Léirmheas ar Óráidí a chuaigh i gcion

Eagarthóir Aibhistín Ó Duibh

Leabhar Breac: Indreabhán, 2020.  200 lch, €15

Léirmheastóirí:

Ciarán Mac Uidhir
Máire Uí Dhufaigh
Topaic(í): 

Bailiúchán de bhreis agus caoga óráid ó aimsir Shócraitéas go dtí an lá atá inniu ann is ea Óráidí a chuaigh i gcion.  Cló Lováin, inphrionta de chuid Leabar Breac, teach foilsitheoireachta atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, a d’fhoilsigh an leabhar.  Leabhar snasta, soláimhsithe atá ann, é leagtha amach go soiléir agus páipéar deas brataithe ar an gclúdach.  Ar lucht labhartha agus lucht léinn na Gaeilge atá Óráidí a chuaigh i gcion dírithe agus an t-eagarthóir ag súil nach é amháin go mbainfidh siad sásamh as an leabhar ach go mbeidh sé ina ‘áis fhónta’ (9) agus ráitis agus nathanna Gaeilge á dtóraíocht acu.  Tugtar chun cuimhne 52 óráid a chlúdaíonn réimse leathan ábhar agus réimse leathan óráidithe sa leabhar, ag tosú le craobhscaoileadh na nDeich nAitheanta ó bhéal Mhaoise agus ag críochnú ar chéimeanna Ardán Uí Ógáin in 1980 le focail Joe Connolly nach ndéanfar dearmad orthu go ceann i bhfad ‘People of Galway, we love you’ (200). 

Aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach is ea an t-eagarthóir Aibhistín Ó Duibh agus d’aistrigh sé 15 de na hóráidí atá sa chnuasach.  I réamhrá Óráidí a chuaigh i gcion, déanann Ó Duibh cur síos ar an gcaoi ar rith sé leis tabhairt faoin tionscnamh áirithe seo.  Uair in aghaidh na bliana, bhíodh cuid d’óráid pholaitiúil le haistriú aige go Gaeilge.  Is nuair a bheartaigh sé roinnt aitheasc i nGaeilge a léamh, d’fhonn tuiscint ní b’fhearr a fháil ar cheird na hóráidíochta, a thuig sé nach raibh fáil orthu faoi aon chlúdach amháin.  Agus é ag póirseáil trí fhoilseacháin éagsúla, thosaigh Ó Duibh, de réir mar a tháinig sé ar óráidí, á mbailiú ina chéile.  Ar deireadh, agus bailiúchán réasúnta i dtoll a chéile aige, shocraigh sé go gcuirfeadh sé leis an ábhar agus go réiteodh sé leabhar le foilsiú.   

Cuimsíonn an chéad chuid den leabhar cainteanna a tugadh i dtíortha taobh amuigh d’Éirinn agus an dara cuid óráidí a tugadh sa tír s’againn féin.  I measc na n-óráidí dúchasacha sin, tá sleachta ó Aodh Rua Ó Dhónaill, Wolfe Tone, Roibeard Emmet, Pádraig Mac Piarais agus Éamon de Valera.  Is é Iar-Uachtarán Mheiriceá, J.F. Kennedy, an t-aon duine amháin a bhfuil aithisc aige sa dá chuid den leabhar – an ceann clúiteach a thug sé i mBeirlín in 1963 a raibh na focail cháiliúla: ‘Rud doroinnte í an tsíocháin, agus nuair atá fear amháin i ndaoirse, níl gach duine saor’ (106) mar chuid de agus óráid a thug sé do Thithe an Oireachtais in Éirinn nuair a tháinig sé chun na tíre seo mar chuid den turas Eorpach céanna.  Tá fiúntas ar leith ag baint leis na nótaí eolais ar chúlra stairiúil na n-óráidí a chuirtear ar fáil roimh gach sliocht.  Cé gur nótaí gairide atá sna nótaí seo, tá siad fíorthábhachtach toisc go gcuireann siad go mór le tuiscint an léitheora ar chomhthéacsanna stairiúla na n-óráidí agus go dtugtar spléachadh fóinteach ar shaol an té a thug iad.

