Eagarthóir: Ríonach Uí Ógáin
Is é Béaloideas iris an Chumainn le Béaloideas Éireann. Tá sí á foilsiú go rialta ó 1927, bliain bhunaithe an Chumainn, agus is é Béaloideas 2016 an 84ú heagrán den iris seo a chlúdaíonn réimse leathan ábhar bainteach le béaloideas agus cultúr. Iris dhátheangach í a dhíríonn go speisialta dar ndóigh ar Éirinn, ach ní dhéantar neamhaird d’ábhar as tíortha eile mar atá le feiceáil san eagrán reatha seo. Tá stádas ard bainte amach aici mar acmhainn thábhachtach d’acadóirí agus d’fhoghlaimeoirí agus ní heisceacht ar bith é eagrán 2016. Naoi gcinn d’ailt acadúla atá san eagrán seo: cúig cinn i nGaeilge agus ceithre cinn i mBéarla. Sa léirmheas seo cuirfear béim ar na hailt Ghaeilge ach déanfar tagairt ghearr freisin do na hailt eile agus do na léirmheasanna leabhar.
‘Listening to this rude and beautiful poetry: John Millington Synge mar Bhailitheoir Amhrán in Árainn’ le Deirdre Ní Chonghaile an chéad alt Gaeilge san iris. Mar a mhíníonn Ní Chonghaile san alt, ní mar bhailitheoir amhrán a shamhlaítear Synge, ach fós féin rinne sé obair den chineál seo le linn a chuairteanna ar oileáin Árann, mar a léirítear i gcuid a ceathair dá leabhar The Aran Islands agus i mbailiúchán Synge i gColáiste na Tríonóide. San alt spéisiúil seo fiosraítear an fáth ar bhailigh Synge amhráin in Árainn, na hamhráin féin, an dream ar bhailigh sé amhráin uathu agus go leor eile. Cuireann an t-údar an t-eolas i láthair ar bhealach iomlánaíoch trí é a chur i gcomhthéacs shaothar Synge agus freisin i gcomhthéacs mheon athbheochana a linne, rud a thugann scóip bhreá fhairsing don alt. Tagann teideal an ailt ó chúpla líne a scríobh Synge i dtaobh a bheith ag éisteacht le hamhrán sean-nóis i dteach ceann tuí in Inis Meáin agus gála ag séideadh go tréan: ‘It seemed like a dream that I should be sitting here among these men and women listening to this rude and beautiful poetry that is filled with the oldest passions in the world’.
Féile Naomh Eoin nó Naomh Seáin a phléitear san alt ‘Oíche Fhéile Eoin i dToraigh 2015’ le Fiachra Mac Gabhann. Alt cuimsitheach é seo a thugann léargas ar bhunús na Féile sula ndírítear ar a tréithe logánta. Tosaítear le cur síos ar chúlra idirnáisiúnta na Féile: is cosúil go raibh féile réamh-Chríostaí i ndeisceart na hEorpa tráth, a bhí fréamhaithe i gceiliúradh ghrianstad an tsamhraidh, gur deineadh Críostú ar an bhféile sin agus gur scaip sí go tuaisceart na hEorpa faoi thionchar na Críostaíochta.
Díríonn an t-alt ansin ar ‘chomharthaí sóirt na Féile san Eoraip agus tuaisceart na hAfraice’ sula dtugtar aghaidh ar an traidisiún i nDún na nGall agus i dToraigh. Déantar iniúchadh ar cheistneoir faoin bhFéile a scaip Coimisiún Béaloideasa Éireann sa mbliain 1943, agus cuireann an t-údar samplaí ar fáil de na freagraí spéisiúla a tugadh. Dírítear ansin ar an bhFéile mar a chleachtar í inniu, bunaithe ar obair pháirce an údair i dToraigh sa bhliain 2015. Déantar comparáid spéisiúil idir nádúr na Féile inniu agus a tréithe san am a caitheadh. Cé nach bhfuil nósmhaireacht na Féile chomh hilghnéitheach agus a bhí fadó, is léir go bhfuil sí fós beo beathach sa lá atá inniu ann.
Déantar iniúchadh ar thraidisiún scéalaíochta na hÉireann in dhá alt in Béaloideas 2016: ‘Cinderella Chonnacht: An léargas a fhaightear ar bhanlaochra na sraithe ATU 510A i dtraidisiún scéalaíochta Chonnacht’ le hAilbhe Nic Giolla Chomhaill, agus ‘Céadach Mac Rí na dTulach: léargas ar sheanscéal i dtraidisiún béil Thír Chonaill’ le Seanán Mac Aoidh. Cuireann Nic Giolla Chomhaill tús lena halt le léargas ar stair idirnáisiúnta an scéil Cinderella agus an chaoi go bhfuil ár ndearcadh air múnlaithe ag athinsintí liteartha agus ag scannáin de leithéid Disney ina gcuirtear i láthair Cinderella mar chailín fulangach géilliúil. Ní hionann atá i gcónaí i go leor insintí béil san Eoraip áfach, a chuireann i láthair í mar bhean óg mhisniúil a théann i ngleic go stuama le dúshláin mhóra.
