Iniúchadh ar thionchar an Phiarsaigh ar Mháire agus é ag scríobh Mo Dhá Róisín (1921)

Padaí de Bléine
Topaic(í): 

Cúlra

Tháinig an Piarsach ar an tsaol sa bhliain 1879 agus tháinig ‘Máire’ ar an tsaol deich mbliana ina dhiaidh. Sna blianta idir breith an Phiarsaigh agus breith ‘Mháire’ tháinig borradh mór faoi na heagraíochtaí a raibh sé d’aidhm acu an Ghaeilge a athbheochan.  Ba sa bhliain 1893 a bunaíodh Conradh na Gaeilge, eagraíocht a mbeadh an bheirt acu ina mball de agus eagraíocht a d’imreodh tionchar nach beag ar a ndearcadh polaitiúil.  Go deimhin, scríobh an Piarsach in The Irish Volunteer ar 7 Feabhra 1914 gur cuireadh tús leis an réabhlóid Ghaelach nuair a tháinig seachtar fear le chéile i 9 Sráid Uí Chonaill leis an Chonradh a bhunú.  Dhealródh sé ó scríbhinní Mháire gur imir an Piarsach tionchar mór airsean maidir le cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí oideachais. Léirítear an tionchar sin i ndírbheathnaisnéisí ‘Mháire’ – Nuair a Bhí Mé Óg (1942) agus Saol Corrach (1945).  Deir Hodgins (2006: 68) go raibh ‘Máire’ go mór faoi anáil scríbhinní an Phiarsaigh, go háirithe ó thaobh cúrsaí oideachais agus polaitíochta de, agus gur minic tagairtí don Phiarsach agus don Murder Machine in Saol Corrach.  Is léir ó scríbhinní ‘Mháire’ in Feara Fáil (1933) go raibh ardmheas aige ar an Phiarsach agus é á mholadh go hard as a chuid litríochta agus as a bhua cainte.  Is é atá údar an ailt seo ag iarraidh a fháil amach an bhfuil fianaise shoiléir in Mo Dha Róisín (1921), an chéad úrscéal de chuid Mháire a foilsíodh, de thionchar an Phiarsaigh air maidir le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí oideachais, cúrsaí creidimh agus stádas na mban agus é á scríobh.     

Cúrsaí polaitíochta

Pléann Mo Dhá Róisín le hÉirí Amach na Cásca agus cúrsaí polaitíochta na ré sin.  Tugann an t-úrscéal léargas don léitheoir ar dhearcadh polaitiúil ‘Mháire’ ag an am sin agus is féidir a mhaíomh ó ábhar an úrscéil go bhfuil sé báúil leis na fir agus leis na mná a throid san Éirí Amach.  Deir Titley (2002: 362), ‘más beag úrscéal de chuid Mháire nach bhfuil imir éigin den pholaitíocht tríd, gabhann sé cosán níos dírí chuici in Mo Dhá Róisín.  Léiríonn ‘Máire’ an meas atá aige ar pholaitíocht an Phiarsaigh trí na carachtair Róise Ní Chearbhaill agus Labhras Óg Ó Baoill a chruthaíonn sé san úrscéal Mo Dhá Róisín.  Tá tréithe áirithe an Phiarsaigh léirithe sa dá charachtar sin; an duine tírghrách agus trodaire teanga i Róise agus an fear ciúin cúthail i Labhras Óg.  Cuireann Róise síos ar an Phiarsach in Mo Dhá Róisín, (Ó Grianna, 1921:47) mar ‘Ardmháistir Scoil Éanna, agus an Gael is fearr againn’.  Agus é ag tagairt don Phiarsach, deir Labhras Óg, ‘…thaitin a chuma agus a dhreach go mór leis – na súile beocha, loinnireacha, an t-éadan leathan agus an smigead corrach. Níorbh aghaidh a chasfaí ort achan lá’ (48).  Is fiú cuimhneamh gur scríobh ‘Máire’ an t-úrscéal seo cúig bliana i ndiaidh an Éirí Amach, agus imeachtaí na tréimhse corraí sin go fóill beo ina intinn agus in intinn mhuintir na tíre.  Deir Delap (1993: 40) gur le réalachas a linne féin a chaith scríbhneoirí na bhfichidí a ndúthracht agus gur bhain an stair le heispéireas na n-údar féin.  B’amhlaidh an cás é le ‘Máire’ agus é i mbun pinn le Mo Dhá Róisín agus imeachtaí an Éirí Amach fós beo ina intinn.  Bhí ‘Máire’ i ngéibhinn i nDroichead Nua agus é in éadan an Chonartha i gCogadh na gCarad. Deir Ó Baoighill (1994: 116):Mheas sé [Máire] nach raibh siad [an Rialtas] dáiríribh fá na cúspóirí ar throid siad ar a son agus a dtug go leor a mbeo’.

