Grinnléitheoireacht á meas ag mic léinn ar chúrsaí Gaeilge (BA agus BEd) mar mhodh múinte le bheith ag foghlaim faoin scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge

Seán Mac Corraidh
Topaic(í): 

Intreoir

Tuairisc atá san alt seo ar thionscadal i dtaighde na meastóireachta a rinneadh sa bhliain acadúil 2019– 2020 idir Deireadh Fómhair 2019 agus Nollaig 2019, i measc cohórt de mhic léinn dara bliain ar chúrsaí BA (Saorealaíona le Gaeilge) agus BEd (Baitsiléir san Oideachas le Gaeilge).  Is é an cuspóir a bhí leis an tionscadal, luacháil a dhéanamh i measc na mac léinn sin, ar éifeacht na grinnléitheoireachta mar mhodh foghlama agus teagaisc.  Bhí an dá ghrúpa ag foghlaim i gcuideachta a chéile agus bhí siad araon ag gabháil don mheasúnú chéanna .i. aiste anailíseach trí chéad focal a chumadh mar fhreagairt lena dtuiscint a léiriú, ar na téacsanna liteartha a ndearna siad grinnléitheoireacht orthu.  An cheist taighde a d’adhain agus a threoraigh an tionscadal ó thús ná seo: Cad é a shíl na mic léinn den ghrinnléitheoireacht mar mhodh múinte agus iad ag foghlaim faoin scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge?

Is léir ón méid sin go raibh dhá ghort á dtreabhadh sa taighde seo ag an mheastóir taighdeora.  Sa chéad áit, baineann an taighde le cineál a dtugtar ‘taighde meastóireachta’ air.  Is é atá i gceist luacháil ar fheiniméan atáthar a mheas maidir le fiúntas agus éifeacht.  Maille le gné na luachála ar chleachtas, baineann an taighde chomh maith le modh múinte a nglaoitear grinnléitheoireacht air, ar baineadh feidhm aisti le linn an tionscadail i dteagasc na litríochta leis an fhoghlaim faoi litríocht na Gaeilge a chur chun cinn i léachtaí a tugadh sa tréimhse réamhluaite.

Meastóireacht

Is iomaí sainmhíniú a thug, agus léirshamhail a chum teoiricithe agus cleachtóirí na meastóireachta ar an rud is ‘meastóireacht i gcomhthéacs an oideachais’ ann, de réir a dtosaíochtaí féin, síos trí na blianta.  Mar shampla, mhaígh Thorndike (1932) agus Ebel (1973) gur geall í le ‘miosúr oideachasúil’.  Scríobh Glaser (1970) agus Tyler (1949) gur cur i gcomparáid atá i gceist léi, idir torthaí agus cuspóirí.  Bailiú eolais atá i gceist le cuidiú le cinnteoireacht dar le Stufflebeam et al. (1971) agus Dressel (1976).  Thug Scriven (1967) an tuairim uaidh gur le breithiúnas gairmiúil a bhain an próiseas ach nocht Stake (1975), agus Parlett agus Hamilton (1976) an bharúil nach le breithiúnas a bhain sí in aon chor, ach le léargas, le léiriú agus le freagrúlacht.

Sa tionscadal taighde atá faoi thrácht san alt seo, bhíothas ag iarraidh modh múinte na grinnléitheoireachta a mheas agus is faoi pharaidéim chlasaiceach nádúraíoch a tugadh faoin saothar.  Tá an cinneadh sin le sonrú ar na modhanna bailithe sonraí, ceistneoir agus agallamh fócasghrúpa, a roghnaíodh le heolas a chruinniú a bheadh mar bhunús ag an luacháil a dhéanfaí ar mhodh na grinnléitheoireachta.  Bhíothas dóchasach go soláthródh an ceistneoir agus an t-agallamh sonraí ‘boga, saibhre’, a d’inseodh scéal fíor agus cóir na meastóireachta trí idirbheartaíocht na bpáirtithe leasmhara .i.  na mic léinn agus an léachtóir.  Is ard í an pharaidéim nádúraíoch seo maidir le bailíocht ach is íseal í sa chás seo maidir le hinghinearálaitheacht de dheasca líon beag na rannpháirtithe (15 san iomlán) as an aon institiúid amháin.

Grinnléitheoireacht

Is fada an ghrinnléitheoireacht cíortha agus molta mar mhodh struchtúrtha éifeachtach múinte do mhic léinn tríú leibhéal leis an tuiscint atá siad a bhaint as an scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge agus as na scríbhneoirí Gaeilge a nochtadh (Ó Doibhlin, 1965; Ó Doibhlin, 1973; Mag Shamhráin, 1986).  I gcomhthéacs theagasc litríocht an Bhéarla, maíonn Duck (2018) go gcothaíonn an ghrinnléitheoireacht deacrachtaí do mhúinteoirí Béarla.  Os a choinne sin, aibhsíonn sé modh na grinnléitheoireachta le tábhacht agus ról na teanga sa litríocht a léiriú.  Fiosraíonn Hanratty (2018) peirspictíochtaí, taiscéalaíochtaí agus impleachtaí oideolaíocha don tseomra ranga Béarla agus machnamh liteartha-chriticiúil á dhéanamh ar theanga agus ábhar sleachta as saothair le scríbhneoirí Angla-Éireannacha ar nós Seamus Heaney, Brendan McMahon, Patrick McCabe agus James Joyce.  Maidir le litríocht na Nua-Ghaeilge, is é Breandán Ó Doibhlin is mó a shaothraigh an gort seo agus mhaígh seisean (Ó Doibhlin, 1973: 22) gur ‘gníomh cruthaitheach’ atá sa léitheoireacht agus go gcaithfeadh léitheoirí na focail agus an méid a chuir an t-údar isteach iontu a ‘athchruthú’ ina n-intinn féin agus nach bhfuil dóigh níos fearr chuige sin ná grinnléitheoireachtCad é atá i gceist le próiseas na grinnléitheoireachta?  Is ionann í agus explication littéraire na Fraincise agus close reading an Bhéarla ‘...modh staidéir a chinntíonn go dtéann an mac léinn i gcoimhlint leis an saothar litríochta ann féin agus go léiríonn sé freagairt éigin ar pé méid a thuigeann sé as’ (Ó Doibhlin, 1965: 24–5).  I leabhar ina ndeachaigh an Doibhleanach i ngleic le ceisteanna na litríochta agus na léitheoireachta ó thaobh na Gaeilge de, d’aibhsigh sé (Ó Doibhlin, 1973: 23–4) na trí chéim seo a leanas sa léirshamhail a cheadódh do mhac léinn anailís soléite ar théacs as saothar liteartha a chur in eagar agus a tháirgeadh:

  1. Is é atá sa chéad chéim léamh agus athléamh ‘go dtí gur cuid díot féin é, go bhféadfá é a athscríobh beagnach as do cheann féin...’ 
  2. Is le haimsiú mhian an údair a chum an píosa, a bhaineann an dara céim agus moltar sin a chomhlíonadh trí thacar ceisteanna a fhreagairt leis an téacs a ‘shuíomh go cruinn ina chomhthéacs’ m.sh. ‘Cad is mian leis an scríbhneoir a dhéanamh sa dréacht seo?’
  3. Baineann an tríú céim leis an chumadóireacht agus an tionchar atá an t-údar ag iarraidh a imirt ar an léitheoir.