B’fhéidir gur léiriú é ar ról stairiúil na mban, ach níl ach ceathrar ban san áireamh sa chnuasach.  Is iad na mná atá i gceist ná Eilís I, Banríon Shasana; Emmeline Pankhurst, laoch mór maidir le cearta vótála do mhná;  Marie Sklodowska-Curie, eolaí a bhuaigh Duais Nobel faoi dhó agus Dolores Ibárruri, bolscaire de chuid an Pháirtí Phoblachtaigh sa Spáinn le linn Chogadh Cathartha na tíre sin agus an té a chum an mana ‘No Pasarán’ – ‘Ní ghabhaidh siad tharainn!’  Is dóigh go bhfuil sé seo ionadaíoch go leor ó tharla nárbh é glór na mban ba mhinice a chloistí i dtithe pairliminte ná ar pháirceanna an áir agus go raibh siad fágtha gan glór ar bith san Eaglais.  Bíodh sin mar atá, cá bhfuil mná na hÉireann fearacht Mháire Geoghegan-Quinn, Constance Markievicz, Bernadette (Devlin) McAliskey, Mary Robinson, nó Mary McAleese?  Ní féidir a shéanadh ach gur cainteoirí den scoth iad seo uile.  Sa réamhrá deir an t-eagarthóir gur theastaigh uaidh ábhar a bhí ‘pas imeallach (10) a chur san áireamh.  Mas ea, cén fáth an tsiléig ar mhná na hÉireann?

Is é  Colmcille Ó Monacháin, é féin i mbun aistriúcháin leis an gCoimisiún Eorpach, a chuir Gaeilge ar thrí cinn de na hóráidí, ina measc: ‘I have a Dream’ / ‘Tá Aisling agam’, an óráid chlúiteach a thug an gníomhaí cearta sibhialta, Martin Luther King uaidh in Washington in 1963 (107).  Nach tráthúil leagan Gaeilge de seo a bheith againn den chéad uair i mbliana agus an ciníochas ina ábhar cainte agus ina ábhar conspóide.  D’fhoilsigh Leabhar Breac ‘Tá Aisling agam’, ar an suíomh idirlín acu, i bpáirt le Black Lives Matter, sula raibh an leabhar féin curtha i gcló.  Chiallaigh sé seo go raibh fáil air in am don agóidíocht in aghaidh an chiníochais a bhí ar bun i gcathracha na hÉireann i Meitheamh 2020.

Mar gheall ar an leabhar seo, coinnítear cuimhne ar óráidí a rinneadh ar leic an bháis, agus go háirithe óráidí a tugadh os comhair cúirte sular daoradh an cainteoir chun báis, agus tá aistriúcháin ar thrí cinn acu sa leabhar seo.  Léirítear crógacht agus misneach i bhfocail Shócraitéas ón Apologia, agus cloistear a macalla i bhfocail Wolfe Tone agus Roibeaird Emmet agus iad beirt réidh chun glacadh lena gcinniúint.  ‘Is fearr liom bás mar seo ná beatha mar siúd’ (17), a dúirt Sócraitéas le fir na hAithne agus bhí macalla na cainte seo le cloisteáil tuairim is 2,000 bliain ní ba dheireanaí i bhfocail Tone: ‘Pé breith a thabharfaidh an chúirt seo táim ullamh ina chomhair’ (137), agus Emmet: ‘Níl eagla orm gabháil chun an Bhreithimh Uilechumhachtaigh’ (139).  Bhain an triúr seo an chumhacht dá gcúiseoirí, agus rinne siad talamh slán de gurbh iad féin a roghnaigh a gcinniúint agus nach raibh scáth ná faitíos orthu roimhe.  Is as beathaisnéis a scríobh Pádraig Ó Siochfhradha agus a d’fhoilsigh Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais in 1937, a tháinig aitheasc Theobald Wolfe Tone a bhfuil fáil air sa chnuasach seo.

