DOI: https://doi.org/10.13025/ej0y-nm03

Feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais: Préamh agus guairne an chleachtais

Coimriú:  Tá trí shainréimse eolais i gceist le feasacht teanga múinteoirí sa tumoideachas – úsáid teanga; eolas faoin teanga; agus saineolas oideolaíoch i dtéarmaí na sprioctheanga sa chomhthéacs ábharbhunaithe.  Bíonn na réimsí sin ag idirghníomhú lena chéile agus téann siad i bhfeidhm ar a chéile ar bhealaí ar leith, rud a mhúnlaíonn agus a chumasaíonn acmhainn an mhúinteora tumoideachais ina dhiaidh sin chun spriocanna teanga agus gníomhaíochtaí a chruthú ina ndírítear ar riachtanais forbartha na bhfoghlaimeoirí tumoideachais agus, ag an am céanna, ina dtugtar aghaidh ar spriocanna teagaisc an ábhair féin.  Dhealródh sé, mar sin, gur cheart go mbeadh feasacht teanga sa tumtheanga mar bhonn agus thaca ag cleachtais teagaisc an mhúinteora sa tumoideachas.  Ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí, áfach.  Sa pháipéar seo, tugtar spléachadh ar an litríocht a bhaineann le feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais.  Déantar iniúchadh ar dtús sa léirbhreithniú ar thábhacht na feasachta teanga mar ghné lárnach de chleachtas an mhúinteora.  Tugtar achoimre ansin ar na dúshláin le béim ar leith ar na riachtanais forbartha gairmiúla a bhíonn ag múinteoirí ábhair san iar-bhunscoil Lán-Ghaeilge/Ghaeltachta.  Ag deireadh an pháipéir, déanfar plé ar na himpleachtaí atá ann don fhorbairt ghairmiúil agus don taighde amach anseo. 

Réamhrá

Is iomaí cineál clár oideachais dhátheangaigh atá ann, mar bíonn gach clár faoi thionchar an chomhthéacs shochtheangeolaíoch agus chultúrtha ina mbíonn sé ag feidhmiú.  Bíonn teangacha éagsúla, spriocanna éagsúla agus foghlaimeoirí éagsúla ag cláir (Christian & Genesee, 2001).  Fealsúnacht leathan den dátheangachas a bheidh mar bhonn agus mar thaca ag clár dátheangach ar bith.  Fealsúnacht shuimitheach nó dhealaitheach a bheidh inti, bunaithe ar an luach a bhaineann le teanga eile a chur le stór teangacha an dalta nó, ina áit sin, ar an luach a bhaineann le teanga amháin a chailleadh nó teanga eile a chur ina háit (Baker & Wright, 2017).  Meastar gur cineál láidir oideachais dhátheangaigh atá sa tumoideachas (Tedick & Lyster, 2020).  Bíonn mar aidhm le cláir thumoideachais cur ar chumas daltaí an dátheangachas feidhmiúil agus an délitearthacht fheidhmiúil a bhaint amach sna teangacha lena mbaineann faoin am a chríochnóidh siad san iar-bhunscoil.  Maidir le taighde ina léirítear tairbhí an tumoideachais, is iondúil a bhíonn an taighde sin bunaithe ar thorthaí a bhaineann le cláir atá á gcur i bhfeidhm go héifeachtach.  Dá airde é cáilíocht an chur i bhfeidhm, is ea is fearr na torthaí don tumoideachas dar le taighdeoirí (Genesee et al., 2006; Thomas & Collier, 2017).  Is eol dúinn le fada an lá gurb iad na múinteoirí an acmhainn is tábhachtaí ar leibhéal scoile a théann i bhfeidhm ar ghnóthachtáil na ndaltaí.  Faoi mar a thagann méadú ar éilimh chognaíocha an ábhair acadúil, tagann méadú ar na héilimh ó thaobh teanga de chomh maith.  Mura mbíonn inniúlacht mhaith teanga ag daltaí sa tumtheanga, ní bheidh ar a gcumas an réimse ábhair a rochtain nó dul i ngleic leis agus iad ag dul ar aghaidh ó rang go rang.  Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go bhfostófar múinteoirí ar chláir thumoideachais atá an-inniúil i dteanga nó i dteangacha an teagaisc agus atá cáilithe chun na réimsí ábhair a theagasc (Howard et al., 2018; Swain & Johnson, 1997).  Faoi mhúinteoirí tumoideachais atá sé leibhéil arda inniúlachta i dteanga nó i dteangacha an teagaisc a chothú le go mbeidh ar a gcumas an t‑ionchur agus an t‑aiseolas is gá a thabhairt chun inniúlacht na ndaltaí sa tumtheanga a fhorbairt.

Ar dtús sa pháipéar seo, déantar cur síos ar phróisis chuardaigh an léirmheasa.  Ina dhiaidh sin, tugtar sainmhíniú ar an tumoideachas i gcomhthéacs na hÉireann agus féachtar ar a thábhachtaí atá feasacht teanga múinteoirí mar chomhpháirt ríthábhachtach sa phróiseas teagaisc.  Cuirtear sintéis den taighde ar fheasacht teanga múinteoirí i láthair ansin, agus féachtar ar dhúshláin áirithe a bhaineann leis an bhfeasacht teanga i gcomhthéacs an tumoideachais in Éirinn.  Tá plé ag deireadh an léirbhreithnithe ina leagtar béim ar na buncheisteanna atá ann i gcónaí i dtéarmaí fhorbairt ghairmiúil mhúinteoirí tumoideachais agus tugtar achoimre ar threoracha don taighde amach anseo.