Na sleachta próis agus filíochta a roghnaíodh don ghrinnléitheoireacht le linn an tionscadail

Is iad seo a leanas na sleachta próis agus filíochta a ndearnadh grinnléitheoireacht orthu le linn an chúrsa.  Bunaíodh an tionscadal seo taighde ar bharúlacha na mac léinn den mhodh sin anailíse a cleachtadh le linn dóibh dul i ngleic leis na sleachta sin:

  • Sliocht as tús an ghearrscéil ‘Ar an Trá Fholamh’ in An Grá is an Ghruaim (Seosamh Mac Grianna, 1972/1929: 73–4)
  • Sliocht as tús an úrscéil An Druma Mór (Seosamh Mac Grianna, 1969: 1–2)
  • An leagan den tseanamhrán grá, ‘Bean an Fhir Rua’ atá le fáil in Seán Bán Mac Grianna: Scéalta agus Amhráin. (Mac Corraidh, S., (eag.), 2010: 41–2)
  • Sliocht as Ceo Meala Lá Seaca (Mac Liammóir, M., 1963: 299–300)
  • Sliocht as Na Glúnta Rosannacha (Ó Dónaill, N., 1974: 132)
  • An dán brónach Tubaiste Bhaile Mhánais a chum Niall Mac Eachmharcaigh faoin tubaiste a luaigh Ó Dónaill (1974: 132)
  • Leagan Thoraí den tseanamhrán grá ‘An Draighneán Donn’
  • Sliocht as tús an úrscéil Cré na Cille (Máirtín Ó Cadhain, 1949: 1–2)

Ag dearbhú thuiscint na mac léinn le comhthéacsú saibhir agus straitéisí teagaisc a laghdóidh dúshlán na teanga liteartha roimh dhul i gceann na dtrí gcéim i gconair na grinnléitheoireachta ar tagraíodh dóibh thuas (Ó Doibhlin, 1973: 23–4)

Is minic a thugann teanga liteartha sa Ghaeilge agus tuiscint na teanga sin dúshlán na mac léinn.  Ar an tséala sin, baineadh feidhm as íomhánna difriúla (m.sh. grianghraif, pictiúir, líníochtaí) ar Powerpoint agus as straitéisí éagsúla teagaisc (m.sh achoimriú, athrá, áibhéil, léirmhíniú, eiseamláiriú, soláthar leaganacha malartacha agus aistrithe (ráite agus scríofa), ceistiú, dearbhú) agus an rang i mbun na léitheoireachta le comhthéacsú saibhir a thabhairt don teanga liteartha dhúshlánach a raibh sé de chuspóir leo an dúshlán sin teanga a laghdú a oiread agus ab fhéidir le conair na hanailíse a éascú do na foghlaimeoirí (Cummins, 1984).  Cuireadh an sliocht ansin i gcomhthéacs an téacs iomláin agus fiosraíodh cumadóireacht an údair. Is ansin, mar a mhol Ó Doibhlin (1973: 25) a dhéanamh, a aimsíodh an t-ábhar, a beachtaíodh cuspóir an údair, a cláraíodh úsáid teanga an údair agus a meabhraíodh fealsúnacht an údair agus tionchar féideartha scríbhneoirí eile ar an údar.  Comhairlíodh do na mic léinn an téacs a léamh ‘arís agus arís eile go dtí gur cuid díot féin é’ (Ó Doibhlin, 1973: 23) sula dtabharfadh siad faoi anailís trí chéad focal a chumadh.

Modheolaíocht

Taighde cáilíochtúil a bhí sa taighde seo agus mar sin de, is dírithe ar bhriathra na mac léinn a bhí an taighdeoir le teacht ar mhodhanna meastóireachta ar an ghrinnléitheoireacht.  Socraíodh go luath sa tionscadal gur trí cheistneoir agus fhócasghrúpa a bhaileofaí sonraí.  Measadh é seo mar go bhféadfaí réimse leathan tuairimí a fháil ag úsáid an dá mhodh seo taobh istigh den teorainn a bhí leis an obair.  Ní fhéadfaí toiseacht ar an tionscadal taighde ar chor ar bith gan cúrsaí eitice a fháil i gceart sa choláiste ollscoile agus ar an tséala sin, scríobhadh chuig an choiste eitice san institiúid agus chuig príomhoide an choláiste ollscoile ag míniú an taighde agus ag iarraidh cead é a dhéanamh (Aguisín 1).  Fuarthas an cead sin agus tosaíodh ar an chur i gcrích.  Ghlac an coiste eitice leis na modhanna bailithe sonraí a bhí beartaithe agam agus measadh go raibh siad ag teacht le treoirlínte na hinstitiúide maidir le measúnú riosca, agus le stóráil agus cosaint sonraí.  Is é an t-aon rud amháin a d’iarr siad nó go ndéanfaí soiléir é nach rachadh rannpháirteachas nó easpa rannpháirteachais na mac léinn i bhfeidhm ar a bhfeidhmíocht in aon mheasúnú a dhéanfaí ar na téacsanna roghnaithe agus rinneadh sin.  Scríobhadh chuig na mic léinn a bhí i gceist lena gcead a iarraidh an ceistneoir a chur chucu agus lena dhearbhú go raibh siad toilteanach an ceistneoir a chomhlánú (Aguisín 2).  Scríobhadh arís chucu lena gcead a iarraidh go mbeadh siad páirteach i bhfócasghrúpa ar ábhar na grinnléitheoireachta (Aguisín 3).  Sa dá chás iarradh orthu a chur in iúl cé acu ba mhian leo bheith páirteach nó nár mhian. 

