Léirmheas ar Ar Luch agus ar Dhuine

Aistrithe ag Colmcille Ó Monacháin

(Cló Iar-Chonnacht, 2020. €16 an leabhar)

Léirmheastóirí:

Niamh Ní Chuinn
Tadhg Ó Duinnshléibhe

Aistriúchán stuama atá sa leabhar Ar Luch agus Ar Dhuine le Colmcille Ó Monacháin.  Is é seo an chéad eagrán Gaeilge den nóibhille cháiliúil Of Mice and Men a scríobh John Steinbeck sa bhliain 1937 é.  Sa bhliain 1946, scríobh Aodh Mac Dhubháin dráma darbh ainm Cinniún don Taibhdhearc, a bhí bunaithe ar an leabhar a scríobh John Steinbeck naoi mbliana roimhe sin.  Faraor, bhí orainn fanacht beagnach 90 bliain le haghaidh an chéad fhoilseachán Gaeilge den leabhar clúiteach sin.  Aistriúchán den chéad scoth atá i gceist leis an leagan Gaeilge seo den nóibhille a foilsíodh in 2019.

Le tamall fada bhí ganntanas leabhar ficsin aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge ann ach tá níos mó ar fáil le déanaí, ina measc tá: An tAilceimiceoir (The Alchemist) a d’aistrigh Séamus Ó Coileáin, Cluiche na Corónach (Game of Thrones) a d’aistrigh Oisín Ó Muirthile agus Harry Potter agus an Órchloch (Harry Potter and the Philosopher’s Stone) a d’aisitrigh Máire Nic Mhaoláin.  Is léir go bhfuil soláthar maith leabhar do pháistí ann atá aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge sa lá atá inniu ann.  Tá fós ganntanas ann do leabhair daoine fásta.  Gan aon dabht, tá gaisce déanta ag Ó Monacháin leis an aistriúchán seo, áit a n-éiríonn leis stíl ghonta scríbhneoireachta Steinbeck a thabhairt leis go paiteanta 

Is é Leabhar Breac a d’fhoilsigh an leagan Gaeilge.  Is scéal gairid é Ar Luch agus Ar Dhuine nach bhfuil ann ach 130 leathanach, ach fanfaidh an scéal i do chloigeann, mar gheall ar na hábhair atá á bplé sa leabhar.  Is leabhar tábhachtach é de bharr an léargais a thugtar dúinn ar thréimhse achrannach i Meiriceá Thuaidh, le linn an Spealta Mhóir.  Is léir an siombalachas atá i gceist sa teideal Ar Luch agus ar Dhuine: seasann ‘ar dhuine’ don ghnáthdhuine a oibríonn ar an rainse; déanann ‘ar luch’ tagairt don tslí ar mhaith le Lennie luchóga a shlíocadh.  Bíonn an cleachtas seo á dhéanamh go rógharbh aige agus faraor, faigheann na luchóga bás.  Dar le Steinbeck gurbh ionann saol déaróil na ndaoine bochta i Meiriceá lena linn, agus saol déaróil na luch.  Cloíonn Ó Monacháin leis an siombalachas seo go héifeachtach san aistriúchán.

Léiríonn an t-úrscéal Ar Luch agus ar Dhuine an cairdeas idir beirt fhear, George Milton agus Lennie Small.  Beirt spailpíní iad George agus Lennie, a raibh cónaí orthu i gCalafóirne le linn an chéid seo caite.  Béinneach d’fhear is ea Lennie atá ‘ar chiall na bpáistí’.  Is fear páistiúil ach dea-chroíoch é.  Bíonn George ag tabhairt aire dó mar a dhéanfadh deartháir mór.   Braitheann Lennie ar George chun taispeáint dó conas é féin a iompar sa tsochaí.  Maidir le George, duine a bhfuil taithí aige ar chúrsaí an tsaoil, teastaíonn cairdeas uaidh.  Is comhluadar é Lennie do George ach mar sin féin, cuireann Lennie isteach go mór ar George, lena phearsantacht leanbaí.  Cé go mbíonn George feargach leis, feictear an grá neamhchoinníollach atá eatarthu go han-soiléir ar fad.  Dúirt Ó Monacháin féin faoin scéal:

