Im(sh)ní(omh) Aistritheora: Scéal fá Dhá Leabhar

Séamus Ó Coileáin

In ainneoin líon iomadúil na leabhar, idir úrscéalta, chnuasaigh gearrscéalta agus drámaí a aistríodh mar chuid de Scéim Aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí agus sna 1940idí agus an bhorraidh atá faoin aistriú litríochta go Gaeilge le blianta beaga anuas, is beag éachtaint a fhaighimid ar mheon an aistritheora féin i gcruthú na saothar sin go léir.  Seans gurb é is cúis leis sin téiseanna scoláirí a bhain clú agus cáil amach i ndioscúrsa an aistriúcháin litríochta, arb é leabhar cáiliúil Lawrence Venuti, The Translator’s Invisibility: A History of Translation (1995), buaicléiriú na téise sin.  Cé gurb é is ciall le ‘dofheictheacht’ an aistritheora i dteoiric Venuti nach mbeadh de rian ar an aistriúchán gur téacs é a aistríodh ó theanga eile, is é sin go mbeadh dul na sprioctheanga ar an aistriúchán agus nach mbeadh friotal coimhthíoch aduain ann a thabharfadh le fios gur tiontaíodh ó theanga agus ó mheon coimhthíoch an litríocht, mar sin féin, is í dofheictheacht nó neamhfheictheacht an aistritheora an tslat tomhais is mó lena meastar aistriúchán litríochta.  ‘A good translation is imperceptible,’ a deir Antonia Lloyd-Jones, aistritheoir litríochta ó Pholainnis go Béarla.  ‘It reads as if the book were written in the language into which it has been translated. Within the text, the translator is invisible.’ (Derbyshire, 2018).  Is amhlaidh a bhítear ag cur i gcéill nach ndearnadh aon chur isteach, ná aon smáladh, ar an mbunleagan.  Chuige sin, is rí-annamh a chuireann aistritheoir réamhrá nó iar-rá le saothar aistrithe litríochta.  Is annamh a fheictear ainm an aistritheora ar chlúdach an tsaothair aistrithe agus i gcásanna áirithe ní luaitear an t-aistritheoir in aon chor.  Ní nós le léirmheastóirí an t-aistritheoir a lua ach oiread má dhéantar léirmheas ar shaothar aistrithe.  ‘A book can take two or three times as long to translate as it took to write.  Yet translators are often either not mentioned in book reviews or fobbed off with an adjective: ‘vibrant,’ ‘meticulous,’ ‘faithful,’’ a deir Miranda France (2019).

Díol spéise, mar sin, is ea na saothair sin a aistríodh go Gaeilge inar tugadh cuntas ar aistriú an bhunsaothair.  Ceann díobh is ea Eachtra Robinson Crúsó a d’aistrigh Tadhg Ó Murchadha (agus Donnchadh Pléimionn).  Tá réamhrá sin an aistritheora le fáil ina iomláine in Aguisín 1 ag deireadh an ailt seo.  Sa chás áirithe seo, is é cuntas, más gearr é, an aistritheora féin a fhaighimid ar mheon an aistritheora.  Tagróidh mé do chodanna den réamhrá sin sa phlé a dhéanfar ar aistriú Asarlaí Oscartha Oz amach anseo.  Leabhar eile ar díol spéise sa phlé seo é is ea Don Cíochóte a d’aistrigh an tAthair Peadar Ua Laoghaire agus ar chuir Conall Cearnach réamhrá eagarthóra leis.  I dteannta réamhrá an eagarthóra, tugann an tAthair Peadar cuntas ar an gcúis ar thug sé faoin aistriúchán agus ar a litriú ar Don Cíochóte i nGaeilge.  Tagróidh mé don dá réamhrá seo arís agus tá téacs an dá réamhrá le fáil in Aguisín 2 agus 3 faoi seach.  Díol spéise, leis, i ndáil leis an dá leabhar seo is ea go gcuirtear gluais ar a gcúl ina mínítear focail agus abairtíní agus, i gcás Eachtra Robinson Crúsó, cúiseanna a bhí le focail nó abairtíní áirithe a roghnú.

In alt dar teideal The Challenges of Translating Literature a scríobh Richard Brooks ar The Language Blog, tráchtann sé ar roghnú san na bhfocal (2017):

As literary translators will attest, a single word can be extremely troublesome.  The author of a work of fiction has chosen that word for a good reason, so the translator must ensure that it is faithfully delivered in the target language.  However, what if no direct translation is available?  Or what if several options exist, each with a slightly different nuance.

In agallamh a cuireadh ar an aistritheoir agus an scríbhneoir Daniel Hahn, a aistríonn litríocht ón bPortaingéilis, ón Spáinnis agus ón bhFraincis go Béarla, is é a dúirt sé agus é ag trácht ar an ábhar seo (Hahn & Riaz, 2014):

If the writer has used word x, we need to know why that was the word he chose of all the options (what exactly does it mean, but also what’s it doing in the sentence, in the rhythm of the sentence and to the sound and register), and then we need to find a way of replicating that in English, again with the greatest precision possible.

Má chuirimid san áireamh an méid a scríobh Brian Ó Nualláin ina alt magúil ar shaothar foclóireachta an Duinnínigh i dtaobh mionbhríonna agus débhríonna focal i nGaeilge (agus má ghlactar leis san áit a mbíonn an magadh go mbíonn an fhírinne), tuigimid an dúshlán agus an deis bhreise a bhaineann le haistriú go Gaeilge (Myles na gCopaleen, 1941):

Apart from words with endless shades of cognate meaning, there are many with so complete a spectrum of graduated ambiguity that each of them can be made to express two directly contrary meanings, as well as a plethora of intermediate concepts that have no bearing on either.

D’fhonn a bheaichte a bhíonn an focal nó an téarma Gaeilge go minic a léiriú, cuirimis i gcás an focal nó téarma a úsáidtear do bhodóg nó do bhó, go háirithe i gcás beithíoch bainne, a raibh gamhain aici anuraidh ach nach bhfuil ionlao i mbliana.  ‘Stripper’ a thugtar uirthi sa Bhéarla, ach sa Ghaeilge ní mór fios a bheith ag duine cé mhéad bliain sa riocht sin í.  An beithíoch a raibh gamhain anuraidh aici ach nach bhfuil ionlao i mbliana, sin ‘gamhnach’;  an beithíoch a bhí ina gamhnach anuraidh ach nach bhfuil ionlao i mbliana, sin ‘forgach’ nó ‘athghamhnach’; an beithíoch a raibh gamhain aici roimhe seo ach nach raibh le dhá bhliain anuas as a chéile agus nach bhfuil ionlao i mbliana, sin ‘ciúrach’; agus tugtar ‘seanfaíoch’ i gCorca Dhuibhne ar an mbeithíoch nach raibh lao aici le trí bliana anuas agus nach mbeidh i mbliana ach oiread (‘seanfach’ an ceannfhocal atá in Foclóir Uí Dhónaill agus luaitear an bhrí ‘mature animal, old heifer’ leis). 

