Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Lá: a chúlra, a bhunú is a oidhreacht | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Lá: a chúlra, a bhunú is a oidhreacht

Dorothy Ní Uigín

Pobal ar leith is ea pobal Gaeilge na Sé Chontae, agus d’eascair an nuachtán as an bpobal uathúil seo.  Ní mór, mar sin, chun aidhmeanna agus comhthéacs bhunú a thuiscint i gceart, scagadh a dhéanamh ar scéal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus i mBéal Feirste go sonrach.  Déantar scagadh dá leithéid thíos, agus pléitear bunú agus stair an fhoilseacháin bunaithe air sin – a raibh á fhoilsiú ar , na daoine a bhí páirteach san obair, agus an pobal léitheoireachta a bhí ag an nuachtán.  Ar deireadh, pléitear oidhreacht an fhoilseacháin agus déantar a thábhacht i scéal na Gaeilge ó thuaidh a mheas.

Cúlra na Gaeilge i mBéal Feirste

I ndaonáireamh 1851, bhí 136,164 cainteoir Gaeilge i gCúige Uladh, agus ina measc siúd bhí 35,783 duine nach raibh Béarla ar bith acu.  I ndaonáireamh na bliana 1891, áfach, ní raibh ach 83,226 cainteoir Gaeilge fágtha sna naoi gcontae ó thuaidh, agus ní raibh ach 7,053 díobh siúd gan aon Bhéarla.  Den 7,053 seo, bhí cónaí ar 7,037 acu i gCo. Dhún na nGall, rud a chiallaíonn nach raibh ach 16 duine sna hocht gcontae eile a bhí ina gcainteoirí Gaeilge amháin (Stephens, 1978: 129).  Chomh luath leis an mbliain 1830, bunaíodh ‘Cuideacht Gaoidheilge Uladh’ nó The Ulster Gaelic Society i mBéal Feirste, agus deir Meic Stephens (1978: 455) faoi:

 Before Thomas Davis the many societies interested in Irish had been scholarly and defensive, more devoted to manuscripts than in the language’s survival...The only exception to this general rule was the Ulster Gaelic Society (1830) which concerned itself not only with ‘the venerable remains of ancient Irish literature’ but with the teaching and publishing of the language...

Chabhraigh an eagraíocht seo le cur chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart, ach níor tháinig gluaiseacht athbheochana faoi bhláth in Ulaidh gur bunaíodh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893.  D’fhás Conradh na Gaeilge go han-sciobtha sna naoi gcontae ó thuaidh: faoin mbliain 1905, bhí 83 chraobh den Chonradh i gCúige Uladh, agus sa bhliain chéanna sin, bhunaigh an Conradh Coláiste Chomhghaill i gcathair Bhéal Feirste. 

Faoin mbliain 1911, bhí an Ghaeilge ag 7,595 duine i mBéal Feirste féin (Nig Uidhir, 1985: 16), agus d’oscail an Conradh trí choláiste eile sa chathair an bhliain chéanna, mar aon le coláistí eile ar fud an chúige.  Bhí míshástacht le fáil i measc chainteoirí Gaeilge Bhéal Feirste, agus i measc chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt i gcoitinne leis na coláistí seo, áfach, ar an ábhar nach raibh fiú múinteoir amháin ag teagasc iontu a raibh canúint an Tuaiscirt aige / aici.  Is mar gheall air sin a bhunaigh lucht Gaeilge Bhéal Feirste an Ardscoil Ultach sa chathair in 1912, áit nach raibh ach Gaeilge Chúige Uladh á múineadh.  D’fheidhmigh an Ardscoil mar lárionad sóisialta do lucht labhartha na Gaeilge ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.  Is ann, go deimhin, a foilsíodh ag tús a shaoil chomh maith.  Léiríonn bunú na hArdscoile an tuiscint a bhí ag cainteoirí Gaeilge sa Tuaisceart go raibh an Conradh ag déanamh faillí i nGaeilge Uladh.  Mar sin féin is léir an dea-thionchar a bhí ag Conradh na Gaeilge ar staid na Gaeilge sa Chúige sna blianta luatha seo tar éis a bhunaithe, agus maíonn Meic Stephens (1978: 132):

 ...the percentage of Irish-speakers in Ulster at the 1911 Census...had risen to 2.3% from 1.3% in 1891; there were approximately 8,000 native-speakers of Irish in Belfast in 1913.  This slight increase was largely attributable to the foundation of Conradh na Gaeilge...in 1893.

Críchdheighilt

Sa bhliain 1922, bunaíodh an Saorstát agus tháinig na Coláistí Gaeilge sa chuid eile den tír faoi stiúir Roinn nua Oideachais an tSaorstáit, agus tháinig meath ar na Coláistí Gaeilge sna Sé Chontae.  D’fhás nós láidir i measc mhuintir na Sé Chontae a gcuid páistí a chur chuig coláistí Gaeilge i nGaeltacht Thír Chonaill sa tréimhse seo.  Dhaingnigh an tacaíocht a bhí á tabhairt do Chonradh na Gaeilge sna Sé Chontar tar éis na críchdheighilte.  Deir Gabrielle Maguire (1991: 27):

 ...many people assumed that the role of this revolutionary organisation became obsolete with the founding of the Free State in 1922 and the recognition of Irish as the official language in Ireland.  The Irish Government accepted that it was its responsibility to safeguard the native language.  However the belief that this acknowledgement guaranteed the preservation and diffusion of Irish proved false.

Within the Six Counties such an assumption could never have been made in the first instance.  The Northern Ireland Government chose to ignore the existence of Irish and the cultural rights of an ethnic minority.  The continued need for Gaelic League Branches was, therefore, never questioned by Northern Gaels.

An tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh, An tUltach agus Comhaltas Uladh

Conraitheoir tábhachtach ab ea an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh a bhunaigh An tUltach sa bhliain 1924,

…an iris is faide saol i nuascríbhneoireacht na Gaeilge sa mhéid is go bhfuil sí á foilsiú ón bhliain 1924 anuas.  Bunaíodh an iris le hábhar léitheoireachta a sholáthar do Ghaeil Uladh nuair ba léir go mbeadh ar Ghaeilgeoirí na Sé Chontae déanamh dóibh féin mar gheall ar chrichdheighilt na tíre seo (Ó Máirtín, 1989: 8).

Mheas an tAthair Ó Muireadhaigh go raibh

...leithcheal á dhéanamh gan leithscéal ar Ghaeilge Chúige Uladh, agus an bhéim á leagan ar fad ar an dá chanúint eile, go mór mhór ar Ghaeilge na Mumhan...

B’fhollas dó go mbeadh cath le cur in aicearracht agus dar leis go mba mhaith agus go mb’éifeachtach an t-am cosanta irisleabhar a chuirfeadh ar chumas Gaeilgeoirí Uladh teagmháil a chothú le chéile agus a gcanúint féin a chur chun cinn san am chéanna (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 37).

I measc na ndaoine a bhí ag scríobh do An tUltach ag tús a saoil bhí Seaghan Bán Mac Meanman, Niall Ó Dónaill, Seosamh Mac Grianna, Donn S. Piatt, Tadhg Ó Rábhartaigh, Séamus Ó Grianna, Seán Mac Maoláin, agus, ní ba dhéanaí, Séamus Ó Néill agus Tarlach Ó hUid.  Bhí Lorcán Ó Muireadhaigh féin ina eagarthóir ar an iris ar feadh na mblianta, agus ina bhainisteoir uirthi go bhfuair sé bás.  Deir Tomás Ó Fiaich (1977: 25) go raibh ‘...litir agam ina n-abraíonn sé gur mhinic a scríobhadh sé an t-ábhar ar fad do An tUltach.’

Sna blianta luatha seo foilsíodh go leor píosaí ar An tUltach a foilsíodh mar leabhair ina dhiaidh sin: An Grá agus an Ghruaim, Pádraig Ó Conaire agus Aistí Eile, Filí gan Iomrá le Seosamh Mac Grianna; Nuair a bhí mé óg agus Thiar i dTír Chonaill le ‘Máire’, Cora Cainte as Tír Chonaill le Seán Mac Maoláin; Bruíon Féile le Niall Ó Dónaill; Bua an Ultaigh le Séamus Ó Néill, agus An Bealach Chun an Bhearnais le Tarlach Ó hUid, mar shampla.  Thug Mícheál Ó Máirtín, ‘Rosc Catha’ ar An tUltach sna blianta luatha seo, ‘Rosc Catha’ ‘...a mheall scríbhneoirí éirimiúla chuige leis an mheirge a thógáil ar son mhuintir Leath Coinn, meirge a iompraíodh go mórtasach agus go tairbheach ar fud gach uile chríoch den tír seo’ (eagarfhocal An tUltach, Meitheamh, 1925).  Cé gur mó béim a chuir An tUltach ar chúrsaí litríochta, bheadh tiomantas céanna a bhunaitheora le sonrú blianta ní ba dheireanaí i mbunaitheoirí an nuachtáin .

Bhí an tAthair Ó Muireadhaigh ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, agus ‘…I ndeireadh an Earraigh 1926, chuir an tAthair Ó Muireadhaigh in iúl ag cruinniú den Choiste Gnótha i mBaile Átha Cliath gur shíl sé go gcaithfí coiste gnótha faoi leith do Chúige Uladh féin a chur ar bun...’ (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 60).    Rinneadh é seo, agus ag Comhdháil speisialta ar 3 Samhain, 1926, bunaíodh Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge, coiste cúige le haghaidh deich gcontae, contaetha chúige Uladh agus Co. Lú.  Cuireadh i leith bhunaitheoirí an Chomhaltais go raibh siad ‘...ag iarraidh an chríchdheighilt a thabhairt isteach i gConradh na Gaeilge’ (Mac Giolla Chomhaill, 1983: 60).  Mheas lucht bunaithe an Chomhaltais, áfach, agus cainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt trí chéile go raibh faillí á déanamh i nGaeilge Uladh sna scoileanna, sna nuachtáin, agus ag rialtas Bhaile Átha Cliath, agus dá bhrí sin, mhothaigh siad gur chóir do     

 ...lucht na Gaedhilge i gCúige Uladh agus Óirghialla a bhailiughadh le chéile in aon ghluaiseacht amháin agus ceangal daingean láidir a dhéanamh eatarru.  Chan fheil neart go cur le céile, agus cha bhíonn an neart ceart againn i gCúige Uladh go dtiocfaidh na Gaedhil le céile agus go mbeidh aithne aca go léir ar a chéile. (An tUltach, Eagarfhocal, Mí Eanáir, 1924)

Faoin mbliain 1944, bhí 142 chraobh ag an gComhaltas ar fud Chúige Uladh.  Ghlac an Comhaltas An tUltach chuige féin mar iris oifigiúil an Chomhaltais agus baineadh feidhm aisti mar mheán bolscaireachta don eagraíocht.

Cumann Chluain Ard agus Glún na Buaidhe

Sa bhliain 1936, bunaíodh Cumann Chluain Ard i mBéal Feirste mar chraobh de Chomhaltas Uladh.  Tháinig Glún na Buaidhe[1], eagraíocht a bunaíodh i mBaile Átha Cliath, go Béal Feirste sa bhliain 1943, ach níor mhair an eagraíocht ach ar feadh dhá bhliain ansin.  Bhí tionchar ag an nGlún ar scéal na Gaeilge i mBéal Feirste, áfach, mar go raibh riail dhaingean ag an nGlún maidir le húsáid na Gaeilge, rud a chuaigh i bhfeidhm ar bhaill Chomhaltas Uladh.  Bhí cuid mhór de na daoine a bhí bainteach leis an nGlún i mBéal Feirste idir na blianta 1943 agus 1945 bainteach le gluaiseacht na Gaeilge sa Tuaisceart ina dhiaidh sin.  Bhí Seosamh Mac Domhnaill ina cheannaire ar an nGlún i mBéal Feirste, agus bhí Liam Ó Dochartaigh, Pádraig Mac Giolla Ruaidh, Art de Creag, Aodh Mag Eoin agus daoine eile nach iad ina mbaill di.  Chláraigh Craobh na Buaidhe i mBéal Feirste mar chraobh de Chomhaltas Uladh, agus rinne Glún na Buaidhe iarracht nascadh le Cumann Chluain Ard, a bhí an-láidir ag an am seo.  Níor éirigh leis an iarracht seo, áfach.  Dúirt Tomás Ó Monacháin, a bhí ina bhall de Chumann Chluain Ard ag an am, faoi seo:

Na daoine a bí i gceannas an Chumainn san am, ní raibh siad fábharach de bhrí, is dóiche, nár thaithin an blas faisisteach róChaitliceach leo...Mhol Glúin na Bua Éire Chríostaí, Ghaelach.  Ach b’ionann Críostaí acu agus Caitliceach.  Bhí an Cumann ariamh iontach neamhsheicteach....Tá traidisiún Críostaí fite fuaite istigh sa Ghaeilge ach níl traidisiún Caitliceach, mar a thuigeann muidinne in Éirinn é – forlámhas an Bhéarla... (Ó Fiaich, B., 1990: 36–7)

Na Caogaidí

Tháinig fás ollmhór ar imeachtaí agus ar eagraíochtaí Gaelacha i mBéal Feirste agus na Sé Chontae trí chéile sna caogaidí, agus daingníodh an caidreamh idir cainteoirí Gaeilge na Sé Chontae agus Gaeltacht Thír Chonaill mar gheall ar an líon daoine ón gceantar sin a bhí á gcur fúthu i mBéal Feirste ag an am (Ó Fiach, B., 1990: Caibidil 5).  Bhí go leor cailíní aimsire ón nGaeltacht ag obair i mBéal Feirste sa tréimhse seo, agus bhídís lánpháirteach sna himeachtaí Gaelacha a bhí ar bun sa chathair.  Bhí cuid mhór de na himeachtaí Gaelacha seo lonnaithe san Ardscoil.  Bhí Conradh na Gaeilge ag feidhmiú sa chathair mar a luadh thuas, ach chomh maith leis sin, bhí An Réalt, An Caidreamh Gaelach, An Cumann Gaelach, An Chomhairle Drámaíochta, Cuallacht Mhuire, An Cumann Snámha, An Cumann Rothaíochta, An Cumann Siúlóide agus An Caidreamh Protastúnach gníomhach i mBéal Feirste.  Bhí Gasra an Fháinne sa chathair freisin; bhí Cumann Fichille ansin; bhí Ciorcal Scríbhneoireachta acu – ‘Cleite’ (Tarlach Ó hUid a bhunaigh), agus bhíodh céilithe ar siúl beagnach chuile oíche den tseachtain.

‘Fál’ agus Dearcadh

Sa bhliain 1952, bunaíodh eagraíocht nua i mBéal Feirste – ‘Fál’ agus bhí réabhlóideachas nua le sonrú go láidir sa ghrúpa seo.

Bhí rún ag an ghrúpa úr an Náisiún Gaelach a chur in aithréim ar fud na tíre trí shaothrú an dúchais Ghaelaigh.  Bhíothas le talamh slán a dhéanamh den Ghaeilge mar theanga amháin na gluaiseachta i ngach gné dá chuid oibre. (Ó Fiaich, B., 1990: 52)

Ar na daoine ba thábhachtaí a bhí chun cinn in ‘Fál’ bhí Séamus Mac Diarmada, Cathal Mac Carráin, Tomás Mag Bhrain, Liam Mac Canna, Micí Ó Braonáin, Pádraig Mac Giolla Ruaidh, Seán Mac Eochaidh, Liam Ó Dochartaigh, Beartlaoi Ó Foghlú.  Bhunaigh ‘Fál’ tréimhseachán dá gcuid féin, agus tháinig an chéad uimhir de ar an saol i mí Eanáir, 1954.  Dearcadh an t-ainm a bhí ar an iris seo, agus scaipeadh fealsúnacht na heagraíochta sna heagráin éagsúla de Dearcadh a bhí le fáil ar feadh bliana le linn 1954.  Míníonn Gabrielle Maguire (1990: 30): 

[Fál] drew attention to the dependence of Irish speakers on English-medium institutions.  Members of Fál believed that this situation greatly impeded the progress of revival efforts.  In the August 1954 edition of their monthly paper ‘Dearcadh,’ the group deplored the lack of a national press.  Current Irish periodicals and magazines could not fill the vacuum.  Major daily newspapers of the time were criticed [sic] for their lip service to the language in the form of the one or two articles in Irish which they printed.  Other editions of ‘Dearcadh’ give an insight into the close affinity which Belfast Irish speakers felt with traditional Gaeltacht and their concern about the decline of Irish in those areas...

Sa tríú heagrán de Dearcadh, dúradh nach ‘...cuid de ‘The Irish Nation’ muintir na Gaeltachta.  Is iad an Náisiún Gaelach.’  Cháin baill ‘Fál’ coincheap an dátheangachais ag rá nach gciallaíonn dátheangachas ‘...in Éirinn rud ar bith eile ach an Béarla a bheith in uachtar agus an Ghaeilge a bheith in áit na leithphingne’ (Ó Fiaich, B., 1990: 80). 

Scéim Bhóthar Seoighe

Deir Breandán Ó Fiaich (1990: 89) gurbh iad:

...scéim Bhóthar Seoighe agus Scoil Ghaelach Bhéal Feirste toradh na hoibre go dtí seo ar na hathruithe a thosaigh i bhfealsúnacht Ghaeil Bhéal Feirste in aimsir ‘Fál’ agus ‘Dearcadh.’  Ba dhána an mhaise do dhuine a mhaíomh gur ‘Fál’ a ba chúis leis na hathruithe ach gur scáthán é ar an rud a bhí ag titim amach agus gur cuid de shlabhra é a thosaigh le bunú Chomhaltas Uladh agus a mhair fríd aimsir Ghlúin na Bua go dtí ré ‘Fál’ agus Gaelú Chumann Chluain Ard go dtí an lá atá inniu ann.