Modheolaíocht: Foinsí agus próisis chuardaigh

Baineadh leas as dhá chur chuige mar chuid den phróiseas cuardaigh sa léirmheas seo: cuardaigh bhunachar sonraí agus cuardaigh de láimh.  Roghnaíodh EBSCO, Summon, Academia, ERIC agus Innéacs Taighde COGG mar phríomhfhoinse chuardaigh chun ábhar an léirbhreithnithe a cheistiú.  Baineadh leas as téarmaí cuardaigh ar leith chun an próiseas a bheachtú (m.sh., teacher language awareness, immersion practice, immersion teacher knowledge base, teacher language competence).  Aithníodh critéir iniaimh mar aon le critéir eisiaimh chun sainaithint a dhéanamh ar na staidéir a ndéanfaí sintéis orthu.  Mar shampla, ar mhaithe le staidéar a chur san áireamh sa tsintéis, ní mór dó a bheith bainteach le múinteoirí tumoideachais.  Níor cuireadh staidéir san áireamh a bhain le cláir oideachais teanga tromlaigh.  Méadaíodh torthaí an chuardaigh seo le cuardaigh de láimh.  Cuardaíodh tráchtais, liostaí tagartha, tuarascálacha taighde, measúnachtaí agus páipéir neamhfhoilsithe eile a bhaineann le cleachtas an mhúinteora ábhair san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta (m.sh., Ní Chathasaigh, 2020; Ní Thuairisg, 2017; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Ceallaigh et al., 2019).  Beachtaíodh an cuardach chun solas úr a chaitheamh ar théama an léirmheasa – feasacht teanga an mhúinteora ábhair sa tumoideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.  Ag deireadh an phróisis, aimsíodh na príomhstaidéir taighde don staidéar sintéise seo de thoradh ar chuardach na mbunachar sonraí ainmnithe, méadaithe ag cuardaigh de láimh.

An tumoideachas in Éirinn

Cineál oideachais dhátheangaigh is ea an t‑oideachas lán-Ghaeilge ina ndéantar an t‑ábhar a theagasc do dhaltaí trí mheán mionteanga atá á foghlaim acu ar scoil.  Tá roinnt scoileanna lán-Ghaeilge lonnaithe i bpobail Ghaeltachta.  Is é athbheochan/athnuachan na teanga dúchais (.i. an Ghaeilge) tríd an gcóras oideachais is aidhm don tsamhail seo oideachais lán-Ghaeilge.  I staitisticí 2020/2021, léirítear go bhfuil dalta amháin as gach 50 dalta ag freastal ar scoil Ghaeltachta.  Is ionann sin agus 1.9% de dhaltaí ar an iomlán ag leibhéal na bunscoile agus 1.76% de dhaltaí ar an iomlán ag leibhéal na meánscoile (Rannóg Staitisticí na Roinne Oideachais agus Scileanna, cumarsáid phearsanta, 07 Feabhra 2021).  Bíodh is go mbíodh oideachas lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht á chur ar dhaltaí a raibh Gaeilge acu ó dhúchas, tá sé léirithe go soiléir go bhfuil ann do bhagairtí soiléire ar inbhuanaitheacht na Gaeilge mar theanga phobail sna Gaeltachtaí (Péterváry, 2014).  Sa lá atá inniu ann, freastalaíonn an t‑oideachas lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht ar raon riachtanas sochtheangeolaíoch i gcomhthéacsanna scoile sochchultúrtha éagsúla.  Tá dúshláin mhóra thromchúiseacha don chóras oideachais sa Ghaeltacht ag baint leis an éagsúlacht agus leis an gcastacht theangeolaíoch seo, mar aon leis an úsáid níos mó atá á baint as an mBéarla i bpobail Ghaeltachta.  In Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, aithnítear raon spriocanna a bhfuil mar aidhm leo feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama trí Ghaeilge san oideachais lán-Ghaeilge, agus tá inniúlacht múinteoirí sa teanga theagaisc ar cheann de na spriocanna sin.  Is do dhaltaí nach í an Ghaeilge a gcéad teanga (T1) acu a chuirtear oideachas lán-Ghaeilge nó tumoideachas ar fáil go hiondúil lasmuigh den Ghaeltacht.  I staitisticí 2020/2021, léirítear go bhfuil dalta amháin as gach 20 dalta ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.  Is ionann sin agus 5.17% de dhaltaí ar an iomlán ag leibhéal na bunscoile agus 2.9% de dhaltaí ar an iomlán ag leibhéal na meánscoile (Rannóg Staitisticí na Roinne Oideachais agus Scileanna, cumarsáid phearsanta, 7 Feabhra 2021).  Cé go ndéantar forbairt ar an acmhainneacht teanga trí phróisis an teagaisc sa tsamhail oideachais seo, bíonn sé fíordheacair i gcónaí deiseanna a chruthú chun an teanga a úsáid lasmuigh de thimpeallacht na scoile.  Dúshlán a bhíonn roimh gach scoil lán-Ghaeilge is ea mórtheanga (Béarla) atá an-láidir lasmuigh den scoil.