Tagraíonn Tadhg Ó Murchadha d’aistriú na bhfocal seo ina réamhrá thuasluaite le Eachtra Robinson Crúsó (Defoe & Ó Murchadha, 1915):

In certain portions of “Robinson Crusoe” I found several words for which I have never heard any Irish.  Amongst those are such terms as: mathematics, equinox, equator, latitude, longitude, deck, founder, etc.  There are dictionary words for some of these, but, as they were quite unintelligible to me, I thought it better to translate their meanings as well as I could.

Bímid, aistritheoirí, ‘ar thóir an fhocail chruinn’ mar a deir an t-aistritheoir Antain Mac Lochlainn.  Tráchtann Seán Ó Ríordáin air seo, ó thaobh na filíochta Gaeilge de, ina dhialann (Ó Ríordáin & Ó Dúshláine, 2014, Iontráil dar dáta 26 Bealtaine 1949):

Téim síos staighre an fhocail agus isteach i seomra an fhocail agus lorgaim an tine agus bím ʾom ghoradh féin agus bíonn fhios ag mo chroí sar i bhfad an bhfuilim i dtigh ina bhféadfainn mo leanbh d’fhágaint.

Siod é go díreach teideal an ailt seo – im(sh)ní(omh) an aistritheora.  Brí bhunaidh an fhocail (im+sníomh), is é sin smaointe, aistriúcháin, focail a bheith á sníomh suas síos staighrí agus isteach i seomraí na hintinne féachaint an cuí an focal nó an téarma sa spriocthéacs; agus bríonna nua an fhocail (imní), is é sin neamhshocracht, nach bhfuil an focal ceart ann agus cúram a dhéanamh den bhuntéacs agus dá chruinn-aistriú.  Ba é ba mhó a chruthaigh an t-im(sh)ní(omh) sin, teideal Gaeilge a thabhairt don leabhar The Wonderful Wizard of Oz.

Bheartaíos ar Asarlaí Oscartha Oz a thabhairt ar an aistriúchán ar roinnt cúiseanna.  Ba é an chúis ba mhó a bhí leis ar dtúis, focail a roghnú a mbeadh comhfhuaim thosaigh acu dála Wonderful Wizard ach lena bhféadfaí an teideal Béarla a shárú, dá mb’fhéidir é.

Roghnaíodh ‘asarlaí’, ar an gcéad dul síos de bhun a chomhfhuaime le Oz – an foghar /ɑ/, ach anuas air sin de bhrí go bhfuil dhá phríomhchiall leis an bhfocal sa Ghaeilge, eadhon draíodóir agus cleasaí.  Nuair a chloisimid trácht ar asarlaí an scéil den chéad uair, déantar amach gur draíodóir den scoth é ach de réir mar a chuirimid aithne air, gheibhimid amach nach bhfuil ann i ndáiríre ach cleasaí nach bhfuil draíocht dá laghad ag baint leis.  Tugann an débhríocht seo leid don léitheoir Gaeilge nach bhfaigheann an léitheoir Béarla ná go deimhin léitheoir go leor nuatheangacha eile.

I roinnt de na haistriúcháin a mbeadh cur amach againn orthu, i nuatheangacha na hEorpa go háirithe, is minic nach gcuirtear aon aidiacht leis an asarlaí agus iad ag déanamh aithrise ar theideal scannán MGM – The Wizard of Oz, cuir i gcás Le Magicien d’Oz, El Mago de Oz agus Der Zauberer von Oz.  Mar sin féin, de ghrá na dílseachta do theideal an bhunleabhair agus d’fhonn trí fhocal a bheith sa teideal, ó tharlaíonn gur nós leis an nGaeilge tríonna nó tríréid a bheith aici, bheartaíos go gcuirfinn aidiacht dar tús guta leathan leis an bhfocal asarlaí.  I ndeireadh na dála roghnaíos ‘oscartha’ ar roinnt cúiseanna.  Ar an gcéad dul síos níl ceartfhuaimniú an fhocail, sa lá atá inniu ann, chomh fada sin ar fad ó thúsfhoghar na bhfocal ‘asarlaí’ agus ‘Oz’ – fillfear air seo ar ball.  Ar an dara dul síos, is é is brí leis an bhfocal sa lá atá inniu ann cumhachtach nó laochta, ciall a oireann do bhunteideal an leabhair: oscartha, 1. Martial, heroic. 2. Strong, powerful (Foclóir Uí Dhónaill le fáil ar: https://www.teanglann.ie/ga/fgb/oscartha).

Mar sin féin, níorbh é ciall sin an lae inniu a bhí leis an bhfocal riamh anall ná le bunús an fhocail go deimhin.  Ba é ba chiall leis an bhfocal sa mheán-Ghaeilge duine neamhoilte mar a thugann electronic Dictionary of the Irish Language le fios: oscarda (a) unprofessional, ‘lay’, untrained (eDIL s.v. oscarda nó dil.ie/34063 p).  Arís eile, más í an chiall áirithe seo a bhaintear as an bhfocal, is gaire í don bhfírinne ná brí an fhocail i bhfoclóirí na linne seo, óir asarlaí, sa chiall draíodóir, neamhoilte is ea Asarlaí Oz de bhrí nach fuil ann i ndáiríre ach bréagadóir atá ag ligean scil na hasarlaíochta air féin.

Is é bunús an fhocail as + cur, arbh é ba chiall leis duine ón dtaobh amuigh nó stróinséir.  Bheadh an chiall seo féin oiriúnach don asarlaí seo againne óir níor de bhunadh Oz ó thús é ach duine a tháinig ann de thaisme, dála Dorothy féin, i mbalún aeir agus nárbh fhéidir leis éalú.  Anuas air sin, más féidir a áiteamh gurb é an foghar /ɑ/ a bhí ag tús an fhocail an chéad lá riamh, agus más féidir saoirse fhileata nó díolúine an ealaíontóra a éileamh, bheadh na trí fhocal sa teideal anois ar chomhfhuaim thosaigh .i. Asarlaí Aschurda Oz .i. / ɑsərli: ɑsxərdə ɑz/.

Dá bhrí sin uile, cé gur focail mós aduain iad na focail ‘asarlaí’ agus ‘oscartha’ i gcomparáid le focail chomhchiallacha, dá leithéidí ‘draíodóir’ agus ‘iontach’, sa lá atá inniu ann, is fearr i bhfad a oireann an dá fhocal sin do theideal an leabhair seo i nGaeilge.  D’áiteoinn nach bhfuil sárú an leagain Ghaeilge, lena iliomad bríonna, le fáil i dteanga ar bith eile ar domhan.

Díol spéise ina leith seo is ea an réamhrá sin dá dtagraítear thuas a chuir an tAthair Peadar Ua Laoghaire le Don Chíochóté ina dtugann sé cuntas ar an gcúis a bhí le litriú sin an teidil aige i nGaeilge (feic Aguisín 3).

