, agus tháinig an lánúin chun cónaithe i mBoth Chuanna sa Spidéal. Saolaíodh cúigear mac dóibh, Micheál, Dónal, Éamonn, Ruaidhrí agus Feargal. D'adhain agus spreag siad suim na mbuachaillí sa Ghaeilge, san amhránaíocht agus i gcúrsaí spóirt, réimsí a mbeadh luí ag Feargal leo ar feadh a shaoil. Chuir an teaghlach préamhacha doimhne futhu sa phobal: eachtra amháin a thugann léargas greannmhar air sin ná an bhratach mhór a d'ardaigh na deartháireacha, Feargal ina measc, i bPáirc an Chrócaigh ag an gcluiche ceannais idir Gaillimh agus Cill Chainnigh sa bhliain 1987, agus 'Scaoil amach an Bobailín' scríofa uirthi. Ghabh an Brainse Speisialta chucu gan mhoill, agus iad ag ceapadh gur tacaíocht do phoblachtánaigh a bhí á fhógairt, ach míníodh dóibh go tapaidh nach raibh i gceist leis an nath cainte ach tacaíocht d'fhoireann na Gaillimhe! Is mó gáire a deineadh faoin eachtra i gCois Fharraige ina dhiaidh sin.
Sa bhliain 1987, agus a chuid meanscolaíochta ar an Spidéal i grích, thug Feargal aghaidh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sé céim B.A. le Céad Onóracha amach sa Léann Ceilteach. Bhí dúil as cuimse aige ón tús in ardléann na Gaeilge, agus chuir sé roimhe saineolas a fháil ar gach tréimhse den teanga agus den traidisiún liteartha ó ré na Sean-Ghaeilge i leith, agus ar na teangacha eile a theastaigh chun go mbeadh sé inniúil ar ghort idirnáisiúnta an Léinn Cheiltigh. Ba chuid bhunriachtanach de sin an grinnstaidéar a bhí á dhéanamh aige riamh is choíche ar chanúintí na Gaeilge, agus ar thriall na Gaeilge comhaimseartha. Ó bhí sé ina fho-chéimí óg, bhí sé ag bailiú béaloidis agus ag taifead cainteoirí Gaeilge. Ar ndóigh, tá Both Chuanna agus an Cnocán Glas buailte lena chéile, is bhí Máirtín Ó Cadhain ina mhórlaoch ag Feargal, mar scríbhneoir agus mar smaointeoir, agus chuir sé mórdhua air féin chun saibhreas teanga agus seanchais na comharsanachta a thabhairt leis. D'áirigh sé Cré na Cille ar an leabhar Gaeilge is fearr a scríobhadh riamh, agus bhí saintuiscint aige ar shaothar uile an Chadhnaigh.
Chaith Feargal cuid mhaith bliain sa Ghearmáin ina dhiaidh sin. I dtosach báire, bhí sé ina iarchéimí in Freiburg im Breisgau sna blianta 1992–4, é faoi stiúir an Ollaimh Hildegard Tristram ansiúd, é san am céanna ag obair faoi stiúir an Ollaimh Gearóid Mac Eoin in OÉ, Gaillimh ar eagrán den treas leagan de Táin Bó Cúailnge. Ghnóthaigh sé céim M.A. le Céad Onóracha ar an obair sin in 1994, agus foilsíodh alt leis faoin treas leagan seo in 1996. B'shin an chéad fhoilseachán acadúil óna pheann, agus tháinig a lán eile uaidh ina dhiaidh sin.[1] Fuair sé post taighde in Ollscoil Wuppertal sa bhliain 1994, áit ar dhein sé comhar le hArndt Wigger, teangeolaí agus scoláire Gaeilge a raibh trascríobh á dhéanamh aige ar ábhar taifeadta a bhailigh Tomás de Bhaldraithe agus Hans Hartmann in 1964. B'é an tOllamh Wigger a thionscain an Studienhaus für Keltische Sprachen und Kulturen, foras i ngar do chathair Bonn atá tiomanta do mhúineadh na dteangacha Ceilteacha agus don gcultúr Ceilteach i gcoitinne, agus is mó tréimhse a chaith Feargal ag teagasc na Gaeilge ansúd. Rud eile a tháinig as an gcaidreamh ná gur fhoilsigh Feargal agus Arndt Wigger dhá shaothar i bpáirt le chéile: Bádóireacht / Bootsbau und Seefahrt in der westirischen Tradition (2012), imleabhar dátheangach de théacsanna ón gcorpas a bhailigh de Bhaldraithe agus Hartmann a thugann léargas an-luachmhar ar shlí bheatha na hiascaireachta traidisiúnta; agus Máirtín Ó Cadhain. Rogha Téacsanna Teagaisc don Ghaeilge / Eine Auswahl von irischen Lehrtexten (2020). Tá taisce an-luachmhar le fáil anseo: rogha na beirte den ábhar is fearr as cúrsa Gaeilge neamhfhoilsithe a chum an Cadhnach dá chuid ranganna i gColáiste na Tríonóide, cuntas úr ar an gCadhnach mar oide agus mar chomhghleacaí ó Mhícheál Ó Siadhail, sleachta as dhá agallamh a cuireadh ar an gCadhnach, agus – iontas na n-iontas – tacar taifeadtaí fuaime a thóg foghlaimeoir Gaeilge as München uaidh i samhradh na bliana 1964, ina measc taifead den trí leathanach tosaigh de Cré na Cille. An ceangal leis an nGearmáin a spreag an bheirt chun an taisce iomlán a fhoilsiú, agus mar áis d'foghlaimeoirí an lae inniu, chuir siad aistriúcháin go Gearmáinis agus Béarla ar na téacsanna. Bhí an-tuiscint ag Feargal féin ar cheird an oide, agus is mó mac léinn a tháinig faoina thionchar mar bhí sé ag teagasc ó thús a thréimhse mar iarchéimí. Bhí sé an-mhuinteartha le mic léinn, agus an-dílis ar fad dá chomhscoláirí agus dá oidí, i gcéin agus i gcóngar.