Sa tslí is go bhféadfaí léiriú a fháil ar thuairimí an ghrúpa iomláin a beartaíodh ar cheistneoir páipéir a chur i gceann a chéile a mheallfadh freagraí ó oiread ball den ghrúpa agus ab fhéidir (Aguisín 4).  Sa deireadh fuarthas ceistneoir comhlánaithe ó chúig dhuine dhéag as dhá dhuine dhéag is fiche, deichniúr de lucht BEd agus cúigear de lucht BA.  Figiúr atá ionadaíoch agus léiritheach go maith ar an dá ghrúpa.  Rinneadh iarracht fócasghrúpa de chúigear a tharraingt le chéile agus sa deireadh triúr a nocht ag an am agus san áit a socraíodh (Aguisín 5).  Rinneadh taifeadadh ar an agallamh leis an fhócasghrúpa agus mhair sé cúig bhomaite is fiche.  Scríobhadh focail na mac léinn gan baint díobh ná mionathrú a dhéanamh orthu. 

Fionnachtana agus tátail le baint as an tionscadal meastóireachta seo

Dearadh ceisteanna an cheistneora agus an agallaimh don fhócasghrúpa sa chaoi is go bhféadfadh na mic léinn meastóireacht a dhéanamh ar an ghrinnléitheoireacht mar a cuireadh i bhfeidhm í sna léachtaí mar mhodh lena n-eolas ar litríocht na Gaeilge a thabhairt chun cinn.  Iarraidh barúlacha na rannpháirtithe díobh seo a leanas:

  • úsáideacht na grinnléitheoireachta;
  • na heispéiris iad féin;
  • leibhéal an tsuilt a baineadh aisti;
  • gnéithe den ghrinnléitheoireacht a thaitin leo;
  • gnéithe den ghrinnléitheoireacht nár thaitin leo;
  • cáilíocht an bhisigh a tháinig ar a dtuiscint agus an fhoghlaim a rinneadh ar scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge;
  • na téacsanna iad féin agus an stíl scríbhneoireachta a ndearnadh grinnléitheoireacht orthu;
  • an fhreagairt phearsanta agus dóigheanna eile le freagairt do théacsanna;
  • an dóigh ar cuireadh na téacsanna i láthair agus an cur chuige a bhí in úsáid; agus
  • aon rud eile ar mhaith leo trácht air faoin ghrinnléitheoireacht.

Úsáideacht na grinnléitheoireachta agus na heispéiris iad féin

I bhfreagraí ar an cheistneoir, níor mheas duine ar bith go raibh an modh gan úsáid.  Shíl dhá dhuine dhéag acu go raibh sé measartha úsáideach nó úsáideach.  Bhí beirt a shíl é a bheith an-úsáideach agus bhí duine amháin den bharúil go raibh sé iontach úsáideach ar fad.  Bhí go leor de na freagraí ag tagairt don deacracht a bhraith siad ag iarraidh teanga na dtéacsanna a thuiscint, ‘shíl mé go raibh cúpla leabhar suimiúil ach in amanna bhí siad iontach deacair a thuiscint’; ‘bhí na téacsanna ródheacair a thuigbheáil agus a aistriú’; ‘bhí sé iontach maith ach uaireanta eile bhí sé rud beag deacair fosta’; ‘bhí an ghrinnléitheoireacht deacair i gcomparáid le gnáthlitríocht ach fuair muid tuilleadh léargais maidir lenár gcultúr’; ‘sílim go raibh an litríocht agus na téacsanna iontach deacair’.  Bhí freagróirí eile a mheas go raibh an léitheoireacht deacair ach go raibh sí suimiúil san am céanna nuair a chuir siad stró orthu féin an teanga a thuigbheáil mar is ceart agus a thabhairt leo: ‘bhí sé suimiúil ag léamh na leabhar’; ‘bhí sé suimiúil agus úsáideach agus d’fhoghlaim mé frásaí, seanfhocail agus foclaí nua’; ‘bhí sé doiligh in amanna an cheist a thuigbheáil. Ag an am céanna, bhí sé suimiúil go leor tuiscint a fháil ar an stair agus an dúchas taobh thiar de na scéalta seo.’  Labhair freagróir eile faoi a dhúshlánaí a bhí na heispéiris ach gur threabh sí léi ar an ábhar go raibh suim aici ann agus gurb í ‘an pháirt is fearr liom sa mhodúl Gaeilge’Bhí beirt eile fós a léirigh a míshásamh, duine amháin ó thaobh na deacrachta de agus duine eile ó thaobh na heaspa corraitheachta de: ‘Sílim go raibh sé leadránach agus an téarmaíocht iontach deacair a thuiscint’; agus ‘Bhí sé ceart go leor ach ní raibh sé ar an eispéireas is sceitimíní.’  Dhaingnigh cainteoir C san fhócasghrúpa an bharúil gur i saibhriú agus i bhfeabhsú a cuid Gaeilge a bhí úsáideacht na grinnléitheoireachta: ‘Tá siad chomh saibhir. Sin dóigh mhaith le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge.’  Is ar fhairsingiú a stór focal a dhírigh cainteoir A: ‘Is maith liom ag léamh rudaí atá i dteanga... Mar faigheann tú... just...focail...liosta focal... kind of...is féidir leat a úsáid.’

Mar sin de, is cinnte go raibh deacrachtaí móra ag a lán de na mic léinn le teanga na dtéascanna.  Cuimhnigh fosta nach úrscéalta ná gearrscéalta iomlána a bhí i gceist ach téacsanna nach raibh chomh fada sin.  Mar sin de, luíonn an dúshlán le nádúr na teanga iontu agus ní lena bhfad ná lena ngiorracht, cé gurbh iontach an rud go raibh sé le maíomh ag duine amháin go raibh na téacsanna ‘rófhada bunús an ama’.

Leibhéal an taitnimh nó an mhíthaitnimh

Dáileadh normálta a bheadh ar ghraf na bhfreagróirí dá dtarraingeofaí é maidir leis an sult a bhí le baint acu as modh na grinnléitheoireachta de réir freagraí ar an cheistneoir.  Bhain a bhformhór, trí dhuine dhéag acu, sult nó measarthacht suilt as modh na grinnléitheoireachta.  Bhí duine amháin a bhain sult mór as agus duine amháin nár bhain sult ar bith as. Is spéisiúil le rá é go raibh níos mó freagróirí a dúirt go raibh an obair deacair ná a dúirt sin fosta agus nár baineadh sult as.  Seans gur frustrachas atá i gceist sa fhreagra seo mar gheall ar gan bheith ábalta ciall a bhaint as teanga na sleachta.  Bhí sé le maíomh ag an duine seo go raibh ‘cuid de na téacsanna suimiúil ach...ródheacair’.

