Gorta, Grá agus Gaisce: Léirmheas ar Fonn A Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin

Leabhar Breac, Indreabhán, 2018 (1978, 1990)

ISBN: 9781911363446

Léirmheas le

Marie Whelton
Topaic(í): 

Is é seo an tríú heagrán d’úrscéal gearr le Pádraig Ua Maoileoin a d’fhoilsigh Carbad ar dtús sa bhliain 1978.  Tá an scéal suite i mbaile beag na Scairte sna blianta díreach tar éis an Ghorta Mhóir.  Baile ‘gránna deas’ (5) is ea é dar leis an scéalaí agus mar a thugann an paradacsa sin le tuiscint, is baile é ina bhfuil codarsnacht ollmhór le sonrú idir saol na ndaoine bochta agus saol na ndaoine saibhre.  Ar thaobh amháin den bhaile, tá an príomhcharachtar, Seán Mhicil, a bhean chéile, Máire, agus a muirear.  Is teaghlach simplí bocht iad a mhaireann ar ghabháltas beag cois cósta.  Tá taithí acu ar an ocras ach is léir ón scéal gur mór acu luachanna clainne – idir ghrá, mhisneach, dhílseacht agus chomhroinnt.  Ar an taobh eile, tá Braoiní, feirmeoir saibhir a chónaíonn i dteach mór agus a bhfuil cuid mhaith de mhuintir an bhaile ‘i bhformad’ leis agus leis an saol atá aige (11).  Tá searbhónta, Freáilí, aige a dhéanann freastal air.  In ainneoin an ghanntanais bia sa dúiche, níl aon easpa bia ar Bhraoiní ach a mhalairt – i bhfocal an scéalaí is é ‘teaspach na flúirse’ (56) atá air.  Is iad an drúis agus an leithleachas a stiúrann a bheatha (6).  Leanann an t-úrscéal Seán Mhicil trí bhliain amháin ina shaol, ach, trí scéal Bhraoiní a insint mar fho-phlota sa chúlra, cuireann an t-údar treise ar na difríochtaí atá ann idir na carachtair.

Mórbhua de chuid an úrscéil is ea go n-éiríonn leis an údar anró na ndaoine bochta a léiriú gan géilleadh don duairceas ná don mhaoithneachas.  Déanann an t-údar é sin trí Sheán Mhicil agus a theaghlach a léiriú mar dhaoine a mhaireann idir dóchas agus éadóchas.  Is iad an dóchas agus an athléimneacht a sháraíonn sa streachailt sin i gcónaí, ach is é léiriú cáiréiseach na streachailte a nochtann ardchumas scríbhneoireachta an údair.

Feictear an streachailt sin sna tagairtí don áit dúchais agus don dúlra.  Aithnítear, mar shampla, gurb é an baile beag ‘parthas’ agus ‘purgadóireacht’ Sheáin Mhicil é (12) agus in ainneoin nach bhfuil mórán le hithe aici, tá Máire in ann aoibhneas agus taitneamh a bhaint as áilleacht dhiamhair na luathmhaidine agus an tsneachta:

 Solas an lae agus gile an tsneachta lasmuigh a dhúisigh Máire…Chuir sí a ceann don fhuinneog agus chonaic sí an brat gléigeal suas go barr fíoraí agus síos go himeall an uisce.  Ní raibh glór éin le clos, fead ná glao ó dhuine ná ó ainmhí.  Déarfá go raibh an saol ar an saol eile. (68)

Feictear an streachailt chéanna sna tagairtí don bhia tríd an úrscéal síos.  Ag an tús, glacann Seán Mhicil agus a chlann le pé bia a bhíonn acu mar thabhartas ó Dhia cé go mbíonn ar Sheán Mhicil féin iarracht an-mhór a dhéanamh chun teacht ar an mbia sin.  Is é seo cuid den chaint a dhéanann sé, mar shampla, tar éis dó ceann de chaoirigh Bhraoiní a fháil marbh ag bun na haille:

Ceann de chaoirigh Bhraoiní, a chailín.  Cabhair Dé chugainn.  Is olc an ghaoth ná fóireann ar dhuine bocht éigin…

Ó, tabharthas ó Dhia, a chailín. Tabharthas ó Dhia. (15–6)

Agus is í seo an chaint dhóchasach a thagann ó Mháire nuair a phiocann sí an chéad fhómhar de phrátaí na bliana:

‘Dhera, tá an saol lán de mhíorúiltí Dé, a chroí,’ arsa an mháthair.  ‘Féach cad tá againn i gcomhair an lae amáirigh, a Thomáisín,’ agus thaispeáin sí na prátaí nua dó. (30)

Laistigh de choicís, áfach, tagann an spota dubh ar na prátaí go léir sa bhaile agus tuigeann Seán Mhicil go mbeidh ‘bliain ocrach anróch rompu amach’ (33).  Is é sin a spreagann é chun a chreideamh a cheistiú ó bhonn:

‘Níl aon Dia ann,’ arsa Seán.  Níor labhair sé riamh mar seo cheana.  Níor theip a chreideamh riamh air, ba chuma cén cruatan a bhí ag breith air. ‘Dá mbeadh,’ a dúirt sé, ‘daoine bochta nár dhein aon éagóir ar aoinne riamh, ab ea is dóigh leat, a bhean, go dtiocfadh sé anuas mar seo orthu?’ (33)

Mar chuid den streachailt spioradálta sin luann sé go bhféadfaidís glacadh leis an ‘súp’.  Tá sé an-soiléir go bhfuil Seán Mhicil ag labhairt as an duibheagán agus é ag iarraidh ciall a bhaint as na fórsaí reiligiúnacha agus cinniúnacha atá á chrá:

‘Deirtear go bhfuil daoine éigin ag teacht chugainn le súp…’

‘Is fíor, is é.  Agus ar mh’anam go ndéanfaidh siad fóirithint ar dhaoine bochta má thagann siad anseo; gur rompu a chuirfear na múrtha fáilte.  Ach caithfimid ár gcreideamh a mhalartú, más fíor, chun an súp a fháil uathu…’

‘Go saora Dia sinn, a Sheáin Mhicil.  Agus beir greim ar do chiall agus ar do réasún, nó caithfidh mé fios a chur ar an sagart chugat.’

‘Fág uaim é,’ arsa Seán, ‘lig dom féin leis.  Nach é a bheannaigh na prátaí nuair a bhíomar á gcur i dtalamh…’(33–4)

Ní ghéilleann sé go hiomlán don éadóchas riamh, áfach, agus feictear an teacht aniar atá ann nuair a fhilleann sé ón trá maidin eile le rón óg ag rá go n-íosfadh daoine ‘i mbliana rudaí nár itheadar riamh…’ (36).

Feictear, freisin, an tslí a bhfanann Seán Mhicil agus a bhean chéile dílis dá n-idéil in am an chruacháis agus an ocrais nuair a dhiúltaíonn siad an patachán (giorria óg atá ag a mac) a mharú le hithe (50–1).  Is éifeachtach an tslí a n-éiríonn leis an údar an streachailt mhorálta trína dtéann na carachtair a léiriú agus is inniúil an tslí a dtaispeánann sé gur tábhachtaí don chlann seo an grá agus an cineáltas ná an béile éasca.

Is fearr le Seán Mhicil an tréaniarracht a dhéanamh chun teacht ar bhéile agus dul sa tóir ar mháthair an phatacháin, is é sin an Cailín Rua, giorria fiáin tapa a bhí tugtha faoi deara ag Seán Mhicil roimhe sin.  Cé go raibh ‘snaidhmeanna an ocrais’ (56) á spreagadh chun seilge, is léir ón sliocht seo thíos go n-aithníonn Seán Mhicil nach é an gá amháin ach an gaisce agus mian chianaosta fhearúil atá á ghríosadh:

Bhí an dá rud ag iomrascáil le chéile istigh ina aigne – seilg ar bhonn an gháthair agus an fiach ar a shon féin, ar shon an laochais agus an ghaisce, rud a bhí bunúsach go maith ina nádúir [sic]. (50)

Tá an cur síos ar an tóir féin lán le teannas agus le fuinneamh arís agus cuireann na meafair, na tagairtí don laochas agus na tagairtí ón mbéaloideas go mór leis an atmaisféar critheaglach draíochta.  Comhrac aonair idir Seán Mhicil agus a mhacasamhail i gcath is ea an tóir – ar thaobh amháin cuirtear Seán Mhicil i gcomparáid le seabhac agus le héin chreiche fhíochmhara eile ag tús na tóra (62).  Ar an taobh eile, tá an Cailín Rua. Cruthaítear íomhá chumhachtach ríoga di: tá sí éirimiúil, éalaitheach, cliste agus aclaí agus tagann sí leis an íomhá den ghiorria atá ar eolas ag Seán Mhicil ón mbéaloideas – gabhann draíocht agus asarlaíocht léi ina shamhlaíocht (66).  Méadaíonn an meas atá ag Seán Mhicil ar an ngiorria de réir mar a théann an tóir ar aghaidh.  Tugann sí dúshlán dó mar a bheadh bean inti agus mothaíonn sé gur leis í agus go gcaithfidh sé seilbh a ghabháil uirthi:

Bhraith sé ar chuma dhiamhair éigin gur leis féin feasta í, gur cuid de féin í, gurbh í a pheata leithleach féin í, ná féadfadh aoinne eile barr méire a leagan uirthi ach é féin… (110)

Cuirtear le teannas na tóra nuair a fhaigheann madra Sheáin Mhicil bás leis an ocras agus le teann na hiarrachta (95).  Tuigtear uaidh sin go bhfuil Seán Mhicil féin i bpriacal a anama – éilíonn an Cailín Rua an-iarracht go deo uaidh agus bíonn air a rian a leanúint i bhfad ó bhaile.  In ainneoin a laige, áfach, leanann sé ar aghaidh tríd an tuirse agus an mbaol go bhfaigheann sé neart bréagach ó thaom laochais agus go n-éiríonn leis an Cailín Rua a chloí (116).