Ní hiontas ar bith é mar sin a leithéid d’úrscéal a fheiceáil ag teacht ó pheann an Ghriannaigh agus é faoi thionchar an Phiarsaigh. Deir Mac Congáil (2010: xvii) gur úrscéal cúise nó tírghrách atá ann go príomha, atá lomlán d’idéalachas agus d’idé-eolaíocht cheannairí Éirí Amach na Cásca, 1916.  De réir Nic Eoin (1992: 182), ‘tá go leor bolscaireachta do chúis na tíre agus na Gaeilge le fáil sa leabhar’.  Maíonn sí fosta go bhfuil frith-Shasanachas an údair agus náisiúnachas rómánsúil a linne le haireachtáil síos fríd an úrscéal.  Tagann an teideal féin ó sheanamhrán tírghrách Róisín Dubh. Is é Róisín Dubh an t-ainm ceanúil ar Éirinn a bhí ag an fhile a chum an t-amhrán sa tseachtú haois déag agus ní comhtharlú ar bith é gurbh í Róise ainm an bhanlaoich san úrscéal Mo Dhá Róisín.  Is é seo mar a chuirtear síos ar an amhrán ‘Róisín Dubh’ in Leabhar Mór na nAmhrán, (2012: 819), ‘…ach is cosúil gur amhrán grá a bhí i gceist ar dtús agus gur baineadh brí pholaitiúil as níos déanaí’, agus cuireann Ó hAodha in Óir Chiste, (1922: 11) síos air mar, ‘an t-amhrán grá (grá d’Éirinn) is paiseanta dá bhfuil againn’.  Má chuirtear tús leis an úrscéal cúise seo le tagairt d’amhrán paiseanta, cuirtear clabhsúr leis le líne a d’aistrigh ‘Máire’ go Gaeilge ó óráid thar a bheith paiseanta a thug an Piarsach ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa: ‘A fhad is a bheas na huaigheannaí seo in Éirinn, ní bheidh suaimhneas inti gan saoirse’, (Ó Grianna, 1921: 103). Chuir an Piarsach tús leis an óráid ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa i nGaeilge.  Tá na frásaí ‘ná bíodh brón ar éinne’ agus ‘ná bíodh brón orainn’ san óráid agus dhealródh sé go dtagraíonn siad don amhrán tríghrách Róisín Dubh; ‘Is a Róisín, ná bíodh brón ort faoinar éirigh duit’.  Scríobh ‘Máire’ (1933: 123):

Duine ar bith a chuala óráid an Phiarsaigh an lá sin nó a léigh í go gearr ina dhiaidh sin b’fhurasta dó aithne gur gheall le fear é. Is furasta an chaint a thig ón chroí a aithne.

Dhealródh sé ón sliocht thuas gur léigh ‘Máire’ an óráid go gearr i ndiaidh don Phiarsach í a thabhairt agus go ndeachaigh sí i bhfeidhm go mór air.  Má bhí an Piarsach faoi thionchar an tseanamhráin a dtagraíonn sé go ceanúil dó in alt dá chuid dar teideal ‘Ghosts’ (Lá Nollag, 1915) i Scoil Éanna, agus faoi thionchar an tsean-Fhínín agus é ag scríobh a óráide in ómós Uí Dhonnabháin Rosa, dhealródh sé go raibh ‘Máire’ faoi anáil an Phiarsaigh agus é ag scríobh Mo Dhá Róisín.   

Cuireann ‘Máire’ deireadh leis an chéad chaibidil san úrscéal Ar Uaigh Mo Charad le cineál d’fhorógra. Tháinig an forógra seo ó pheann an Ghriannaigh; ‘A uaisle Gael a léifeas an scéilín seo, cuimhnígí, má tá go bhfuil Éire saor anois, nárbh amhlaidh a bhí i gcónaí’, (Ó Grianna, 1921: 7), ach is léir do léitheoir an úrscéil go bhfuil fealsúnacht an Phiarsaigh taobh thiar den fhorógra.  Tugann Ó Gallchóir (1992: 52) le fios gurbh é díghalldú na tíre fealsúnacht ‘Mháire’ agus gurbh iad Tone, Mitchel agus an Piarsach a oidí polaitíochta. Castar an carachtar Róise Ní Chearbhaill orainn go luath san úrscéal agus tagann fealsúnacht an Phiarsaigh chun beatha inti.  Tugann Róise aghaidh ar Cheann Dubhrann leis an Ghaeilge a fhoghlaim:

Bhí spéis mhór ag an chailín seo ins an Ghaeilig nó ba mhinic a tugadh fá deara gur ghnách léi imeacht léi féin fríd mhuintir na háite agus lucht na coláiste agus a gcuid Béarla a fhágáil ansin.  (Ó Grianna, 1921: 10)