Bhí an rannpháirtí a dúirt gur bhain sé/sí sult mór as an ghrinnleitheoireacht an-tógtha ar fad faoin chur chuige: ‘Is maith liom an tsaoirse atá ann nuair atá tú ag déanamh machnaimh nó meastóireachta air. Is féidir ciall níos doimhne a fháil de bharr na dteicnící liteartha cosúil le meafar’.  San am céanna d’admhaigh an freagóir céanna gur bhain sé tamall fada as/aisti friotal na dtéacsanna a thuigbheáil go hiomlán ach gurbh fhiú sa deireadh é: ‘Ní maith liom chomh fada a ghlacann sé chun tuigbheáil a fháil air ach tuigim go bhfuil sin mar chuid den dúshlán.’

Maidir leo sin sa cheistneoir a mhaígh gur bhain siad sult as an ghrinnléitheoireacht, is cinnte go raibh ceangal ag an chur chuige oideolaíoch, ar a n-áirítear briseadh síos a sholáthar ar na píosaí léitheoireachta, le sult a chothú agus an bharúil sin a thabhairt: ‘thaitin sé go mór liom nuair a briseadh síos na píosaí léitheoireachta. Bhí dhá chiall le roinnt frásaí agus bhain mé sult as iad a fhiosrú’.  Thagair duine eile do dheacracht na teanga a bhí le léamh agus le scríobh ach fosta do ghalántacht na teanga céanna.  Bhí an dúil sin sa teanga coitianta go maith sna freagraí ar cheist seo an tsuilt: ‘bhain mé tairbhe as na nathanna cainte a bhí lárnach sna scéaltaí seo uilig’; ‘bhain mé sult as na scéalta iad féin agus is maith liom ag foghlaim na bhfocal nua.’; ‘bhain mé sult as an teanga áitiúil a d’úsáid na scríbhneoirí uile.’  Bhain freagróirí sult fosta as na tagairtí don stair agus do chultúr na tíre agus do stíl na n-údar: ‘na teicnící agus na híomhánna’; ‘bhain mé sult as an stair, mar shampla, Tubaiste Bhaile Mhánais.’; ‘ag amharc ar stair na hÉireann agus ag plé saoil in Éirinn fadó’; ‘ag amharc ar litríocht, ar stair na hÉireann.’  D’aibhsigh cainteoir C san fhócasghrúpa an smaoineamh céanna nuair a dúirt sí: ‘Stair na hÉireann agus an tíreolaíocht...fiú na glúnta Rosannacha...ye know...ní raibh a fhios agam ...chuala mé focal na ‘Rosses’ caite thart...ach tuigim anois cad is brí leis agus tá sé deas nuair atá tú in ann sin a thabhairt abhaile leat.’

Níl amhras ar bith ach go bhfuil mealladh láidir ag go leor mac léinn leis an ghné stairiúil sa scríbhneoireacht ach go ndruideann castacht na teanga liteartha, fiú i ndiaidh mhíniú an léachtóra, doirse ar an fhiosrú do go leor acu fosta.  Bhí taitneamh le baint as éagsúlacht na bpíosaí difriúla a rabhthas ag gabháil dóibh seachas bheith ag plé le húrscéal amháin, de réir duine de na freagróirí, pointe a shílfeadh duine a bheadh ní ba mhinice i bhfreagraí na mac léinn, ach ní raibh.

Cáilíocht an bhisigh a tháinig ar a dtuiscint agus an fhoghlaim a rinneadh ar scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge

Léirigh beagán ochtar de na freagróirí sa cheistneoir gur tháinig biseach measartha ar a dtuiscint ar an scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge mar gheall ar an ghrinnléitheoireacht.  I measc na tráchtaireachta a rinne an t-ochtar sin bhí ‘scríbhneoirí difriúla’; ‘bhisigh sé mo chuid Gaeilge, go háirithe nathanna cainte’; ‘d’fhoghlaim mé rudaí nua agus bhí suim agam iontu’; ‘tá tuiscint níos fearr agam ar na filí agus ar an inspioráid a fuair siad’; ‘d’fhoghlaim mé stíl scríbhneoireachta úsáideach mar shampla ag úsáid íomhánna’; ‘tá stór focal níos fearr agam maidir le sean-nós srl.’  Is léir ó thráchtaireacht an ghrúpa áirithe sin go ndearnadh measarthacht foghlama le linn na grinnléitheoireachta, leibhéal atá ag teacht lena mbarúil féin den bhiseach a tháinig ar a dtuiscint.  Gnéithe éagsúla de na téacsanna a d’aibhsigh an grúpa seo ó thaobh a mbarúlacha díobh ar a n-áirítear spéisiúlacht, fusacht agus deacracht maidir le tuiscint, an dóigh ar fhaibhrigh íomhánna ina n-intinn mar thoradh ar an léitheoireacht, agus stairiúlacht.  Is ar an fheidhmiúlacht agus ar dheise na cainte a dhírigh cainteoir C: ‘Tá sé i bhfad níos deise as Gaeilge...fiú an foclaíocht uilig...Mac Grianna...Ó Grianna...tá ciall leo...tá siad deas...’ le linn do chainteoir B san fhócasghrúpa bheith ag díriú a hairde ar an eolas úr a fuarthas amach le linn phróiseas na grinnléitheoireachta:

...go bhfuil neart litríochta trí mheán na Gaeilge ann agus níl fiú a fhios againn…muna raibh an rang sin againn, like...ní bheadh a fhios againn ach anois tá léargas níos fearr againn agus thig linn é a léamh agus anailís chriticúil a dhéanamh air.

Níor mhaígh ach beirt gur bhisigh a dtuiscint ar an scríobh liteartha i nGaeilge go mór agus luaigh siad gur thuig siad anois na cleasa agus na teicnící a bhíonn in úsáid sa scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge agus go dtiocfadh leo iad a chur i bhfeidhm ar a gcuid scríbhneoireachta féin.  Bhain an bheirt sin sult as saibhreas na Gaeilge agus as an tsoiléireacht a rinne na sleachta ar áiteanna a raibh eolas áirithe acu orthu roimhe seo: ‘fuair mé léargas níos soiléire ar stair na gceantar sin.’  An t-aon trácht dhiúltach a rinneadh go raibh ‘cúpla téacs saghas róchosúil agus d’éirigh muid measctha suas.’  