Thuig na daoine a raibh baint acu leis an dá thogra seo go mbeadh sé fíordheacair saol a chaitheamh i nGaeilge i mBéal Feirste mar go raibh siad ag plé le státchóras Gallda agus le hinstitiúidí Béarla.  Chomh maith leis sin, cé go raibh an Ghaeilge láidir i mBéal Feirste ag an am, bhí cainteoirí Gaeilge na cathrach scaipthe thart timpeall na cathrach.  Bhí cuid mhór de na daoine i gCumann Chluain Ard agus in ‘Fál’ in aois a bpósta, agus bhí sí mar aidhm acu an Ghaeilge a bheith mar theanga theallaigh acu.  Theastaigh uathu pobal láidir Gaeilge a bheith thart timpeall orthu, pobal a chabhródh leo an Ghaeilge a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlún eile.  Deir Gabrielle Maguire (1990: 18) go raibh sé ‘…unlikely that a stable harmonious society would have engendered the drive to implement the Shaw’s Road project’.   Ag tús na seascaidí, shocraigh aon lánúin déag go gcruthóidís ‘Gaeltacht’ bheag i gcathair Bhéal Feirste.  Ní raibh Gaeilge ó dhúchas ag aon duine acu.  Fuair siad iasacht airgid ó Chomhaltas Uladh agus cheannaigh siad suíomh ar Bhóthar Seoighe le tithe a thógáil ansin dóibh féin.  Ba í an bhunaidhm a bhí ag bunaitheoirí Phobal Bhóthar Seoighe ná an Ghaeilge a chur i réim mar theanga theallaigh eatarthu féin agus í a chur ar aghaidh don chéad ghlúin eile.  Bhog an chéad teaghlach isteach sna tithe ar Bhóthar Seoighe ag deireadh na seascaidí.  Sa bhliain 1971 bhunaigh Pobal Bhóthar Seoighe bunscoil Ghaeilge dá gcuid páistí.

Na hOchtóidí

D’fhás an Ghaeilge go tapa i mBéal Feirste tar éis bhunú Phobal Bhóthar Seoighe.  Rinneadh iarracht meánscoil Ghaeilge a bhunú sa chathair sna seachtóidí ach theip ar an iarracht sin ag an am.  Tugadh faoi arís in 1991, áfach, agus d’éirigh leis an iarracht an uair sin.  Sa bhliain 1984, bunaíodh siopa leabhar Gaeilge sa chathair, ‘An Ceathrú Poilí,’ agus ag tús na n-ochtóidí, bunaíodh Preas an Phobail (a d’eascair as Gaedheal Bhéal Feirste), as ar tháinig sa bhliain 1984. 

Nuachtán laethúil a bhí ann ag an tús (cúig lá sa tseachtain), ach rinneadh seachtanán de in 1993.  Ba chomhartha é de thiomantas chainteoirí Gaeilge an Tuaiscirt a léiríodh roimhe sin i mbunú Chomhaltas Uladh, i mbunú ‘Fál’ agus sna tuairimí a léiríodh in Dearcadh, agus i Scéim Bhóthar Seoighe.  D’eascair as na himeachtaí seo uilig.

Stair

I gcéadeagrán (13 Lúnasa, 1984), tá cur síos ar stair agus ar dheireadh Inniu.  Bunaíodh Inniu breis is ceathracha bliain roimhe sin, agus aidhm fhadteármach ag lucht a bhunaithe nuachtán laethúil a dhéanamh de.  Níor éirigh leo an aidhm sin a chur i gcrích, ach le bunú Lá, bhí an aidhm curtha i gcrích ag daoine eile.  (Tá tagairt freisin do bhunú ar eagrán 24 Lúnasa 1984 de Inniu, lch 7). 

Gearóid Ó Cairealláin a bhí ina chéadeagarthóir ar ; fear ildánach, agus é báite go hiomlán i saol na Gaeilge agus i saol cultúrtha Bhéal Feirste.  Bhí sé ina eagarthóir ar Preas an Phobail roimh bhunú Lá, agus bhí sé bainteach le Gaedheal Bhéal Feirste roimhe sin arís.  Mheas an Caireallánach gur bhunriachtanas pobail é nuachtán dá gcuid féin a bheith aige, agus bhí ag comhlíonadh an riachtanais sin.  In eagarfhocal an chéad eagráin dúirt sé:

Chuireamar in iúl riamh go gcaithfidh nuachtán laethúil bheith ann (i measc rudaí eile) má tá le héirí leis an Ghaeilge mar bheotheanga phobail.  Tá sé ar cheann de na slite is práinní agus éifeachtaí chun aontas pobail a chothú, a chaoimhnú agus a leathnú…

Ag tús shaol Lá, ní raibh sa nuachtán ach dhá dhuilleog fhotachóipeáilte coinnithe le chéile le stápla.  I lár mhí an Mhárta, 1991, áfach, tháinig feabhas ar chlódhearadh an nuachtáin nuair a rinne an nuachtán conradh le Clódóirí Rónáin i Lurgain, Co. Ard Mhacha.

Bhí lonnaithe san Ardscoil go dtí mí Aibreán 1985 nuair a chuaigh an scoil trí thine.  Thug foireann an nuachtáin faoi mhórfheachtas chun airgead a bhailiú, agus chuaigh ceathrar acu ar thuras urraithe rothaíochta timpeall na hÉireann.  Dúirt Gearóid Ó Cairealláin ag an am: ‘Seo é an t-aon nuachtán laethúil Gaeilge riamh.  Tá sé ró-thábhachtach ar son athbheochan na Gaeilge go n-imeodh sé anois’ (Lá, 29 Aibreán, 1985).  Bhí oifig lonnaithe sa tSeanmhuileann i Sráid Mhic Chonmhidhe i ndiaidh na tine san Ardscoil, agus sa bhliain 1989, bhog an nuachtán go dtí Cultúrlann Mc Adam-Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál.