Dála Róise, chuir an Piarsach dúil sa teanga agus é ina dhalta iar-bhunoideachais gan mórán Gaeilge aige.  Deir Mac Uistín (2006: 15) ina bheathaisnéis nach raibh mórán Gaeilge ag an Phiarsach agus é ag toiseacht ar an scoil ach gur cosúil nárbh fhada go raibh an Ghaeilge ar a thoil aige.  Ba é a dhála céanna é ag Róise agus í ag freastal ar choláiste Gaeltachta den chéad uair agus ag bunú craobhacha de Chonradh na Gaeilge níos faide anonn.  Thit an Piarsach i ngrá le Ros Muc, ar an dóigh chéanna ar thit Róise i ngrá le Ceann Dubhrann, agus thóg sé teach ceann tuí i Ros Muc inar chaith sé tréimhsí fada agus é ag foghlaim na Gaeilge ó mhuintir na háite.  Bhí an teach i Ros Muc mar a bheadh domhnán aige, an domhnán céanna a dtagraíonn sé dó i ndán dá chuid ‘The Fool’ agus é ag guí go dtiocfadh na milliúin a chónaí ann sa todhchaí, teach a mhúnlaigh sé ina chroí, teach uasal a smaointe.  Ba sa teach ceann tuí seo i Ros Muc a mhúnlaigh an Piarsach a bharúlacha polaitíochta don óráid a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa agus d’Fhorógra Phoblacht na hÉireann, barúlacha polaitíochta a mbeadh ‘Máire’ ag teacht go huile is go hiomlán leo agus fear ionaid an rí in Éirinn ag cur faoi in áit an-chóngarach do Ros Muc.  Thuig an Piarsach agus thuig ‘Máire’ féin, mar a léiríonn sé dúinn trí Róise san úrscéal, a luachmhaire a bhí tobar na Gaeltachta ag an fhoghlaimeoir teanga agus d’fhill sé ar Ros Muc bliain i ndiaidh bliana le cur lena chuid Gaeilge.  Deir Ó Baoighill (1994: 51) gur thug an Piarsach cuairt ar Ghaoth Dobhair, ar na Rosa agus ar Chloch Chloch Chionnaola sa bhliain 1907 le Tomás Bán Ó Concheanainn leis na scoileanna Gaeltachta a spreagadh agus tá tréithe seo an trodaire teanga léirithe ag ‘Máire’ sa charachtar Róise.

Dhealródh sé mar sin go bhfuil cuid de thréithe an Phiarsaigh sa charachtar Róise. Dála an Phiarsaigh, bhí Róise ag triall ar an Ghaeltacht bliain i ndiaidh bliana agus í ag iarraidh barr feabhais a chur ar a cuid Gaeilge.  Bhí sí ina ball gníomhach de Chonradh na Gaeilge agus bhíodh sí i gcónaí ag spreagadh Labhras Óg le craobh de Chonradh na Gaeilge a bhunú ina cheantar féin. I gCaibidil V ‘Ar Chuir Tusa Báire?’ cuireann Róise in iúl do Labhras Óg a thábhachtaí atá an teanga don náisiún:

Anois, ar sise, caithfear an Ghaeilge a shábháil, sin nó an tír a chailleadh. Tír gan anam tír gan teangaidh. Ní bheadh Éire leath an ama seo faoi chrann smola ag Sasain mar atá sí ach go b’é gur ligeadh bás na Gaeilge. Agus má bheir rud ar bith spiorad na náisiúntachta ar ais, is í an Ghaeilig a dhéanfas é.  (Ó Grianna, 1921: 29)

Cúrsaí oideachais

Is féidir tionchar an Phiarsaigh ar ‘Mháire’ a fheiceáil tríd an charachtar Róise.  Thuig ‘Máire’ go raibh an Ghaeilge faoi bhagairt ó mhórán fórsaí sa tír, an córas oideachais san áireamh agus feictear an méid sin go soiléir sa charachtar Róise.  Cuireann an Piarsach síos ar an chóras oideachais a bhí i bhfeidhm sa tír ina shaothar The Murder Machine (1916).  Is follasach ó theideal an leabhair an bharúil a bhí aige ar an chóras chéanna.  In The Broad Arrow deir an Piarsach:

The English have established a simulacrum of an education system in Ireland, but its object is the precise contrary of the of the object of an education system.  Education should foster; this education is meant to repress. Education should inspire; this education is meant to tame.

Bhunaigh Príomhrúnaí na haimsire sin Edward Stanley na Scoileanna Náisiúnta sa bhliain 1831 agus faoin bhliain 1840 bhí beagnach ceathrú milliún páiste óg ag freastal ar bheagnach dhá mhíle scoil, Bardon (2002: 419).  Léiríonn Bardon a éifeachtaí a bhí na Scoileanna Náisiúnta agus Béarla ag bunús mhuintir na Gaeltachta agus iad ag dul ar imirce.  Deir Kinealy (1997: 5) gur chuir na Scoileanna Náisiúnta go mór le meath na Gaeilge agus gur dheifrigh siad galldú na tíre.  Ar ndóigh, bhí taithí ag ‘Máire’ féin ar na scoileanna seo agus feictear an méid sin sa charachtar Séimí Phádraig Duibh in úrscéal eile dá chuid Caisleáin Óir (1924).  Dar le Ó Gallchóir (1992: 57), is beag am a bhí ag ‘Máire’ le linn a ghearrthréimhse mar mhúinteoir don chóras oideachais ná don Murder Machine.  Chreid an Piarsach gur chóir don chóras oideachas ‘value, build upon and supplement the child’s native inheritance and home teaching’.  Chuige sin, bhunaigh an Piarsach a scoil féin, Scoil Éanna sa bhliain 1908 agus ba léir ó réamheolaire na bliana sin an aidhm a bhí aige: ‘fíorGhaeil do dhéanamh de na gasúir a bhfuil a dtriall uirthi.  Ní hé amháin go múintear stair agus teanga a dtíre dóibh, ach déantar iarracht ar ghrá dá dtír agus do gach a mbaineann léi do mhúscailt ina gcroí’.  Deir Ó Baoighill (1994: 51) go raibh an Piarsach ag obair go crua le bua a fháil ar an Murder Machine a bhí ag neartú an Ghalldachais sa chóras oideachais.  Bhí Róise ag obair chomh crua céanna agus í ag teagasc stair na hÉireann agus oidhreacht a tíre dá cuid páistí agus í ag insint dóibh faoin slad a rinne Cromail ar an tír.  Theagasc sí amhráin Ghaeilge dóibh ar nós ‘Go Maire Ár nGaeilge Slán’. Ní raibh Róise ag dul a iarraidh ar na páistí A Child’s Hymn of Praise from Hymns of Infant Minds (1810), a aithris gach lá nó ‘Happy English Children’, mar atá san iomann, a dhéanamh dá cuid páistí scoile.  Ní raibh sí ag dul a theagasc ‘a simulacrum’ de chóras oideachais nach raibh ag teacht lena prionsabail féin agus ní raibh sí ag dul a dhamhsa le port a bhí, dar léi, ‘fíorghallda’, (Ó Grianna, 1921: 53).  Maíonn Mac Síomóin (2017: 112) gur aithin an Piarsach go gcaithfeadh an teanga dhúchasach a bheith lárnach d’fhuascailt iomlán an duine choilínithe agus gur trí mheán na teanga a d’aimseodh an duine coilínithe leanúanchas caillte a staire féin a ligfeadh dó é féin a dhíchoiliniú.  Is cosúil gurbh é a dhála céanna ag Róise é.  Nuair a cheistíonn An Canónach Ó Fríl, a bhí ina bhainisteoir ar an Bhord, nuair a cheistíonn seisean Róise faoi na hábhair a bhí á dteagasc aici, léiríonn sí a dímheas ar an Choróin agus ar Rialacha an Bhoird Náisiúnta.  Is fíochmhar an carachtar í agus seasann sí an fód mar a sheas an Piarsach féin an fód in éadan an chórais.  Ní ghéillfeadh sí don Chanónach Ó Fríl ná do na hiarratais ón Bhord glacadh leis ‘an simulacrum’ de chóras agus cuireann sí an méid sin in iúl go soiléir;