An dara cúis im(sh)ní(mh) ba ea na téarmaí a thug Baum ar na hainmhithe agus na cineálacha daoine a casadh ar Dhorothy sa chríoch aduain i gcéin sin Oz.  Bheartaíos ar na focail sin a Ghaelú, fearacht aistriúchán Nioclás Williams ar Alice in Wonderland[1] agus aistriúchán Antain Mac Lochlainn ar The Lion, the Witch, and the Wardrobe[2].  Bheartaíos, anuas air sin, a nGaelú ar bhealach a bhféadfaí a shamhlú gur théarmaí Gaeilge a bhí iontu ó thús agus nach traslitriú lom ná ionadú focal a bhí ann.  Ba é an cur chuige céanna seo a ghlac an tAthair Peadar Ua Laoghaire leis an leagan Gaeilge de Don Chíochóté.  Seo a deir Conall Cearnach ina leith sa réamhrá (dá dtagraítear thuas):

In what other language in Europe could a placename like Taprobane become so readily naturalized as it does in the Irish Tiobruid Bhán? Or a personal name like Alifanfaron yield Amhlaoibh-gan-fearann.

Is é an sampla is fearr acu sin ó Asarlaí Oscartha Oz, an téarma a thug Baum ar an gcine daoine a casadh ar Dhorothy tar éis a tuirlingthe in Oz – Munchkin.  Cé go n-áitíonn daoine áirithe go bhfuil an focal bunaithe ar Männchen na Gearmáinise .i. fear+ín, ní léir cad ba bhun le cumadh an téarma.  Tar éis beagán imshnímh intinne, bheartaíos ar an téarma Mionchine a thabhairt ar an gcine sin agus an chuma ar an bhfocal Gaeilge, a bhfuil brí fhollasach leis, go bhféadfadh gur díortaíodh téarma Baum uaidh seachas a mhalairt.  Bhain deacracht bheag amháin leis an bhfocal nuachumtha (imní an aistritheora), áfach, sa mhéid is nárbh fhéidir a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar dhuine amháin faoi mar a d’fhéadfaí a dhéanamh le ‘a/the munchkin, 2 munchkins, a group of munchkins’.  Níor mhór ainmfhocal dá leithéidí fear/bean/duine etc. a chur leis an téarma Gaeilge, e.g. duine den Mhionchine.

Ar na téarmaí eile dá leithéid seo tá Ceatharlaigh (Quadlings), Ordchloigeann (Hammer-Head), Caochadóirí (Winkies)[3], an Fear Coille Stáin (Tin Woodman), an Fear Bréige[4] (Scarecrow) agus an Meatachán de Leon (Cowardly Lion).  Tugtar Humbug ar Asarlaí Oz sa leabhar freisin agus beartaíodh ar ‘Mugadh Magadh’[5] a thabhairt air sa leagan Gaeilge de bharr a fhileata atá an leagan Gaeilge agus na comhfhuaime, rud a dtugann Conall Cearnach ‘the wonderful flexibility of the Irish language’ air (feic Aguisín 2).  Bhí aon fhocal nuachumtha amháin nárbh fhéidir leagan Gaeilge a chumadh dó a mbeadh brí leis sa sprioctheanga .i. Kalidahs (saghas ainmhí allta).  Sa chás áirithe seo b’éigean dul i muinín an traslitrithe .i. Calaídí.

Maidir le hainmneacha dílse daoine, níor aistríos aon cheann acu .i. Dorothy, Henry, Em agus Glinda.[6]  Bhí dhá chúis leis seo; ar an gcéad dul síos is ainmneacha iad a aithnítear leis an an scéal, go háirithe de bhun an scannáin a rinne MGM.  Ar an dara dul síos, ní gnách ainmneacha dílse a aistriú in úrscéalta, cuir i gcás na haistriúcháin a rinneadh faoi Scéim Aistriúcháin an Ghúim[7] nó aistriúcháin a foilsíodh le déanaí dá leithéidí Oileán an Órchiste[8].  Cuireadh cló na Gaeilge ar ainm mhadra Dorothy, Toto, ach sínte fada a chur air .i. Tótó.

Cuireadh ainm amháin leis an leagan Gaeilge nach raibh sa bhunleagan Béarla, is é sin Siobhán an Scrogaill.  Stork atá sa leagan Béarla gan aon ainm uirthi ach ó tharlaíonn go dtugtaí Siobhán an Scrogaill ar an gcorr réisc in Iarthar Luimnigh, bheartaíos ar a úsáid.  Ba nós an-choitianta é seo sna haistriúcháin a dhéantaí do leanaí sna 1980idí, go háirithe leabhair Ladybird, cuir i gcás Micilín agus an Dá Leipreachán an leagan Gaeilge a cuireadh ar The Elves and the Shoemaker, nach raibh aon ainm air sa bhunleabhar (Ní Ghráda & Winter, 1984).

Ba é an t-ainm ba mhó a chruthaigh deacracht The Emerald City, óir sa leagan Béarla sin tá idir emerald, an tseoid ar a dtugtar smaragaid sa Ghaeilge agus emerald, an dath, i gceist.  Bhí ballaí na bhfoirgneamh san Emerald City clúdaithe le smaragaidí, rud a d’fhág dath iathghlas ar gach ní (nó ar fhág óir bhí ar dhaoine a thug cuairt ar an gcathair sin spéaclaí ina raibh gloine iathghlas a chaitheamh, rud a d’fhág gur measadh dath iathghlas a bheith ar gach ní sa chathair).  Níorbh fhéidir freastal ar dhébhríocht sin an téarma Bhéarla agus roghnaíodh an dath seachas an tseoid agus an chathair á hainmniú as Gaeilge – an Chathair Iathghlas.

Ceist eile a bhíonn ag dó na geirbe ag aistritheoirí litríochta is ea ar chóir an scéal a dhúchasú?  Is é sin ar chóir scéal atá lonnaithe i dtír eile agus i gcultúr eile a bhogadh go tír nó cultúr a mbeadh cur amach ní b’fhearr ag léitheoirí na sprioctheanga orthu.  Ní gá gur go hÉirinn a bhogfaí suíomh an scéil; cuir i gcás The Adventures of Jimmy Dale le Frank L Packard a d’aistrigh Diarmuid Ó Súilleabháin agus a foilsíodh faoin teideal Eachtraí Shéamuis Uí Dhuibhir.  Mar seo a chuirtear tús leis an leagan Béarla (Packard, 1922):

Among New York's fashionable and ultra-exclusive clubs, the St. James stood an acknowledged leader—more men, perhaps, cast an envious eye at its portals, of modest and unassuming taste, as they passed by on Fifth Avenue, than they did at any other club upon the long list that the city boasts. True, there were more expensive clubs upon whose membership roll scintillated more stars of New York's social set, but the St. James was distinctive. . . To receive a two weeks’ out-of-town visitor’s card to the St. James was something to speak about, and men from Chicago, St. Louis, or San Francisco spoke of it with a sort of holier-than-thou air to fellow members of their own exclusive clubs, at home again.