Ag an deireadh, tuigeann Seán Mhicil go bhfuil éacht déanta aige agus tá sé bródúil as a ghaisce – samhlaíonn sé go mbeidh ‘a ainm i mbéal daoine feasta i gcéin is i gcóngar’ (117).  Tuigeann sé go gcuireann a éacht i measc na ríthe é seachas i measc na mbuachaillí (117) agus is léir go bhféachann sé ar chloí an ghiorria mar ghníomh a dheimhníonn a chuid fearúlachta.  Filleann sé go caithréimeach ar an mbaile lena chreach (120–1), cuireann Máire fáilte bhródúil roimhe agus ligeann sí dó sásamh a bhaint as an nóiméad.

Is díol spéise é, nach gcloiseann Seán Mhicil faoi dhúnmharú Bhraoiní, go dtí an lá dár gcionn agus ag an bpointe sin, trí ‘scéal mór eile an lae inné’ (121) a thabhairt ar scéal an dúnmharaithe, cuireann Máire éacht a fir chéile ar comhchéim leis an dúnmharú agus bíonn ar an léitheoir an dá scéal a chur i gcomórtas lena chéile arís.  Is é an toradh a bhíonn air sin ná go bhfeictear Seán Mhicil mar laoch agus go bhfeictear Braoiní mar fhrithlaoch – slánaitheoir a chlainne is ea Seán Mhicil; cladhaire a mharaítear de bharr na drochshlí inar mhair sé is ea Braoiní.  Ní hamháin sin, ach tugann bás Bhraoiní sólás do Sheán Mhicil – is léir go n-athneartaítear a chreideamh i nDia toisc go bhfuair Braoiní an ní a bhí tuillte aige agus go bhfuil cothrom na Féinne i réim (122).

Más í tábhacht an ghrá agus an ghaisce in am an ghátair príomhthéama an úrscéil, ní hé sin le rá nach dtéann an t-údar i ngleic le go leor téamaí eile, freisin – pléitear téama na himirce, (17) mar shampla; tugtar léargas saintréitheach ar nósanna agus ar thraidisiúin an lucht siúil sna tagairtí do Mhaidhcí, Mhiní agus Neilín (72) agus tugtar léargas scanrúil ar shaol na mban sa chóras patrarcach a bhí i réim ag am an drochshaoil (11, 57).

Is léir faoi seo ón bhforbairt a dhéantar ar na carachtair agus ar na téamaí, ón teannas a chruthaítear sa phlota agus ón úsáid a bhaintear as codarsnacht agus íomhánna gléineacha go gcleachtann Pádraig Ua Maoileoin stíl fhíneálta shaibhir scéalaíochta. Tá go leor frásaí dúchasacha in úsáid aige tríd an úrscéal síos – luann sé an ‘liútar éatar’ (33) a bhí ar an mbaile, mar shampla, nuair a tháinig an aicíd dhubh ar na prátaí agus tá an cur síos ar an aicíd chéanna cumhachtach agus scéiniúil óir cuireann sé an aicíd i láthair mar chailín dochrach mailíseach a easanálaíonn ‘a hanáil dhiamhair dhubh’ (32) ar fud an cheantair.  Sa tslí chéanna, ardaíonn an pearsantú a dhéanann an t-údar ar an nGiorria í go leibhéal banríona.  Má tá aon locht le fáil ar an stíl, is féidir go dtéann an cur síos ar an tóir chun fadálachta ag pointí áirithe (110–1, go háirithe).

Ar an iomlán, áfach, is seodnóibhille é seo idir ábhar agus stíl.  Pléitear an fhlúirse agus an gorta, an drúis agus an grá, an chlaidhreacht agus an gaisce le líofacht agus le gléine neamhghnáthach stíle.  Tríd an dara leathcheann sna codarsnachtaí sin (gorta, grá agus gaisce) a aibhsiú tríd an úrscéal síos, éiríonn leis an údar ceiliúradh tuisceanach fileata a dhéanamh ar shlí mhaireachtála agus ar sheasmhacht na ndaoine bochta aimsir an drochshaoil agus in am an chruatain (121).  Tá moladh mór tuillte ag na foilsitheoirí, Leabhar Breac, as an eagrán nua seo a chur ar fáil do ghlúin úr léitheoirí.

Leabharliosta: 

Ó Saothraí, S., (1979) ‘Thiar i nDúiche Sheoigheach,’ Books Ireland, No. 36, September.  140–1.

Titley, A., (2020) ‘Is annamh a chuirtear athchló ar chlasaicí na Gaeilge ach seo chugainn ceann acu,’ www.tuairisc.ie, 13 Iúil.  (Léite: 20 Samhain 2020).