Déanadh an Bord a rogha rud, ní theagascóchaidh mise stair na Sasana; agus déanadh sé a rogha rud arís ní stadfaidh mé de theagasc Gaeilge. Agus déanadh sé a rogha rud an tríú huair, ní scarfaidh mé ó Chonradh na Gaeilge. Má tá deor fola i gcuid oidí na hÉireann troidfidh siad an cás amach.  (Ó Grianna 1921: 54)

Rinne Róise beart de réir briathair agus d’éirigh sí as a post mar mhúinteoir. Faigheann an léitheoir amach gurbh é an cigire Séamas Mag Loingsigh a sceith ar Róise leis na húdarais faoina cuid teagaisc a bhí in éadan an chórais a bhí leagtha amach ag an rialtas.  Tugann ‘Máire’ a bharúil shoiléir ghlinn dúinn ar na cigirí lena linn.  Tugann sé íde do na múinteoirí scoile ina shaothar Caisleáin Óir (1924), ach is fíochmhaire i bhfad an íde a thugann sé do na cigirí mar a léiríonn Ó Gallachóir (1992: 11), ‘Má fuair na máistrí scoile corrléasadh teanga ó Mháire ní dada é ó thaobh na híde a thugann sé do na cigirí.’

Is féidir an carachtar Mag Loingsigh a aithint ón chur síos ar na daoine, dar leis an Phiarsach, a chuidigh leis an Bhord Náisiúnta an córas a chur i bhfeidhm.  Deir Ó Gallchóir (1992: 47) go raibh géarleanúint na Sasanach in Éirinn agus na daoine a d’fheall ar an tír go mór chun tosaigh i saothar ‘Mháire’.  Ina shaothar The Murder Machine (1916: 15) cuireann an Piarsach síos ar na daoine seo, a d’fheall ar an tír mar sclábhaithe agus ‘eunuchs; kinless beings, who serve for pay a master that they neither love nor hate’.  Is féidir an carachtar Mag Loingsigh a fheiceáil sa chur síos ar chigirí sa Murder Machine.  Ní bhíonn srian ar bith ar theanga ‘Mháire’ agus é ag cur síos ar an chigire ‘who serve for pay a master that they neither love nor hate’.  Is frithchosúlacht é an carachtar Mag Loingsigh le Róise, le Labhras Óg, leis an Phiarsach agus le ‘Máire’ féin.  Dar le ‘Máire’, má tháinig Mag Loingsigh chun na Gaeltachta sa tsamhradh, ní ar mhaithe leis an Ghaeilge a tháinig sé.  Is ar mhaithe leis an ardú céime a thagadh Mag Loingsigh chun na Gaeltachta.  A luaithe a rinneadh cigire de, a luaithe a bhí an tuarastal mór aige óna Mháistir (Caisleán Bhaile Átha Cliath), ba bheag an spéis a bhí aige inti.  Dar le ‘Máire’, bhí na tréithe uilig a bhí de dhíth ar dhuine aige le bheith ina chigire; ‘daille intinne’ agus ‘díobháil fearúlachta, (Ó Grianna, 1921: 35). Shílfeá go raibh an sliocht seo a leanas as The Murder Machine á léamh ag Máire agus é ag múnlú an charachtair Mag Loingsigh ina intinn: ‘It grinds night and day; it obeys immutable and predetermined laws; it is devoid of understanding, of sympathy, of imagination, as is any other piece of machinery that performs an appointed task’.