Faigheann siad fostú ar rainse ar le comhlacht mór talún é agus atá faoi stiúir saoiste [...] Fathach urrúnta de fhear, agus fear ‘atá ar chiall na bpáistí’, atá in Lennie, agus bíonn George ag tabhairt aire dó agus ag coinneáil súil air. (2019: 13)

B’éigean dóibh teitheadh óna seanphost toisc gur tharraing Lennie trioblóid air féin.  Ina ainneoin sin, d’éirigh leo obair a fháil ar rainse i gCalafóirne.  Tá an bheirt acu ar thóir na haislinge a bhfeirm féin, le coiníní, a bheith acu lá éigin ach ar an drochuair, deireadh de chineál eile a bhí i ndán dóibh.  Sa rainse ina bhfaigheann siad post, tá bean óg dhathúil a bhfuil suim ar leith aici sna fir.  Bean chéile Curley atá i gceist, áfach, agus mhol George do Lennie fanacht amach uaithi.  Is ansin a bhuaileann an bheirt le grúpa carachtar atá ag obair ar an bhfeirm freisin.  Cruthaítear fadhbanna do Lennie de bharr na codarsnachta idir a neart fisiciúil agus a mhíchumas meabhrach, agus faraor ní féidir le haon duine an fhadhb seo a réiteach dó, fiú George...

Dar le Ó Monacháin go bhfuil stíl shimplí ag na húdair Mheiriceánacha, ‘rún stíle nach furasta a fhuascailt ag scríbhneoirí áirithe de chuid Mheiriceá Thuaidh.  Ní dhéanann siad cur síos ar bith ar mheon ná ar intinn na gcarachtar ina gcuid scéalta.’ (2019: 11)  Anuas air sin, is léir go raibh spraoi ag Ó Monacháin ag aistriú na scríbhneoireachta tuairisciúla a d’úsáid Steinbeck.  Thapaigh Ó Monacháin an deis chun nathanna tarraingteacha a chur chun cinn sa leagan Gaeilge.  Úsáideann sé nathanna saibhre ar nós ‘Thug Lennie do na boinn é amach as an bhotaí’ (2019: 67) agus ‘Lig sé rith is ráig leis an fhearg’ (2019: 134). 

Tá réimeanna éagsúla teanga in úsáid ag Steinbeck sa bhunsaothar, agus tá an difríocht soiléir idir an scríbhneoireacht thuairisciúil agus an cur síos ar an tslí a mbíonn na carachtair ag caint. Cloíonn an t-aistritheoir leis an gcur chuige seo sa Ghaeilge.  Úsáideann Ó Monacháin a chanúint féin, canúint Uladh do chaint na gcarachtar.  Tríd an leabhar, feictear focail ar nós, ‘cha’ (ní), ‘go dtearn’ (go ndearna), ‘rann’ (roinn) agus ‘inse’ (insint).  Anuas air sin, úsáidtear focal nach mbeadh ‘feicthe ag léitheoirí roimhe seo, is é sin “noí”.  ‘Tá tuairim agam gur as ar ndóigh a tháinig an focal.’  (2009: 157)  Deir Ó Monacháin féin:

Tá gné Ultach measartha láidir ar chaint na gcarachtar; seift aistriúcháin é sin, seift faoi choinne bearna réime a chruthú sa téacs Gaeilge – mar atá sa téacs Béarla.  Is cóir dom a rá nár fhéach mé le bheith dílis do chanúint ar bith atá á labhairt (ná a labhraítí) i gceantair áirithe ar bith. (2019: 156)

De bharr go raibh Ó Monacháin chomh dílis sin dá chanúint féin i gcaint na gcarachtar, b’fhéidir go mbeadh deacrachtaí ag daoine a bhfuil cur amach acu ar chanúintí eile, an leabhar a léamh gan stró.  Dar le ClubLeabhar.com, ‘bheadh foclóir Gaeilge ag teastáil uaibh i gcomhair focail nó dhó san aistriúchán seo.’ (Ó Catháin, 2020)  Is cosúil, áfach, go bhfuil Ó Monacháin ag iarraidh chultúr an bhunsaothair a choimeád beo sa leagan Ghaeilge.  Baineann Steinbeck úsáid as teanga an phobail áitiúil in Of Mice and Men, chun cur síos a dhéanamh ar an tslí a mbíonn na carachtair ag caint.  Ar an gcaoi seo, cruthaítear atmaisféar údarach agus dílis de chuid Mheiriceá Thuaidh in 1930.  Is léir go bhfuil canúint Uladh mar ‘theanga an phobail’ san aistriúchán Gaeilge.