Mar sin, tá duine amháin as gach 16 daltaí i bPoblacht na hÉireann ag gabháil don oideachas lán-Ghaeilge (oideachas Gaeltachta san áireamh) sa lá atá inniu ann – 7% de dhaltaí ar an iomlán ag leibhéal na bunscoile agus 4.66% de dhaltaí ar an iomlán ag leibhéal na meánscoile (Rannóg Staitisticí na Roinne Oideachais agus Scileanna, cumarsáid phearsanta, 7 Feabhra 2021).  In ainneoin an éilimh mhéadaithe ar na cláir sin agus an ratha réasúnta a bhíonn orthu, bíonn sé casta go fóill na cláir sin a chur i bhfeidhm ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal araon, agus uaireanta ní éiríonn leis na cláir sin chomh maith is a bhímid ag súil leis (Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Ceallaigh & Ó Laoire, 2021; Ó Duibhir, 2018).  Bíonn scileanna ginchumais teanga na ndaltaí i gcomhthéacsanna uile an tumoideachais tearcfhorbartha i réimsí amhail cruinneas agus castacht gramadaí, sainiúlacht léacsach agus oiriúnacht shochtheangeolaíoch (Ó Duibhir, 2009, 2018; Walsh, 2007), agus tá fianaise ann freisin nach bhfuil noirm an chainteora dúchais ná sealbhú iomlán ná saibhriú na teanga á mbaint amach ag cainteoirí dúchais óga (Péterváry, 2014).  Déanta na fírinne, tá leibhéil níos airde cruinnis agus inniúlachta á mbaint amach ag cainteoirí dúchais sa Bhéarla ná mar atá sa Ghaeilge sa bhunscoil Ghaeltachta, rud is cúis leis an dátheangachas dealaitheach (Péterváry, 2014).  I measc na ndúshlán ar fad atá le sárú ag an oideachas lán-Ghaeilge, léirítear sa taighde gurb é an fhadhb is mó atá ann cláir atá cothrom go maith a chruthú inar féidir díriú ag an am céanna ar theagasc an ábhair agus ar theagasc na teanga/litearthachta (Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017).  Bíonn leibhéal ard feasachta teanga de dhíth ar an múinteoir sa teanga theagaisc chun tabhairt faoin dúshlán sin.

Iniúchadh ar thábhacht na feasachta teanga mar ghné lárnach de chleachtas an mhúinteora

Is iomaí gné a théann i gcion ar theagasc na múinteoirí (mar shampla, taithí saoil, féiniúlacht, idé-eolaíocht, eolas agus cognaíocht an mhúinteora) (Borg, 2012; Burgess, 2016).  Téann cognaíocht múinteoirí teanga (.i. a measann múinteoirí teanga, a bhfuil ar eolas acu agus a gcreideann iad) go mór i bhfeidhm ar a gcleachtas teagaisc.  Tá dlúthbhaint ag feasacht teanga múinteoirí le cognaíocht múinteoirí teanga (Otwinowska, 2017), agus téann an fheasacht teanga i bhfeidhm go mór freisin ar chleachtais oideolaíocha múinteoirí teanga.  Tagraíonn an fheasacht teanga d’eolas follasach faoin teanga agus do bhraistint agus do thuiscint chomhfhiosach ar an bhfoghlaim teanga (Andrews, 2007; Arnott & Vignola, 2020), ar an teagasc teanga (Andrews, 2007; Andrews & Lin, 2017; Temple Adger et al., 2018) agus ar an úsáid teanga (Andrews, 2007; Andrews & Svalberg, 2017).  Moladh go láidir í mar ghné bhunriachtanach in oideachas múinteoirí (James & Garrett, 1992; Ó Ceallaigh, 2020; Tsui, 2003).  Cuimsítear leis trí réimse fhorluiteacha d’eolas agus de phrionsabail chreidimh múinteoirí teanga: eolas nó prionsabail chreidimh maidir leis an bhfáth agus leis an gcaoi ar cheart an teanga a úsáid (lena n‑áirítear gnéithe amhail dearcthaí agus prionsabail chreidimh i leith na teanga, eolas ar a n‑úsáid teanga féin agus ar úsáid teanga a bhfoghlaimeoirí); eolas ar chórais bhunúsacha na teanga (lena n‑áirítear feasacht mheititheangeolaíoch, eolas ar leaganacha teanga, agus tuiscint ar na héilimh theangeolaíocha agus ar na gnéithe teangeolaíocha i gceachtanna nó i dtéacsanna ar leith); agus eolas oideolaíoch ar theagasc na teanga (Andrews, 2007; Andrews & Lin, 2017; Andrews & Svalberg, 2017).  Cuireann na trí réimse sin ar a gcumas do mhúinteoirí a bheith ina n‑úsáideoirí teanga, ina n‑anailísithe teanga, agus ina múinteoirí teanga (Wright, 2002; Lindahl & Baecher, 2016).  Bíonn foghlaim rathúil ábhair ag brath go mór ar an teanga i réimse an tumoideachais.  D’fhéadfaí a mhaíomh go gcuireann an fheasacht teanga ar a gcumas do mhúinteoirí ábhair tacú go héifeachtach le foghlaim an ábhair i measc daltaí i gcomhthéacs chomhtháthú na teanga agus an ábhair sa tumoideachas.