Cúigear de na rannpháirtithe sa cheistneoir a raibh sé le rá acu gur bhisigh a dtuiscint beagán agus i measc na gcúiseanna a luaigh siadsan bhí ‘foghlaim frásaí nua’; ‘...seanfhrásaí le cuidiú liom cur síos ar rudaí’.  Bhí an téad sin ar fud fhreagraí an chúigir seo, is é sin, mar a chuir duine acu síos air, ‘aithním cuid mhór focal nua agus tá tuiscint níos fearr agam ar scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge.’  Leis an fhírinne a dhéanamh, d’fhéadfaí an cheist a chur an bhfuil an tráchtaireacht sin sa chatagóir cheart ‘beagán bisigh’ nó níl siad ag teacht le chéileBhí ionracas gan scáth ag baint le freagraí an ghrúpa seo.  Thrácht duine amháin acu seo go neamhbhalbh nár shíl sé a lán le fírinne de na téacsanna.  Lochtaigh duine eile fad na sleachta rud a chiallaigh go raibh sé ‘níos deacra na téacsanna a thuiscint.’

Téacsanna agus stíleanna scríbhneoireachta

Maidir leis na téacsanna a roghnaíodh, i bhfreagraí an cheistneora, baineadh úsáid as réimse aidiachtaí le cur síos a dhéanamh orthu ar a n-áirítear: ‘maith’, ‘suimiúil’, ‘leadránach’, ‘fada’, ‘iontach’, ‘deacair a thuiscint’, ‘brónach’, ‘tragóideach’, ‘éifeachtach’.  ‘Cumhachtach’ agus ‘domhain’ a bhí na téacsanna a léigh muid, a dúirt cainteoir C san fhócasghrúpa.  Baineadh sult agus taitneamh astu, ach lena chois sin, bhí cúpla duine i measc na bhfreagróirí a fuair leadránach iad, gan suim ná sult.  Léirigh cainteoir A san fhócasghrúpa méid an tsuilt a bhain sí as blaiseadh a fháil de shaothar Uí Chadhain: ‘Is maith liom Cré na Cille...bhain mé an-sult as sin...dochreidte...dochreidte (go bhfuil sé suite i reilig)’ agus d’aithin cainteoir A uathúlacht na scríbhneoireachta:

.Tá sé difriúil ó leabharthaí eile a bhí ann.’  Is ar phíosa ealaíonta scríbhneoireachta de chuid Mhichíl Mhic Liammóra a tarraingíodh a haird chomh maith céanna: ‘an chéad cheann... Béarla, Gearmáinis, Fraincis an chéad cheann... taitníonn sin go mór liom agus tá sé furasta scríobh faoi sin chomh maith ...tá sé deacair go leor ach nuair atá sé mínithe agat tá sé maith.

Mar ghné ghinearálta, thaitin ‘na teicnící...athrá agus uaim agus rudaí mar sin’ le cainteoir B san fhócasghrúpa agus chuaigh an sliocht as an ghearrscéal ‘Ar an Trá Fholamh’ le Seosamh Mac Grianna go mór i gcion ar an duine céanna:

Sílim gurb é An Trá Fholamh an ceann is fearr. Bhain mé an-sult as an cheann sin… bhí sé chomh cumhachtach... bhí an scéal fíormhaith...ach...like... bhí a lán réalaíochta i gceist...ní raibh sé ag scríobh faoi...i... samhlaíocht s’aige...tharla na rudaí sin agus ba chóir dúinn eolas a bheith againn air sin.

Is iontach an dóigh ar luaigh freagróir amháin gur mhothaigh sé go raibh sé féin gan muinín a bheith aige agus é ag gabháil do gach téacs, chóir a bheith.

Freagairt phearsanta agus dóigheanna eile

I bhfreagraí an cheistneora, moladh cúpla dóigh seachas aiste trí chéad focal a bhféadfaí freagairt do théacs.  Mhol beirt go díreach ceisteanna a fhreagairt agus gan aiste a scríobh.  Scríobh freagróir eile gur cóir ‘níos mó Béarla a chur in aice leis an Ghaeilge’Measaim gur moladh atá sa ráiteas sin faoin mhodh teagaisc, gur cóir níos mó den aistriúchán a úsáid.  Pointe inspéise a bhí ag freagróir eile gur cóir ‘níos mó taighde a dhéanamh ar na húdair agus ar an chúlra s’acu’Rinne cúpla duine tagairt don taitneamh a bhain siad as na ranganna agus ‘an dóigh atá in úsáid againn, ag briseadh é (sic) síos píosa ar phíosa. Is féidir linn tuiscint a fháil ar chuid amháin in áit bheith an-chorraithe leis an teanga choimpléasc’.  Dar le cainteoir A, rinneadh an rogha cheart nuair a chuathas i gceann na grinnléitheoireachta:

Is maith liom ag scríobh freagairt phearsanta mar is féidir leat do théarmaí féin a chur isteach...ach ag an am céanna... b’fhéidir uaireanta.... chuaigh mé thall...like off track kind of...sílim...ach is maith liom sin in áit ag freagairt ceisteanna air.

Rinneadh díospóireacht le linn agallamh an fhócasghrúpa ar na trí chéad focal a bhí le scríobh faoi gach píosa agus nocht Cainteoir C an tuairim nach raibh a dhóthain sa líon sin focal:

Má déir tú trí chéad focal...ach go bhfuil tú sásta go leor má théann tú thar..thairis...chun gach rud a chomhlíonadh níl trí chéad focal réalaíoch...Bhí sé deacair trí chéad focal a scríobh...thug tusa sórt  treoracha cineál dúinn...le cuidiú...tá chóir a bheith trí chéad focal ansin san intreoir...ach gach rud a thug tú dúinn níl go leor in dtrí chead focal...ach tuigim cén fath go ndearna tú sin agus tá daoine áirithe a bhfuil trí chéad focal...sin go leor dóibh..ach chun an rud a chomhlíonadh a thug tusa dúinn...níl sé...

Os a choinne sin b’fhearr le cainteoir B míle uair na trí chéad focal ar shliocht ná míle ar leabhar iomlán ‘déarfainn...b’éigean duitse míle focal a scríobh ar leabhar iomlán... like…níl ciall ar bith leis. Ta sé i bhfad níos fearr leathanach amháin agus ansin trí chéad focal...thig leat sin a dhéanamh’.

Cur i láthair agus cur chuige

Dearfach go maith a bhí an chuid is mó de na freagróirí sa cheistneoir agus iad ag trácht ar an dóigh ar cuireadh na téacsanna i láthair.  Luaigh agus mhol seisear acu an úsáid a baineadh as Powerpoint, go háirithe na híomhánna a rinne soiléir an téacs agus a chuidigh leis an tuiscint: ‘bhí sé an-éifeachtach. Bhain mé sult as na ppts toisc go raibh mé ábalta na pictiúir a fheiceáil chomh maith le focail’; ‘cuireadh iad i láthair ar dhóigh eolasach agus taitneamhach’; ‘bhí sé briste suas le pictiúir.’  Moladh gur cheart leathanach eile agus nótaí air a sholáthar chomh maith leis na sleamhnáin ar an Powerpoint.  Bhí dúil ag cainteoir C i ngiorracht na bpíosaí: Bhí tú in ann díriú ar an phíosa sin agus é a fhoghlaim i gceart... in áit bloc ollmhór’.