Is é atá i leagan Gaeilge an tSúilleabhánaigh, áfach (1933):

B’é club Naomh Eoin is dócha an club ba thábhachtaí dá raibh i gcathair Lonndain.  Is mó súil formadach do chaithtí fé n-a dhéin, níos minicí b’fhéidir ná mar a chaithtí fé dhéin aon chlub eile den mhór-chuid acu a bhí sa chathair sin.  Gan amhras, bhí clubanna ann a bhí níos costasúla go mór, ach áit ann féin b’eadh club Naomh Eoin.

Fágtar líne dheiridh an tsleachta Bhéarla thuas ar lár sa leagan Gaeilge.  Leoga, ní aistriú focal ar fhocal ná líne ar líne atá sa leagan Gaeilge, ach athleagan.  Ní foláir nó gur mheas an Súilleabhánach gurbh fhearr an cur amach a bheadh ag léitheoirí na sprioctheanga ar Londain agus ar shaol sóisialta Londan ná Nua-Eabhrac agus an Cúigiú hAscaill.

Maidir leis an leabhar atá faoi chaibidil, tá formhór an scéil, cé is moite dá thosach agus dá dheireadh – atá suite in Kansas Mheiriceá – lonnaithe i gcríoch shamhlaíoch Oz agus níor ghnách a leithéid de shuíomh a athrú.  In Eachtraí Eibhlíse i dTír na nIontas dá dtagraítear thuas, cuir i gcás, titeann eachtraí an leagain Ghaeilge amach fós in Wonderland an bhunleagain – níl ann ach gur gaelaíodh ainm na háite.  Téann Bláithín agus Peadairín go Tír na Deo in aistriúchán Mháiréad Ní Ghráda (Barrie & Ní Ghráda, 1938) ar leabhar cáiliúil J.M. Barrie (Barrie, 1911), cuir i gcás – Neverland atá ann i gcónaí murab ionann agus Tír na nÓg, abair.

Os a choinne sin ar fad, áfach, tagraím anois don dara leabhar a phléifear san alt seo, is é sin leagan Gaeilge an leabhair Le Petit Nicolas le René Goscinny a céadfhoilsíodh sa bhliain 1959.  Foilsíodh leagan Gaeilge liom, i gcomhthráth le foilsiú Asarlaí Oscartha Oz a phléitear thuas, faoin teideal Nioclás Beag: Eachtraí (Goscinny & Ó Coileáin, 2019).  I gcathair nó i mbaile mór áit éigin sa Fhrainc atá an bunleagan suite agus déanann an reacaire, Nicolas féin, cur síos ar na heachtraí a thiteann amach dó féin agus dá chairde ar scoil, sa bhaile agus ar fud na cathrach.  In ainneoin gur sna 1960idí sa Fhrainc a thiteann na heachtraí sin amach, samhlaítear go bhféadfadh a leithéid titim amach do leanbh ar bith in áit ar bith in Éirinn an lae inniu.  Dá bhrí sin, bheartaíos ar an leabhar a dhúchasú.

Ba é an chéad rud a bhí le déanamh, fearacht an phlé thuas, ainmneacha na gcarachtar a aistriú.  Den chuid ba mhó, rinneadh iarracht ainm Gaelach a thabhairt dóibh a bheadh ar aon dul leis an mbunleagan a bheag nó a mhór, cuir i gcás: Clarrise (Clár), Clotaire (Ciarán), Geoffroy (Gearóid), Joachim (Seosamh), Louisette (Laoise), Maixent (Marc), agus Rufus (Ruairí).  Maidir le trí ainm eile Agnan, Alceste agus Eudes, ar triúr carachtar faoi leith iad, bheartaíos ar a n‑ainmneacha a Ghaelú de réir tuairime pearsanta, is é sin, cén t-ainm a shamhlófaí leis an duine sin.  Is é an cur síos a dhéanann Giscinny orthu: ‘Agnan, qui est le premier de la classe et le chouchou de la maîtresse; Alceste, qui est très gros et qui mange tout le temps; Eudes qui est très fort et qui aime bien donner des coups de poing sur les nez des copains’.[9]  Is iad na hainmneacha a shamhlaíos leo, mar gheall ar réamhchlaonadh fo-choinsiasach, b’fhéidir, Séamus, Tomás agus Máirtín, faoi seach.

Níor bhain aon smaointeoireacht le roinnt ainmneacha eile, díreach ainmneacha a rith liom ar ala na huaire, e.g. M. Blédurt (An tUasal Ó Ceallaigh) agus M. Dubon (An tUasal Ó Murchú).  Maidir leis an M. Dubon, ar feighlí clóis na scoile é (rud a phléifear anseo thíos), tugann na leanaí an leasainm ‘le Bouillon’ air.  Mínítear an chúis atá leis sin sa leabhar: On l’appelle comme ça, parce qu’il dit tout le temps: « Regardez-moi dans les yeux », et dans le bouillon il y a des yeux.  Chruthaigh sé seo deacracht óir tá imeartas focal sa Fhraincis anseo.  Uimhir iolra an fhocail œil (súil) is ea yeux ach tugtar yeux freisin ar an téarma Béarla ‘globule of fat’ a bheadh ar snámh ar anraith an-uisciúil nó brat ar a dtugtar ‘bouillon’ sa Fhraincis.  Cé go dtugtar súilíní nó súileoga ar na boilgíní saille seo sa Ghaeilge, níorbh fhéidir ceachtar den dá théarma sin a úsáid sa leagan Gaeilge óir ní móide go ndéarfaí ‘Féach na súilíní orm,’ nó ‘Féach na súileoga orm,’ agus anuas air sin ní oireann an téarma ‘brat’ sa Ghaeilge óir ní hé ciall an anartha uisciúil is túisce a rithfeadh le duine dá dtabharfaí an leasainm ‘An Brat’ air.  Ba dheacair a shamhlú, leis, go dtabharfaí ‘An tAnraith’ nó ‘Anraith’ ar dhuine mar leasainm.  Níor mhór leasainm ‘Gaelach’ a aimsiú, dá réir sin, agus ós rud é go dtugtar súile ar na spotaí as a bhfásann an gas ar phráta agus go samhlaítear an práta le hÉirinn, beartaíodh ar leas a bhaint as an meafar sin agus baisteadh ‘Fata‑cheann’ air.  Roghnaíodh leagan canúnach Chonamara toisc gurbh é ab fhusa a rá.  Is é an míniú a fhaightear ar a leasainm sa leagan Gaeilge, dá bhrí sin: ‘Thugtaí Fata-cheann air de bhrí go mbíodh sé i gcónaí ag rá: “Féach sna súile orm,” agus bíonn súile i bhfataí.’

