Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Iniúchadh ar an Tionchar a Imríonn Club Gaeilge i Meánscoil Lán-Bhéarla ar Inspreagadh Daltaí i Leith Fhoghlaim na Gaeilge | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Iniúchadh ar an Tionchar a Imríonn Club Gaeilge i Meánscoil Lán-Bhéarla ar Inspreagadh Daltaí i Leith Fhoghlaim na Gaeilge

Tammy Ní Laoire

Comhthéacs an taighde

Cuirtear béim ar leith ar an gcur chuige cumarsáideach i siollabas Gaeilge na meánscoile le breis agus fiche bliain anuas chun ‘go mbainfeadh foghlaimeoirí úsáid as an teanga chun críche cumarsáide’ (Ó Laoire, 2006: 6).  Moltar go mbeadh na daltaí gníomhach sa phróiseas foghlama, go mbeadh na ceachtanna deartha i dtreo is go bhfuil an oiread deiseanna le tapú ag na daltaí cumarsáid a dhéanamh lena chéile sa sprioctheanga ‘i suíomhanna fíorchumarsáide bunaithe ar mhalartú eolais a chruthú sa seomra ranga’ (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta).  Leagtar béim freisin ar aird na ndaltaí a tharraingt ar an bhfeasacht teanga agus ar chultúr na Gaeilge, chomh maith le suim san oidhreacht Ghaelach i gcoitinne a chothú iontu.

Choimisiúnaigh an CNCM plépháipéar in 2006 dar teideal ‘Curriculum provision for Irish in post-primary education’ le hiniúchadh a dhéanamh ar staid sholáthar na Gaeilge sna meánscoileanna. D’eascair an plépháipéar sin as tátal phlépháipéir Little (2003) agus tuarascálacha na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (Smyth et al., 2004, 2006) maidir le cur i bhfeidhm an churaclaim Ghaeilge agus dearcadh daltaí meánscoile ina leith.  Soiléiríodh go raibh 32% de dhaltaí dara bliana arbh í an Ghaeilge an t-ábhar ba mhó nár thaitin leo ar scoil agus gurbh í an Ghaeilge an t-ábhar ba dheacra do 46% de na daltaí a ceistíodh.  Ba í an Ghaeilge a luadh, chomh maith, mar an t-ábhar ba lú fiúntais (46% de dhaltaí) le hais na n-ábhar eile.  Mhol plépháipéar an CNCM in 2006 gur cheart athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcuraclam i dtreo is go mbeadh níos mó ábharthachta ag an nGaeilge le saol laethúil na ndaltaí (2006: 7).  Eisíodh siollabas nuashonraithe don Ghaeilge san Ardteist in 2010 chun freastal a dhéanamh ar aidhmeanna leasaithe na Comhairle Curaclaim, ina mbeadh i bhfad ní ba mhó béime ar labhairt na Gaeilge.  De bharr na n-athruithe a tháinig i bhfeidhm, tá luacháil 40% ag dul do bhéaltriail na hArdteiste ó 2012 le hais 25% mar a bhíodh ann roimhe sin.  De réir thorthaí na hArdteiste ó 2012, tháinig ardú 11%  ar líon na ndaltaí a roghnaigh an cúrsa Ardleibhéil Gaeilge ó 2011, agus ar líon na ndaltaí a ghnóthaigh grád A,B,C ag an Ardleibhéal (87%), le hais an 84% ar an meán sna trí bliana roimhe sin (An Roinn Oideachais & Eolaíochta, 2012).

Tá comhartha ceiste ann maidir le héifeachtacht shiollabas na Gaeilge, áfach, chun ‘scileanna teanga na bhfoghlaimeoirí a bhuanú, a dhoimhniú agus a fhorbairt a thuilleadh ... i dtreo is go mbeidh ar a gcumas páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol dátheangach’ (CNCM).  Bíodh is gur chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an mbeart ar ardú a dhéanamh ar líon na marcanna a bhí le tabhairt don bhéaltriail san Ardteist, dúradh nár leor sin ann féin i gcur chun cinn fhoghlaim rathúil na Gaeilge.  Mar fhreagairt ar fhógairt an Aire Oideachais in 2007 faoi na marcanna breise don bhéaltriail ag an am, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, gorabhthas ‘ag díriú ar leibhéal amháin den fhadhb agus ag déanamh neamhairde ar na leibhéil eile.  Is gá múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt ag an trí leibhéal ar bhonn iomlanaíoch [sic], i.e. sna bunscoileanna, ag an dara leibhéal agus sna coláistí oiliúna’ (2007). Molann Conradh na Gaeilge gur chóir ‘dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach (“Teanga na Gaeilge”, ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus “Litríocht na Gaeilge” le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin)’ (ibid).  Léirigh an eagraíocht Ghaelscolaíochta, Gaelscoileanna Teo., imní faoi ardú na marcanna don bhéaltriail, go háirithe agus an baol ann go n-ardófaí sciar na marcanna don bhéaltriail tuilleadh.  Bheadh an beart sin ‘tubaisteach do thodhchaí na teanga’, dar leo (2011: 33).  Léirítear i dtuairimí eile go bhfuil simpliú nó dúrú á dhéanamh ar an nGaeilge leis an gcúrsa nua - ‘níor cheart fiúntas an tsiollabais a mheas de réir torthaí arda, ach de réir cumas cainte agus tuisceana na ndaltaí’ (Delap, 2013).  Idir an dá linn, tá athbhreithniú ar bun ag an CNCM ar shiollabas Gaeilge an Teastais Shóisearaigh i láthair na huaire mar chuid d’ollchóiriú chlár an Teastais Shóisearaigh.