Ceathrar go díreach sa cheistneoir a raibh aon rud eile le rá acu faoin ghrinnléitheoireacht diomaite de bheith ag freagairt na gceisteanna sa cheistneoir.  Den chuid is mó, bhí na ráitis bhreise sin cuidiúil.  Moladh go gcuirfí eiseamláir ar fáil go bhfeicfí go díreach cad é a bhíothas a éileamh orthu.  Chuir sé as do dhuine eile go raibh siad ‘ag scríobh faoi phíosa amháin agus muid ag déanamh píosa eile uaireanta.’  Mheas duine eile gur ‘gné ríthábhachtach é (an ghrinnléitheoireacht) d’fhoghlaim na Gaeilge.’  Bhí an cineál seo oibre iomlán úr ag an cheathrú duine.  Bhí sé deacair aige agus fuair sé suimiúil é.  ‘Ní raibh mé an-mhaith ag scríobh na n-aistí ar na scéalta mar ní dhearna mé obair ar bith mar seo riamh’.  Rinne cainteoir B san fhócasghrúpa gearán go raibh píosa le scríobh faoi théacs amháin le linn duit bheith ag plé leis an chéad téacs eile agus go raibh sé sin ag cur mearbhaill uirthi: ‘Bhí se píosa deacair...like...em... like...thosaigh muid scéal eile agus bhí orainn an scéal...scríobh faoin scéal ón tseachtain roimhe...agus bhí mé giota beag measctha suas.’  Ina dhiaidh sin ba léir go raibh sásamh le mothú faoi ghontacht na bpíosaí a bhí le léamh go grinn mar a chuir cainteoir A san fhócasghrúpa in iúl: ‘Tá sé níos fearr leathanach amháin a léamh mar faigheann tú blas den rud in áit a bheith faoi strus gach rud a thuigbheáil is gach rud.’  Le linn agallamh an fhócasghrúpa, moladh go hairde na spéire an cur chuige ar tugadh faoi i gcur i láthair na dtéacsanna: ‘Roghnaigh tú píosaí maithe chomh maith...an bhfuil a fhios agat tá siad suimiúil..na píosaí atá muid a léamh...na cúpla leathanach sin tá go leor iontu...tá blas de gach rud’; ‘Bhí sé maith i gcomhar an tuigbheáil (sic)...ceapaim’; ‘Ghlac tú d’am...nuair a imíonn tú róghasta, cailleann tú daoine’; ‘Bhris tú na sleamhnáin síos le gach rud a bhí le chéile....bhí siad...like...bainte le chéile...bhí nasc ann...agus ansin an sleamhnán eile bhí sé ag caint faoi rud éigin eile...ní raibh móran eolais ann ag aon am amháin’ (B); ‘an dóigh atá tusa ag déanamh...níl tú ag glacadh cuid mhór eolais ag aon am amháin...téann sé isteach...faigheann tú tuigbheáil agus ansin...is féidir  leat bogadh ar aghaidh’ (A).  Léiríonn na ráitis sin thuas an-sástacht ar fad ar fad leis na modhanna múinte ar baineadh úsáid astu sna léachtaí.

Conclúid agus an fhoghlaim a rinneadh faoin ghrinnléitheoireacht de réir na mac léinn

Sa chonclúid seo, is mian liom filleadh ar an bhuncheist taighde a chuir mé romham a fhreagairt i dtús an turais: Cad é a mheas na mic léinn den ghrinnléitheoireacht mar mhodh múinte agus iad ag foghlaim faoin scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge?

Fuarthas an ghrinnléitheoireacht úsáideach sa tionscadal seo ach de dheasca na ndúshlán a bhaineann leis an teanga liteartha, caithfear feasta nathanna cainte a mhíniú go mion agus comhréir na teanga a bhaint ó chéile.  Caithfear iarraidh a thabhairt ar dheacracht na teanga a laghdú do na mic léinn, m.sh.; trí níos mó teagmhála le sleachta liteartha Gaeilge, trí fhairsingiú a stór focal agus trí bheith ag tógáil rudaí go socair réidh agus gan bheith ag deifriú.

Ba den dea-chleachtas é beatha agus fealsúnacht an údair a phlé mar chúlra don téacs agus a aithint go dtig le próiseas na grinnléitheoireachta deis a thabhairt do mhic léinn a gcuid Gaeilge a fhairsingiú chomh maith le heolas a chur ar intinní, ar chuspóir agus ar theicnící an údair.

Pointe inspéise an dúil a léiríodh sa ghné stairiúil de na téacsanna.  Ba cheart feasta leas a bhaint as an dúil atá acu i dtagairtí don stair agus d’fhírinne na staire agus a chinntiú go mbíonn sleachta as saothair na scríbhneoirí seanaitheanta Gaeilge san áireamh, chomh maith le scríbhneoirí comhaimseartha.

Ba mhaith an smaoineamh é a dhéanamh cinnte go mbíonn na gnéithe seo a leanas ar tagraíodh dóibh maidir le tuiscint ar scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge a fheabhsú, le sonrú ar na téacsanna a roghnaítear: éagsúlacht, spéisiúlacht (a mbeidh lámh in uachtar aici ar an deacracht a chothaíonn leadránacht) fusacht le tuiscint, íomháineachas, deise agus saibhreas cainte srl.  Ba chóir cur le húsáid íomhánna i bhfoirm grianghraf, líníochtaí agus pictiúr le comhthéacs saibhir a sholáthar do thuiscint na bhfocal scríofa a laghdós dúshlán na tuisceana agus aistriúchán Béarla a sholáthar chomh maith.

Feasta, ba mhaith an rud é eisleamláir den chineál cuntais a mbeifí ag dúil leis ó na mic léinn a sholáthar le go bhfeicfidís cad leis a bhfuil sé cosúil agus gan tosú ar théacs úr go dtí go mbeidh an scríobh déanta acu ar an téacs a ndearnadh grinnléitheoreacht air roimhe sin.