Anuas ar a ainm, is é an post atá ag Fata-cheann sa scéal ‘le surveillant’ – post nach mbeadh ag duine i scoil in Éirinn.  Tugtar ‘feighlí na scoile’ agus ‘feighlí an chlóis’ air sa leagan Gaeilge.  Chomh maith le post ‘le surveillant’ luaitear ‘monsieur le Directeur’ agus níor mhór a ról a athrú sa leagan Gaeilge agus an príomhoide a thabhairt air.  Tugann ‘monsieur le Ministre cuairt ar an scoil agus sa leagan Gaeilge beartaíodh go dtabharfadh an Taoiseach cuairt ar an scoil.

Bhí roinnt rudaí beaga eile a bhí le dúchasú, go háirithe bia.  Mar a luaitear thuas, bíonn duine de na buachaillí de shíor ag ithe agus is minic gur sainbhia na Fraince a bhíonn ann.  Athraíodh cineál an bhia sin agus rinneadh iarracht téarmaí a úsáid arbh fhurast a dtuiscint seachas téarmaí aduaine a úsáid, e.g. une tartine de confiture (píosa aráin a raibh subh air); un petit pain au chocolat (briosca seacláide); quatre petits pains pleins de beurre (na ceapairí go léir); un gâteau, des bonbons ou du boudin blanc (cáca milis nó milseáin nó brioscaí seacláide).  Sa chaibidil ina dtugann an cigire cuairt ar an rang, insíonn duine de na leanaí fabhalscéal dó faoi phréachán, agus sa leagan Fraincise tosaíonn díospóireacht i measc na leanaí faoin gcineál cáise a bhí ann:

“Un roquefort? a demandé l’inspecteur, qui avait l’air de plus en plus étonné.

“Mais non,” a dit Alceste, “c’était un camembert.”

Beartaíodh gan brandaí/cineálacha faoi leith cáise a lua sa leagan Gaeilge ó tharlaíonn nach mbeadh cur amach ag na spriocléitheoirí orthu agus is é atá sa leagan Gaeilge:

“Cáis ghabhair?” arsa an cigire, agus níos mó agus níos mó den iontas air.

“Tá tú mícheart,” arsa Tomás, “cáis chaorach a bhí ann.”  

Nuair a thugann Nioclás gadhar abhaile sa chaibidil ‘Reics’, scriosann sé bláthanna sa ghairdín.  ‘Bégonias’ atá sa bhunleagan ach arís, de bhrí nach focal coitianta sa Ghaeilge é ‘beagóinia’ agus go bhféadfadh sé mearbhall a chur ar léitheoirí óga, tugtar ‘rósanna’ orthu sa leagan Gaeilge.

Agus na buachaillí ag spraoi faoi bhréagriocht lá amháin, deir Nioclás sa bhunleagan, ‘Moi, j’avais un masque noir qu’on m’avait donné pour Mardi-Gras.’ Rinneadh ‘Mardi-Gras’ a dhúchasú freisin agus is é atá sa leagan Gaeilge, ‘Bhí aghaidh fidil dhubh, a tugadh dom d’oíche Shamhna, á caitheamh agamsa…’

Nuair a thagann an Taoiseach ar cuairt chun na scoile seinntear ‘Amhrán na bhFiann’ san áit ar casadh ‘La Marseillaise’ sa bhunleagan.  Ar an mbonn céanna, deir na leanaí ‘Báidín Fheidhlimí’ lá na nduaiseanna nuair a deir leanaí an bhunleagain ‘Frère Jacques’.  Ina dhiaidh sin sa scéal céanna, déanann duine de na leanaí cur síos ar a ndúirt an mháistreás leo faoin dráma a bheadh ar siúl acu, Tomáisín na hOrdóige agus Cat na mBuataisí (Le Petit Poucet et le Chat Botté sa bhunleagan) agus deir sé:

Je sais qu’il y a le Petit Poucet qui cherche ses frères et il rencontre le Chat Botté et il y a le marquis de Carabas et un ogre qui veut manger les frères…

Rinneadh dhá athrú san abairt áirithe seo, ceann a bhain le dúchasú (‘Fionn Mac Cumhaill’) agus ceann a bhain le téarma ginearálta (‘arracht’) seachas téarma a bhaineann le carachtair scéalaíochta cultúir eile (un ogre).  Seo a leanas an leagan Gaeilge:

Tá a fhios agam go bhfuil Tomás na hOrdóige ann agus go bhfuil sé ag lorg a dheartháireacha agus go gcastar Cat na mBuataisí air agus go bhfuil Fionn Mac Cumhaill ann agus arracht mór atá ag iarraidh deartháireacha Thomás na hOrdóige a ithe…

Ba é an t-athrú ba mhó a rinneadh ar an mbunleagan, an t-aistriú a rinneadh ar an gcaibidil dar teideal Djodjo.  Tá an chaibidil seo bunaithe ar mhíthuiscint na leanaí mar gheall ar dhifríochtaí fuaimniúcháin idir an Fhraincis agus an Béarla.  Is amhlaidh go dtagann buachaill nua chun na scoile ó Shasana chun an Fhraincis a fhoghlaim.  George is ainm dó.  Scríobhtar a ainm ar an gclár dubh agus cuireann sé é féin in aithne don rang.  Tá difear, dar ndóigh, idir an t-ainm a shamhlaíonn na daltaí eile ón méid a scríobhtar ar an gclár dubh, /ʒɔ̃ʁʒ/, agus an rud a deir George féin,  /dʒɔː(ɹ)dʒ/.  Ansin tosaíonn na daltaí go léir ag spraoi le fuaimeanna agus iad ag iarradh idir Jojo, /ʒoʒo/, agus Djodjo, /dʒodʒo/, a thabhairt ar an dalta nua agus ag tabhairt Djoachim ar Joachim agus mar sin de.  Níor mhór an chaibidil sin a athrú ó bhonn agus beartaíodh ar dhalta ón Spáinn a thabhairt isteach sa rang ina labhraíonn gach duine Gaeilge agus José a thabhairt air.  Nuair a fheiceann na leanaí an t-ainm ar an gclár samhlaíonn siad /dʒo:se:/, ach gan amhras nuair a labhraíonn sé féin is /xo:se:/ nó Chósae a chloiseann na leanaí.  Theastaigh ó dhuine amháin Josie /dʒo:si:/, ainm a bheadh sách coitianta i gceantar Gaeltachta, a thabhairt air, agus deir duine eile gur /xo:si:/ ba cheart a rá.  Ar an mbonn céanna leis an mbunleagan, déantar Chósamh de ‘Seosamh’ agus iad ag spraoi leis an bhfuaim nua.

Anuas air sin, is beag den Fhraincis a thugann George leis sa bhunleagan ach amháin na focail sin a chuala sé i measc na leanaí eile ach nár cheart dó a thabhairt leis, e.g. ‘Dingue, espèce guignol, sale menteur, sauvage, mal élevé’ an abairt a bhíonn aige ar fhágáil na scoile dó.  Fágann José an scoil agus ‘A Dhiabhail! A Chloigneacháin! A Phleota! A Bhréagadóir lofa! Bithiúnaigh gan bhéasa,’ ar a theanga aige.