Ba é sin go díreach an chosaint a bhí Mag Loingsigh air féin nuair a fuair Róise amach gurbh eisean a sceith uirthi.  Ní raibh ann féin, dar le Mag Loingsigh féin, ach roth fiaclach in inneall mór an Rialtais.  Ní raibh sé ach ag comhlíonadh tasc go neamhphaiseanta, gan samhlaíocht, gan mhothúcháin: ‘Ní raibh neart agamsa ar an chasaoid sin’, ar seisean.  ‘Mura ndéanainnse í, dhéanfadh an tArdchigire í, agus ceann eile ormsa lena cois, cionn is a bheith ag déanamh neamairt in mo chuid oibre’.  (Ó Grianna, 1921: 59)

Is carachtar eile ar fad é a chruthaíonn ‘Máire’ i Labhras Óg.  Tagann Labhras Óg, an gasúr óg cúthail as Ceann Dubhrann faoi thionchar Róise ar an dóigh chéanna a raibh ‘Máire’ faoi thionchar an Phiarsaigh.  Ba í Róise a chuir ina luí ar Labhras Óg scríobh na Gaeilge a fhoghlaim agus d’fhoghlaim ‘ar mhaithe leis an Chailín Donn’ (Ó Grianna, 1933: 32).  Téann Róise i bhfeidhm go mór ar Labhras Óg agus í ag ríomh stair na hÉireann agus ag impí ar Labhras Óg gníomhú ar son na teanga agus na tíre.  Tá Róise ag impí ar Labhras Óg gníomhú i gConradh na Gaeilge leis an tír a dhíghalldú agus a ath-Ghaelú mar a d’iarr Dubhghlas de hÍde (1892) ar mhuintir na tíre in The Necessity for De-Anglicising the Irish Nation, bliain sular bhunaigh sé féin agus seisear fear eile Conradh na Gaeilge.  Aithníonn Róise a thábhachtaí atá Conradh na Gaeilge do shaoirse na tíre: ‘…is é obair an Chonartha a shaoróchas ár dtír’ (Ó Grianna, 1921: 29).  Bhí Róise ar aon ogham le tuairim an Phiarsaigh.  Deir Ó Searcaigh (2017: 212) gur thuig an Piarsach agus é ag obair do Chonradh an Gaeilge gur trí úsáid na Gaeilge mar mheán a bhainfí amach athbheochan na féiniúlachta do mhuintir na hÉireann agus gurbh í a thréithrigh Éireannaigh agus a gcultúr.

Doirteadh fola  

De réir mar a théann an t-úrscéal ar aghaidh, éiríonn barúlacha Róise níos teasaí agus nochtann sí a barúil go bhfuil doirteadh fola de dhíth leis an tír a shaoradh agus a ghlanadh agus tá an tuairim sin ag teacht go huile is go hiomlán le tuairim an Phiarsaigh.  Téann Róise agus Labhras Óg chuig an Pháirc le héisteacht leis an Phiarsach ag caint ar Emmet.  D’imir Robert Emmet tionchar mór ar an Phiarsach, fear a d’eagraigh Éirí Amach dá chuid féin sa bhliain 1803 agus ar theip glan air.  Thapaigh an Piarsach an deis Scoil Éanna a aistriú chuig an Hermitage mar ar chaith Emmet seal tráth agus cuimhní laochais beo ann ar fad, dar leis.  Éisteann Róise agus Labhras Óg leis an Phiarsach sa Pháirc ar feadh tamall fada ag labhairt i nGaeilge ar Emmet agus ar an doirteadh fola;

Chan sé tamall mór fada i nGaeilig, agus ar Emmet ar fad. Sa deireadh ar seisean i nglór ghlan bhinn: ‘Doirteadh a chuid fola ar Shráideanna Bhaile Átha Cliath an lá sin. Bhí sí ina rith ina srutháin ins na díogacha agus na madaidh á hól’. (Ó Grianna, 1921: 48)

Ina shaothar, Robert Emmet and The Ireland of Today, (1914) scríobh an Piarsach:

‘God bless you, Robert Emmet’. Dublin must one day wash out in blood the shameful memory of that quiescence…A friend of mine knew an old woman who told him how the blood flowed down the pavement, and how she sickened with horror as she saw the dogs of the street lap up that noble blood.  (in eagar ag Doherty, 2012: 63)

Dhealródh sé go raibh an sliocht in Mo Dhá Róisín bunaithe ar fhocail an tsleachta seo ó pheann an Phiarsaigh.  Léiríonn an Piarsach sa tsaothar céanna nach raibh seans ar bith go n-éireodh le Emmet. Deir sé, ‘no failure, judged as the world judges these things, was ever more complete, more pathetic than Emmet’s.’  Is léir mar sin gur chreid Robert Emmet go raibh doirteadh fola de dhíth leis an tír a shaoradh.

Bhí an Piarsach go mór faoi thionchar Emmet agus é ag scríobh ar théama an doirteadh fola.  Molann ‘Máire’ Emmet go hard ina shaothar Feara Fáil (1933: 114): ‘Cad é an choir a rinne Emmet a thug a chur chun báis? An choir a rinne fiche fear diomaite de, roimhe agus ina dhiaidh, mar tá iarraidh a thabhairt Éire a fhuascladh ar ghéibheann’.