Go deimhin, níl sé réalaíoch a bheith ag súil leis gur féidir le scoileanna sealbhú na Gaeilge a bhaint amach go rathúil bunaithe ar shiollabas nua scoile a chur i bhfeidhm.  Níl sna hiarrachtaí atá ar siúl sna scoileanna ach gné ar leith d’iliomad gnéithe ar chóir a bheith á soláthar ag an Rialtas chun spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 a bhaint amach d’fhonn ‘a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla’ (Rialtas na hÉireann, 2010: 3).  Mar a mhaíonn Baker:

A school can initiate second language acquisition in the minority language. However, not all students will continue to use the school-learnt language throughout life, including in parenting their children. Even when a child successfully learns minority language oracy and literacy skills in school, unless there is considerable support in the community and the economy outside school, the language may wither. A classroom-learnt second language may become a school-only language (Baker, 2011: 61).

Inspreagadh

Tá Gardner (1972, 1985) ar dhuine de na mórcheannródaithe taighde i réimse shealbhú na dara teanga.  Tá clú bainte amach ag Dörnyei sa réimse seo chomh maith, le beagnach tríocha bliain anuas.  Tá taighde Gardner maidir le cúiseanna foghlama na dara teanga lárnaithe i bprionsabail na síceolaíochta sóisialta.  Is é sin, an tsuim a léiríonn an foghlaimeoir i sochaí agus i gcultúr an phobail teanga eile mar chúis an inspreagtha i bhfoghlaim na dara teanga.  Gan an t-inspreagadh, is deacair a shamhlú conas a d’fhéadfaí an dara teanga a shealbhú (Dörnyei, 2005: 65).

Sainmhínítear an t-inspreagadh ‘intreach’ mar fhonn nádúrtha an duine rud éigin a dhéanamh toisc na suime inmheánaí.  Dar le Gardner agus Lambert (1972), (luaite in Arnold, 1999: 13) i gcomhthéacs spriocanna foghlama na dara teanga, go bhféachtar ar an inspreagadh intreach mar ghné chomhtháiteach d’fhonn an fhoghlaimeora a bheith páirteach, nó bainteach le pobal na sprioctheanga sin.  Bíonn bunús sóisialta agus comhchaidrithe i gceist leis.  Maíonn Dörnyei gurb ionann a bheith spreagtha ar bhonn intreach chun an dara teanga a fhoghlaim agus a léiriú go bhfuil meas ag an bhfoghlaimeoir ar chultúr agus ar shlí mhaireachtála an phobail sin (Dörnyei, 2005: 96).  Tacaíonn Nic Ealagóid, leis an tuairim sin chomh maith.  Deir sí go bhfuil ‘...bunús idirphearsanta leis an ngné chomhtháthaíoch a lorgaíonn cairdeas agus ionannú le grúpa eile’ (2007: 26).  Is é sin an coincheap sochoideachasúil a chuir Gardner (1985) chun cinn os cionn fiche bliain roimhe sin.

Dar le Williams agus Burden, (1997: 125) go mbíonn go leor den inspreagadh bunaithe ar an luach meabhairbhraite a chuireann an foghlaimeoir é féin ar fhoghlaim na dara teanga.  Is féidir leis an inspreagadh intreach agus eistreach, sé sin an fonn atá ar an bhfoghlaimeoir ‘…to get a reward or avoid punishment…’ (Deci & Ryan, 1985: 245), a bheith ag feidhmiú as lámha a chéile, rud a chabhraíonn le leibhéal féinmhuiníne an fhoghlaimeora a ardú le linn an phróisis foghlama.  Leagann taighde Clément et al. (luaite i Dörnyei, 2005: 73) béim ar thábhacht na féinmhuiníne don inspreagadh i gcoitinne.  Mhaígh Gardner go mbainfeadh an foghlaimeoir teanga luach agus tairbhe ní ba dhoimhne as an bpróiseas foghlama ag brath ar mhéid na hiarrachta a d’infheisteofaí ann, ba chuma ar chúiseanna intreacha nó eistreacha a bheadh i gceist leis an spreagadh: ‘Individuals who are truly motivated not only strive to learn the material but also seek out situations where they can further practice’ (Gardner, 1985: 169).