Tá stíl faoi leith scríbhneoireachta agus teanga faoi leith ag baint leis an mbunleabhar, mar a luaitear sa chur síos ar an leabhar ar amazon.com: The narration is a pastiche of childish storytelling, with run-on sentences and schoolyard slang used in abundance…’ (https://www.amazon.com/Petit-NIcolas-Collection-French-volumes/dp/032008258X)  Tagraíonn Marsh don ‘Français familier’ seo ina alt sa French Review ar an leabhar a úsáid do mhúineadh na Fraincise ar scoil i Meiriceá (1983).  Tríd is tríd, rinneadh iarracht cloí le stíl sin an bhunleabhair, go háirithe maidir le habairtí fada ilchlásal nach mbeadh chomh coitianta céanna sa bhunscríbhneoireacht Ghaeilge.  Is léiriú iad na habairtí sin ar an rabharta smaointe agus tuairimí a ritheann le leanbh, Nioclás sa chás seo, agus é ag iarraidh scéal a insint nó cur síos a dhéanamh ar rud éigin.  Maidir le gnéithe inteanga na Fraincise, go háirithe ‘Français familier’ Niocláis, níorbh fhéidir a leithéid a athchruthú go díreach sa Ghaeilge.  Cuir i gcás an úsáid a bhaineann Nioclás agus a chairde as an bhforainm ‘on’ agus an úsáid a bhaineann siad as ainmfhocal agus forainm araon a bheith ina n-ainmní ag briathar in aon abairt amháin, ar mhaithe le béim a leagan ar an ainmfhocal e.g. ‘nous l’aimons bien la maîtresse’; ‘La maîtresse, elle a fait...’ nó an abairt iontach seo ó leabhar eile du Petit Nicolas: ‘Parce que vous savez, ce genre de choses, moi, il ne faut pas me les dire deux fois.

Rinneadh iarracht sa dá aistriúchán a phléitear anseo, an cineál teanga agus friotail a mbeifí ag súil leis ón gcarachtar nó ón reacaire a chur ar fáil sa Ghaeilge ag féachaint do dhul na Gaeilge, do stíl an bhunleagain agus do leibhéal tuisceana na spriocléitheoirí.  Mar sin féin, níor seachnaíodh focail ná struchtúir áirithe, ar mhaithe leis an téacs a shimpliú, sa chás gur measadh gá a bheith leo.  Ábhar plé é sin do lá éigin eile, seans.  Mar fhocal scoir, luafad ar scríobh Seán Ó Cíosáin faoi litríocht a aistriú go Gaeilge (Ó Cíosáin, 1973: 76):

De ghnáth, bíonn a bheag nó a mhór de sclábhaíocht ag baint le saothar aistriúcháin.  Ó ghabh mé le Rannóg an Aistriúcháin tá cúpla milliún focal aistrithe agam ó Bhéarla go Gaeilge agus ábhar tirim tur a lán den saothar sin.  Ach ní mór dom a rá gurbh aoibhinn liom an t-am a chaith mé ag cur Gaeilge ar The Vicar of Wakefield.

Fearacht an Chíosánaigh, ba mhór an sásamh a bhaineas as na saothair thuas a aistriú agus tá súil agam go dtabharfaidh an plé thuas éachtaint ar an ngné ‘dhofheicthe’ sin de dhofheictheacht an aistritheora agus go spreagfar daoine chun na léitheoireachta agus an aistrithe litríochta.

 

Aguisín 1

Réamhrá Thadhg Uí Mhurchadha leis an leabhar Eachtra Robinson Crúsó:

Roiµra«

IN certain portions of " Robinson Crusoe " I found several words for which I have never heard any Irish. Amongst those are such terms as : mathematics, equinox, equator, latitude, longitude, deck, founder, etc. There are dictionary words for some of these, but, as they were quite unintelligible to me, I thought it better to translate their meanings as well as I could. For instance--mathematics: the dictionary word "ríomhaireacht," as far as I know, is not in the people's speech, whilst the current word, "áireamh" does not translate its meaning to speakers of my class.

I have heard "cúm" and "bolg" for "hold" (of ship), and I have used both terms. It will be noticed that I have treated such words as “bád" and "gabhar" according to usage. Of the word "founder'' I have given an explanation in the notes. The rest of the work I have endeavoured to translate in accordance with the mode of thought and forms of expression used by the generation of Irish speakers of sixty years ago, from whom I learned to speak Irish, my first language.

In this translation I make no pretence whatever to a literary knowledge of either Irish or English, nor do I think that my effort is all that could be desired. The thoughts and ideas in "Robinson Crusoe" are altogether foreign to the thoughts and ideas of the tales I heard told in my youth, a fact which in itself made this translation all the more difficult.

Indeed I may say that I would never have undertaken the work were it not for the respect I owe to the memory of my old friend Donnchadh Pléimionn, who himself intended, had God spared him, to translate the whole work into Irish.

 

 

 

Aguisín 2

Réamhrá Chonaill Chearnaigh leis an leabhar Don Cíochóté:

EDITOR'S PREFACE

CERVANTES' immortal work - Et ingenioso hidalgo Don Quixote de la Mancha - has been described as at the same time the most cosmopolitan and the most intensely national book in the world.

The first part of it was published in 1605 ; and almost immediately versions of it began to be made in the principal languages of Europe. Beginning with the first English version by Shelton, published in 1612, there followed in chronological order translations into French (1616), German (1621), Italian (1622), Dutch (1657), Russian (1769), Danish (1776), Polish (1786), Portuguese (1794), Swedish (1802), Hungarian (1848), Modern Greek (1860), Bohemian (1866), Serbian (1882).

Not only so, but it has been translated several times into each of the most widely-spoken tongues of Europe;· so that, in a sense, it may be said to have been translated more frequently than even the Bible or the lmitatio Christi. So far as I have been able to ascertain, no version has hitherto appeared in any of the Celtic languages ; and so, to Irish belongs, in this respect, the glory of precedence among those tongues; and to Canon O'Leary is due the undying gratitude of the Gael. More than twenty years ago, I made the acquaintance of Don Quixote in the original ; and I have read it several times since then. I have also, of set purpose, closely compared with it many versions in English and other languages. Accordingly the Irish reader may rest assured that I have reasonable grounds for stating that, in my opinion, Canon O'Leary's version is, taking it all in all, by far the best that I have read. Nay more, I venture to assert that, in some respects, it is superior to the original. This is partly due to the wonderful flexibility of the Irish language:­ especially when wielded by the greatest living writer of that tongue.

