Insintí Liteartha Luachmhara ar an Óige in Éirinn (c 1880 – c 2010): Léirmheas ar Aois na hÓige. Díolaim Próis

 

Cló Iar-Chonnacht: Indreabhán, 2017, lgh 350

Eagarthóirí: Aisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin

Léirmheas le

Marie Whelton
Topaic(í): 

Réamhfhocal

 

Sna blianta 2001 agus 2010 d’fhoilsigh Cois Life dhá eagrán éagsúla de Gaolta Gairide: Rogha Dánta Comhaimseartha ar Théamaí Óige agus Caidrimh Teaghlaigh.  Cnuasaigh d’fhilíocht is ea iad atá curtha in eagar ag Máirín Nic Eoin.  Imleabhar comhlántach do na cnuasaigh sin is ea Aois na hÓige: Díolaim Próis ina bhfuil saothar próis le trí scríbhneoir is fiche bailithe le chéile.  Cé go n-aithníonn na heagarthóirí nach bhfuil san áireamh ach trí phíosa próis le húdair óga agus, dá bhrí sin, go mbaineann teorainneacha áirithe leis na téacsanna próis mar fhoinsí do stair na hóige (33), níl amhras faoi ach gur foinsí liteartha údarásacha iad na téacsanna ficseanacha agus neamhfhicseanacha atá tiomsaithe acu agus go soláthraíonn siad léargas suaithinseach ar ghnéithe de shocheolaíocht agus de shíceolaíocht na hóige in Éirinn idir c.1880 agus c.2010.  Bainfidh taighdeoirí ar chultúr na n-óg an-tairbhe as an mbailiúchán agus beidh an díolaim fíor-oiriúnach, freisin, mar ábhar staidéir ag mic léinn oideachais ag an tríú leibhéal. Cabhróidh na nótaí soléite tomhaiste atá curtha ar fáil ag na heagarthóirí roimh gach aon sliocht próis go mór le mic léinn tuiscint a fháil ar chúlra beathaisnéiseach na scríbhneoirí agus ar chomhthéacs na sleachta éagsúla.  Sa léirmheas seo, tabharfar spléachadh ar shaibhreas ábhar na díolama faoi chúig cheannteideal éagsúla. Tagraíonn gach ceannteideal do mhór-ghné ar leith de shaol an linbh atá pléite sa díolaim agus atá aitheanta sa Réamhrá ag na heagarthóirí.  Cé nach liosta cuimsitheach é liosta na gceannteideal, agus cé nach bhfuil sé éasca i gcónaí na sleachta a rangú de réir ábhair (pléann cuid de na sleachta le níos mó ná ábhar amháin), is liosta é a léiríonn scóip leathan na díolama agus a thabharfaidh blaiseadh don léitheoir ar na mór-ábhair a dtéann an díolaim i ngleic leo.

 

Fás agus Forbairt Fhéiniúlacht an Pháiste

Tagann fás agus forbairt fhéiniúlacht an pháiste chun cinn in go leor de na sleachta. Trí phearsantú a dhéanamh ar na bábóga sa scéal ‘Bairbre’, mar shampla, cuireann an Piarsach peirspictíocht an linbh ar na bréagáin os comhair an léitheora agus déanann sé ráiteas faoi thábhacht an tsúgartha i bhforbairt an linbh.  Creideann Brídín go bhfuil an bhábóg, Bairbre, in ann labhairt léi, go mothaíonn sí pian agus, sa deireadh, go bhfuil sí in ann a cara a shábháil ón gcontúirt.  Léiríonn an scéal go dtagann Brídín ar thuiscint uirthi féin tríd an gcaidreamh atá aici le Bairbre agus go bhfoghlaimíonn sí ceacht tábhachtach faoin dílseacht agus faoin ngrá ón súgradh (161).

Dhá shliocht as Jimín Mháire Thaidhg (1919 / 2016), le Pádraig Ó Siochfhradha atá roghnaithe ag na heagarthóirí agus tugann an dá shliocht sin léiriú greannmhar bríomhar ar ghnéithe den óige ó pheirspictíocht an bhuachalla óig. Breathnaíonn an dara sliocht, go háirithe, ar an bhforbairt a thagann ar thuiscint an údair air féin agus ar an ról a bhí ag a chaidreamh lena dheirfiúr san fhéinfhorbairt sin (l124). 