Spléachadh ar an litríocht a bhaineann le feasacht teanga an mhúinteora tumoideachais

Áitíonn Hoare (2001) go mbíonn múinteoirí tumoideachais níos feasaí ar chúrsaí teanga mar thoradh ar a dtaithí iarbhír ar iarracht a dhéanamh cothromaíocht a aimsiú idir an t‑ábhar agus an teanga sa teagasc.  Léirítear i staidéir roimhe seo ar an tumoideachas, áfach, gurb é teagasc an ábhair an chloch is mó ar a bpaidrín ag múinteoirí tumoideachais (Ó Ceallaigh et al., 2018; Ó Ceallaigh et al., 2019).  Tá taighdeoirí den tuairim gur féidir na dúshláin a bhaineann le forbairt na teanga i measc daltaí tumoideachais a leagan go páirteach ar easpa feasachta teanga .i. aird neamhimleor a bheith á tabhairt ar theagasc na scileanna teanga agus litearthachta, mar aon le heolas neamhimleor ar conas díriú go héifeachtach ar na gnéithe sin ar fad ar leibhéal an churaclaim nó ar leibhéal an teagaisc ag an am céanna (Cammarata & Ó Ceallaigh, 2018; Lyster, 2007).  Déanfar léirbhreithniú anois ar an litríocht ar fheasacht teanga múinteoirí, agus déanfar tagairt ar leith don chomhthéacs tumoideachais i gcás na Gaeilge.

Eolas nó prionsabail chreidimh maidir leis an bhfáth agus leis an gcaoi ar cheart an teanga a úsáid

Cé go measann múinteoirí tumoideachais go mbíonn an teanga á teagasc acu i gcónaí, ní éiríonn leo go comhsheasmhach ná go córasach an chothromaíocht a aimsiú idir an teanga agus an t‑ábhar sa teagasc (Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh et al., 2019).  Tuairiscíonn siad freisin easpa muiníne ina gcumas teanga féin, go háirithe a máistreacht ar an stór focal a bhaineann go sonrach leis an disciplín (Ní Dhiorbháin et al., 2020; Ní Chathasaigh, 2020; Nic Réamoinn 2017; Ó Ceallaigh et al., 2020; Ní Thuairisg 2014; Ó Ceallaigh 2013, 2019; Ó Ceallaigh et al., 2020; Ó Treasaigh 2019).  Mar sin féin, tá sé tábhachtach a shonrú gur tacar cuimsitheach dinimiciúil sainscileanna atá san inniúlacht ar an teanga acadúil, agus cuimsítear leis an inniúlacht sin níos mó ná an bhrí atá le focail aonair.  Bíonn eolas ar an stór focal i gceist leis an inniúlacht ar an teanga acadúil, mar aon le struchtúir eile den teanga ar saintréithe de théacsanna agus de dhioscúrsaí acadúla iad.  Cé go bhféachann múinteoirí tumoideachais ar úsáid T1 mar a bheith ag teacht salach ar bhunphrionsabal an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, tugann siad le fios nach bhfuil siad cinnte conas T1 a bhainistiú go tuisceanach cuí sa teagasc agus san foghlaim sa tumoideachas (Ní Chathasaigh, 2020; Ó Ceallaigh & Ó Brolcháin, 2019; Ní Chlochasaigh, Shiel & Ó Duibhir, 2020).  Tarlaíonn sé uaireanta go mbíonn éagsúlacht ann idir an méid a chreideann múinteoirí gur cheart dóibh a dhéanamh agus an méid a bhíonn ar siúl acu i dtéarmaí úsáid T1 (Ó Ceallaigh & Ó Brolcháin, 2019).  Go minic, féachann múinteoirí tumoideachais ar úsáid T1 mar an t‑aon rogha atá ann leis an mbrí a chur in iúl agus le cur ar a gcumas do dhaltaí ábhar acadúil casta a rochtain (Ní Chathasaigh, 2020; Ó Ceallaigh et al., 2019).  Cuireann múinteoirí tumoideachais in iúl freisin gur gá aird chórasach a thabhairt ar fhorbairt na tumtheanga le teicnící aiseolais cheartaithigh.  Ní bhíonn siad cinnte, áfach, cén uair agus conas ba cheart aiseolas ceartaitheach a thabhairt i gcomhthéacs theagasc an ábhair sa tumoideachas (Ní Aogáin & Ó Duibhir, 2021; Ní Chathasaigh, 2020 & Ó Ceallaigh, 2013).

Eolas ar chórais bhunúsacha na teanga

Tuairiscíodh go raibh bearnaí móra in eolas faisnéiseach[1] múinteoirí tumoideachais maidir leis an tumtheanga agus ina n‑inniúlacht sa tumtheanga (Ní Chathasaigh, 2020; Nic Réamoinn, 2017; Ní Thuairisg 2014; Ó Ceallaigh 2013, 2019; Ó Ceallaigh et al., 2020; Ó Treasaigh 2019).  Sonraíonn go leor taighdeoirí go léirítear i dtaithí múinteoirí tumoideachais easnaimh shonracha theanga, easpa muiníne ó thaobh teanga de, agus laigí maidir lena n‑eolas faoin teanga[2] (Ní Chathasaigh, 2020, Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh et al. 2019; Ó Ceallaigh et al. 2020).  Cuireann na heasnaimh theanga sin bac ar mhúinteoirí tumoideachais freisin béim ar an teanga (.i. an teagasc foirm-dhírithe) a chomhtháthú ar bhealaí córasacha i gcomhthéacs ar fud an churaclaim tumoideachais (Ní Dhiorbháin et al., 2020; Ó Ceallaigh, 2013, 2020 & Ó Ceallaigh et al., 2019).