Idir 2000 agus 2003 bhí sé ina léachtóir le Sean- agus Nua-Ghaeilge in Ollscoil Bonn. Faoin am sin, bhí sé tosnaithe ar eagrán criticiúil a réiteach de 'Siaburcharpat Con Culainn', scéal ón tSraith Ultach a cumadh sa deichiú haois. Chríochnaigh sé an obair sin faoi stiúir an Ollaimh Anders Ahlqvist i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, agus bronnadh an chéim dochtúireachta air in 2004. Bhí súil aige le leagan de a fheiscint i gcló go han-luath. D'fhán sé leis an léachtóireacht ollscoile amach go dtí 2015. Formhór an ama, is i Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe a bhí sé, ach mealladh go hOllscoil Concordia in Montréal in 2009–10, agus go hOllscoil Oslo in 2015 é. Bhí an Ghearmáinis agus an Fhraincis ar a thoil aige, agus níorbh aon dua aige é teangacha eile a fhoghlaim, rud a dhein. Chinn sé féin agus a chéile, Maedhbh Nic Dhonnchadha ón gCeathrú Rua, ar scoláire í féin a bhfuil dochtúireacht sa tSean-Ghaeilge aici agus bua na dteangacha, ar dhul chun na Bruiséile mar a raibh postanna le fáil acu beirt mar aistritheoirí i gComhairle an Aontais Eorpaigh - 'ceird nár chol le clanna Gael', mar a thug Feargal ar an aistriúchán, in alt inar phléigh sé an toise stairiúil agus a thábhachtaí is atá sé an Ghaeilge a thabhairt chun oiriúna le haimsir a saothraithe.
Is éachtach go deo an chomaoin a chuir sé féin ar Ghaeilgeoirí an lae inniu agus na laethanta atá le teacht leis an dá leabhar ba dhéanaí óna pheann. Sin iad An Tromdhámh (2018) agus Mé Suibhne (2021), leaganacha nuachóirithe ag Feargal de phéire seanscéal ó thús ré na Nua-Ghaeilge Moiche, iad foilsithe ina leabhartha gleoite cuidsúlacha ag an gcomhlacht Leabhar Breac. Athinsintí iad ar Tromdhámh Ghuaire, a cumadh thart ar 1300, agus ar Buile Shuibhne, a cumadh thart ar chéad bliain níos túisce. Is casta na scéalta iad, a bhfuil snátha seanchais as foinsí iomadúla snaidhmthe ina chéile iontu. Theastaigh tuiscint dhoimhin ar an seanchultúr Gaelach agus a thraidisiún liteartha, sármháistreacht ar an teanga, agus foighne agus seiftiúlacht an scríbhneora; ní raibh Feargal gann ar aon cheann díobh. Dá dheacra a bhí sé Tromdhámh Ghuaire a dhéanamh soléite sothuigthe tarraingteach don lá inniu, ba dhúshlánaí fós é Buile Shuibhne mar gur dánta agus ranna ó luath-thréimhsí éagsúla atá i gcuid mhaith den saothar sin. Is iontach mar ar éirigh le Feargal an fhilíocht shiollach a thabhairt i dteanga an lae inniu, seifteanna aimsithe aige chun cúiteamh a dhéanamh as siollaí atá anois báite sa chaint, an uaim agus an dúnadh i ndeireadh na ndánta coinnithe aige, blas ársa agus comhaimseartha araon ar an bhfriotal. Samhlaím gur tharraing Feargal ar cheann eile dá bhuanna agus é i mbun na hoibre seo, agus sin é bua an cheoil. Teist amháin ar a chumas sa réimse sin is ea na hamhráin a chum sé, a bhfuil deich gcinn díobh foilsithe in Leabhar Nua na nAmhrán (2016).
Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana' 2019 ar An Tromdhámh, agus ghnóthaigh Mé Suibhne Duais Chuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilín ag an Oireachtas an bhliain dar gcionn. Bhí súil le mórán eile ón bhfear ildánach seo, agus is cailliúint ollmhór é é a bheith imithe den saol seo i mbláth a mhaitheasa.
[1] Tá liosta iomlán dá fhoilseacháin acadúla sa Bibliography of Irish Linguistics and Literature, atá le fáil ar líne ar shuíomh Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ag: https://bill.celt.dias.ie/vol4/index2.html