In what other language in Europe could a placename like Taprobane become so readily naturalized as it does in the Irish Tiobruid Bhán? Or a personal name like Alifanfaron yield Amhlaoibh-gan-fearann. In the second place, the Canon's versions and modernizations have always been characterized by judicious omissions and condensations; the residuum being always charmingly fresh and free from prolixity. For example, in the present version, the long and tedious disquisition on the relative values of early Spanish romances is wisely omitted, as containing no matter of ordinary human interest, even for a Spaniard of the present day. The version has gained - not lost - by such omissions. Canon O'Leary has concentrated all the reader's interest on the central figure of the story: in a word, he has given us the Quintessence of Quixote. Thirdly, he has surpassed Cervantes in wisdom, by stopping short at the end of the First Part of the story. Of course, Cervantes had no alternative, after the impudent plagiarism of Avellanada, but to complete the Second Part. Yet, the Second Part is an acknowledged failure, as compared with the First. Of it we can only exclaim, “What a falling-off was there" - "Quantum mutatus ab illo " !

And so, notwithstanding the promise latent in the closing sentence, I prefer to take as farewell words those immediately preceding – fágaimid annsan iad – "Let us leave them there"!  Leave the principal characters on the stage as the curtain rings down (for, although two of them are technically-speaking "off," their reappearance is momentarily expected): Sancho seeking Don Quixote in the Sierra Morena, while the Priest and the Barber await the return of both. Leave them as Cervantes should have left them : Immortals– ''deathless persons in an endless tale."

Conall Cearnach.

 

Aguisín 3

Réamhrá an Athar Peadar leis an leabhar Don Cíochóté:

Seo mar a tharla

Timpeall cheithre bliana fichead ó shin bhíos thiar i gCill Chaoi ag an sáile. Do bhuail umam ann, agus mé ag siúl go réidh ar bruach na farraige, fear a bhí ag siúl ar an gcuma gcéanna. Do labhramair. Níorbh fhada, sa chaint dúinn, gur thuigeas féin gur Spáinneach é. Chromas ar thrácht ar an Spáinn; ar chlann Mhíleadh a tháinig go hÉirinn fadó ón Spáinn; ar an gcogadh mór a bhí sa Spáinn in aimsir Bhónapart; agus ar na tréithe Spáinneacha atá le feiscint, anois féin, in a lán de sna daoine a rugadh agus a tógadh sa chúinne sin thiar theas den oileán so na hÉireann; agus mar sin.

          Sa chaint dom leis chuireas ceisteanna chuige i dtaobh an Spáinnise; ansan, i dtaobh scríbhinní na Spáinnise, agus i dtaobh léinn na Spáinnise, agus i dtaobh na leabhar agus na n-údar atá acu sa Spáinnis. Bhí sé ag freagairt na gceisteanna dhom, agus ba mhaith chuige é agus ba thuisceanach. Fé dheireadh chuireas ceist éigin chuige i dtaobh “Don Quixote.”

          “Don Quixote; Don Quixote;” ar seisean agus é ag machnamh. “Ní heol dom aon údar Spáinneach, ná aon leabhar Spáinneach, ná aon fhocal Spáinneach den tsórt san,” ar seisean agus ionadh air. “Níor airíos riamh an focal san ‘Quixote’,” ar seisean.

          “Ó,” arsa mise, “ní foláir nó d’airís. Scéal is ea é atá leata ar fuaid na hEúróipe go léir. Míguél Cerbhantés ainm an fhir a scríobh an leabhar.”

          “Ó!” ar seisean, agus thug sé léim ón dtalamh, “ ‘Don Cíochóté’ atá ar siúl agat! ‘Don Cíochóte’; ar nóin d’airigh gach aoinne teacht thairis sin!”

          Thuigeas-sa im aigne an uair sin gur “Don Cíochóté” an ainm cheart, agus gur loit muintir an Bhéarla é nuair a dheineadar “Don Quixote” de, agus go raibh an lot chomh tubaisteach san nár aithin an Spáinneach féin é nuair airigh sé é!

          D’fhan an méid sin scéil im aigne riamh ó shin, go dtí leathbhliain ó sin, nuair a chuimhníos gur mhaith an rud an scéal Spáinneach san a chur síos i nGaeluinn. Ansan do thuigeas, dá mbeadh aon tseans go gcasfaí an Ghaeluinn sin agus an Spáinneach úd ar a chéile, gur mhaith an rud “Don Cíochóté,” an ainm a thug sé dhom, a bheith mar ainm sa Ghaeluinn ar an scéal.

          Chuir duine éigin Béarla ar an scéal; agus, chomh fada agus a théann mo thuairimse, tá feabhas an scéil sa Bhéarla chomh fada óna fheabhas sa Spáinnis agus atá an focal “Don Quixote,” ón bhfocal “Don Cíochóté.”

 

Peadar Ua Laoghaire.

Caisleán Ua Liatháin

Bealtaine 5,

1912.

 

 

[1] Cuir i gcás Tír na nIontas (Wonderland), An Puisín Clárach (The Cheshire Cat), Haitéir (Hatter), Gríobh (Gryphon), An Turtar Bréige (The Mock Turtle). Tugtar faoi deara go n-aistrítear ainmneacha dílse chomh maith, e.g. Eilís (Alice), Liam (Bill), Máire Áine (Mary Ann), Peait (Pat), etc.

[2] Cuir i gcás Nairnia (Narnia), An Bandraoi Bán (The White Witch), Máistir & Máistreás Béabhar (Mr & Mrs Beaver), Áslan (Aslan), Mógraim (Maugrim). Tugtar faoi deara go bhfágtar Peter, Susan, Lucy agus Edmund gan aistriú.

[3] Cuirtear an cur chuige seo i gcomparáid le cur chuige Colin Parmar ar fhoilsigh Evertype aistriúchán leis dar teideal Asarlaí Iontach Oz in 2018 – leagan daite le bunléaráidí Denslow faoi chlúdach crua.  Traslitriú is mó a rinne Colin Parmar, e.g. Muinscineach (Munchkin), Caileadaí (Kalidahs), Cuadlaíneach (Quadling), Ceann Casúir (Hammer-Head), Buincíoch (Winkie).

[4] Maidir leis an ainm áirithe seo, beartaíodh ar ‘Fear Bréige’ a úsáid ar deireadh as measc roinnt téarmaí Gaeilge ar an gcoincheap ar a dtugtar ‘Scarecrow’ as Béarla.  Tugann Foclóir Uí Dhónaill na focail ‘babhdán’, ‘coigealach’ agus ‘fear bréige’, tugann Foclóir de Bháldraithe ‘taibhse préachán’; tugann Seán an Chóta ‘bréagóg’ agus úsáidtear an focal ‘fuamarán’ i gCorca Dhuibhne, cé nárbh fhéidir teacht ar aon fhoinse dó i scríbhinn.  Toisc an dara nó an tríú brí a bheith ag cuid de na téarmaí sin (babhdán, coigealach, taibhse) agus gur téarmaí nach n-úsáidtear go forleathan cuid eile acu (bréagóg, fuamarán), roghnaíodh Fear Bréige i ndeireadh na dála.  Oireann an téarma don scéal leis, óir fear bréige ba ea é murab ionann agus an Fear Coille Stáin ar fhear é tráth ach gur cuireadh baill bhréige colainne air de dhéanamh stáin.