Eolas oideolaíoch ar theagasc na teanga sa tumoideachas

Is mó tuiscint atá ann anois gur gá díriú ar fhoirmeacha teanga na sprioctheanga agus gur gá an bhéim sin a chuimsiú sa churaclam freisin chun an sprioctheanga a fhoghlaim go héifeachtach sa tumoideachas (Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2017; Ó Duibhir, 2018).  Rud dúshlánach do mhúinteoirí tumoideachais is ea aird na ndaltaí tumoideachais a tharraingt ar an fhoirmeacha teanga i gcomhthéacs an teagaisc ábhair chun an fhoghlaim teanga a mhéadú an oiread agus is féidir agus, ag an am céanna, leibhéil arda gnóthachtála acadúla a choinneáil (Ó Ceallaigh, 2013, 2020; Ó Ceallaigh et al., 2018 & Ó Ceallaigh et al., 2019).  Bíonn múinteoirí tumoideachais ag streachailt freisin chun tascanna éifeachtacha a dhearadh atá bunaithe ar ábhar agus atá saindírithe ar an teanga chun cur le haschur teangeolaíoch na ndaltaí (an t‑aschur a éascú), rud a mheallann feasacht mheititheangeolaíoch na bhfoghlaimeoirí (Ó Ceallaigh, 2013, Ó Ceallaigh et al., 2019).  Ní thugtar tacaíocht leordhóthanach do mhúinteoirí faoi oiliúint ná do mhúinteoirí inseirbhíse atá ag teagasc ar chláir thumoideachais, ná ní chuirtear oiliúint leordhóthanach orthu, chun díriú ar ghnéithe den sprioctheanga agus ábhar á theagasc acu.  Tá éileamh níos mó ann anois go gcuirfí forbairt ghairmiúil atá cuí, córasach agus leanúnach ar fáil chun an sprioc sin a bhaint amach (Ní Dhiorbháin, 2017; Ní Thuairisg, 2014; Ó Ceallaigh et al., 2019; Ó Duibhir, 2018).

Achoimre ar na dúshláin le béim ar leith ar na riachtanais forbartha gairmiúla a bhíonn ag múinteoirí ábhair san iarbhunscoil Lán-Ghaeilge/Ghaeltachta

Tá de chúram gairmiúil ar mhúinteoirí ábhair san iar-bhunscoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta an t-ábhar acadúil a sholáthar ar bhealach sothuigthe do dhaltaí atá ag foghlaim trí mheán mionteanga nó trí mheán an dara teanga (T2).  Dhealródh sé, mar sin, gur cheart go mbeadh ard-inniúlacht sa tumtheanga mar bhonn agus thaca ag cleachtais teagaisc an mhúinteora sa tumoideachas. Ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí, áfach.  Deimhnítear le taighde, áfach, go mbíonn forbairt ghairmiúil nach beag ag teastáil ó mhúinteoirí ábhair chun ábhar acadúil a mhúineadh trí Ghaeilge.  Tugtar achoimre thíos i dtábla 1 ar dhúshláin an ghoirt.

Tábla 1: An fheasacht teanga agus múinteoirí ábhair: Riachtanais forbartha gairmiúla

Riachtanais forbartha gairmiúla

Taighde ábhartha

Easpa muiníne

Léiríonn múinteoirí an ghoirt an fheasacht ar an bhfreagracht atá orthu a bheith ina samhlacha teanga dá ndaltaí ach léiríonn siad easpa muiníne ina gcumais teanga féin.  Bíonn drogall ar mhúinteoirí ábhair gan aon cháilíocht tríú leibhéal acu sa Ghaeilge a gcaighdeán féin a nochtadh leis na daltaí ar eagla go gcruthódh sé fadhbanna ó thaobh na bainistíochta ranga de.

Ní Chathasaigh, 2020; Nic Réamoinn, 2017; Ní Thuairisg, 2014; Ó Ceallaigh, 2013, 2019; Ó Ceallaigh et al., 2020; Ó Grádaigh 2015; Ó Treasaigh 2019

Easpa inniúlachta

Léirítear buairt go rímhinic maidir le caighdeán teanga múinteoirí.  Ní heol do mhúinteoirí tumoideachais conas cothromaíocht a aimsiú idir an teanga agus an t‑ábhar i bhforbairt curaclaim agus sa mheasúnú. Bíonn deacrachtaí acu a shainaithint cé na foirmeacha teanga is ceart a theagasc agus a mheasúnú i gcomhthéacs theagasc an ábhair.  Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí ábhair freisin coincheapa atá níos casta ó thaobh na cognaíochta de lena mbaineann éilimh theanga áirithe a theagasc trí Ghaeilge.

Ní Chathasaigh, 2020; Ó Ceallaigh et al., 2019

Easpa eolais

Bíonn easpa eolais agus tuisceana ag múinteoirí tumoideachais ar an taighde ar shealbhú an dara teanga agus ar na himpleachtaí oideolaíocha a bhaineann leis, agus bíonn easpa tuisceana acu freisin ar an idirspleáchas idir an teanga agus an t‑ábhar. Braitheann siad an iomarca ar an ionchur, agus go minic ní mheallann siad go leor foirmeacha teanga ó na daltaí.