Ina theannta sin, baineann Ó Monacháin úsáid as an leagan Béarla de na logainmneacha ar nós Salinas agus Soledad ach gur aistrigh sé California go ‘Calafóirne.’  Is ciúta stíle thar a bheith spéisiúil é seo, ach go háirithe nuair nach bhfuil aon leagan údarásach Gaeilge den logainm California ar fáil.  Is fearr nach n-aistríonn sé ainmneacha na gcarachtar ó Bhéarla go Gaeilge ach an oiread; bheadh caillteanas cultúrtha i gceist dá mba rud é go n-aistreodh sé na logainmneacha agus ainmneacha na gcarachtar, cé go ndéantar a leithéid in aistriúcháin liteartha eile, ar ndóigh.

Tugann an t-aistriúchán seo léargas cuimsitheach dúinn ar phríomhthéamaí an leabhair.  I measc na dtéamaí difriúla a phléitear sa leabhar seo, cuirtear gnéasachas agus ciníochas os ár gcomhair.  Ní thagann aon ‘chaillteanas’ ar na téamaí seo mar gheall ar an aistriúchán cúramach atá déanta ag Ó Monacháin.  Mar phríomhcharachtair an úrscéil is le George agus le Lennie atá na téamaí ar fad ceangailte.  Baineann Steinbeck úsáid as an gcarachtar Crooks chun aird an léitheora a tharraingt ar an leithcheal ciníoch a bhí i Meiriceá sna tríochaidí.  Cuirtear an fhírinne lom a bhaineann leis an tréimhse ama sin i láthair go héifeachtach.  Mar léitheoir, is féidir an tionchar síceolaíochta atá ag an gciníochas ar Crooks a fheiceáil go soiléir.

Chomh maith leis an gciníochas, tá steiréitíopaí inscne mar théama sa leabhar Ar Luch agus ar Dhuine.  Baintear a ndaonnacht de na mná tríd an gcarachtar ‘bean chéile Curley.’  Is í an t-aon charachtar baineann atá sa scéal go rialta.  In ainneoin a róil thábhachtaigh, ní luaitear a hainm ar chor ar bith.  Glaonn an t-údar ‘bean Curley’ uirthi an t-am ar fad.  Léirítear anseo go raibh mná ag brath ar fhir agus nach raibh neamhspleáchas ar bith acu féin.  Ní hamháin go léirítear mná mar shealbha na bhfear in Ar Luch agus ar Dhuine, ach mar scabhaitéirí chomh maith. 

Ar an mórgóir, is leabhar tragóideach é Ar Luch agus ar Dhuine.  B’fhiú go mór don té atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi shochaí Mheiriceá le linn an Spealta Mhóir an leabhar seo a léamh.  Tá meas ag Ó Monacháin ar an mbunsaothar agus coimeádann sé an spiorad atá sa leagan Béarla agus an leabhar á chur go Gaeilge aige. 

Is féidir libh an leabhar seo a cheannach ar líne ar shuíomh ar nós; An Siopa Leabhar, Leabhar Breac, agus Charlie Byrne’s.  Mholfaimis daoibh cóip a ordú ó bhur siopa leabhar neamhspleách.

Lua: 

Ó Monacháin, C., (2016), Tuairisc.ie.  Le fáil ag: https://tuairisc.ie/scribhneoiri/colmcilleomonachain/ (Léite: 26 Samhain, 2020).

Ó Monacháin, C., (2019), Ar Luch agus Ar Dhuine. Gaillimh: Leabhar Breac.

Parks, T., (2018), NYBooks.com.  Le fáil ag: https://www.nybooks.com/daily/2018/10/23/why-translation-deserves-scrutiny/?lp_txn_id=1030685 (Léite: 16 Feabhra, 2021)

Steinbeck, J., (1937), Of Mice and Men. London: Penguin Books.

Podchraoladh

Ó Catháin, S., Nic an Bhreithimh, L & Ó Coimín, M., (2020), ClubLeabhar.com: Podchraoladh. Le fáil ag: https://soundcloud.com/clubleabhar/leabhar-mhi-dheireadh-fomhair-2020-book-of-the-month-october-2020  (Ceadaithe: 14 Feabhra, 2021).