Ní cúis iontais é gur leis an náisiúnachas agus leis an gcruthú náisiún a bhaineann an-chuid de na haithisc a tháinig anuas chugainne ón ár seacht sinsear agus a aistríodh don chnuasach seo.  Sa chuid idirnáisiúnta den leabhar, tá óráidí ó Chogadh Neamhspleáchais Mheiriceá, Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe anuas ar aithisc de chuid Napoleon na Fraince agus Stalin na Rúise.  Tugann na hóráidí spreagúla a rinne ceannairí na linne léargas ar mhórimeachtaí na hEorpa san 20ú haois; ina measc, teacht in inmhe an Chumannachais sa Rúis agus ar an lámh eile, an borradh faoin bhFaisisteachas san Iodáil agus sa Spáinn.  Tugtar léargas freisin ar thuile agus trá chinniúint na rannpháirtithe sa Dara Cogadh Domhanda agus ina dhiaidh sin titim an Chuirtín Iarainn trasna na hEorpa agus trasna na Gearmáine ach go háirithe trí aithisc a thug Churchill, de Gaulle agus Roosevelt.  In óráid a thug Robert Schuman in 1950, tugtar spléachadh comhaimseartha ar bhreith an Aontais Eorpaigh, agus is ábhar iontais dúinn anois i ré seo an Bhreatimeachta an ráiteas a rinne ceannaire Pháirtí Caomhach na Breataine, Winston Churchill, in óráid a thug sé in Missouri in 1946: ‘Chun go mbeidh an domhan sábháilte, teastaíonn aontacht nua san Eoraip, aontacht nach mbeidh aon náisiún ar buandíbirt aisti.’ (87)

Tá aistriúcháin sa leabhar ó theangacha éagsúla anuas ar an mBéarla – an Fhraincis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Ghearmáinis, an Phortaingéilis agus an Chatalóinis bhunaidh ina measc, agus tugtar léargas sainiúil dúinn ar mhórimeachtaí stairiúla na dtíortha sin dá bharr.  Níor ghá aistriúchán a dhéanamh i gcás cuid de na hóráidí as an tír s’againn féin mar gur i nGaeilge a tugadh iad an chéad lá riamh.  Go deimhin féin, tháinig cuid acu ó phinn scríbhneoirí aitheanta.  Sa bhliain 1926 d’fhoilsigh Brún agus Ó Nualláin leaganacha an Athar Peadar Ua Laoghaire de dhá óráid a thug Aodh Rua Ó Domhnaill ag tús Chogadh na Naoi mBliana agus tá fáil orthu araon sa chnuasach: ‘Chuireamar an t-ál as a nead ... tiocfaidh siad arís má fhaigheann siad an chaoi...’ (122) agus: ‘Deirim, agus táim deimhneach de, nach bhfuil sa tsíocháin seo ach bréag’ (126).  Tá an chaint a thug Máirtín Ó Cadhain, agus é ag labhairt óna chroí amach, ar shochraid Sheáin Sáirséal Uí Éigeartaigh, an té a bhunaigh Sáirséal agus Dill, agus a bhásaigh go tobann in aois a chaoga bliain le fáil anseo freisin:

Mairfidh an chraobh ar an bhfál: is dona linn gur ag déanamh créafóige – ag  déanamh créafóige as ucht a ghean do Ghaeil agus as ucht iomad a dhúthrachta ar a son – atá  an lámh a chur.  (194)

Caith an 15 euro atá ar Óráidí a chuaigh i gcion, bíodh sé go feiceálach ar do sheilf agat agus tarraing amach é ó am go chéile mar go bhfuil gach uile sheans ann go bhfuil deireadh ré sroichte ag ceird na hóráidíochta.  Nach mbeifeá go mór in amhras go gcloisfear arís, in aon teanga, óráid ar nós an chinn a thug John Fitzgerald Kennedy ag Geata Brandenburg i samhradh na bliana 1963 agus ina raibh na focail: ‘Ich bin ein Berliner’ (106), nó aitheasc Phádraig Mhic Phiarais ag uaigh Uí Dhonnabháin Rosa.  Má bhíonn cnuasach dá mhacasamhail seo á chur i dtoll a chéile faoi cheann caoga bliain, cén cineál ábhair ón ré seo againne a bheas san áireamh?  Tvuíteanna na nUachtarán agus leathanaigh facebook na dTaoiseach?  Dia idir sinn agus an anachain!