Ó Ceallaigh, 2013; Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017; Ó Ceallaigh et al., 2019

Easpa treorach

Léirítear míréir áirithe idir na prionsabail chreidimh shonraithe atá ag múinteoirí agus a gcleachtais iarbhír.  Mar shampla, úsáideann múinteoirí an mhórtheanga le daltaí chun na dúshláin a bhaineann le próiseáil ábhair casta i nGaeilge a sheachaint nuair nach dtagann siad leis an gcleachtas sin i bprionsabal.

Ní Chathasaigh, 2020; Ó Ceallaigh et al., 2019

Easpa tacaíochta

Bíonn éilimh oibre ag dul sa mhuileann ar mhúinteoirí tumoideachais, agus ní bhíonn go leor am pleanála ná tacaíochta acu chun a bhfeasacht teanga a fhorbairt.

Ní Chathasaigh, 2020; Ó Ceallaigh et al., 2020

Plé ar na himpleachtaí atá ann don fhorbairt ghairmiúil agus don taighde amach anseo

Tugtar le tuiscint sa léirbhreithniú seo ar an taighde gur rud thar a bheith casta é nádúr na feasachta teanga múinteoirí sa tumoideachas, go bhfuil sé tábhachtach staidéar a dhéanamh air, agus nach bhfuil tuiscint iomlán againn air go fóill.  Sealbhaíonn múinteoirí feasacht teanga, agus tuigeann siad í agus cuireann siad chun feidhme í sa tumoideachas ar bhealach áirithe, agus tá nasc doshéanta idir é sin agus cleachtas an teagaisc chomhtháite ábhair agus teanga.  Is cosúil gur próiseas comhuaineach comhtháite atá i gceist le tuiscintí doimhne a fhorbairt ar fheasacht teanga múinteoirí agus taithí a fháil ar a bhfuil i gceist léi sa ghnáthchleachtas laethúil i scoileanna tumoideachais.  I staidéir áirithe (e.g. Ní Chathasaigh, 2020; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2017; Ní Dhiorbháin et al., 2020; Ó Ceallaigh, 2020; Ó Ceallaigh et al., 2019), cuirtear béim ar bhuntáistí na forbartha gairmiúla a bhaineann leis an bhfeasacht teanga do mhúinteoirí tumoideachais agus léirítear iontu a thábhachtaí atá an comhoibriú i bhfoghlaim na múinteoirí agus na deiseanna lena bhfuil foghlamtha acu a chur i bhfeidhm.  De nádúr meiteachognaíoch atá feasacht teanga múinteoirí, agus cuimsítear léi gné chognaíoch bhreise ina ndéantar machnamh ar idir eolas faisnéiseach agus eolas gnásúil ar an nGaeilge.  Rud ríthábhachtach é go mbeadh deiseanna ag múinteoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta gabháil d’iniúchadh ar a bhfeasacht teanga féin ar bhealach leanúnach, domhain, córasach agus machnamhach.  Ar deireadh, ba cheart go gcuimseofaí san fhorbairt ghairmiúil deiseanna don chomhoibriú, plé gairmiúil agus anailís. Bíonn deiseanna ag teastáil ó mhúinteoirí tumoideachais chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • a máistreacht féin ar an tumtheanga (ar fud na n‑inniúlachtaí teanga sa Ghaeilge – glacadh, idirghníomhaíocht, agus ginchumas) a thaifeadadh, agus anailís agus machnamh a dhéanamh uirthi, mar aon le tionchar na máistreachta sin ar an gcleachtas oideolaíoch agus ar fhoghlaim na ndaltaí;
  • cur leis an eolas faoin teanga .i. máistreacht an mhúinteora ar chórais agus ar struchtúir den teanga, mar aon lena n-eolas ar shainscileanna, léacsacan, gramadach, séimeantaic, pragmataic, ortagrafaíocht, fóineolaíocht, sochtheangeolaíocht, anailís dioscúrsa, teanga na bainistíochta ranga, agus teanga a bhaineann go sonrach le disciplín ar leith;
  • tuiscint a shealbhú ar an bpróiseas trína ndéanann daltaí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta teangacha a shealbhú, tuiscint a shealbhú ar conas straitéisí teagaisc a dhearadh ina ndéantar dul chun cinn ar an bhforbairt teanga, agus acmhainneacht a shealbhú chun comhthéacs bríoch ábhartha a chruthú ina ndéantar an fhoghlaim teanga agus an fhorbairt teanga a chur chun cinn i dteagasc ábharbhunaithe an tumoideachais.

Déanfar féidearthachtaí na feasachta teanga múinteoirí i gcomhthéacs an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a iniúchadh agus a nochtadh níos minice i ndeiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí den sórt sin lena gcuirfear ar a gcumas do mhúinteoirí tumoideachais a bheith níos feasaí agus níos eolaí ar an teanga.

Tá easpa mhór taighde ann ar réimse na feasachta teanga múinteoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.  Is gá iniúchadh breise a dhéanamh chun an beartas oideachais a mhúnlú.  Is gá machnamh eolach a dhéanamh ar roinnt ceisteanna a bhfuil ceangal acu lena chéile le dul chun cinn a dhéanamh ar cheist na feasachta teanga sa tumoideachas:

  • Cén t‑eolas ar fheasacht teanga múinteoirí is ceart a bheith ag múinteoirí tumoideachais?
  • Cén chaoi is fearr a sealbhaíonn múinteoirí tumoideachais an t‑eolas sin?
  • Cén tionchar atá ag an bhfeasacht teanga ar an gcleachtas oideolaíoch?
  • Cén tionchar atá ag an bhfeasacht teanga ar thorthaí na ndaltaí tumoideachais?
 