An cur chuige taighde

Is chuige seo gur beartaíodh Club Gaeilge a bhunú sa mheánscoil lán-Bhéarla ina bhfuil an t-údar ag obair, le féachaint an ardódh a leithéid de ghníomhaíocht sheach-churaclaim leibhéal inspreagtha agus braistint féiniúlachta na ndaltaí i leith na Gaeilge.  De bharr go bhfuil ‘tionchar níos láidre ná riamh ag córas scrúdaithe agus ag córas na bpointí ar mhúinteoirí agus ar a dtiteann amach sa seomra ranga’ (Ó Laoire, 2006: 4), theastaigh ón údar iarracht a dhéanamh dearcadh na ndaltaí i dtaobh na Gaeilge a aistriú ó ábhar scoile amháin go teanga bheo ábharthach agus fhiúntach taobh amuigh den seomra ranga. Theastaigh ón údar, chomh maith, deiseanna treisithe Gaeilge a chur ar fáil do na daltaí i dtimpeallacht níos nádúrtha ná an gnáthsheomra ranga chun ‘féinmheas agus féinmhuinín na bhfoghlaimeoirí’ chomh maith le ‘meon dearfa i leith na teanga a chothú’ (An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2010: 1), mar a dúirt Murtagh (2006):

...the more students use Irish outside of school, the higher their achievement in Irish and the higher their motivation to learn Irish and their interest in learning it. (55-56)

Bíodh is go raibh an t-údar ag reáchtáil an Chlub Gaeilge taobh istigh d’am scoile, bhíothas ag súil leis go mbainfí torthaí dearfacha amach leis an gclub mar acmhainn thacúil thaitneamhach do na daltaí i bpróiseas sealbhaithe na teanga.  Mar chuid den taighde cáilíochtúil, reáchtáladh grúpa fócais le rannpháirtithe an Chlub Gaeilge agus scaipeadh ceistneoirí orthu freisin, ceistneoirí a bhí deartha i dtreo is gur ceisteanna oscailte a bhí i gceist le saoirse a thabhairt do na rannpháirtithe a dtuairimí féin a chur in iúl ina bhfocail féin.  Chuathas i muinín dhialann mhachnamhach an údair ar mhaithe le luach breathnaithe a thabhairt don taighde thar ceann na sé mhí ina raibh sé ar bun.  Dáileadh 51 ceistneoir ar na daltaí go léir a d’fhreastail ar an gClub Gaeilge i gcaitheamh na bliana.  Bhí 22 ceist le freagairt ag na rannpháirtithe maidir lena dtuairimí i leith na Gaeilge go ginearálta, chomh maith lena dtuairimí i leith an Chlub Gaeilge.  Rinneadh 29 (57%) ceistneoir a chomhlánú.  D’eascair eolas luachmhar ó na tuairimí a léiríodh sa cheistneoir ann féin ach síleadh gurbh fhiú grúpa fócais a reáchtáil chun eolas ní ba dhoimhne a fháil faoi mheon na rannpháirtithe i leith an Chlub Gaeilge, ar leibhéal a bheadh ní ba phearsanta agus ní ba nádúrtha dóibh féin.  Maidir le roghnú na rannpháirtithe don ghrúpa fócais, roghnaíodh na daltaí ba mhó a d’fhreastail ar an gClub Gaeilge.  Bhí sé tábhachtach chomh maith go mbeadh ar a laghad dalta amháin as gach bliainghrúpa páirteach sa ghrúpa fócais agus go mbeadh cothromaíocht inscne ann freisin. Roghnaíodh deichniúr daltaí bunaithe ar na critéir sin.

Úsáid cluichí i bhfoghlaim teanga

Is próiseas fada casta é sealbhú na dara teanga ina mbíonn iliomad tosca ag imirt tionchair ar rath an fhoghlaimeora (Douglas Brown, 2000: 1; Tarone, 2006: 153).  Tá cothú na cumarsáide thar a bheith riachtanach chun sealbhú rathúil a bhaint amach.  Bhíothas ag súil le deiseanna réalaíocha a thabhairt do na daltaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh i dtimpeallacht thaitneamhach, áit nach mbeadh béim ar cheachtanna ná ar an teagasc foirmeálta, ach áit ina bhféadfadh na daltaí am a chaitheamh go sóisialta lena chéile, i mbun cumarsáide sa sprioctheanga agus ‘meon dearfa i leith na teanga a chothú’ dá bharr (CNCM, 2013).  Aithnítear go forleathan go bhfuil ról tábhachtach agus éifeachtach ag cluichí teanga struchtúrtha i bhfoghlaim teangacha (Wright, et al., 2006; Chen, 2005; Huyen & Nga, 2003; Lee, 1979).  Spreagann cluichí agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha na foghlaimeoirí le taitneamh agus spraoi a bhaint as an bpróiseas foghlama agus cabhraíonn na cluichí leis an bhfoghlaim ar leibhéal níos bríche chun cumarsáid sa sprioctheanga a mhealladh.  Baintear úsáid as, agus cleachtaítear na scileanna gabhchumais agus ginchumais agus na cluichí á n-imirt, agus tarlaíonn go leor den sealbhú go neamh-chomhfhiosach, ina mbíonn aird agus úsáid teanga na bhfoghlaimeoirí dírithe ar an imirt seachas ar an bhfoghlaim teanga féin (Chen, 2005: 1).  Cuireann úsáid cluichí go mór le hatmaisféar taitneamhach a chothú, go háirithe má bhíonn gné den iomaíochas i gceist leis na cluichí, rud a spreagann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht mar thréith de nádúr an duine (Chen, 2005: 1; Huyen & Nga, 2003: 8,14; Lee, 1979: 1).  Cabhraíonn cluichí le hábhar imní agus strus i bhfoghlaim na teanga a laghdú chomh maith.

