Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Léirmheas ar Concise English-Irish Dictionary | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Léirmheas ar Concise English-Irish Dictionary

Foras na Gaeilge, 2020.  €30

Léirmheastóirí:

Darragh Mac Giolla Phádraig
Niall Ó Cléirigh

Táirge deiridh ar thogra uaillmhianach atá sa leabhar Concise English-Irish Dictionary (NEID), an foclóir is údarásaí maidir le húsáid chomhaimseartha na Gaeilge.  Pádraig Ó Mianáin a d’fheidhmigh mar phríomheagarthóir ar an bhfoclóir seo, fear atá ag obair i ngort na foclóireachta leis na blianta. 

Maítear, i réamhrá an fhoclóra, go bhfuil foclóirí ‘ag aistriú go tréan i dtreo na n-ardán digiteach ó thús na mílaoise’ (ix).   Aithníodh i gcás an fhoclóra seo, áfach, ‘go mbeadh éileamh ann le haghaidh leagan clóite’ (ix) agus is ar an mbonn sin a foilsíodh 9,000 cóip de (Ó Caollaí, 2020).

Dar leis an Mianánach go bhfreastalaíonn an foclóir digiteach ar a bhfuil an leagan clóite seo bunaithe ar ‘a range of users from the native or highly proficient Irish-speaker to learners both within and without the education system’  (2013: 112), agus caithfear breathnú ar an bhfoclóir sa chomhthéacs uileghabhálach seo. 

Bhí dúshlán faoi leith i gceist, i gcás Fhoclóir Uí Mhianáin, toisc na n-athruithe ollmhóra atá tagtha ar úsáid an Bhéarla agus na Gaeilge le leathchéad bliain anuas.  Sa chomhthéacs sin, maíonn Convery et al. (2010: 612) go bhfuil athrú tagtha ar an gcineál teanga a nglactar léi i bhfoclóirí comhaimseartha:

Both dictionaries (Foclóir Uí Dhónaill agus Foclóir de Bhaldraithe) would be generally seen to contain a high degree of formal language, compared to recent trends in dictionaries where a much more democratic view is taken of what level of any language merits inclusion in a dictionary.

Feictear neart samplaí den teanga neamhfhoirmiúil seo in NEID, agus d’fhéadfaí a rá go gcuireann samplaí den chineál teanga seo go mór le nua-aoiseacht an fhoclóra.   Tugtar le fios san fhorlíonadh stíle go nglactar lena leithéid i bhfoclóirí comhaimseartha: ‘NEID embraces informal language in both English and Irish where appropriate’ (1,700).  Is é ‘sluasaid a chur faoi chac gé’ an t-aistriúchán a thugtar ar ‘to turn a drama into a crisis’ (414).  Níl anseo ach sampla den iliomad aistriúchán san fhoclóir seo a thugann léirmheas cruinn ar an tslí a labhraítear an Ghaeilge (agus an Béarla) in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Is díol spéise eile í tarraingteacht an leabhair.  Leagtar na hiontrálacha amach ar bhealach atá soléite, simplí.  Cuireadh dath gorm ar na ceannfhocail uilig,  gné a dhéanann éascaíocht ar aimsiú na bhfocal.  Ní hamháin go bhfuil aistriúchán ar na focail Bhéarla le fáil, ach cuirtear san áireamh samplaí de fhrásaí a bhaineann le roinnt mhaith de na hiontrálacha.  Is sampla de seo an iontráil baton (105).  Tugtar na focail ‘bata’, ‘maide’ agus ‘baitín’ mar aistriúcháin bheachta ar an bhfocal baton.  Sa bhosca gorm a thagann faoin iontráil, áfach, is é ‘an fhreagracht a thabhairt do dhuine’ an t-aistriúchán a luaitear leis an gcomhlogaíocht ‘to pass on the baton.  Léirítear sna samplaí úsáide seo gur dul amú a bheadh ann aistriúchán díreach a dhéanamh ar chomhlogaíochtaí dá leithéid, agus is ábhar cabhrach iad na boscaí samplaí dóibh siúd ar mian leo lorg an bhéarlachais a sheachaint ina gcuid scríbhneoireachta. 