[1] Faisnéis agus eolas maidir le míreanna agus fochórais teanga, amhail sainmhínithe ar fhocail agus rialacha.

[2] Máistreacht an mhúinteora ar chórais agus ar struchtúir den teanga, mar aon lena n-eolas ar shainscileanna, léacsacan, gramadach, séimeantaic, pragmataic, ortagrafaíocht, fóineolaíocht, sochtheangeolaíocht, anailís dioscúrsa, teanga na bainistíochta ranga, agus teanga a bhaineann go sonrach le disciplín ar leith.

Leabhairliosta

Leabhair

Andrews, S., (2007) Teacher language awareness.  Londain: Cambridge University Press.

Baker, C. & Wright, W.E., (2017) Foundations of bilingual education and bilingualism (6ú heagrán). Briostó, an Ríocht Aontaithe: Multilingual Matters.

Genesee, F., Lindholm-Leary, K.J., Saunders, W. & Christian, D., (2006) Educating English language learners.  Cambridge, NY: Cambridge University Press.

James, C., & Garrett, P., (2013) Language awareness in the classroom.  Nua-Eabhrac, NY: Routledge. https://doi.org/10.4324/9781315845524.

Lyster, R., (2007) Learning and teaching languages through content: A counterbalanced approach.  Philadelphia: John Benjamins Publishing Company.

Ní Chlochasaigh, K., Shiel, G. & Ó Duibhir, P., (2020) Iniúchadh ar an tumoideachas do dhaltaí i gceantair mhíbhuntáiste.  Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ní Shéaghdha, A., (2017) Critéir aitheantais cuí um dhearbhú cáilíochta agus dea-chleachtais do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bhonn uile Éireann.  Baile Átha Cliath: Gaeloideachas. Baile Átha Cliath: Gaeloideachas.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ó Laoire, M., (2021) (eag.) An tumoideachas: Deiseanna agus dea-chleachtais. An dara comhdháil taighde uile-oileánda ar an tumoideachas: Imeachtaí comhdhála. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ó Ceallaigh, T.J., Ó Laoire, M. & Uí Chonghaile, M., (2019) Comhtháthú ábhar agus teanga san iarbhunscoil lán-Ghaeilge/Ghaeltachta: I dtreo eispéiris forbartha gairmiúla chun dea-chleachtais a nochtadh.  Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.  Le fáil ag: www.cogg.ie.

Ó Duibhir, P., (2018) Immersion education: Lessons from a minority language context.  Amstardam: Multilingual Matters.

Ó Grádaigh, S., (2015) Soláthar múinteoirí ábhar do na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge & Gaeltachta.  Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Péterváry, T., Ó Curnáin, B., Ó Giollagáin, C. & Sheahan, J., (2014) Analysis of bilingual competence: Language acquisition among young people in the Gaeltacht.  An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.  Rannóg Staitisticí na Roinne Oideachais agus Scileanna (2021) Cumarsáid phearsanta, 7 Feabhra.

Tedick, D.J. & Lyster, R., (2020) Scaffolding language development in immersion and dual language classrooms.  Nua-Eabhrac: Routledge.

Temple Adger, C., Snow, C.E. & Christian, D., (2018) What teachers need to know about language.  Briostó, an Ríocht Aontaithe: Multilingual Matters.

Thomas, W.P. & Collier, V.P., (2017) Why dual language schooling. Albuquerque: Dual Language Education in New Mexico & Fuentre Press.

Walsh, C., (2007) Cruinneas na Gaeilge scríofa sna hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.  Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ailt

Andrews, S.J. & Lin, A.M.Y., (2017) ‘Language awareness and teacher development’, Garrett, P. & Cots, J.M. (eag.) The Routledge handbook of language awareness.  Londain: Routledge, 57–74.

Andrews, S.J. & Svalberg, A.M., (2017) ‘Teacher language awareness’, Cenoz, J., Gorter, D. & May, S. (eag.) Language awareness and multilingualism.  Dordrecht: Springer, 219–31.

Arnott, S. & Vignola, M.J., (2020) ‘The Common European Framework of Reference (CEFR) in French immersion teacher education’, Cammarata, L. & Ó Ceallaigh, T.J. (eag.) Teacher development for immersion and content-based instruction.  Amstardam: Benjamins, 171–96.

Borg, S., (2012) ‘Current approaches to language teacher cognition research: A methodological analysis’, in Barnard, R. & Burns, A. (eag.) Researching language teacher cognition and practice: International case studies.  Amstardam: Multilingual Matters, 11–29.

Burgess, C., (2016) ‘Conceptualising a pedagogical cultural identity through the narrative construction of early career Aboriginal teachers’ professional identities’.  Teaching and Teacher Education, 58, 109–18. https://doi.org/10.1016/j.tate.2016.04.007

Cammarata, L. & Ó Ceallaigh, T.J., (eag.) (2018) ‘Teacher education and professional development in immersion and content-based language education contexts: Current research on programs, practices, and teacher educators’.  Special Issue, Journal of Immersion and Content-based Language Education, 6(2), 153–345.

Cammarata, L. & Tedick, D.J., (2012) ‘Balancing content and language in instruction: The experiences of immersion teachers’.  Modern Language Journal, 96, 251–69.

Christian, D. & Genesee, F., (2001) ‘Bilingual education: Contexts and programs’, Christian, D. & Genesee, F. (eag.) Bilingual education.  Alexandria, VA: Teachers of English to Speakers of Other Languages, Inc., 1–7.