Bhain cuid mhór den nuacht ar leis na Sé Chontae féin, agus ba léir ón tús an claonadh náisiúnach ar na píosaí seo.  Bhíodh bunús na n-alt dea-scríofa agus eolasach, cé nach raibh éagsúlacht mhór ar fáil in ábhar na bpíosaí go minic.  Sna blianta luatha seo bhíodh cuid mhór alt nuachta le Gearóid Ó Cairealláin féin ar an bpáipéar, ach ba é Eoghan Ó Néill – a bhunaigh an páipéar in éineacht leis an gCaireallánach agus a bhí ina eagarthóir air ina dhiaidh sin – a scríobh formhór na n-alt ar chúrsaí polaitíochta agus ar chúrsaí reatha.  Feirsteach ab ea an Niallach chomh maith, a bhfuil a shaol caite aige ag plé leis an iriseoireacht Ghaeilge – idir chlóite agus chraolta – agus cáil air dá réir.

Ar na colúnaithe rialta a bhí ag scríorbh ar sna luathbhlianta bhí Art de Creag, Risteárd Ó Glaisne (‘Ag mo Chrinlín’), Pádraig Mac Giolla Ruaidh, Marcas Ó Murchú (‘Ceol is Cuideachta’), Proinsias Mac an Bheatha (‘Na Meáin’) agus Colm Ó Torna.  I lár 1985, cuireadh tús leis an gcolún ‘Machnamh’ leis an Athair Annraoi Mac Giolla Chomhaill, Caitliceach agus an Canónach Coslett Ó Cuinn, Protastúnach – teachtaireacht ann féin ag tréimhse chorraitheach i stair na Sé Chontae, ceithre bliana tar éis Stailceanna Ocrais na Ceise Fada.  (Dúirt an t-aontachdóir Chris McGimpsey [The Irish Reporter, Samhradh, 1993] faoin gCanónach Quinn: ‘It hardly needs to be pointed out that there is no theological reason why a Protestant should not or could not master Irish…Quinn, for example, informed me that the first Irish phrase he ever learned was ‘To Hell with the Pope’.)  Daoine eile a scríobh go rialta sa nuachtán sna blianta luatha seo ab ea Seán Mac Aindreasa, Brian Ó Maoileoin agus Seán Ó Cearnaigh.  Bhí baint ag go leor de na scríbhneoirí seo le Scéim Bhóthar Seoighe agus le heagraíochtaí eile Gaeilge sa chathair.  Léiríonn na ceangail seo a thábhachtaí is a bhí an fhís a bhí ag pobal na Gaeilge a chothú agus freastal a dhéanamh ar an bpobal sin.

Cé gur cúrsaí nuachta agus bolscaireacht náisiúnach a bhí chun cinn san fhoilseachán sna blianta seo, bhíodh an litríocht le feiceáil ann uaireanta freisin – foilsíodh sraith d’fhorlíonta litríochta ar le linn shamhradh 1990, mar shampla, agus nuair a rinneadh seachtanán den pháipéar bhí áit ní ba lárnaí fós ag saothar cruthaitheach.  Ar na scríbhneoirí a bhí ag plé leis seo bhí Diarmuid Ó Gráinne, Brian Ó Maoileoin agus Gabriel Rosenstock.

ina Sheachtanán

Is i mí Feabhra, 1993 a rinneadh seachtanán de .  Mhínigh Gearóid Ó Cairealláin an chúis a bhí leis sin ar an nuachtán féin (11 Feabhra, 1993):

…táimid ag éirí as an fhoilsiú laethúil le díriú ar an mhargaíocht.  Is gá dúinn i bhfad níos mó cóipeanna dár nuachtán a dhíol.  Nuair a bunaíodh sa bhliain 1984, ba é ár bpríomhchuspóir ná páipéar nuachta a fhoilsiú gach lá le bheith mar chrann taca cumarsáide idir Gaeil Éireann.

D’aithníomarna – mar a d’aithin a lán eile romhainn – gur ghá infrastruchtúr sóisialta a thógáil chun pobal na Gaeilge a neartú i mBéal Feirste agus ar fud na tíre…

Thar aon ní eile bhriseamar an gheis a bhaineadh le foilsiú nuachtáin Ghaeilge ar bhonn laethúil.  Chruthaíomar gur féidir é a dhéanamh, gur fiú é a dhéanamh agus go bhfuil pobal ann dó.

D’fheabhsaigh caighdeán an nuachtáin go mór agus é á fhoilsiú go seachtainiúil.  Bhí téagar ag baint leis an bhfoilseachán seachtainiúil nach raibh le sonrú roimhe sin.  Cé gurbh amhlaidh a bhí, bhí roinnt den tuairim gur chéim chun deiridh a bhí in athrú an nuachtáin.  Léirítear an míshásamh seo i gcuid mhaith de na litreacha a foilsíodh ar ag an am; bhain prionsabal le foilsiú go laethúil, agus ní gach duine a bhí sásta nach rabhthas ag cloí leis an bprionsabal sin.

Agus á fhoilsiú go seachtainiúil, bhí áit ní ba lárnaí ag na healaíona sa pháipéar, bhíodh ailt rialta le Seán Ó Cearnaigh, (‘Macalla Gaeltachta’), Art de Creag, agus Deasún Breathnach (‘Ruaille’) ar an nuachtán, cuireadh tús leis an gcolún ‘Lia Fáil’ leis an Dochtúir Ruairí Ó Bléine, alt inar pléadh cúrsaí tinnis agus leighis, agus rinne Dónall Mac an Ultaigh, Irial Mac Murchú, Dáithí Mac Con Uladh agus Diarmaid Ó Gráinne freastal ar an lucht spéise spóirt.

Sa bhliain 1997, thosaigh an t-iarpholaiteoir Máirtín Ó Muilleoir ag obair mar bhainisteoir eagarthóireachta agus mar fhoilsitheoir ar an Andersontown News agus ar pháipéir eile a bhí á bhfoilsiú i mBéal Feirste ag an am, agus in Aibreán 1999 cheannaigh an grúpa foilsitheoirí seo .  Bhí siad dóchasach go bhféadfaí bonn ní ba láidre a chur faoin bpáipéar, cé gur admhaigh Máirtín Ó Muilleoir gur chaill an nuachtán £33,500 idir Aibreán 1999 agus Meán Fómhair 2000 (Ó Domhnaill, 2001).  Sa bhliain 2001, dúirt Ó Muilleoir go raibh sé:

…ag súil go mbeidh cúig mhíle duine sásta an páipéar a léamh gach lá.  Beidh sé spleodrach, beidh sé beomhar, beidh sé greannmhar, beidh nuacht ann nach mbeidh le fáil áit ar bith eile.  Brisfidh sé scéalta.  Fiú má chaitheann muid fir nochta a chur ann, déanfaidh muid sin! (Ó Domhnaill, 2001)

Bhí an nuachtán ag streachailt le cúrsaí maoinithe sa tréimhse seo, ach faoi Aibreán 2003, bhí á fhoilsiú go laethúil arís.  Dúirt Pól Ó Muirí an méid thíos san Irish Times ag an am sin (30 Aibreán, 2003):

Is é dóchas go bhfuil bearna sa mhargadh do nuachtán laethúil.  B’fhéidir go raibh sin fíor 20 nó fiú 10 mbliana ó shin.  Ní dócha gur fíor níos mó é.  Tá seirbhís laethúla nuachta ar fáil ar raidió agus ar theilifís agus is fusa iad a aimsiú ná nuachtán.

…An bhfuil an t-am ann do nuachtán laethúil nó an bhfuil a lá thart cheana féin?  Bhí mórán daoine le cluinstin á rá roimh an seoladh gur mhol siad a misneach ach… D’fhreagródh gan amhras nár chaill fear an mhisnigh an cluiche riamh…

Tháinig Ciarán Ó Pronntaigh i gcomharba ar Eoghan Mac Néill mar eagarthóir ar an nuachtán, agus sa bhliain 2006, d’éirigh le  i gcomórtas Fhoras na Gaeilge chun nuachtán nó foilseachán nuachta laethúil a fhoilsiú.  Bhí Concubhar Ó Liatháin ina eagarthóir ar an bpáipéar idir 2005 agus 2008 agus méadaíodh go nuachtán sé leathanach déag le linn na tréimhse sin.

In Eanáir 2007 athraíodh ainm go Lá Nua, agus i mí an Mhárta 2008 ceapadh Dónall Mac Giolla Chóill ina eagarthóir ar an bhfoilseachán.  Rinne Lá Nua iarracht socrú a dhéanamh le Foras na Gaeilge leagan leictreonach amháin a dhéanamh den nuachtán, agus scríobh Máirtín Ó Muilleoir cur síos ag an am ar na pleananna a bhí acu dul ar líne (Ó Muilleoir, 2008).  Scríobh John Walsh faoi seo ag an am sin freisin (Walsh, 2008):

Ar shlí, bhí an ceart ar fad ag muintir Lá Nua a rá gur ar an Idirlíon a bheidh todhchaí na meán clóite ag brath.  Deirtear nach fada go mbeimid go léir ag íoslódáil ár nuachtáin laethúil nó á léamh ar an Idirlíon amháin.  Níor tháinig an lá sin fós, áfach, agus b’ait liom go bhféadfadh Lá Nua a mhaíomh cúpla seachtain ó shin gur dul chun cinn a bheadh ann éirí as an bhfoilsiúchán páipéir go laethúil agus leagan idirlín amháin a tháirgeadh.  Ní féidir ‘dul chun cinn’ a thabhairt air sin, agus an oiread sin léitheoirí fós ag léamh nuachtán ar an mbealach traidisiúnta.

Níor ghlac Bord Fhoras na Gaeilge leis an moladh Lá Nua a chur ar fáil go leictreonach mar go mbrisfí na coinníollacha a bhain leis an gconradh maoinithe idir an Foras agus Lá Nua dá ndéanfaí amhlaidh.  Foilsíodh an t-eagrán deireanach de Lá / Lá Nua ar an 19 Nollaig, 2008. 

Is mór idir 2008 agus 2021, ar ndóigh, agus tá léirithe ag www.tuairisc.ie, agus ag foilseacháin nuachta i dteangacha éagsúla ar fud an domhain gur féidir soláthar nuachta a dhéanamh ar líne, agus d’fhéadfaí a rá anois go raibh lucht Lá Nua fadbhreathnaitheach ag an am, ach nach raibh sé sin chomh soiléir sin trí bliana déag ó shin. 

Focal scoir

Ráiteas Mháirtín Uí Chadhain ‘Is í an Ghaeilge athghabháil na hÉireann agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge’ an mana a bhí ag .  Nuachtán náisiúnach a bhí ann.  Ní raibh an meon a léirigh chomh cúng lenar léiríodh ar Inniu agus bhí misneach agus beocht in nach raibh le sonrú ar a iomaitheoir comhaimsire, Anois.  Mhaígh Risteárd Ó Glaisne (1992), go raibh ‘...iorónachas ag baint le nach raibh le feiceáil in Inniu, cé go bhfuil Ultachas le sonrú sa dá nuachtán...’  Cé go raibh meon náisiúnach ag , bhí an foilseachán thar a bheith cúigeach, Tuaisceartach; mar a dúirt John Walsh (2008): ‘Ní dóigh liom gur féidir le nuachtán a thugann “nuachtán náisiúnta” air féin an oiread sin béime a chur ar scéalta Tuaisceartacha i gcónaí’.  Bhain beocht agus bríomhaireacht leis an nuachtán i gcónaí, áfach, agus ag croí na hoibre bhí an fheidhm a bhí ag Gearóid Ó Cairealláin, ag Eoghan Ó Néill agus a gcuid leathbhádóirí, pobal Gaeilge a chruthú – a chothú agus a bhuanú – lárnach.

Dúirt an Caireallánach san alt ‘Stairseanchas ’ (1993a: 7) nárbh ‘…fhéidir a shéanadh ach go raibh spiorad beo ag baint leis, spiorad fíor na hathbheochana a spreag gach foilsitheoir Gaeilge ó de hÍde go dtí Ó hUid, go dtí Ó Snodaigh…’  Rud réabhlóideach a bhí ann nuachtán laethúil Gaeilge a thabhairt ar an saol sa bhliain 1984, agus is cinnte gur chuir leis an mborradh teanga a bhí i mBéal Feirste ag an am agus a chruinnigh neart ó shin.  Deir Breandán Delap (2007: 30):

Cé gur éacht mór ab ea bunú , ba mhionsamhail é d’éachtaí den chineál céanna i réimsí eile den saol poiblí a bhí á dtionscnamh ag pobaltheanga (sic) beag dílis Iarthar Bhéal Feirste.  Ní thig forbairt an nuachtáin a scarúint ó na trioblóidí a bhí ag réabadh an cheantair ó dheireadh na 1960í i leith.  Chuir a ndílseacht don chultúr Gaelach le féinmhuinín an phobail náisiúnaigh sa cheantar agus bhunaigh baicle bheag teaghlach Gaeltacht Bhóthar Seoighe ar imeall na cathrach.  As sin a d’eascair an spreagadh agus do bhunscoil agus do mheánscoil lánGhaelach sa cheantar mar aon le Cultúrlann Mhac Adaim Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál.  Tá fás as cuimse tagtha ar an phobal Gaelach sa chathair ó shin i leith.

Ba mar chuid den réabhlóid chultúrtha úd a cuireadh i gcló den chéad uair ar 13 Lúnasa 1984…

Tá an spiorad athbheochana a luann Ó Cairealláin thuas fós le sonrú i measc lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae, agus cuid de sin a bhuíochas do thiomantas bhunaitheoirí agus scríobhneoirí .  Tugadh guth do phobal náisiúnach, Gaelach, Feirsteach sa nuachtán , agus chothaigh sé an pobal sin le linn bhlianta na dTrioblóidí agus ina dhiaidh sin.  Ní beag an oidhreacht é sin.

 

[1] Tá cur síos cuimsitheach ar an nGlún in Architects of the Insurrection: Ailtirí na hAiséirighe and fascist ‘new order’ in Ireland le R.M. Douglas (2009).  Féach freisin: ‘Craobh na hAiséirí, Glún na Buaidhe agus Bunú Inniu’ le D. Ní Uigín in Irisleabhar Mhá Nuad (1995), 75–110.

Leabharliosta: 

Leabhair

Cummings, P., (eag.) (2004) Ár nuachtán laethúil: fiche bliain de Lá.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Delap, B., (2007) Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal.  Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Douglas, R.M., (2009) Architects of the Insurrection: Ailtirí na hAiséirighe and fascist ‘new order’ in Ireland.  Manchain: Manchester University Press.

Mac Carráin, L., (1982) Is Cuimhin Liom an t-am...  Baile Átha Cliath: Coiscéim & Cumann Chluain Ard.

Mac Giolla Chomhaill, A., (1983) Lorcán Ó Muireadhaigh; Sagart agus Scoláire. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.

Mac Póilín, A. & Andrews, L.S., (1993) BBC agus an Ghaeilge/and the Irish Language.  Iontaobhas Ultach.

Maguire, G., (1991) Our Own Language: An Irish Initiative.  Clevedon: Multilingual Matters Ltd.

Ó Ceallaigh, E.,  (1982) An Dá Thaobh.  Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.

Ó Muineacháin, A., (1975) Dóchas agus Duainéis.  Baile Átha Cliath: Cló Mercier.

Stephens, M., (1978) Linguistic Minorities in Western Europe.  Llandysul: Gomer Press.

Ailt

Andrews, L.S., (1988) ‘An Ghaeilge sa Tuaisceart: An Ré Dhorcha 1921-36.’  Comhar, Mí na Nollag.  379.

Beo.ie, (2003) ‘ laethúil: ardú meanman do phobal na Gaeilge.’ Beo.ie, Mí na Bealtaine.  Le fáil ag: http://www.beo.ie/alt-la-laethuil-ardu-meanman-do-phobal-na-gaeilge.aspx.  (Léite: 2 Feabhra 2021).

Bhreathnach, B., (2008) ‘Deireadh an Lae Sroichte ag Lá Nua ach Cúiseanna Bróid Acu – Ó Muilleoir’. Foinse, 26 Deireadh Fómhair.

Breen, S., (1993) ‘At the Community’s Centre.’  (Cultúrlann Mac Adam-Ó Fiaich) The Irish Times, 13 Aibreán.

‘Guaire’, (1984) ‘Inniu, agus Anois.’ An tUltach, Mí Dheireadh Fómhair.  25.

Mac Mathúna, L., (1991) ‘Gaeltacht Nua i mBéal Feirste?’  (Léirmheas ar Our Own Language – an Irish Initiative.Comhar, Mí Dheireadh Fómhair.  15–8.

Maguire, G., ‘Language revival in an Urban Neo-Ghaeltacht.’  Third International Conference on Minority Languages: Celtic Papers.  72–88.

McGimpsey, C., (1993) ‘Loyal to the Language.’  The Irish Reporter.  Uimhir 11 (Third Quarter)  21–3. 

Mc Quaid, C., (1993) ‘Revival of Irish in North ag Fás Fós.’  The Irish Times.  29 Eanáir.