Aithnítear an bhéim faoi leith a leagtar ar an gcomhaimsearthacht sa chur chuige a bhí ag an bhfoireann foclóireachta, go háirithe sa tslí a dtugtar rogha idir Gaeilge thraidisiúnta agus leaganacha atá níos nua-aimseartha.  An sampla a thug Pádraig Ó Mianáin (Ó Caollaí, 2020) ná:

…the phrase ‘to throw in the towel’ has been translated as ‘an tuáille a chaitheamh isteach’ and ‘éirí as/géilleadh’ in the new dictionary. The first example here is a direct translation of the English phrase whereas the second example could be seen as more traditional Irish.

Tugtar aitheantas do na trí mhórchanúint Ghaeilge in iontrálacha malartacha an fhoclóra, gné a mheallfaidh cainteoirí Gaeilge ó gach cearn den tír chun glacadh leis an bhfoclóir seo. Luaitear na haidiachtaí ‘oiriúnach’, ‘fóirsteanach’ agus ‘feiliúnach’ mar aistriúcháin ar an bhfocal suitable, rud a chinntíonn nach bhféadfaí a bheith den tuairim gur ‘yet another instance of dialectal bias’ (Convery et al., 2010: 613) atá san fhoclóir seo.  Bhí cinneadh le déanamh ag an bhfoireann maidir leis na focail a choimeádfaí sa leagan clóite den fhoclóir agus iad siúd nach mbeadh ar fáil ach sa leagan digiteach.  Mhínigh Ó Mianáin gurb é an cur chuige a bhí acu (Ó Caollaí, 2020) ná gur tugadh tús áite d’fhocal bunaithe ar mhinicíocht an fhocail i gcorpas na teanga agus ina dhiaidh sin, cuireadh tacair focail áirithe san áireamh, beag beann ar mhinicíocht – tacair amhlaidh dathanna agus tíortha.

Is féidir glacadh leis mar sin gur ag díriú ar na focail is minice a úsáidtear sa Bhéarla a bhí an fhoireann, seachas ar aicmí áirithe léitheoirí.  Ag an am céanna, léiríonn an plé a dhéantar agus an treoir a thugtar san fhorlíonadh teanga agus gramadaí gur theastaigh uathu, ní hamháin ceart na teanga a chaomhnú, ach díriú ar fhoghlaimeoirí agus ar lucht úsáide na Gaeilge (múinteoirí, scoláirí, iriseoirí srl.) seachas ar shaineolaithe.  Dearbhaíonn Ó Mianáin (The Irish Times, 2020) go bhfuil an foclóir ‘particularly useful to those learning Irish in the education system’.  Mar a deir Hickey (2020) agus é ag déanamh athrá ar an méid a dúirt Dáithí Ó hUaithne san iris chéanna (Comhar) sa bhliain 1959, áfach, ‘níor saolaíodh fós an t-eagarthóir, ná an fhuireann, a d’fhéadfadh foclóir a shásódh gach éinne a thúirt dúinn’.

Is cinnte gurb é an forlíonadh mór stíle agus gramadaí (1,699−725) leis an Mianánach is mó a scarann an foclóir seo óna réamhtheachtaithe.  Léirítear go sonrach san fhorlíonadh seo an aidhm a bhí ag foireann an fhoclóra an chéad lá riamh: ‘NEID seeks to strike a balance between formal and informal registers and to reflect more accurately the varieties of English and Irish in use today’ (1,699).  Sa chaibidil dar teideal ‘Points of Grammar’ (1,707−14), déantar plé cuimsitheach ar na príomhphointí gramadaí a mbíonn deacrachtaí ag daoine leo; ina measc, foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh agus úsáid cheart na copaile.