Hoare, P., (2001) ‘A comparison of the effectiveness of a ‘language aware’ and ‘non language aware’ late immersion teacher,’ S. Bjorklund (eag.) Language as a tool: Immersion research and practices.  Vaasa, an Fhionlainn: Ollscoil Vaasa, 196–210.

Howard, E.R., Lindholm-Leary, K.J., Rogers, D., Olague, N., Medina, J., Kennedy, R. & Christian, D., (2018) Guiding principles for dual language education (3ú heag.).  Washington, DC: Center for Applied Linguistics.

Lindahl, K., & Baecher, L., (2016) ‘Teacher language awareness in supervisory feedback cycles’.  ELT Journal, 70(1), 28–38. https://doi.org/10.1093/elt/ccv047.

Ní Aogáin, S. & Ó Duibhir, P., (2021) ‘Iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag aiseolas ceartaitheach ar chruinneas Gaeilge daltaí tumoideachais,’ Ó Ceallaigh, T.J. & Ó Laoire, M. (eag.) An tumoideachas: Deiseanna agus dea-chleachtais. An dara comhdháil taighde uile-oileánda ar an tumoideachas: Imeachtaí comhdhála.  Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ní Dhiorbháin, A. & Ó Duibhir, P., (2017) ‘An explicit-inductive approach to grammar in Irish-medium immersion schools’.  Language Awareness, 26(1), 3–24.

Ní Dhiorbháin, A., Ní Aogáin, S. & Ó Duibhir, P., (2020) ‘Dearcthaí múinteoirí lán-ghaeilge ar a n-inniúlacht sa ghramadach agus ar chur chuige nuálach do theagasc na gramadaí’.  Taighde agus Teagasc 7, 80–98.

Ó Ceallaigh, T.J., (2020) ‘Feasacht teanga múinteoirí a nochtadh tríd an Staidéar Ceachta’.  Taighde agus Teagasc 7, 171–86.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ó Brolcháin, C., (2020) ‘Trasteangú san oideachas lán-Ghaeilge: Deiseanna agus dúshláin’.  Taighde agus Teagasc 7, 155–70.

Ó Ceallaigh, T.J., Dennehy, N., Ní Chonaill, M. & O’Connor, A., (2020) ‘Tús maith? Iniúchadh ar dhearcthaí múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí ag tosú amach sa ghairm maidir leis an teagasc in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge, agus ar a dtaithí ar an teagasc sin’.  Féilte 2020, Teaching Council Festival of Education in Learning and Teaching Excellence, 3 Deireadh Fómhair (seimineár gréasáin).

Ó Ceallaigh, T.J., Hourigan, M. & Leavy, A., (2018) ‘Developing potentiality: pre-service elementary teachers as learners of language immersion teaching’.  International Journal of Bilingual Education and Bilingualism, DOI:10.1080/13670050.2018.1489779.

Otwinowska, A., (2017) ‘English teachers’ language awareness: Away with the monolingual bias?’ Language Awareness, 26(4), 304–24. https://doi.org/10.1080/09658416.2017.1409752.

Swain, M. & Johnson, R.K., (1997) ‘Immersion education: A category within bilingual education’, Johnson, R.K. & Swain, M. (eag.) Immersion education: International perspectives.  Cambridge, an Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press, 1–16.

Tsui, A.B., (2011) ‘Teacher education and teacher development’, Hinkel, E. (eag.) Handbook of research in second language teaching and learning.  Nua-Eabhrac: Routledge, 21–39.

Wright, T., (2002) ‘Doing language awareness: Issues for language study in language teacher education’, Trappes-Lomax, H. & Ferguson, G. (eag.) Language in language teacher education.  Amstardam: John Benjamin, 113–30.

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Nic Réamoinn, E., (2017) Forbairt teanga an mhúinteora sa Ghaelcholáiste.  Tráchtas Máistreachta neamhfhoilsithe san Oideachas Lán-Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh.

Ní Chathasaigh, C., (2020) Ról agus freagracht an mhúinteora ábhair sa Ghaelcholáiste maidir le cruinnúsáid na Gaeilge i measc scoláirí a chothú: Creidiúintí, dúshláin agus cleachtais, Tráchtas Máistreachta neamhfhoilsithe san Oideachas Lán-Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh.

Ní Thuairisg, L., (2014) Léargas ar thaithí mhúinteoirí Iar-bhunscoileanna na Gaeltachta: Dúshláin ghairmiúla agus riachtanais oiliúna.  Tráchtas do chéim PhD san Oideachas; neamhfhoilsithe, Coláiste Phádraig, Droim Conrach.

Ó Ceallaigh, T.J., (2013). Teagasc foirm-dhírithe i gcomhthéacs an tumoideachais lán-Ghaeilge: Imscrúdú criticiúil ar dhearcthaí agus ar chleachtais mhúinteoirí.  Tráchtas PhD neamhfhoilsithe, Corcaigh: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ó Duibhir, P., (2009) The spoken Irish of sixth class pupils in Irish immersion schools.  Tráchtas dochtúireachta neamhfhoilsithe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ó Treasaigh, D., (2019) Conas mar a théann an TFC i bhfeidhm ar inniúlacht an mhúinteora ag an dara leibhéal.  Tráchtas Máistreachta neamhfhoilsithe san Oideachas Lán-Ghaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh.