Léann Teanga: An Reiviú
An tAonú hEagrán Déag
Tá tús curtha leis an ullmhúchán don aonú heagrán déag den iris acadúil phiarmheasúnaithe Léann Teanga: An Reiviú. Fáilteofar roimh pháipéir acadúla a bhaineann leis na hábhair ghinearálta a leanas:
- Aistriúchán
- Pleanáil Teanga
- Teangeolaíocht
- Sochtheangeolaíocht
- Teagasc Teangacha
- Cúrsaí Cumarsáide agus Na Meáin Ghaeilge
- Dúchas
- Teicneolaíocht
Seolfar an t-eagrán seo de Léann Teanga: An Reiviú ag tús mhí na Bealtaine 2023. Tá an chéad deich n-eagrán de Léann Teanga: An Reiviú ar fáil anseo, arna fhoilsiú ar líne ag mic léinn MA (Léann Teanga), Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Fáilteofar freisin roimh léirmheasanna ar fhoilseacháin acadúla.
Cuir coimriú 300–400 focal ar do pháipéar mar aon le teideal, d’ainm, do sheoladh, an institiúid lena mbaineann tú agus cur síos gearr beathaisnéise mar cheangaltán chuig an seoladh ríomhphoist: reiviuleannteanga@ollscoilnagaillimhe.ie.
Sprioc le haghaidh na n-achoimrí: Dé Luain 21 Samhain 2022
Sprioc le haghaidh na n-alt: Dé Luain 20 Feabhra 2023
Líon na bhfocal: 3,000–4,000 do na hailt agus thart ar 1,000 focal do na léirmheasanna.
Formáidiú: Córas tagairtí Harvard (Féach anseo le haghaidh treoracha)
Is féidir moltaí agus fiosrúcháin a chur chuig: reiviuleannteanga@ollscoilnagaillimhe.ie.
Léann Teanga An Reiviú
@AnReiviu