Ansin díríonn an t-údar ar phríomhthéama an ailt, is é sin anailís ar leaganacha éagsúla den scéal a bailíodh sa traidisiún béil i gCúige Chonnacht. Déantar cíoradh an-spéisiúil ar théamaí agus eachtraí na scéalta seo trí iad a rangú agus a roinnt ina gcomhpháirteanna. Léirítear an chaoi ar féidir leis na scéalta tuiscint a thabhairt dúinn ar luachanna an phobail as ar eascair siad, go háirithe an meon i leith iompar agus ról na mban. Mar a scríobh an t-údar i ndeireadh an ailt:
Sa staidéar a dhéanfar ar thraidisiún seanscéalta na hÉireann amach anseo, ní foláir aird a dhíriú ar na teachtaireachtaí inscneacha a chuirtear chun cinn sna hinsintí seo agus an léargas a fhaightear iontu ar an fhearúlacht agus an bhanúlacht ‘idéalach’ a fhiosrú.
Tráthúil go leor leantar an chomhairle sin in alt Mhic Aoidh ar an scéal ‘Céadach Mac Rí na dTulach’. Ba mhór i gceist an scéal fiannaíochta seo tráth ní hamháin i mbéaloideas na hÉireann, ach in Albain freisin. Roghnaigh an t-údar trí leagan déag den scéal a bailíodh i gceantair Ghaeltachta i gCo. Dhún na nGall agus déanann sé anailís chumasach ar mhórthéamaí agus ar mhóitífeanna na scéalta ag tarraingt ar theoiricí agus ar thuairimí idirnáisiúnta faoi ghnéithe éagsúla den scéalaíocht agus den bhéaloideas. Ina dhiaidh sin pléitear cúrsaí inscne trí anailís a dhéanamh faoi dhá mhórtheideal: ‘léiriú na bhfear sa scéal’ agus ‘léiriú na mban sa scéal’. Is léir gurb é an phríomhphearsa fhireann laoch an scéil agus gur beag neamhspleáchais a bhíonn ag na mná, seachas i scéal eisceachtúil amháin ina nglacann bean Chéadaigh ról laoich uirthi féin. Meabhraíonn an t-údar dúinn an chaoi a raibh saoirse áirithe ag an scéalaí a bheith cruthaitheach agus é nó í i mbun scéil, ach ‘mar sin féin ba ar thobar an dúchais a bhíodh na scéalaithe ag tarraingt fá choinne móitífeanna agus téamaí úra’.
Traidisiún an bhuailteachais nó na buailíochta atá faoi chaibidil ag Eugene Costello ina alt ‘Feirmeoirí faoi Cheilt: Dul Chun Cinn agus Dúshláin sa Taighde faoi Ghnás an Bhuailteachais’. Tugann an t-údar léargas ar dtús ar nós an bhuailteachais fadó – an chaoi a gcuirtí ba an bhaile amach ar féarach ar feadh an tSamhraidh, ar thalamh ard de ghnáth, agus daoine á bhfaire ar feadh na tréimhse sin. Míníonn sé go bhfuil fianaise i dtaobh an chleachtais le fáil i lámhscríbhinní na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge, i gcuntais stairiúla agus freisin sna bailiúcháin eitneagrafaíocha/béaloidis a deineadh faoi scáth Choimisiún Béaloideasa Éireann sna 1930í agus 1940í ach go háirithe. Foinse thábhachtach eolais iad na bailiúcháin seo. Is cosúil áfach gur beag taighde a deineadh ar an gcleachtas ó na 1950í ar aghaidh nó gur thosaigh seandálaithe ag déanamh obair pháirce le blianta beaga anuas, atá tar éis eolas spéisiúil nua a nochtadh. Is léir mar sin go bhfuil gá le cur chuige idirdhisciplíneach agus nós an bhuailteachais á fhiosrú, agus is cinnte go ndearna an t-údar é sin go paiteanta agus é i mbun oibre. Cuireann sé taighde a rinne sé féin ar an gcleachtas i gCúige Mumhan i láthair san alt seo agus léiríonn sé an chaoi ar féidir le fianaise ó logainmneacha, i gcomhar le fianaise sheandálaíochta agus stairiúil, eolas nua faoin nós a thabhairt chun solais.