Dul chun cinn sa Ghaeilge

Reáchtáil an t-údar an Club Gaeilge uair sa tseachtain, i rith am lóin, ar feadh tréimhse 45 nóiméad. Cuireadh tús leis an gcéad seisiún den Chlub Gaeilge ag tús mhí na Samhna 2012 agus lean sé ar aghaidh go dtí lár mhí Aibreáin 2013.  Reáchtáladh réimse imeachtaí éagsúla idirghníomhacha, ar  nós cluichí Scrabble©, cluichí cártaí, biongó, crosfhocail, focail chuardaigh agus cluichí éagsúla tomhais, sna seisiúin.  Roghnaíodh cluichí ar leith a úsáid sa Chlub Gaeilge a chuirfeadh le stór focal agus le cumas na ndaltaí feidhmeanna teanga a chleachtadh.  Bhain na daltaí an-taitneamh as a bheith ag imirt Scrabble©, ag cumadh focal, nó ag iarraidh raon a gcumas foclóra a léiriú le linn na himeartha.  Nuair a tosaíodh ag imirt Scrabble© i dtús ama, b’fhocail ghairide ba mhó ar éirigh leis na daltaí a chur le chéile ar an gclár. Diaidh ar ndiaidh, áfach, tháinig feabhas ar chumas raon na bhfocal a bhí á gcur síos.  Tugadh faoi deara freisin go raibh an friotal teanga san idirphlé a bhí ar bun ag na daltaí ag tarlú ar bhonn níos nádúrtha.  Bhí leibhéal féinmhuiníne maidir le húsáid na teanga le sonrú i measc na ndaltaí a d’fhreastail ar an gClub Gaeilge go rialta, ach go háirithe.  Ba léir dóibh nach gnáthrang Gaeilge a bhí i gceist leis an gClub Gaeilge agus go bhféadfaidís dul i muinín pé Gaeilge a bhí acu gan aon chúis struis leo.

Is ábhar spéise é an oiread tuisceana agus ionbhá a léirigh formhór na rannpháirtithe don Ghaeilge mar chuid luachmhar dá n-oidhreacht, dá gcultúr agus dá bhféiniúlacht.  Mar sin féin, a mhalairt de thuairim a léiríodh maidir lena n-eispéireas foghlama sa seomra ranga.  Is í an chéad cheist a cuireadh sa cheistneoir ná ‘An maith leat an Ghaeilge? Cén fáth?’  Ní raibh ach beirt as an tríocha rannpháirtí a d’admhaigh nár thaitin an Ghaeilge leo, de bharr deacrachta foghlama, dar leo.

Is iad seo a leanas roinnt de na tuairimí a léiríodh i leith na Gaeilge.  Socraíodh gan aon cheartúcháin ghramadaí a dhéanamh ar ráitis na ndaltaí.

  • ‘Is maith liom Gaeilge mar is teanga don tír é.’
  • Is aoibhinn liom Gaeilge! Ceapaím gur pháirt as mó chultúr féin agam agus is ána-tabhachtach é san aithne Éireannacht.’
  • ‘I like Irish as a language, but I don’t like being taught Irish. I don’t believe that language should be taught like other parts of the curriculum, driven in.’
  • ‘Yes, because I like the sound of the language.’
  • ‘I don’t mind Irish but it’s not my favourite subject because the way it’s taught, it’s not as fun as learning other subjects such as English or Spanish.
  • ‘Yes, because it’s nice to know our country’s language.’
  • ‘I like Irish as a language but not as a subject, i.e. speaking, etc. but not studying An Trial/short stories/writing aistí.’
  • ‘I like Irish because it’s an interesting language and it’s an important part of our history and culture.’

Bhain an dara ceist leis an gcéad cheann ach go rabhthas ag iarraidh léargas éigin a fháil ar na tosca a d’imir tionchar ar leibhéal inspreagtha na rannpháirtithe i bhfoghlaim na Gaeilge.  Is í an cheist a cuireadh ná ‘An bhfuil sé tábhachtach duit an Ghaeilge a fhoghlaim? Cén fáth?’  Bhain an chuid is mó de na tuairimí a léiríodh don cheist sin le tábhacht na Gaeilge a dheimhniú arís ó thaobh cúrsaí oidhreachta, féiniúlachta agus cultúrtha de, ach aithníodh níos mó eagsúlachta sna tuairimí a léiríodh chomh maith.  Ceapadh nach raibh mórán úsáid phraiticiúil ar bhonn fadtéarmach ag baint leis an teanga dóibh.  Dúirt cúigear gurbh é an t-aon tábhacht a bhain le foghlaim na Gaeilge ná pas a fháil sna scrúduithe agus bhí cúigear eile den tuairim chéanna nárbh fhiú í a fhoghlaim de bharr nach labhraítear an Ghaeilge go forleathan, nó ar éigean, dar leo.

Seo a leanas sampla de roinnt de na tuairimí áirithe sin:

  • ‘No, because I will never continue it on after school, and yes, because it’s the native language.’
  • ‘No, you’re not going to use it in the future.’
  • ‘No, because most of the people in Ireland don’t speak Irish.’
  • ‘Not really, I’m only learning it to pass my exams in the future...I won’t probably speak Irish again after that.’
  • ‘Yes, because you need it to pass the exams.’
  • ‘Yes, because I like being able to speak good Irish even though I’m not Irish.’

Is í an tríú ceist a cuireadh orthu ná ‘Cén fáth ar fhreastail tú ar an gClub Gaeilge?’  Dúirt formhór na rannpháirtithe (55%) gur theastaigh uathu a gcuid Gaeilge a fheabhsú.  Shíl seachtar rannpháirtithe gur bhealach taitneamhach spraíúil a bheadh ann i gcur chun cinn a gcuid Gaeilge.  B’ábhar spreagtha é do roinnt eile díobh go raibh a gcairde féin ag freastal air, agus luadh cúrsaí suime agus fiosrachta faoin gClub Gaeilge chomh maith.  Seo sampla den éagsúlacht tuairimí eile a nochtadh:

  • ‘I thought it would be interesting to try to use the Irish I have with others.’
  • ‘We were promised a trip out of school to go and see a play. What’s not to like?’
  • ‘Because it’s nice to be able to talk with your friends in Irish.’
  • ‘It sounded fun and you speak Irish in a more fun way... such as playing games through Irish and watching programmes.’
  • ‘To help with the scrúdú béal and it got me to be more comfortable at speaking Irish with other people, and if enough were there to play Scrabble© as Gaeilge it was good craic.’

Fiafraíodh i gceist a naoi ar chabhraigh an Club Gaeilge lena gcuid Gaeilge sa rang, agus má chabhraigh, conas.  D’fhreagair móramh na rannpháirtithe (82%) gur chabhraigh an Club Gaeilge leo.  Luadh go raibh foclóir ní ba leithne acu, go raibh abairtí ní b’fhaide in úsáid acu le hais mar a bhíodh, go rabhthas in ann freagraí a thabhairt ar bhonn ní ba thapúla agus gur tugadh cumas tuisceana ní b’fhearr faoi deara sa rang Gaeilge chomh maith.  B’ábhar suntais an oiread rannpháirtithe a luaigh na focail ‘confidence’ agus ‘comfortable’ (25%) go sonrach ina gcuid freagraí.  Léiríonn an litríocht faoi shealbhú na dara teanga an oiread tionchair agus tábhachta a bhaineann leis an bhféinmhuinín i sealbhú rathúil na dara teanga (Clément et al., luaite i Dörnyei, 2005:73;Williams & Burden, 1997: 125).  Maidir leo siúd a d’fhreagair nár chabhraigh an Club Gaeilge lena gcuid Gaeilge sa seomra ranga, míníodh nár fhreastalaídís ar an gClub Gaeilge ach go hannamh.  Mar sin féin, dúirt rannpháirtí amháin go raibh sé muiníneach go dtiocfadh feabhas ar a chuid Gaeilge dá mba rud é go bhfreastalódh sé ní ba mhinice ar an gclub.  Luadh chomh maith a laghad deiseanna a bhí ann chun an Ghaeilge labhartha a chleachtadh istigh sa seomra ranga de bharr gur scríbhneoireacht den chuid is mó a bhí ar siúl ann.

Bhain ceist a sé déag leis an gClub Gaeilge go sonrach agus na rudaí ar thaitin leis na rannpháirtithe faoi. Dúirt 38% díobh gurbh iad na cluichí a reáchtáladh na rudaí ba mhó a thaitin leo, Scrabble© agus biongó ach go háirithe.  Ina dhiaidh sin, luadh atmaisféar cairdiúil, taitneamhach, spraíúil an chlub.  Is iad seo a leanas cuid de na tuairimí a léiríodh:

  • ‘I liked how everyone had fun speaking Irish because a lot of people don’t like it.’
  • ‘Thaitin liom an caint cairdiúl agus an craic sa Chlub Gaeilge.’
  • ‘I liked the way that Club Gaeilge was a group activity.’
  • ‘Everyone is welcomed.’
  • ‘It was a good idea and I liked the prizes. I liked that it gave me an opportunity to improve my Irish outside of the classroom. Thought Scrabble© was a great idea but I don’t have any friends who would play.’
  • ‘Friendly atmosphere – easy going/laid back.’
  • ‘We played fun games in Irish. They helped our vocabulary.’
  • ‘It’s a better way to learn Irish. We get to speak Irish.’

Bhí an tagairt dheireanach ina hábhar spéise don údar.  Níorbh í an chéad uair a léiríodh míshástacht rannpháirtí maidir leis an easpa deiseanna an Ghaeilge labhartha a chleachtadh laistigh den ghnáthrang Gaeilge.  Shíl an t-údar, ar an iomlán, go raibh go leor ráite sa ghrúpa fócais a bhí ag teacht le freagraí an cheistneora agus mar sin, braitheadh gur oibrigh sé chun athdhearbhú a dhéanamh faoin dearcadh dearfach a léiríodh i leith an Chlub Gaeilge.  Ba léir go raibh fianaise an inspreagtha intrigh i measc na rannpháirtithe maidir le dul chun cinn a dhéanamh sa Ghaeilge ach gur imir tosca seachtracha drochthionchar ar a n-eispéireas leis an gClub Gaeilge, cúrsaí tinrimh neamhrialta, agus easpa comhluadar a gcairde ann, ach go háirithe.

Conclúid

Tá fianaise sa taighde seo go mbaineann féidearthachtaí dearfacha le Club Gaeilge a bheith i scoil chun leibhéal inspreagtha na ndaltaí i leith fhoghlaim na Gaeilge a ardú.  Caithfear a chur san áireamh nach ionann comhthéacs agus comhdhéanamh aon dá scoil agus cá bhfios ach nach mbeadh féidearthachtaí agus deiseanna breise agus níos fabhraí le tapú ag scoileanna áirithe thar a chéile i reáchtáil agus i rath Club Gaeilge.  Táthar ag brath ar thosca ar leith le bheith ag súil lena rath, cosúil le dea-thoil agus tacaíocht foirne, dóthain ama chun pleanáil chun cinn sásúil a dhéanamh, ag cinntiú nach bhfuil imeachtaí atá eagraithe ag teacht salach ar imeachtaí eile i bhféilire na scoile, agus éagsúlacht gníomhaíochtaí tarraingteacha a bheith ar siúl sa Chlub Gaeilge ó sheachtain go seachtain chun an oiread daltaí agus is féidir a mhealladh chuige, d’fhonn na daltaí a spreagadh chun cainte sa dara teanga.

Ba léir ó aiseolas na rannpháirtithe gurbh eispéireas taitneamhach é an Club Gaeilge agus gur bhraith siad ní ba mhuiníne an méid Gaeilge a bhí acu a úsáid ansin le hais mar a braitheadh istigh sa ghnáthrang Gaeilge, áit ar léiríodh frustrachas faoi ualach na scríbhneoireachta agus na foghlama de ghlanmheabhair a bhí ar siúl ann.  Léirigh roinnt rannpháirtithe tuiscint ar leith ar an tábhacht a bhaineann le deiseanna fíor-idirphlé dearfacha a bheith ar fáil i bhfoghlaim na dara teanga, agus a laghad deiseanna, a braitheadh, a bhí curtha ar fáil dóibh sa seomra ranga.  Is trua go bhfuil an dearcadh diúltach sin faoi fhoghlaim na Gaeilge fós le sonrú i measc daltaí i bhfianaise go bhfuil an cur chuige cumarsáideach in ainm is a bheith i bhfeidhm i modheolaíochtaí teagaisc na Gaeilge le hos cionn fiche bliain anuas anois.  Cuireann an tSeirbhís Um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) réimse tacaíochtaí ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge tríd an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge (An Roinn Oideachais agus Scileanna, 2013) trí cheardlanna agus laethanta inseirbhíse éagsúla a reáchtáil i rith na bliana.  Feictear don údar go bhfuil bunús ábhar taighde ann iniúchadh a dhéanamh ar dhearcadh na múinteoirí Gaeilge faoi na réimsí tacaíochtaí a gcuirtear ar fáil dóibh agus an leas a bhaineann siad astu, nó a mhalairt, agus as straitéisí ar bith eile a fheiceann siad a chabhraíonn leo le heispéireas dearfach i bhfoghlaim éifeachtach a spreagadh, a chothú agus a bhuanú sa seomra ranga Gaeilge.  Ní ar mhaithe le locht a fháil ná cáineadh a dhéanamh faoi chur chuige múinteoirí Gaeilge atá i gceist leis an moladh sin, ach i bhfianaise thaithí an údair mar mhúinteoir, is minic nach mbaintear úsáid as straitéisí teagaisc ar leith, fiú agus ba mhian léi, de bharr tosca éagsúla.  Tá iniúchadh déanta ar dhearcadh na ndaltaí meánscoile i leith sholáthar an churaclaim Ghaeilge (Little, 2003; Smyth et al., 2004, 2006) ach ba cheart aird a thabhairt ar dhearcadh na múinteoirí chomh maith.

Moltaí

Is fiú féachaint ar na féidearthachtaí is féidir a thapú maidir le ranganna CLIL (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha), cosúil le cócaireacht/bácáil, corpoideachas, ealaíon agus ceol a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, agus leas a bhaint as scileanna ar leith foirne nó aíonna a thabhairt isteach chun ceardlanna a reáchtáil leis na daltaí ó am go chéile.  Thaitin an seisiún bácála a cuireadh ar bun mar chuid den taighde seo go mór leis na daltaí, idir ghné shiamsaíochta agus ghnéithe foghlama aitheanta acu san aiseolas a tugadh.  Moltar aiseolas rialta (uair sa téarma nó ag deireadh na bliana ar fad, b’fhéidir) a lorg ó na daltaí a fhreastalaíonn ar an gClub Gaeilge ionas gur féidir na gníomhaíochtaí a reáchtáiltear a choigeartú agus a chur in oiriúint do na daltaí ó bhliain go bliain, agus go bhféadfadh na daltaí rannpháirtíocht agus muintearas sa Chlub Gaeilge a bhraistint.  

B’fhearr slat tomhais éigin a bheith in úsáid sa Chlub Gaeilge chomh maith chun dul chun cinn na ndaltaí sa Ghaeilge a mheas.  D’fhéadfaí scrúdú bunúsach cainte a chur ar na daltaí ag tús an chéad téarma den Chlub Gaeilge agus an scrúdú cainte céanna a chur orthu ag deireadh na bliana, mar shampla, chomh maith le haiseolas a bhailiú ó na daltaí.  

Ba í an phríomhcheist a bhí le freagairt i gcomhthéacs an taighde seo ná arbh fhiú do scoileanna Clubanna Gaeilge a bhunú le hinspreagadh na ndaltaí i leith fhoghlaim na Gaeilge a mhealladh.  Is é tátal an ailt seo gur fiú agus tá sé sin soiléir ó na torthaí thuas.  Mura bhfuil sé indéanta Club Gaeilge a bhunú i scoil, b’fhiú smaoineamh ar dheiseanna imeartha a chur ar fáil laistigh den ghnáthsheomra ranga.  Moltar do mhúinteoirí Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar a gcleachtas, ar a meon agus ar a bpearsantacht féin laistigh den rang Gaeilge, príomhláthair teagaisc agus foghlama na Gaeilge ar scoil, le féachaint an bhfuil na tosca sin go léir ag teacht le spriocanna an churaclaim maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

Leabharliosta: 

Leabhair

Arnold, J., agus Brown, H.D. (1999). ‘A map of the terrain.’ I: J. Arnold (Eag.), Affect in language learning (1-24). Cambridge: Cambridge University Press.

Baker, C. (2011). Foundations of Bilingual Education and Bilingualism. (5ú eag.). Bristol: Multilingual Matters.

Deci, E.L., & Ryan, R.M. (1985).Intrinsic motivation and self-determination in human behavior. Nua-Eabhrac: Plenum.

Dörnyei, Z. (2005). The psychology of the language learner: Individual differences in second language learning. Mahwah, Nua-Eabhrac: Routledge.

Douglas Brown, H. (2000). Principles of Language Learning and Teaching (4ú eag.). Nua-Eabhrac: Pearson Education.

Gardner, R.C. (1985). Social psychology and second language learning: The role of attitudes and motivation. Londain: Edward Arnold.

Gardner, R.C. agus Lambert, W.E. (1972). Attitudes and motivation in second language learning. Rowley, MA: Newbury House.

Lee, W. R. (1979). Language Teaching Games and Contests. Oxford: Oxford University Press.

Murtagh, L. (2006). ‘Attitude/motivation, extra-school use of Irish, and achievement in Irish among final-year secondary school (Leaving Certificate) students.’ I: Gallagher, A. agus Ó Laoire, M. (Eag.). Language Education in Ireland: current practice and future needs: Teagasc na dTeangacha in Éirinn: cleachtas an lae inniu agus riachtanais an lae ámáraigh. Baile Átha Cliath: IRAAL, Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí.