An fás agus an fhorbairt a thagann ar pháistí a mbíonn orthu tréimhse a chaitheamh in aimsir nó ag obair ar an Lagán is ábhar de na sleachta sa leabhar le Micí Mac Gabhann, Róise Rua Mhic Grianna agus Peig Sayers.  Sa mhír seo thíos, mar shampla, cuireann Mac Gabhann béim ar an tuiscint a fuair sé ar thionchar an scartha ar a mháthair agus is léir ón gcomhbhá a dhéanann sé léi go ndeachaigh a tocht i bhfeidhm go mór air agus é óg:

Ach bhí sí ag scaradh lena mac agus is dóiche nach bhfuil crá croí ar an tsaol seo is nimhní agus is goilliúnaí ná scarúint máthair agus mic – agus go háirid nuair is dílleachta beag é an mac (68).

Sliocht eile atá spéisiúil ó thaobh fhorbairt na féiniúlachta de ná ‘Ag Súil leis an gColáiste Samhraidh’ le hÉilís Ní Dhuibhne.  Sliocht as Cailíní Beaga Ghleann na mBláth (2003) atá ann ina dtugtar léargas ar an tslí a bhféachann daoine ó aicme amháin anuas ar dhaoine ó aicme eile agus ar an tslí a gcuirtear na dearcthaí sin ar aghaidh chuig páistí.  Is é an moladh a thugann a máthair do Mháire, mar shampla, ná gan a bheith ‘ag meascadh leis na páistí ar an mbóthar’ (304) toisc iad a bheith ‘comónta’.  Tá dearcadh eilíteach ag máthair Mháire i leith na Gaeilge, fiú, mar a deir an reacaire: ‘Creideann a máthair gurb é an Ghaeilge an t-ábhar is tábhachtaí dá bhfuil ann…toisc gurb í an Ghaeilge an geata a osclaíonn ar ghairdín an rachmais…’ (308).  Nuair a théann Máire chuig coláiste samhraidh Gaeilge i nGleann na mBláth, agus í naoi mbliana d’aois, tuigeann sí nach deis í sin a fhaigheann páistí eile sa chomharsanacht as a dtagann sí.  Tá an cur síos ar an gcoláiste samhraidh lán le híoróin, áfach, agus léirítear Máire ag fás agus ag forbairt mar dhuine agus í i gcomhluadar atá an-difriúil le comhluadar a teaghlaigh féin.

Caidreamh an Pháiste le Gaolta Gairide, leis an bPobal, le Cairde agus le hAinmhithe

Mar a bheifí ag súil leis i ndíolaim ar an óige, is é téama an teaghlaigh an téama is suntasaí inti agus tugann cuid mhaith de na giotaí próis léargas ar chaidreamh páistí le tuismitheoirí, le deartháireacha, le deirfiúracha, leis an bpobal agus le hainmhithe.  Is daoine iad an t-athair agus an mac sa ghearrscéal ‘An Buille,’ mar shampla, le Liam Ó Flaithearta atá go hiomlán difriúil lena chéile.  Is duine borb é an t-athair (Éamonn) agus níl meas aige ar an laige.  Ceapann sé nach bhfuil ‘braon’ dá ‘chuid fola’ ina mhac (Neidín).  Is duine goilliúnach é Neidín a chreideann i gcumhacht an ghrá seachas sa lámh láidir.  Nuair a thugann Éamonn buille brúidiúil san aghaidh do Neidín, is léir go bhfeiceann sé misneach ciúin a mhic den chéad uair riamh agus go dtagann aiféala air láithreach.  In ainneoin go bhfuil dearcthaí difriúla acu ar an saol, faigheann an bheirt acu tuiscint nua orthu féin agus ar a chéile de bharr na heachtra agus, ag an deireadh, slánaíonn an ‘comhchion’ (212) atá eatarthu a gcaidreamh. 

Ceann de na nithe is suntasaí a sheasann amach faoi na sleachta sa díolaim as Feamainn Bhealtaine (1961) le Máirtín Ó Direáin ná an léiriú a thugann siad ar an ról a bhíodh ag an bpobal ar Árainn i dtógáil an linbh.  Tugann Ó Direáin le fios, mar shampla, go mbíodh muintir na háite ag faire ar pháistí agus gur bhain siad úsáid as an mbéadán áitiúil chun iad a chur ar bhealach a leasa.  Is léir gur thuig Ó Direáin, agus é ina pháiste, go raibh amhras ar mhuintir na háite ina leith agus nach raibh an pobal compordach lena nósanna neamhghnáthacha (176). Is cosúil go ndeachaigh an caidreamh sin i bhfeidhm go mór ar a roghanna saoil ina dhiaidh sin.