Cé go bhfuil éagsúlacht mhór sna hailt thuasluaite ó thaobh ábhair de, tréith chomónta is ea an chaoi a dtugtar eolas cúlra faoi ábhar i gcomhthéacs níos leithne, mar a bheadh bunchloch á leagan, sula ndírítear ar an ngné de a bheidh á plé san alt. Is mór an chabhair é seo don léitheoir ó thaobh tuisceana agus mhúscailt spéise de. Is í an mhórthréith chomónta atá acu, dar ndóigh, gur i nGaeilge a scríobhadh iad agus treisíonn a leithéid stádas na teanga sa saol acadúil. Meabhraíonn sé dúinn go mbeadh sé deacair ag duine gan Ghaeilge fíorshaineolas a bhaint amach ar mhórán gnéithe de chultúr agus de thraidisiúin na tíre seo.
Tá ceithre cinn d’ailt Bhéarla in Béaloideas 2016 chomh maith agus feictear réimse leathan ábhar á bplé iontu sin freisin. Tugtar aghaidh ar an tSualainn san alt ‘“Big Raindrops”’: On the Metamorphoses of a Swedish Folk Legend’ le Bengt af Klintberg, ina ndéantar anailís spéisiúil ar mhionscéal traidisiúnta de chuid na Sualainne. Déantar anailís chomparáideach ar an gcaoi ar fhorbair an scéal agus an chaoi ar tháinig leaganacha éagsúla de chun cinn ar fud na tíre sin. Ar ais in Éirinn, tá alt breá le Tomás Ó h-Íde dar teideal ‘Seáinín Tom Sheáin and “The Shepherd and the Mass”’. Is é Seáinín Tom Sheáin Ó Dioráin as Inis Mór in Árainn, atá le feiceáil agus le cloisteáil sa scannán athaimsithe Oidhche Sheanchais (1934) le Robert Flaherty, atá faoi chaibidil san alt seo. Dírítear ar dtús ar chuntas ginearálta ar bheatha an scéalaí agus ar na scéalta uaidh a cuireadh i gcló. Ansin scrúdaítear scéal amháin dá chuid – An Sípéar agus an t-Aifreann.
Ar Oileán Mhanainn atá ár dtriall don alt ‘Manx Traditional Ballads – the Broadside Connections Revealed’. San alt seo, cuireann Speers i láthair torthaí a thaighde ar 63 bailéad/port ó Oileán Mhanainn a bailíodh sa 19ú haois. Go minic ní thugtaí ach na liricí nó na foinn cheoil, ach léiríonn Speers gur féidir iad a mheaitseáil lena chéile trí iniúchadh cúramach a dhéanamh ar na foinsí clóite éagsúla atá fós ar fáil.
Is é an t-alt deiridh Béarla ‘The Making of a Tenement Museum: A report on 14 Henrietta Street, Dublin 1’ le Charles Duggan. Músaem atá á thógáil i mBaile Átha Cliath atá faoi chaibidil anseo agus léirítear an cur chuige idirdhisciplíneach atá ar siúl le cinntiú go mbeidh rath air. Tá tionscadal ‘eolas ó bhéal’ i gcroílár na n-iarrachtaí agus tá an t-eolas spéisiúil a tháinig chun cinn tar éis tionchar láidir a oibriú ar fhorbairt an mhúsaeim.
Déantar léirmheas go rialta i mBéaloideas ar leabhair nuafhoilsithe ábhartha agus is mór an chabhair é seo ó thaobh daoine a choinneáil ar an eolas faoi thaighde úr. Mar chríoch, luafaidh mé na leabhair a bhfuil léirmheas déanta orthu in Béaloideas 2016: Straw, Hay and Rushes in Irish Folk Tradition (Anne O’Dowd); Early Ballads in Ireland, 1968-1985 (in eagar ag Tom Munnelly & Hugh Shields); Music and Identity in Ireland and Beyond (Mark Fitzgerald); An Blascaod Trí Fhuinneog na Scoile (Nóra Ní Shéaghdha, in eagar ag Pádraig Ó Héalaí); The Wheels of the World – 300 Years of Irish Uilleann Pipers (Colin Harper agus John McSherry); Digital Samaritans: Rhetorical Delivery and Engagement in the Digital Humanities (Jim Ridolfo); Reeling Roosters and Dancing Ducks: Celtic Mouth Music (Heather Sparling).
Léitheoireacht riachtanach mar sin é eagrán 2016 de Béaloideas, dóibh siúd a chuireann spéis i mbéaloideas, i gcultúr agus i dtraidisiún.