Ní Uigín, D., (1995a) ‘Amárach: Nuachtán faoi bhreith an bháis ón tús’.  Comhar, Mí an Mhárta & Mí na Bealtaine.  18–21, 15–8.

Ní Uigín, D., (1995b) ‘Craobh na hAiséirí, Glún na Buaidhe agus Bunú Inniu.’  Irisleabhar Mhá Nuad.  75–110.

Ní Uigín, D., (2017) ‘Risteárd Ó Glaisne: Ceannródaí Iriseoireachta’.  An Reiviú.  77–88.  Le fáil ag: https://doi.org/10.13025/rjdf-2811.  (Léite: 2 Feabhra 2021). 

Ní Uigín, D., (2020) ‘Céad-Táblóideach na Gaeilge: Anois’.  An Reiviú. 109–22.  Le fáil ag: https://doi.org/10.13025/ekms-rq26.  (Léite: 2 Feabhra 2021).

Nig Uidhir, G., (1985) ‘Ardscoil Bhéal Feirste agus Gaeilge Chúige Uladh.’  An tUltach, Lúnasa.  16–7.

Ó Cairealláin, G., (1993a) ‘Stairsheanachas Lá.’  Lá, Feabhra.  7.

Ó Cairealláin, G., (1993b) ‘Fás na Gaeilge ó Thuaidh.’  The Irish Reporter.  Uimhir 11.  23–5.

Ó Domhnaill, É., (2001) Agallamh le Máirtín Ó Muilleoir.  Beo.ie, Mí Iúil.  Le fáil ag: http://www.beo.ie/alt-mairtin-o-muilleoir.aspx.  (Léite: 2 Feabhra 2021).

Ó Fiaich, T., (1977) ‘Lorcán Ó Muireadhaigh: Sagart agus Scoláire.’  Aiste in Amhráin Chúige Uladh.  Muireadhach Méith.  Atheagrán le Colm Ó Baoill.  Baile Átha Cliath: Gilbert Dalton.  10–27.

Ó Labhra, S., (1992) ‘Na Coláistí Gaeilge.’  Éigse Uladh.  Na Doirí Beaga: Clóghraf Teo.  3–9.

Ó Máirtín, M., (1989) ‘An Ghaeilge agus na Meáin ó Thuaidh.’  An tUltach, Mí Eanáir.  6–11.

Ó Máirtín, M., (1992) ‘Na Coláistí Gaeilge.’  Éigse Uladh.  Na Doirí Beaga: Clóghraf Teo.  12–7.

Ó Muilleoir, M., (1991) ‘Cuirimis Críoch le Leadrán!!!’  Comhar, Mí Aibreáin. 24.

Ó Muilleoir, M., (2003) ‘.  Beo.ie, Mí Mheán Fómhair.  Le fáil ag: http://www.beo.ie/alt-la.aspx.  (Léite: 2 Feabhra 2021).  

Ó Muilleoir, M., (2008) ‘Plean forbartha socraithe do Lá Nua. Beo.ie, Mí an Mhárta.  Le fáil ag: http://www.beo.ie/alt-plean-forbartha-socraithe-do-la-nua.aspx.  (Léite: 15 Feabhra 2021).

Ó Muirí, P., (2003) ‘Nuachtán laethúil ar fáil ar fud na hÉireann.’ The Irish Times.  30 Aibreán.

Ó Murchú, M., (1984) ‘Nuachtáin.’  An tUltach, Mí na Nollag.  7–10.

Ó Murchú, M., (1985) ‘Laoch ar Lár.’  An tUltach, Mí Iúil.  4–7.

Ó Murchú, M., (1985) ‘Aiséirí na Feise.’  An tUltach, Mí Mheán Fómhair.  13–6.

Ó Néill, E., (2011) ‘Eoghan Ó Néill – Agallamh leis an Iriseoir Faoina Leabhar Nua.’  An tUltach, Mí Mheán Fómhair.  Le fáil ag: https://antultach.wordpress.com/2011/09/30/eoghan-o-neill-agallamh-leis-an-iriseoir-faoina-leabhar-nua/.  (Léite: 10 Márta 2021)

Ó Súilleabháin, D., (1981) ‘Na Coláistí Gaeilge agus Athbheochan na Gaeilge.’  An tUltach, Mí Mheán Fómhair.  16-20, & Deireadh Fómhair.   3–11.

Ó hUid, T., (1984) ‘Nuachtán Náisiúnta na nGael.’  Comhar, Mí Mheán Fómhair.  6–7.

Stockman, G., (1985) ‘An Comhchaidreamh i mBéal Feirste.’  An Comhchaidreamh, Crann a Chraobhaigh.  34–7. 

Van Doren, C., (1993) ‘Cad chuige a gcaitear airgead ar Anois agus cad é atá ag tarlú i gCraobh na hÉigse?’  Lá, 2 Meán Fómhair.

Walsh, J., (2008) ‘Lá Nua: margadh, láidreachta agus laigí’.  Beo.ie, Mí an Mhárta.  Le fáil ag: http://www.beo.ie/alt-la-nua-margadh-laidreachtai-agus-laigi.aspx.  (Léite: 2 Feabhra 2021).

Watson, J., (1993) ‘Rebuilding Gaelic Pride and Community in Belfast, Northern Ireland.’  The Clansman, Mí na Nollag/Mí Eanáir.  6 & 20.

White, B., (1993) ‘Speaking up for Irish’.  The Belfast Telegraph, 2 Feabhra.  10.

White, B., (1993) ‘War of words’.  The Belfast Telegraph.  3 Feabhra.  10.

Tráchtas Neamhfhoilsithe

Ó Fiaich, B., (1990) ‘Fál’ agus ‘Dearcadh’ – Fealsúnacht Úr ag Gaeilgeoirí Bhéal Feirste sna Caogaidí.  Tráchtas MA, Dámh na Daonnachta, Ollscoil Uladh, Cúl Raithin.

Agallamh

Ó Glaisne, R., (1992) Mí na Nollag.