Ó Cuinneagáin, S. (2010). ‘Comparáid idir foghlaim na Gaeilge agus foghlaim na Gearmáinise i measc daltaí iar-bhunscoile.’ I: Ó Laoire, Ní Laoire, Ó Máirtín agus Davitt (Eag.)(2010) Teagasc na Gaeilge, Imleabhar 9. Baile Átha Cliath: Comhar na Múinteoirí Gaeilge.

Ó Laoire, M. (2006). ‘Múineadh na Gaeilge agus na nuatheangacha eile: polasaí agus pleanáil teanga.’ I: Gallagher, A. agus Ó Laoire, M. (Eag.). Language Education in Ireland: current practice and future needs: Teagasc na dTeangacha in Éirinn: cleachtas an lae inniu agus riachtanais an lae ámáraigh. Baile Átha Cliath: IRAAL, Cumann na Teangeolaíochta Feidhmí.

Rialtas na hÉireann (2010). Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Baile Átha Cliath: Rialtas na hÉireann.

Smyth, E., McCoy, S., Darmody, M. (2004). Moving Up: The Experiences of First Year Students in Post-Primary Education. Baile Átha Cliath: ESRI & Liffey Press.

Smyth, E., McCoy, S., Darmody, M., Dunne, A., (2006). Pathways Through the Junior Cycle: The Experiences of Second Year Students. Baile Átha Cliath: ESRI & Liffey Press.

Tarone, E. (2006). ‘Language Lessons: A complex, local co-production of all participants’. I: Gieve, S. agus Miller, I.K. (Eag.) (2006). Understanding the Language Classroom. Basingstoke: Palgrave Macmillan, 163-74.

Williams, M., & Burden, R. (1997). Psychology for language teachers. Cambridge: Cambridge University Press.

Wright, A., Betteridge, D.,  & Buckby, M. (2006). Games for language learning. Cambridge: Cambridge University Press.

 

Foinsí Leictreonacha

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal). [Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.curriculumonline.ie/uploadedfiles/PDF/lc_gaeilge_hl_ol_sy.pdf (léite 27 Aibreán 2013)

An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. (2006). Curriculum Provision for Irish in Post-Primary Education. [Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.ncca.ie/ga/Curaclaim_agus_Meas%C3%BAnacht/Oideachas_Iar-Bhuns... (léite 21 Aibreán 2013)

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta. (2012). Minister for Education and Skills congratulates the Leaving Certificate class of 2012 who receive their results today. [Preaseisiúint, 15 Lúnasa 2012][Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2012-Press-Releas... (léite 27 Aibreán 2013)

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta. (2010) Siollabas na hArdteistiméireachta Gaeilge (Gnáthleibhéal & Ardleibhéal). [Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.muinteoirgaeilge.ie/resources/c/7/44/Siollabas%20leasaithe%20... (léite 21 Aibreán 2013)

Chen, I-J. (2005). ‘Using Games to Promote Communicative Skills in Language Learning.’ The Internet TESL Journal, Vol. XI, No. 2, Feabhra 2005. [Ar líne]. Ar fáil ag: http://iteslj.org/Techniques/Chen-Games.html (léite 30 Iúil 2013).

Clément, R., Dörnyei, Z., & Noels, K.A. (1994). Motivation, self-confidence, and group cohesion in the foreign language classroom. Language Learning, 44, 417-448. Ar fáil ag: http://www.zoltandornyei.co.uk/uploads/1994-clement-dornyei-noels-ll.pdf (léite 20 Aibreán 2013)

Conradh na Gaeilge. (2007). 2 as 10 don Aire Oideachais agus Eolaíochta. [Preas ráiteas] 12 Márta. Ar fáil ag: https://cnag.ie/index.php?page=news&action=view&news_id=55 (léite 30 Iúil 2013)

Delap, B. (2013). Ardú Grádanna, Ísliú Caighdeáin: Siollabas Nua na Gaeilge. [Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.beo.ie/alt-ardu-gradanna-isliu-caighdeain-siollabas-nua-na-ga... (léite 27 Aibreán 2013)

Gaelscoileanna Teo. (2011). Ag Saibhriú Saol Páistí. [Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.gaelscoileanna.ie/assets/L%C3%A1mhleabhar-agus-Tuaraisc-Bhlia... (léite 30 Iúil 2013)

Huyen, N.T.T. & Nga, K.T.T. (2003). ‘The effectiveness of learning vocabulary through games’. Asian EFL Journal 5. [Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.gsedu.cn/tupianshangchuanmulu/zhongmeiwangluoyuyan/learning%2... (léite 30 Iúil 2013)

Little, D. (2003). Languages in the Post-primary Curriculum. An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. [Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.ncca.ie/uploadedfiles/Publications/Languagesdiscussionpaper.pdf (léite 27 Aibreán 2013)

Nic Ealagóid, M. (2007). Staidéar ar Mheon i leith na Gaeilge Éigeantaí. Tráchtas M.A. Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. [Ar líne]. Ar fáil ag: http://www.dcu.ie/fiontar/downloads/trachtas_mairead_07.pdf (léite 2 Aibreán 2013)