Focal scoir

Tá bailíocht ard ag baint leis na torthaí a fuarthas i bhfoirm na sonraí ‘tiubha’, ‘saibhre’ a d’éirigh as freagraí scríofa ar an cheistneoir agus as freagraí labhartha na rannpáirtithe san fhócasghrúpa.  Os a choinne sin, níl na torthaí ar dhóigh ar bith inghinearálaitheach, ar an ábhar go raibh líon an-bheag mac léinn i gceist, san aon bhliain amháin, san aon áit amháin.  Caithfear a admháil, áfach, go gcuireann na cúinsí sin srian agus teorainn ar aon mholadh a bheadh ag teacht as na torthaí céanna.  Ina dhiaidh sin is uile, tugann siad leideanna dúinn faoin dóigh ar áirigh an grúpa seo faoin mhodh múinte a raibh siad páirteach ann le teanga liteartha na n-údar a roghnaíodh a fhiosrú.  Tálann meastóireacht na mac léinn ar an mhodh múinte, mar a cleachtadh é le linn an taighde, eolas ar mhionathruithe chun feabhais a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go furasta.  Is maith an túschéim é an tionscadal seo agus bheadh suim agam ceist fhiúntas na grinnléitheoireachta mar ghléas le heolas a chur ar scríbhneoireacht liteartha na Gaeilge a iniúchadh ar bhonn níos leithne amach anseo.

 

Aguisín 1 (comhfhreagras ag lorg chead phríomhoide an choláiste ollscoile an taighde a dhéanamh)

A phríomhoide, a chara,

Is léachtóir sinsearach sa choláiste ollscoile seo mé.  Mar atá a fhios agat, is é ceann de mo dhualgais féin ná litríocht na Gaeilge a theagasc do mhic léinn na Gaeilge.  Tá rún agam tionscadal beag sa taighde meastóireachta a dhéanamh ar úsáid agus éifeachtacht na grinnléitheoireachta ar théacsanna Gaeilge mar straitéis i dteagasc litríocht na Nua-Ghaeilge agus bhur mbarúlacha a fháil den straitéis chéanna.

Tosóidh an tionscadal seo go mall i Mí na Samhna 2019 le ceistneoir/suirbhé i measc mhic léinn uile na Gaeilge in BEd2 agus LA 2. Déanfar an taighde uilig i nGaeilge.

Is é an dara modh a mbainfear úsáid as ná fócasghrúpa leathstruchtúrtha de sheisear mac léinn a dhéanfaidh ionadaíocht ar an dá chúrsa céime.  Tarlóidh an t-agallamh leis an fhócasghrúpa san am céanna leis an cheistneoir.

Tabharfar le fios duit féin agus do na mic léinn eile nach mbeifear in ann iad a aithint sa taighde agus go dtig leatsa agus leo féin tarraingt amach as an tionscadal in aon am.  Inseofar duit agus do na mic léinn eile fosta gur cinnte go bhfoilseofar an taighde i nGaeilge agus b’fhéidir i mBéarla fosta ag pointe éigin feasta.  Ní rachaidh do chinneadh bheith páirteach nó gan bheith páirteach sa staidéar i bhfeidhm ar chor ar bith ar an mheasúnú sa réimse seo.

Tá súil agam go dtig leat insint dom go luath cé acu atá nó nach bhfuil tú sásta go ndéanfaí an taighde seo.  Lean an chomhairle anseo thíos agus cuir an freagra ar ais chuig an seoladh ríomhphoist faoi m’ainm.

Is mise

Folínigh do fhreagra:

Tugaim cead duit an taighde seo a dhéanamh

Ní thugaim cead duit an taighde seo a dhéanamh

Aguisín 2 (Comhfhreagras ag lorg chead na mac léinn leis an cheistneoir a chomhlánú)

A chara,

Is léachtóir sinsearach mé sa choláiste seo.  Mar atá a fhios agat, is é ceann de mo dhualgais féin ná litríocht na Gaeilge a theagasc do mhic léinn na Gaeilge.  Tá rún agam tionscadal beag sa taighde meastóireachta a dhéanamh ar úsáid agus éifeachtacht na grinnléitheoireachta ar théacsanna Gaeilge mar straitéis i dteagasc litríocht na Nua-Ghaeilge agus bhur mbarúlacha a fháil den straitéis chéanna.

Tosóidh an tionscadal seo go mall i Mí na Samhna 2019 le ceistneoir i measc mhic léinn uile na Gaeilge in BEd2 agus LA 2.  Déanfar an taighde uilig i nGaeilge.

Is é an dara modh a mbainfear úsáid as ná fócasghrúpa leathstruchtúrtha de sheisear mac léinn a dhéanfaidh ionadaíocht ar an dá chúrsa céime.  Tarlóidh an t-agallamh leis an fhócasghrúpa san am céanna leis an cheistneoir.

Tabharfar le fios duit féin agus do na mic léinn eile nach mbeifear in ann iad a aithint sa taighde agus go dtig leatsa agus leo féin tarraingt amach as an tionscadal in aon am.  Inseofar duit agus do na mic léinn eile fosta gur cinnte go bhfoilseofar an taighde i nGaeilge agus b’fhéidir  i mBéarla fosta ag pointe  éigin feasta.

Tá súil agam go dtig leat insint dom go luath cé acu atá nó nach bhfuil tú sásta bheith páirteach i gcomhlánú an cheistneora.  Lean an chomhairle anseo thíos agus cuir an freagra ar ais chuig an seoladh ríomhphoist faoi m’ainm.

Is mise

Folínigh do fhreagra:

Is mian liom bheith páirteach sa taighde.

Ní mian liom bheith páirteach sa taighde.

Aguisín 3 (Comhfhreagras ag lorg chead na mac léinn a bheith páirteach san fhócasghrúpa)

A chara,

Is léachtóir sinsearach mé sa choláiste seo.  Mar atá a fhios agat, is é ceann de mo dhualgais féin ná litríocht na Gaeilge a theagasc do mhic léinn na Gaeilge.  Tá rún agam tionscadal beag sa taighde meastóireachta a dhéanamh ar úsáid agus éifeachtacht na grinnléitheoireachta ar théacsanna Gaeilge mar straitéis i dteagasc litríocht na Nua-Ghaeilge agus bhur mbarúlacha a fháil den straitéis chéanna.

Tosóidh an tionscadal seo go mall i Mí na Samhna 2019 le ceistneoir i measc mhic léinn uile na Gaeilge in BEd2 agus LA 2. Déanfar an taighde uilig i nGaeilge.

Is é an dara modh a mbainfear úsáid as ná fócasghrúpa leathstruchtúrtha de sheisear mac léinn a dhéanfaidh ionadaíocht ar an dá chúrsa céime.  Tarlóidh an t-agallamh leis an fhócasghrúpa san am céanna leis an cheistneoir.

