Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Léirmheas: Ó Bhéarla go Gaeilge le hAntain Mac Lochlainn | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Léirmheas: Ó Bhéarla go Gaeilge le hAntain Mac Lochlainn

Cois Life, Baile Átha Cliath, 2018. 271 lch, €18

Léirmheastóirí:

Christian Flynn
Baba Nic Dhonnacha

Is treoirleabhar aistriúcháin é Ó Bhéarla go Gaeilge le hAntain Mac Lochlainn, as Cúil Raithin i gContae Dhoire.  Tá cuid mhór dá shaol caite i mbun aistriúcháin aige, mar atá le feiceáil ón saothar foilsithe a tháinig uaidh in imeacht na mblianta.  Bhain sé amach BA sa Léann Éireannach agus PhD sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Uladh.  Chaith Mac Lochlainn seal ag obair le Foinse, Bord na Gaeilge agus RTÉ.  I láthair na huaire tá sé ina eagarthóir ar an suíomh aistriúcháin www.aistear.ie.  D’fhéadfaí an treoirleabhar seo a úsáid sa bhaile nó sa seomra ranga.  Ní hé seo an chéad saothar dá leithéid atá foilsithe ag Mac Lochlainn, ina measc tá: Cuir Gaeilge Air (Cois Life, 2000), In Ord is in Eagar, (Cois Life, 2009, an dara heagrán Cois Life, 2015) agus Cruinneas (Cois Life, 2015).

Tá cúig aonad sa leabhar nua seo ina ndéanann Mac Lochlainn an-chur síos ar chúrsaí aistriúcháin.  Bheadh sé thar a bheith úsáideach do dhuine atá ag tabhairt faoi ghairm an aistritheora mar go dtugann sí tuiscint ar an gcaoi le píosaí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge ar bhealach nádúrtha agus simplí le go mbeidh an gnáthdhuine in ann an t-aistriúchán a thuiscint. 

Ní hamháin go dtugann Mac Lochlainn léargas an-mhaith agus an-chuimsitheach ar an gcaoi le míreanna a aistriú agus an chaoi is fearr le tabhairt faoi, ach chomh maith leis sin déanann sé cur síos sna cúig aonad ar fhocail agus an chiall a bhaineann leo, dúshlán na téarmaíochta, an ghramadach agus nithe eile.  Is féidir tabhairt faoi na samplaí atá ag Mac Lochlainn agus tá na freagraí tugtha faoin gcaoi ar cheart tabhairt faoi, dar leis féin.

Ag tús an leabhair tá treoracha do theagascóirí agus déanann Mac Lochlainn cur síos ar an gcur chuige is fearr le dul i mbun an t-aistriúchán a theagasc.  Is mír thar a bheith suimiúil agus tábhachtach é seo de bharr go mbreathnaítear ar an aistriúchán mar scil ann féin agus is cinnte gur scil thar a bheith dúshlánach atá ann é a mhúineadh chomh maith.

Sa chéad aonad, cuireann Mac Lochlainn béim ar fhocail agus a gciall.  Cuireann sé in iúl d’aistritheoirí an abairt Bhéarla a léamh agus brí cheart na habairte a thabhairt leo sula dtugann siad faoin aistriúchán.  Fiú agus an chiall cheart bainte ag an aistritheoir aisti, tarlaíonn sé, áfach, go n-úsáidtear na focail mhíchearta uaireanta agus dá bhrí sin ní bhaineann an léitheoir an chiall cheart as an aistriúchán.  Tarlaíonn sé go mbíonn focail ann a mbíonn níos mó ná brí amháin leo ag brath ar an gcomhthéacs ina n-úsáidtear iad.  Tugann Mac Lochlainn samplaí d’abairtí Béarla a aistríodh go Gaeilge agus atá lochtach:  ‘The play opened on Broadway in 2017 – D’oscail an dráma in amharclann de chuid Broadway in 2017.  Tugann sé míniú ar an locht atá aige ar an abairt seo agus déanann sé an abairt a athscríobh ‘In amharclann de chuid Broadway a léiríodh an dráma den chéad uair’ (2018: 4).  Síos tríd an aonad seo, tugann Mac Lochlainn léargas thar a bheith cuimsitheach ar abairtí lochtacha atá aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge agus léiríonn sé an chaoi is fearr le dul timpeall air seo. 

In Aonad 2, déanann Mac Lochlainn cur síos ar choibhéis agus ar neamhchoibhéis.  Déanann an téarma ‘coibhéis’ cur síos ar an ngaol idir aonaid teanga sa teanga fhoinseach agus aonaid de chuid na sprioctheanga.  Bíonn neamhchoibhéis i gceist nuair nach féidir teacht ar fhocal/frása sa sprioctheanga.  Pléitear modhanna aistriúcháin san aonad seo agus tá an modh aistriúcháin litriúil agus an saoraistriúchán ar chuid acu.  Bheadh go leor den tuairim nach bhfuil san aistriúchán litriúil ach ainm eile ar an aistriúchán ‘focal ar fhocal’ agus deirtear gur cheart an t-aistriúchán ‘focal ar fhocal’ a sheachaint.  Ach, tá cásanna ann inar féidir an t-aistriúchán litriúil a úsáid.  Má tá coibhéis láidir idir an teanga fhoinseach agus an sprioctheanga, níl fáth ar bith nach bhféadfaí an t-aistriúchán litriúil a úsáid, ach mura mbíonn coibhéis ar bith ann, moltar cloí leis an saoraistriúchán.  Tugtar samplaí de gach aon mhodh:  ‘You have the right to remain silent – Tá sé de cheart agat fanacht i do thost’ agus ‘It’s no good crying over spilt milk – Níl aon mhaith sa seanchas nuair atá an anachain déanta’ (2018: 43). Is cinnte go dtugann Mac Lochlainn neart samplaí de na cásanna inar féidir an modh aistriúcháin litriúil a úsáid agus na huaireanta is saoraistriúchán a bhíonn ag teastáil, rud a chiallaíonn go bhfuil sé níos éasca ag an aistritheoir tabhairt faoin ábhar agus cé go bhfuil an t-ábhar seo thar a bheith casta mar choincheap, briseann Mac Lochlainn síos é ar bhealach simplí agus is cinnte go gcabhraíonn na samplaí le tuiscint níos fearr a fháil ar an ábhar.

In Aonad 3, déantar cur síos ar dhúshlán na téarmaíochta. Tá cleachtaí san aonad a dhéanann téarmaí agus nathanna béarlagair a dhealú ó chéile.  Ní hionann an tslí ina n-aistrítear téarmaí agus nathanna béarlagair, mar atá le feiceáil sna samplaí seo ina bhfuil an focal flagship á úsáid:  An focal flagship ina théarma míleata:  ‘The Naval Service flagship the LÉ Eithne conducted a successful rescue operation –  D’éirigh le long cheannais na seirbhíse cabhlaigh, an LÉ Eithne, misean tarrthála a chur i gcrích’ i gcomparáid leis an bhfocal flagship a úsáid ina nath béarlagair mar seo:  ‘The two flagship programmes, Sunday Sport and Saturday Sport, retained the top two places in the national radio sports-programmes lists – Choinnigh an dá chlár mórshuntais, Sunday Sport agus Saturday Sport, an chéad dá áit ar liosta na gclár spóirt ar stáisiún raidió náisiúnta’ (2018: 68).  Tá difríocht mhór idir an míniú ar an bhfocal flagship sa dá abairt thuas, mar atá le feiceáil sna samplaí a tugadh.  Mar sin tá sé tábhachtach go mbíonn an t-aistritheoir in ann téarmaí agus nathanna béarlagair a dhealú ó chéile. 

In Aonad 4, déanann Mac Lochlainn cur síos ar abairtí ina mbíonn carnadh ainmfhocal.  Tugann sé samplaí agus míniú ar an bhfáth ar cheart carnadh ainmfhocal a sheachaint san aistriúchán.  Is crá croí a bhíonn ann don léitheoir, dar leis.  Seo sampla amháin a tugadh:  ‘Level of participation is not the sole measure of a project’s success or failure – Ní hé an leibhéal rannpháirteachais an tslat tomhais aonair ratha nó teipe tionscadail’ .  Tá an abairt Ghaeilge sin lán le hainmfhocail agus molann Mac Lochlainn an abairt a aistriú ciall ar chiall seachas focal ar fhocal mar atá déanta.  Seo mar a mhol sé: ‘Agus breithiúnas á thabhairt cé acu a d’éirigh nó nár éirigh le tionscadal, cuirtear critéir eile san áireamh seachas líon na rannpháirtithe’ (2018: 97). 

Tugtar téacsanna le haistriú in Aonad 5, tá ocht dtéacs shamplacha ar fad ann le haistriú agus ina measc tá páipéir scrúdaithe an tSéala Chreidiúnaithe d’Aistritheoirí Gaeilge.  Ar chúl an leabhair in Aguisín 5 tá aistriúchán samplach ar gach ceann curtha ar fáil chomh maith le nótaí tráchta.  

Ar an iomlán, is acmhainn thar a bheith úsáideach é Ó Bhéarla go Gaeilge do dhuine ar bith atá ag plé le cúrsaí aistriúcháin.  Is cinnte go bhfuil an leabhar seo thar a bheith dúshlánach maidir leis an téarmaíocht, mar go bhfuil téarmaí á n-úsáid ann nach gcloisfí ó bhéal an ghnáthdhuine, ach tá gluais téarmaíochta ar chúl an leabhair a mhíníonn na focail chasta seo don léitheoir.  Tugann Mac Lochlainn léargas an-mhaith ar cheird an aistriúcháin agus ar na dúshláin a bhaineann léi agus déanann cur síos ar chúrsaí aistriúcháin go mion agus go simplí.  Tá cúig aguisín ar chúl an leabhair ina dtugtar freagraí samplacha maidir leis na cleachtaí éagsúla sna cúig aonad.  Cuireann sé in iúl go bhfuil an t-aistriúchán deacair agus dúshlánach agus gur cinnte gur scil ann féin é, ach, gur féidir tabhairt faoi leis na nodanna, na samplaí agus na tascanna ar fad a thugann sé.  Mar sin féin, ní mholfaí an leabhar seo don fhoghlaimeoir Gaeilge, ní mór do dhaoine ardchumas Gaeilge a bheith acu le tabhairt faoi de bharr go bhfuil an leabhar chomh casta agus dúshlánach sin.  Is cinnte, áfach, gur acmhainn luachmhar é an leabhar seo don aistritheoir – go háirithe don aistritheoir a bhíonn ag plé le hábhar casta agus teicniúil – agus do mhic léinn Gaeilge chomh maith ar mian leo cur lena gcuid scileanna teanga agus lena dtuiscint ar chastachtaí an aistriúcháin.