Chuir Colin Parmar (feic fonóta 10) ‘babhdán’ air de bhun luí le canúint Uladh, is dócha.  Bhí col agam féin leis an téarma sin as measc na roghanna a luaitear thuas de bharr gurb as sin a fhaighimid coincheap an ‘boogy man’ a d’úsáidtí chun scanradh a chur ar leanaí.  Is spéisiúil ann féin é gur ó fhocal meán-Bhéarla ‘bugge’ (‘terror, bugbear, scarecrow’ OED), a fhaightear an leagan is coitianta den choincheap sa Bhéarla – bogey(man).  Toisc nár theastaigh uaim go dtuigfí óna ainm gur neach scanrúil a bhí ann a bheartaíos gan an téarma áirithe sin a úsáid.

[5] ‘Slíodóir, sly, ingratiating, person; skulker, sneak’ (Foclóir Uí Dhónaill), a thugtar air i leagan Colin Parmar.

[6] Cuirtear an cur chuige seo i gcomparáid arís le haistriú Colin Parmar (fonóta 10 thuas): Dorataí, Anraí, Eim agus Glionda.

[7] Ba ghnách gan aon chur isteach a dhéanamh ar ainmneacha dílse ach amháin síneadh fada anseo agus ansiúd, e.g. Ricardó (Sa Villa Rose), Rósanna (An Ré-Sheod); nó athrú tosaigh e.g. ar Bhen Hur, a Pheggotty (David Copperfield).

[8] Aistriúchán le Darach Ó Scolaí a d’fhoilsigh Leabhar Breac in 2016. Fágtar ainmneacha dá leithéidí Jim Hawkins, Long John Silver, Captaen Smollett, an Dochtúir Livesey, etc. gan aistriú.  Tugtar faoi deara, áfach, in aistriúchán eile le Darach Ó Scolaí a d’fhoilsigh an foilsitheoir céanna sa bhliain chéanna, An Fuadach, (leis an údar céanna – Robert Louis Stevenson) go n-aistrítear na hainmneacha dílse go Gaeilge e.g. Dáibhí Balfúr (David Balfour), Eibinéasar (Ebenezer), Óiséasan (Hoseason), Cluanaidh (Cluny), toisc an scéal a bheith lonnaithe i nGarbhchríocha na hAlban, is dócha.

[9] Is é Séamus an duine is fearr sa rang agus is é peata na máistreása é; Tomás, atá mór ramhar agus a chaitheann a chuid ama ar fad ag ithe; Máirtín, atá an-láidir agus a dtaitníonn sé go mór leis buille sa phus a thabhairt do dhaoine.

Leabharliosta: 

Leabhair

Barrie, J. M., (1911) Peter and Wendy.  Nua-Eabhrac: Charles Scribner's Sons.

Barrie, J. M., & Ní Ghráda, M., (1938) Tír na Deo.  Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Baum, L. F., & Ó Coileáin, S., (2019) Asarlaí Oscartha Oz.  Gaillimh: Gabhairín Reo.

Baum, L. F., & Parmar, C., (2018) Asarlaí Iontach Oz.  Cathair Na Mart, Co. Mhaigh Eo: Evertype.

Carroll, L., & Williams, N., (2007) Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas.  Cathair Na Mart, Co. Mhaigh Eo: Evertype.

Defoe, D., & Ó Murchadha, T., (1915) Eachtra Robinson Crúsó Cuid 1.  Baile Átha Cliath: Connradh Na Gaedhilge.

Dickens, C., & Mac Maoláin, S., (1933) Scéal Fá Dhá Chathair.  Baile Átha Cliath: Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Dickens, C., & Ó Ruadháin, S., (1938) David Copperfield.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Goscinny, R. & Ó Coileáin, S., (2019) Nioclás Beag: Eachtraí.  Corcaigh: Dalen Éireann.

Goscinny, R. & Sempé, J., (2007) Le Petit Nicolas.  Paris: Folio Junior.

Lewis, C. S., & Mac Lochlainn, A., (2014) An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh.  Baile Átha Cliath: An Gúm.

Mason, A. E. W., & Ó Gríobhtha, M., (1929) Sa Villa Róse.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Myles na gCopaleen, (1941) Cruiskeen Lawn.  The Irish Times, 11 Eanáir.

Ní Ghráda, M., & Winter, E., (1984) Micilín agus an Dá Leipreachán.  Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Cíosáin, S., (1973) Is Ait an Mac an Saol.  Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Tta.

Ó Ríordáin, S., & Ó Dúshláine, T., (2014) Anamlón Bliana: ó Dhialanna an Ríordánaigh.  Indreabhán, Conamara: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Súilleabháin, D., (1933) Eachtraí Shéamuis Uí Dhuibhir.  Baile Átha Cliath: Oifig Foillseacháin Rialtais.

Packard, Frank L. (Frank Lucius), (1922) The Adventures of Jimmie Dale.  Nua-Eabhrac: G.H. Doran.

Stevenson, R. L., & Ó Scolaí, D., (2014) Oileán an Órchiste.  Indreabhán, Gaillimh: Leabhar Breac.

Stevenson, R. L., & Ó Scolaí, D., (2016) An Fuadach.  Indreabhán, Gaillimh: Leabhar Breac.

Ua Laoghaire, P. An tAth., (1912) Don Cíochóté.  Baile Átha Cliath: Brún & Ó Nualláin.

Venuti, L., (1995) The Translator's Invisibility: A History of Translation.  Londain; Nua-Eabhrac: Routledge.

Foinsí Leictreonacha

Brooks, R., (2017) The Challenges of Translating Literature. Le fáil ag: https://k-international.com/blog/the-challenges-of-translating-literature/, 29 Bealtaine.

Caomhánach, S. Óg. Croidhe Cainnte Chiarraidhe.  Le fáil ag: https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2016/06/8fddae92ae307b022d964ebe73d45df6.pdf.

Derbyshire, K., (2018). What makes a translation great. Scroll.in. Le fáil ag: https://scroll.in/article/876969/.

France, M., (2019) Between worlds: in praise of the literary translator. Prospect Magazine. Le fáil ag:  https://www.prospectmagazine.co.uk/magazine/miranda-france-on-translation-translators-literature.

Hahn, D. & Riaz, F., (2014) What Makes a Good Literary Translator. Voices Magazine. Ar fáil ag : https://www.britishcouncil.org/voices-magazine/what-makes-good-literary-translator.

Marsh, R. (1983). Teaching Language with Le Petit Nicolas. The French Review, 56(4), 607-612. Le fáil ag: www.jstor.org/stable/391426 (Léite: 9 Eanáir 2020).

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Mc Crory, A., (2009) Aistriú Ainmneacha Carachtar i Litríocht do Pháistí.  Tráchtas Neamhfhoilsithe: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.