Caidreamh an pháiste lena ghaolta gairide agus lena áit dúchais is téama, freisin, don sliocht atá sa díolaim as Lár an Domhain (2008) le Beairtle Ó Conaire.  Nochtar fírinní éagsúla don údar óg i rith an tsleachta maidir le cuid de na daoine agus de na háiteanna is ansa leis agus tagann sé ar thuiscint, de réir a chéile, nach mbíonn daoine ná áiteanna mar a shíleann an páiste i gcónaí.  Tá díomá ar leith air a fháil amach mar shampla, go mbaineann cur i gcéill lena dhlúthchara, Mags (284). 

Is scéal fíorchumhachtach é ‘An Seamlas’ le Seán Mac Mathúna ina dtaiscéaltar gnéithe den chaidreamh atá ag buachaill óg, Colm, lena mhadra, Reics. Tá galar foirceanta ar an madra agus tá molta ag saineolaí do Cholm an madra a mharú.  Tugann sé ‘a sheanpháirtí’ (256) chuig an mbúistéir sa seamlas ach níl an búistéir réidh an gadhar a mharú agus cuireann sé an fhreagracht ar Cholm an gníomh a chur i gcrích (264).  Cé go dtugann Colm faoi ghníomh an mharaithe go cróga, léiríonn Mac Mathúna, go sciliúil, go mbíonn tionchar mothálach ollmhór ag an eachtra ar an déagóir óg agus go mbíonn air fás aníos go han-tapa dá bharr.  Cailleann Colm neamhbhuairt shoineanta na hóige ar an lá sin, ach is léir, freisin ag deireadh an scéil, go dtugann ‘gnáthradharc’ (267) agus comhluadar cothaitheach a mháthar sólás agus faoiseamh éigin dó ó thráma an eispéiris.

Is tráthúil, agus cás na dteifeach mar ábhar rialta sa nuacht reatha, go bhfuil sliocht as úrscéal tairngeartach Alan Titley, Gluaiseacht (2009), san áireamh sa díolaim.  Sa sliocht sin, buaileann an léitheoir le buachaill óg agus lena chara, Fatima – beirt pháistí ón Afraic atá ag teitheadh go dtí an Eoraip – agus iad tar éis campa dídeanaithe a bhaint amach.  Cé go bhfuil na páistí tar éis maireachtáil trí thuras fada, is páistí soineanta iad nach bhfaca an fharraige riamh roimhe sin, a chreideann i bpiseoga agus a scaoileann uathu eolas pearsanta maidir leo féin go héasca le strainséir (326–27).  Amharcann an sliocht ar na cúinsí salacha sa champa agus ar nádúr rúnda baolach an turais a dhéanann na páistí thar farraige le cabhair ó gháinneálaithe éillitheacha.  Feidhmíonn an sliocht mar chritic shóisialta ar fhuarchúis na sochaí comhaimseartha maidir leis an dúshaothrú a dhéantar ar pháistí, ach, déanann sé ceiliúradh, freisin, ar an teacht aniar iontach atá sna páistí agus ar an tacaíocht agus ar an gcairdeas a thugann siad dá chéile ar an mbealach. 

Taithí an Pháiste ar An Scoil agus ar Chúrsaí Oideachais

Tá fiúntas litríocht na Gaeilge mar fhoinse d’insintí ar chúrsaí oideachais léirithe ag Caoimhe Máirtín (2003) ach díríonn a taighde ar fhoinsí a bhaineann go háirithe leis na blianta idir 1800 agus 1930. Cuireann an díolaim seo le hobair Mháirtín sa mhéid is go ndíríonn go leor de na sleachta ar thaithí an pháiste ar an scoil agus ar chúrsaí oideachais i gcoitinne. Rianaíonn ‘Mé ar an Scoil’ le Róise Rua Mhic Grianna, mar shampla, na nósanna a bhíodh ag múinteoirí ar leith agus na cleachtais choitianta a bhíodh i réim agus an t-údar ar scoil. Is fiú féachaint ar phíosa ón sliocht - cé go léiríonn an píosa seo go raibh easnaimh mhóra ar an gcóras oideachais a bhí i réim, tá buíochas Róise as an oideachas a fuair sí, agus as an dea-thionchar a bhí aige ar a saol, le léamh, mar sin féin, ar a cuntas:

D’éirigh liom féin fanacht ar an scoil go raibh mé sa Chúigiú Leabhar, rud a d’fhág go raibh conamar beag léinn agam i rith mo shaoil ina dhiaidh sin.  Caithfidh tú a chuimhniú go raibh a lán créatúr fá m’aois an uair sin nach raibh léann ar bith acu.  Bhí sin iontach cruaidh ar a macasamhail níos moille ina saol, nó nuair a chuaigh siad amach chun an Lagáin nó anonn go hAlbain a shaothrú ní raibh siad ábalta leitir bheag a scríobh chun an bhaile chuig a muintir. (86)

Sliocht as Nuair a bhí mé óg (1942 / 1979) is ea ‘An tSeanscoil’ le Séamus Ó Grianna agus tugann sé léargas ar an bpionós corpartha agus ar easpa cumhachta na dtuismitheoirí a bpáistí a chosaint ó bhrúidiúlacht mhillteanach múinteoirí áirithe.  Pléann an sliocht leis an bhfonn díoltais a thagann ar an athair, mar shampla, ach tuigtear, freisin, gur beag is féidir leis na tuismitheoirí a dhéanamh faoin múinteoir (177–80).

Is í an chodarsnacht ghéar idir samhlaíocht thorthúil an pháiste agus ábhar leamh na gceachtanna is mó a chíortar sa chéad sliocht sa díolaim ó An Lomnochtán (1977), le hEoghan Ó Tuairisc, ach tá ráiteas láidir sa sliocht, freisin, agus go háirithe sa phíosa a luaitear anseo, ar thionchar mothálach an fhoréigin ar gach páiste sa rang:

Ardaíonn sí a lámh tá cufaí bána aici agus síos leis an tslat ag scianadh ar bharr a chuid méar téann an phian ionainn go croí.  Ó j Ó j.  Titeann deoir amháin agus titeann deoir eile ag sailiú Dan has a van tá na deora te tá an red van trí thine. (220).

Cuireann na heagarthóirí sliocht an-suimiúil le Micheál Ó Conaire ar fáil ina bhfaightear tuairisc ar eispéireas teaghlaigh amháin a bhog ó Chonamara go Ráth Chairn sa bhliain 1935.  Tuairiscítear ar na leasainmneacha maslacha (239) a bhíodh ag an bpobal áitiúil ar mhuintir Chonamara agus ar an teannas a bhíodh ann idir an dá ghrúpa.  Díríonn Ó Conaire, go háirithe, ar an taithí a bhí aige lena dhara mac, mac a raibh riachtanais speisialta fhoghlama aige, agus, nach raibh, i bhfocail an údair, ‘in ann coinneáil suas leis an gcuid eile de na páistí’ (237).  Is léir ón mír nár cuireadh aon tacaíocht ar fáil dó ar scoil agus nach raibh na huirlisí cumarsáide ag an teaghlach chun tacaíochtaí oiriúnacha oideachais a lorg dó.  Admhaíonn an t-údar go ndeachaigh sé féin i muinín an fhoréigin chun a mhac a chosaint ó pháistí eile a bhíodh ag déanamh bulaíochta air (239).  

Tábhacht na Teanga i Saol an Linbh

Caitheann cuid de na sleachta sa díolaim solas ar chúrsaí teanga agus go háirithe ar thábhacht shealbhú na teanga i bhforbairt chumarsáideach agus mhothúchánach an linbh.  In ‘An Saol Nua’ feictear an chumha a thagann ar Peig Sayers agus í ag dul in aimsir, gan aon Bhéarla aici, chuig teach ina labhraíodh Béarla den chuid is mó (76).  In ‘Mé ar an Scoil’ tagraíonn Róise Rua Mhic Grianna don nós a bhíodh ann agus í ar scoil an teagasc go léir a dhéanamh trí mheán an Bhéarla.  Luann sí, ceart go leor, go mbíodh páistí ina rang nach raibh aon Ghaeilge acu ach sonraíonn sí go mbíodh deacrachtaí ag mórchuid de na páistí cumarsáid a dhéanamh leis an máistir as Béarla (85).  Is cuntas níos dorcha é an cuntas a thugann Séamus Ó Grianna ar an drochthionchar a d’imir an córas oideachais coilíneach ar pháistí a bhíodh á dtógáil le Gaeilge agus tagraíonn sé, freisin, don easpa tuisceana a bhíodh ar pháistí go minic ar scoil, mar a deir sé: ‘Ní raibh a fhios againn leath an ama goidé a bhíomar a rá’ (105).