Dhealródh sé go raibh ardmheas ag ‘Máire’ ar Emmet fosta.  Tá an dearcadh seo a bhí ag Emmet agus ag an Phiarsach maidir le doirteadh fola an-chosúil le dearcadh Róise in Mo Dhá Róisín.  Dar le Róise, ní bhaineann sé le bua nó díomua ach le cearta mhuintir na hÉireann éirí amach.  Tháinig na focail chéanna ó pheann an Phiarsaigh ar an 2 Bealtaine i ráiteas a rinne sé os comhair na harmchúirte:

The time, as it seemed to me, did come, and we went into a fight. I am glad we did. We seem to have lost. We have not lost. To refuse to fight would have been to lose; to fight is to win. We have kept faith with the past and handed on a tradition to the future.

Scríobhann Labhras Óg litir chuig Róise ag iarraidh uirthi bualadh leis an oíche roimh an chath.  Buaileann siad le chéile agus cuireann Róise béim ar an doirteadh fola arís ‘go gcaithfear an fhuil a dhoirteadh leis an tír a shaoradh’.  Cuireann Róise in iúl do Labhras Óg gur shocraigh sí ina hintinn féin nuair a bhí sí ina girseach óg gan pósadh a fhad agus a bheadh Éire faoi chuing na daoirse.  I ráiteas os comhair na harmchúirte ar an 2 Bealtaine dúirt an Piarsach na focail seo a leanas:

When I was a child of ten I went down on my bare knees by my bedside one night and promised God that I should devote my life to an effort to free my country.  I have kept that promise.

Cúrsaí creidimh

Bhí Róise ag iarraidh a saol a chaitheamh ag obair leis an tír a shaoradh agus dála an Phiarsaigh, ní ligfeadh sí do rud ar bith ná do dhuine ar bith teacht idir í féin agus sin.  Nuair a thuigeann sí go bhfuil sí dúnta i ngrá le Labhras Óg impíonn sí ar Dhia cuidiú léi a droim a thabhairt dó i rosc catha náisiúnaíoch i bhfoirm paidre:

A Aon-Mhac Dé na nGrást, a dhoirt an deor dheireanach d’fhuil Do Chroí Rónaofa ar son an chirt, tabhair grásta domh anocht mar i ndúil is go dtréigfinn achan seort a chlaonóchadh m’intinn ar shiúl ó mo thír dhílis atá ag iarraidh a bheith ag troid in éadan neart na Sasana.  (Ó Grianna, 1921: 68)

I ndán dá chuid ‘Mionn’, a foilsíodh 16 Márta 1912 ar an nuachtán An Barr Buadh a bhunaigh an Piarsach féin agus atá i gcló in An Barr Bua, (Ó Cathasaigh, 2012: 20), ceanglaíonn seisean, dála Róise, an cath náisiúnaíoch leis an chreideamh i bhfoirm paidre:

In ainm Dé, Dar Críost a Aonmhac, Dar Muire a Chaomh-mháthair, Dar Pádraig, Aspal Gael, Dar Dílseacht Cholm Cille, Dar clú ár gcine, Dar crú ar sinsear, Dar dúnmharú Aodha Rua, Dar bás truamhéalach Aodha Uí Néill, dar oidhe Eoghain Rua, Dar mian an tSáirséalaigh le hucht a bháis, Dar osna éagomhlainn an Ghearaltaigh, Dar créachtaibh crólinnteacha Tone, Dar fuil uasal Emmet, Dar corpaibh an Ghorta, Dar deoraibh deoraí nGael, Do-bheirimid na mionna do-bheireadh ár sinsir, Go bhfuasclóimid do ghéibheann ár gcinidh, Nó go dtitfimid bonn le bonn.

Is féidir a mhaíomh mar sin gur chuir ‘Máire’ tréith an chreidimh a bhí sa Phiarsach i Róise agus gur chreid sé féin mar a chreid an Piarsach go raibh sé de cheart ag muintir na tíre éirí amach. Maidin Luan Cásca tá Labhras Óg in Ardoifig an Phoist i measc na laochra móra ar an lá cinniúnach sin.  Cuireann sé lúcháir ar Labhras Óg nuair a fheiceann sé saighdiúirí Shasana ag teitheadh roimh na hÉireannaigh agus cuid acu ag titim ar an bhealach ag imeacht dóibh.  Cuimhníonn ‘Máire’ ar shlóite na marbh i gCaibidil XIII agus é ag maíomh go raibh a dtaibhsí i mBaile Átha Cliath seachtain na Cásca, go díreach mar a bhí taibhse Emmet sa Hermitage, dar leis an Phiarsach.  Ina alt ‘Ghosts’ i Scoil Éanna sa Hermitage, (Lá Nollag, 1915) scríobh an Piarsach (in eagar ag Doherty, 2012: 175): ‘The ghosts of a nation sometimes ask very big things: and they must be appeased, whatever the cost’.