Tabharfar le fios duit féin agus do na mic léinn eile nach mbeifear in ann iad a aithint sa taighde agus go dtig leatsa agus leo féin tarraingt amach as an tionscadal in aon am.  Inseofar duit agus do na mic léinn eile fosta gur cinnte go bhfoilseofar an taighde i nGaeilge agus b’fhéidir i mBéarla fosta ag pointe  éigin feasta.  Ní rachaidh do chinneadh bheith páirteach nó gan  bheith páirteach sa staidéar i bhfeidhm ar chor ar bith ar an mheasúnú sa réimse seo.

Tá súil agam go dtig leat insint dom go luath cé acu atá nó nach bhfuil tú sásta bheith páirteach san fhócasghrúpa.  Lean an chomhairle anseo thíos agus cuir an freagra ar ais chuig an seoladh ríomhphoist faoi m’ainm.

Is mise

Folínigh do fhreagra:

Is mian liom bheith páirteach sa taighde.

Ní mian liom bheith páirteach sa taighde.

Aguisín 4 An Ceistneoir

  1. Meas go ginearálta

Cad é do mheas go ginearálta de mhodh na grinnléitheoireachta a rinne tú ar théascanna éagsúla Gaeilge an téarma seo?

  • gan úsáid
  • measartha úsáideach
  • úsáideach
  • an-úsáideach
  • iontach úsáideach ar fad
  1. Cad é mar a chuirfeá síos ar an eispéireas ar fad?
  2. Ar bhain tú sult as modh na grinnléitheoireachta?
  • níor bhain
  • bhain mé measarthacht suilt as
  • bhain mé sult as
  • bhain mé sult mór as
  • bhain mé an dúshult as

Cad iad na gnéithe den ghrinnléitheoireacht ar bhain tú sult astu?

Cad iad na gnéithe den ghrinnléitheoireacht nár bhain tú sult astu?

  1. Tuiscint ar scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge?

Ar bhisigh sé do thuiscint ar an scríbhneoireacht liteartha i nGaeilge?

  • níor bhisigh
  • bhisigh rud beag
  • bhisigh go measartha
  • bhisigh go mór
  • bhisigh as cuimse

Má bhisigh, cén dóigh?

Munar bhisigh, cad chuige an dóigh leat nár bhisigh?

Cad é shíl tú de na téacsanna a léigh muid?

An molfá dóigheanna eile le freagairt do théacsanna?

Cad é a shíl tú den dóigh ar cuireadh na téacsanna i láthair?

Na téacsanna iad féin

  • Ceo Meala Lá Seaca
  • Na Glúnta Rosannacha
  • Tubaiste Bhaile Mhánais
  • An Druma Mór
  • Ar an Trá Fholamh
  • Leagan Thoraí de ‘An Draighneán Donn’
  • Cré na Cille

Aon rud eile le rá faoin ghrinnléitheoireacht?

Aguisín 5 (treoirthéamaí don fhócasghrúpa)

Is orthu seo a leanas a dhíreofar an comhrá san fhócasghrúpa:

  • A luacháil féin ar an ghrinnléitheoireacht ar théacsanna liteartha mar chur chuige  le bheith ag foghlaim faoi litríocht na Gaeilge;
  • Cur lena n-eolas féin ar litríocht na Gaeilge;
  • Stíl na scríbhneoireachta sna téacsanna;
  • Na téacsanna agus na húdair a ndearna siad a machnamh ar a saothar;
  • An modh teagaisc agus an cur chuige sna léachtaí;
  • An treoir a tugadh maidir leis na freagairtí pearsanta ar na téacsanna;
  • Cumadh na bhfreagairtí;
  • An fhoghlaim a rinneadh; agus
  • Mionathruithe nó feabhsúcháin a dhéanfaidís
Leabharliosta: 

Leabhair

Cummins, J., (1984) Bilingual Education and Special Education: Issues in Assessment and Pedagogy. San Diego: College Hill.

Dressel, P. L., (1976) Handbook of Academic Evaluation.  San Francisco: Jossey-Bass.

Glaser, R., (1970), Measurement in Learning and Instruction. Pittsburg: Learning Research and Development Center, Pittsburg University.

Mac Grianna, S., (2010) Seán Bán Mac Grianna: scéalta agus amhráin. In eagar in Seán Mac Corraidh. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Grianna, S., (1972/1929) ‘Ar an Trá Fholaimh’ in An Grá is an Ghruaim. Baile Átha Cliath: Longman, Brún & Ó Nualláin.

Mac Liammóir, M., (1963) Ceo Meala Lá Seaca. Baile Átha Cliath: Sáirséal & Dill.

Mag Shamhráin, A., (1986) Litríocht, Léitheoireacht, Critic. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

Ó Cadhain, M., (1949) Cré na Cille. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Doibhlin, B., (1973) Litríocht agus Leitheoireacht. Baile Átha Cliath: Oideas Mercier.

Ó Dónaill, N., (1974/1952) Na Glúnta Rosannacha. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Stake, R., (1974) ‘Program evaluation: Particularly responsive evaluation’. New Trends in Evaluation, Report #35, 1–20 Gothenburg, Sweden: Institute of Education, University of Gothenburg.

Stufflebeam, D.L., & et al., (1971) Educational Evaluation and Decision – Making. Itasca, Illinois: Peacock.

Thorndike, E., (1932) The Fundamentals of Learning. New York: Teachers College Press.

Tyler, R.W., (1949) Basic principles of curriculum and instruction. Chicago: University of Chicago Press. 

Caibidlí i leabhar

Parlett & Hamilton, (1976) ‘Evaluation as illumination’ in Tawney, D. (Ed.) Curriculum Evaluation Today, MacMillan.

Ailt

Duck, P., (2018) ‘Making sense of Close Reading’ in Changing English, Vol. 25, No 1, 14–28. Oxford: Routledge.

Ebel, R.L., (1973) ‘Evaluation and Educational Objectives’, Journal of Educational Measurement, 10, 4,  273–9. National Council on Measurement in Education: Washington.  https://doi.org/10.1111/j.1745-3984.1973.tb00804.x (7ú Eanáir 2021 an uair dheireanach ar féachadh air).

Hanratty, B., (2018) ‘Selected Representations of Teachers and Teaching in Twentieth-century Anglo-Irish Fiction and Memoir: Some Literary-critical and Pedagogical Explorations’ in Changing English, Vol. 25, No 1, 29–44. Oxford: Routledge.

Ó Doibhlin, B., (1965) ‘Teagasc Litríocht na Gaeilge’, Irisleabhar Mhá Nuad. Má Nuad: An Sagart.

Scriven, M., (1967) ‘The Methodology of Evaluation’, Social Science Education Consortium. Lafayette, Indiana: Purdue University.