Soláthraíonn an dá chaibidil atá sa díolaim as Fiche Blian ag Fás (1933 / 2008), le Muiris Ó Súilleabháin, léargas spéisiúil ar eispéireas an pháiste a fhilleann abhaile go dtí an Blascaod Mór tar éis dó a bheith sa dílleachtlann sa Daingean.  Cloiseann Muiris óg a athair ag spreagadh amhránaí agus baineann sé triail as labhairt na Gaeilge den chéad uair agus é ag déanamh aithrise ar chaint spreagúil a athar (165).

Sa sliocht le Lorcán S. Ó Treasaigh – sliocht atá tógtha as Céard é Énglish? (2002) – tugtar éachtaint ar thaithí buachalla óig atá á thógáil le Gaeilge i suíomh uirbeach na príomhchathrach.  Is léir go mbíonn ar an bpáiste sin dul i ngleic le ceisteanna teanga agus é an-óg agus go dtuigeann sé nach n-aontaíonn gach duine ina theaghlach sínte le cinneadh a thuismitheoirí maidir le teanga chumarsáide na clainne. Bíonn air dul i ngleic, freisin, le bulaíocht óna chomhaoiseanna ar an tsráid – comhaoiseanna a dhéanann ionsaí air féin agus ar a dheartháir de bharr a n-éagsúlachta.  Mar is léir ón sliocht seo thíos, áfach, níl amhras faoi ach go ndearbhaíonn an scoil Lán-Ghaeilge a bhféiniúlacht mar ‘Ghaeil’ agus go bhfaigheann na buachaillí faoiseamh agus tearmann inti:

Thosaigh muid ag gáire agus shiúil muid doras na scoile isteach mar nuair a bhíonn tú leis na Gaeil bíonn tú sásta, agus nuair a bhíonn tú sásta, bíonn tú ar do shuaimhneas… (296)

Cultúr, Súgradh agus Caitheamh Aimsire na nÓg

Cé go dtéann go leor de na giotaí próis i ngleic le gnéithe de chultúr na n-óg, faightear léargas ar leith ar shúgradh, ar chaitheamh aimsire agus ar fhéilte tábhachtacha i saol an linbh i roinnt de na sleachta. In ‘Bata Marascail’ – sliocht as Na Laetha a Bhí (1953 / 1966) le hEoghan Ó Domhnaill – mar shampla, tá tuairisc ghreannmhar ar an aithris a dhéanann buachaillí óga ar shaighdiúirí fásta i rith Chogadh na Saoirse nuair a shocraíonn siad ar chomplacht ‘de óglaigh mhiona a chur ar bun’ (129).  Tagraíonn an t-údar dá ‘chuid fear’ (130) agus caitheann sé leo go dáiríre.  Fiafraíonn sé de chara amháin leis, mar shampla: ‘Cé acu saighdiúir nó buachaill bó atá ionat?’ Is sliocht é a léiríonn tábhacht na rólimeartha agus na haithrise i súgradh agus i bhfoghlaim na bpáistí.

Luann Máirtín Ó Direáin cluichí traidisiúnta éagsúla agus maíonn sé go mbíodh sé ‘ag déanamh “plúiríní” ag déanamh “falach” nó ag cur báid ag snámh.’ (168).  Ina theannta sin, cé nach mbíodh na páistí ag imirt cártaí, luann sé gur fhoghlaim sé foclóir na gcluichí óna bheith ag éisteacht leis na daoine fásta agus iad i mbun imeartha (174) agus tagraíonn sé don fhaitíos a bhíodh orthu agus na daoine fásta ag insint ‘scéalta faoi thaibhsí’ (174).  Is díol spéise é, freisin, go bhfuil tuairisc ag Ó Direáin ar an ‘druileáil’ a bhíodh ar siúl i measc na bhfear aimsir an Dara Cogadh Domhanda agus ar an nós a bhíodh aige, mar bhuachaill, aithris a dhéanamh orthu lena chairde féin (187).