Iarradh an t-éacht mór ar Labhras Óg agus dála an Phiarsaigh féin, ghlac sé leis an iarratas agus ghlac sé páirt san éirí amach.  Casann Labhras Óg agus Róise ar a chéile in Ardoifig an Phoist agus Róise ina ball den Chros Dhearg ag cuidiú leis na fir a gortaíodh sa chath.  Cuireann sé lúcháir orthu beirt bratach na hÉireann a fheiceáil ag lúbarnaigh go glórmhar sa ghaoth.  Cuireann ‘Máire’ béim ar dhearcadh an Phiarsaigh go raibh ‘an tír sábháilte ar feadh líne eile, bainimis nó caillimis an báire atá eadar lámha againn’, (Ó Grianna, 1921: 87), nuair a deir Labhras Óg na focail sin agus deir ‘Máire’ féin (88):

Bhí a fhios ag an Phiarsach gur shábháil obair na seachtaine sin Éire ar feadh líne eile daoine agus sin an rud a thug air a rá nach raibh eagla air roimh bhreithiúnas Dé ná breithiúnas an dreama a bhí le a theacht chun tsaoil.

Molann sé Séamas Ó Conghaile agus ‘na mná breátha’ a sheasaigh ar ghuailleacha na bhfear ‘ins an bhearna baoil’ ar an leathanach céanna.

Cearta agus comhionannas na mban

Is den tábhacht a lua anseo go léiríonn ‘Máire’ tábhacht ról na mban san Éirí Amach go soiléir ina úrscéal Mo Dhá Róisín.  De réir Groszewski (2013), is úrscéal ceannródaíoch é Mo Dhá Róisín ó thaobh stádas na mban de agus is léir mar sin go raibh dearcadh ‘Mháire’ ó thaobh an chomhionannais de, an-ghar don dearcadh a bhí i bhForógra Phoblacht na hÉireann, arbh é an Piarsach a scríobh an mhórchuid de. Ina scríbhinní From a Hermitage (Iúil 1913) scríobhann an Piarsach faoi sheanbhean ar ghoill sé go mór uirthi saighdiúirí Sasanacha a fheiceáil ar a sráideanna agus a thugadh drochainmneacha orthu gach uair a shiúladh sí tharstu.  Nuair a chasann Róise ar Labhras Óg sa chathair goilleann sé go mór uirthise na saighdiúirí a fheiceáil san áit ar cheart do Dháil Éireann a bheith agus impíonn sí ar Labhras Óg troid chrua a dhéanamh leis an tóir a chur orthu.  Is ionann do dhearcadh na seanmhná i scéal an Phiarsaigh i dtaca leis na saighdiúirí agus dearcadh Róise orthu san úrscéal.  Ní bheadh dul amú ort dá sílfeá gur bhunaigh an Piarsach agus ‘Máire’ íomhá na mban ar Cathleen Ní Houlihan sa dráma le Yeats agus í ‘buoyed by the hope of getting my beautiful fields back again; the hope of putting the strangers out of my house’.  Maíonn Mac Congáil (2010: xx) go bhfuiltear ann a chreideann nár éirigh le Máire carachtar mná a bhí inchreidte a chruthú i gcás Róise.  Ní aontaíonn Mac Congáil féin leis an tuairim sin, áfach.  Deir seisean go raibh na mná go láidir chun tosaigh sa tréimhse sin agus nach bhfuil carachtaracht ná féiníobairt Róise chomh dochreidte sin.  Tá tréithe na mná láidre i Róise, dála Elizabeth O’Farrell, an bhanaltra a sheas leis an Phiarsach nuair a ghéill sé don Ghinearál Lowe.    

Shroich an scéal Ceann Dubhrann go raibh Éirí Amach i ndiaidh titim amach sa chathair agus, dar le ‘Máire’ in Mo Dhá Róisín, nach raibh as béal achan duine ar fud na tíre ach an chreach agus an slad a rinne scaifte beag de lucht mire ar an tír. Tagraíonn Máire do na daoine nár aontaigh leis an Éirí Amach mar ‘gaimbíní’ agus ‘seoiníní’.  Tugann ‘Máire’ rabhadh do na daoine seo ag deireadh Chaibidil XIII ag rá nárbh iontas iad a bheith míshásta nuair a chonaic siad go raibh spiorad úr ag teacht i bhfeara óga na tíre agus nach mbeadh siadsan ná a macasamhail chomh héifeachtach ná chomh measúil i súile an phobail níos mó.

Gortaítear Labhras Óg sa chath agus dála an Phiarsaigh, bhí a fhios aige go raibh an bás ag teacht. Is le mórtas agus le bród a scaoileann Labhras Óg na focail seo agus é ar leaba an bháis, ‘Tá mé ag fáil an bháis is deise a thiocfadh le Gael a fháil’ (Ó Grianna, 1921: 95).  Is iad sin go díreach na focail a tháinig as béal an Phiarsaigh i litir a scríobh sé chuig a mháthair an oíche sular scaoileadh leis: ‘This is the death I should have asked for if God had given me the choice of all deaths, to die a soldier’s death for Ireland and for freedom’.

Nuair a chasann Róise ar Labhras Mór agus ar Bhríd Bheag ag tórramh Labhrais Óig i gCeann Dubhrann, insíonn sí dóibh nach bhfaca sí aon duine riamh ag gabháil chun báis a bhí chomh sásta leis ag imeacht.  Dúradh go raibh an Piarsach réidh do bhreithiúnas Dé agus é ar a shuaimhneas sular caitheadh é.  Cé gurbh é an Ginearál Blackadder a bhí ina uachtarán ar an armchúirt, ní gan choinníoll a d’aontaigh sé leis an bhreith.  Deir Mac Uistín (2006: 1) go ndúirt an Ginearál Blackadder an oíche sin go raibh sé tar éis ceann de na dualgais ba throime dar cuireadh air riamh a chomhlíonadh: breith an bháis a thabhairt ar dhuine de na pearsana ab uaisle dar casadh riamh air.  Cé nach mbeifeá ag déanamh go mbeadh ‘Máire’ agus Ginearál as Arm Shasana ag aontú lena chéile faoi rud ar bith, is dócha go n-aontódh siad leis an méid sin.  Ina réamhrá i leabhar Mhic Uistín (2002: xiii) dúirt an Seanadóir Labhrás Ó Murchú a bhí ina Chathaoirleach ar Fhondúireacht an Phiarsaigh: ‘Beidh Pádraic Mac Piarais i gcónaí mar inspioráid do Ghael a sheasann an fód ar son ár bhféiniúlacht náisiúnta agus atá ag saothrú an chultúir Ghaelaigh’.

Conclúid

Is cinnte gur shaothraigh ‘Máire’ an cultúr Gaelach go tréan lena linn agus an oiread sin leabhar foilsithe aige, leabhair atá á léamh go fóill.  D’fhéadfaí a mhaíomh fosta go raibh sé faoi thionchar an Phiarsaigh agus é á scríobh agus go bhfuil fianaise de seo le sonrú maidir le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí oideachais, cúrsaí creidimh agus cearta agus comhionannas na mban in Mo Dhá Róisín.  Is fiú a thabhairt dár n-aire agus is inspéise an ní é gur chríochnaigh ‘Máire’ (1921: 103) a úrscéal le focail an Phiarsaigh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, ‘A fhad ia a bheas na huaigheannaí seo in Éirinn, ní bheidh suaimhneas inti gan saoirse’.  Scríobh ‘Máire’ a leabhar Feara Fáil (1933) ar na laochra Gael a bhí aige.  Bhí caibidil iomlán aige ar an Phiarsach agus cuid mhaith den chaibidil sin bunaithe ar a óráid ag uaigh Uí Dhionnabháin Rosa.  Bhain sé úsáid as na focail chéanna in Feara Fáil (1933: 123), ‘Agus fad is bheas na huaigheanna seo in Éirinn ní bheidh suaimhneas gan saoirse inti.’ Dhealródh sé mar sin go raibh ‘Máire’ go mór faoi thionchar an Phiarsaigh agus é i mbun pinn.

Leabharliosta: 

Bardon, J., (2008) A History of Ireland. Gill & Macmillan.

Delap, B., (1993) Úrscéalta Stairiúla na Gaeilge.  Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Doherty, G., (eag.) (2012) The Coming Revolution. The Political Writings and Speeches of Patrick Pearse. Cork: Mercier Press.

Hegarty, A., (2005) John Mitchel A Cause Too Many. Camlane Press.

Hodgins, T., (2006) ‘Máire’ an fear á léiriú féin.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Kinealy, C., (2004) A New History of Ireland. The History Press.

Mac Lochlainn, P., (1990) Last Words.  Baile Átha Cliath: The Stationery Office.

Mac Congáil, N., (eag.) (2010) Mo Dhá Róisín le ‘Máire’.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Piarais, P., (1912) An Barr Bua. Ó Cathasaigh, A. (2012) a chóirigh. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Mac Síomóin, T., (2017) in As Smaointe tig Gníomh, Coláiste Uladh, an Ghaeilge agus 1916, Ó Searcaigh, S. (eag).  Cill Dara: Clódóirí Nás.

Mac Uistín, L., (2006) An Ród seo Romham. Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.

Nic Eoin, M., (1982) An Litríocht Réigiúnach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó Baoighill, P., (1994) Óglaigh na Rosann. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Conghaile, M., (2012) Leabhar Mór na nAmhrán.  Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Gallchóir, S., (1992) Peigí ar ‘Mháire’.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Grianna, S., (1921) Mo Dhá Róisín.  Baile Átha Cliath: Faoi chomhartha na dtrí gcoinneal.

Ó Grianna, S., (1924) Caisleáin Óir.  Dún Dealgán: Preas Dún Dealgán.

Ó Grianna, S. (1933) Feara Fáil.  Dún Dealgán: Cló-lucht ‘An Scrúdduightheoir’.

Ó Grianna, S., (1942) Nuair a Bhí Mé Óg.  Baile Átha Cliath: Cló Mercier.

Ó Grianna, S., (1945) Saol Corrach.  Baile Átha Cliath: Cló Mercier.

Ó hAodha, S., (1922) Óir-Chiste.  Baile Átha Cliath: Comhlacht Oideachais na hÉireann.

Ó Searcaigh, S., (2017), (eag.), As Smaointe tig Gníomh, Coláiste Uladh, an Ghaeilge agus 1916. Cill Dara: Clódóirí Nás.

Pearse, P., (2012) The Coming Revolution. In eagar ag Doherty, G. Cork, Mercier Press.

Pearse, P., (1976) The Murder Machine and other essays. Cork: Mercier Press.

Titley, A., (2002) An tÚrscéal Gaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ailt

Groszewski, L., (2013), ‘Mná Forásacha, Neamhspleácha ag Máire’. Comhar Iml. 73, Uimh 9 (Meán Fómhair, 17– 9.

Foilseacháin Eile

Réamheolaire Scoil Éanna, 1908.

The Irish Volunteer, Feabhra, 1914.

Foinsí idirlín

https://celt.ucc.ie//published/E900007-010/