Rud a chuirfeadh díomá, agus mearbhall b’fhéidir, ar lucht léite an fhoclóra ná an éagsúlacht idir an ghramadach atá in úsáid san fhoclóir seo agus gramadach An Caighdeán Oifigiúil (2017), áfach.  D’aithin an Mianánach an éagsúlacht seo in alt a scríobh sé faoin bhfoclóir (2019: 13):

The Grammar and Language supplement to the printed NEID will therefore have to set out clearly the basis for the NEID style guide and give a clear presentation of the points of variance with the Official Standard.

Sampla amháin de na córais nach bhfuil an dá fhoilseachán ar aon fhocal fúthu is ea córas na n-uimhreacha.  Luaitear san fhorlíonadh go bhfuil ‘trí bhosca mór’ agus ‘trí bhosca mhóra’  inghlactha mar aistriúcháin ar three big boxes (1,712).  Tugtar leid san fhoclóir maidir leis an leagan is údarásaí sa Ghaeilge scríofa (trí bhosca mhóra).  Mar sin féin, cruthaíonn an neamhréir seo castacht sa bhreis don té nach dtuigeann na miondifríochtaí seo.

Mar sin féin, glactar leis An Caighdeán Oifigiúil (2017) den chuid is mó, agus san áit a bhfuil neamhréir idir NEID agus An Caighdeán Oifigiúil ar phointe áirithe gramadaí, cuirtear na roghanna ar fáil i bhfoirm tábla agus sonraítear na cinn a mbaintear leas astu san fhoclóir.

Ar chúl an leabhair tá táblaí gramadaí (1,729−76), a bheidh ina gcabhair don té a bhíonn ag streachailt le cruinneas a c(h)uid scríbhneoireachta.  Mínítear an áit a dtéann na hainmfhocail agus na haidiachtaí i gcóras na ndíochlaontaí (1,730−32), mar shampla, ionas go mbeidh an t-úsáideoir níos compordaí le cur i bhfeidhm an tuisil ghinidigh.  Tugtar samplaí de réimniú roinnt briathra (1,741−67), briathra rialta agus neamhrialta ina measc.

Bheadh sé deacair beag a dhéanamh de thábhacht an leabhair seo.  Líonann an foilseachán seo bearna foclóireachta sa Ghaeilge, bearna a bhí ann le breis is trí scór bliain.  Gné an-tábhachtach den fhoclóir seo ná go dtugtar leid do dhaoine sna habairtí úsáide maidir leis an gcaoi a labhraítear an Ghaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann.  Beifear ag súil chomh maith, áfach, go bhfoilseoidh Foras na Gaeilge foclóir Gaeilge-Gaeilge amach anseo, foclóir a chuirfidh béim ar shaibhreas na Gaeilge seachas í a lonnú i gcomhthéacs an Bhéarla.

 

Leabharliosta: 

Leabhar

Ó Mianáin, P., (2020) Concise English-Irish Dictionary (Foclóir Béarla-Gaeilge). Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.

Ailt

Convery, C., Ó Mianáin, P. & Ó Raghallaigh, M., (2010) ‘Covering all bases: Regional marking of material in the New English-Irish Dictionary.’ Proceedings of the Fourtheenth EURALEX International Congress. Leeuwarden, Fryske Akademy, 609−19.

Hickey, K., (2020), ‘Is leor NEID don eolach’. Comhar. Meán Fómhair.

Mac Amhlaigh, L., (2013) ‘An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge’ Comhar 73 (2). 28−30.

Ó Mianáin, P., (2013) ‘The New English-Irish Dictionary’. Lexical Challenges in a Multilingual Europe: Contributions to the Annual Conference 2012 of EFNIL in Budapest. Eag: G. Stickel & T. Varadi. Frankfurt: Peter Lang. 111−4.

Ó Caollaí, E., (2020), ‘New dictionary not the last word on Irish lexicography’, Irish Times, 1 Samhain.

Ó Mianáin, P., (2019) ‘Irish: Whose Language Is It Anyway?’ Dictionaries: Journal of the Dictionary Society of North America, 40 (2). 155−69.