Sa sliocht dírbheathaisnéiseach le Máire Ní Ghaoithín, tá cuntas mionsonraithe ar thábhacht na mbábóg i saol bheirt chailíní.  Déanann an t-údar cur síos ar an ngliondar a bhí uirthi nuair a tháinig an bhábóg ghalánta di ó Mheiriceá agus cuimhníonn sí ar an tslí a ndeachaigh an bhábóg i bhfeidhm, ní hamháin uirthi féin, ach ar a cara, Siobhán, freisin.  Sula bhfad fuair Siobhán bábóg óna hathair siúd agus deir an t-údar go mbíodh ‘an-sheó’ (192) ag an mbeirt chailíní leis na bábóga.  Ar nós Bhrídín sa scéal ‘Bairbre’, chaith na cailíní lena mbábóga mar dhaoine (193).  Ina theannta sin, sonraíonn Ní Ghaoithín gur fhoghlaim sí scileanna maintíneachta óna bheith ag déanamh éadaí do na bábóga, scileanna a chuaigh chun sochair di ina saol mar dhuine fásta.

Tugann an dara sliocht sa díolaim ó An Lomnochtán (1977), le hEoghan Ó Tuairisc, léargas álainn don léitheoir ar pháiste ag fáil taithí ar dhomhan na scannánaíochta agus is féidir a bhís a léamh, go háirithe, ar an gcur síos géarchúiseach seo:

Scrín mhór gheal a bhí ann, na scáileanna liatha ag sclimpirneach uirthi, sin iad na Pictiúir, bhí an Scrín is a cuid scáileanna ina lasair liathbhán léimeach ag éirí go hard san aer roimhe, thiocfadh leis a lámh a leagan uirthi a mhéara a mheascadh i scáileanna reatha an scéil… ( 220)

Tá dhá shliocht sa díolaim a dhíríonn ar áit na Nollag i saol an linbh.  Sa mhír as An Nollaig Thiar (1989), le Breandán Ó hEithir, mar shampla, féachtar ar ghnéithe den Nollaig in Árainn nuair a bhí an t-údar ina pháiste agus scrúdaíonn sé, go háirithe, an t-iompar mínósach a bhíonn ann go minic aimsir na Nollag idir deartháireacha agus deirfiúracha agus iad ag fás aníos (234).  Faightear cur síos álainn ar ghliondar na Nollag sa ghearrscéal ‘Úrnollaig Ógh’ le Pádraig Breathnach.  Cé go raibh drogall ar an údar Oíche Nollag a chaitheamh i dteach a Dhaideo, ghéill sé agus d’fhan sé leis chun cabhrú le cráin a bhí ag súil le breith.  Nochtann an scéal gur bhain an t-údar an-sult as an Nollaig dhifriúil sin as baile (251).

Tátal

Is léir ón tsúilfhéachaint sin ar na sleachta i gcúig chatagóir éagsúla, go gcuimsíonn an díolaim réimse fairsing de shaol an linbh.  Tá ardmholadh tuillte ag Máirín Nic Eoin agus ag Aisling Ní Dhonnchadha as tarraingt ar a dtaithí fhorleitheadach ar phrós na Gaeilge chun rogha cháiréiseach fhiúntach de théacsanna ionadaíocha ar théama na hóige a chur ar fáil den chéad uair sa Ghaeilge in aon fhoinse amháin.  Níl amhras faoi ach go mbeidh léann na hóige agus léann na leanbaíochta faoi chomaoin ag eagarthóirí na díolama seo agus go n-éascóidh an díolaim féin agus na liostaí tagartha luachmhara atá curtha ar fáil ag deireadh an leabhair tuilleadh taighde sa ghort.

Leabharliosta: 

Tagairtí:

Máirtín, C., (2003) An Máistir: An Scoil agus An Scolaíocht i Litríocht na Gaeilge.  Baile Átha Cliath: Cois Life.

Nic Eoin, M., (eag.) (2001) Gaolta Gairide: Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh.  Baile Átha Cliath: Cois Life.

Nic Eoin, M. (eag.) (2010) Gaolta Gairide: Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh.  Eagrán úr méadaithe.  Baile Átha Cliath: Cois Life.