Léirmheas ar an iris Language Problems & Language Planning Eagrán 38, Imleabhar 1 & 2, 2014

Feargal Mac Thréinfhir
Hannah Ní Dhoimhín

Eagarthóirí: Timothy Reagan et al

Topaic(í): 

Bunaíodh an iris acadúil phiarmheasúnaithe seo, ar iris mhór le rá i réimse na pleanála teanga í, sa bhliain 1977.  Eisíonn foilsitheoirí na hirise, John Benjamins, trí eagrán in aghaidh na bliana i gcomhar leis an Ionad um Thaighde agus Doiciméadacht ar Fhadhbanna Teanga Domhanda.  Pléitear polasaí agus pleanáil teanga san iris, mar aon le cúrsaí teangeolaíochta, sochtheangeolaíochta agus tionchar na heacnamaíochta ar chúrsaí teanga.  Is iad na hailt atá sa chéad agus sa dara himleabhar d’eagrán 38 de Language Problems & Language Planning a bheidh faoi chaibidil sa léirmheas seo.  Tá seacht léirmheas sa dá imleabhar freisin, agus alt amháin i Spáinnis, ach ní thráchtfar orthu sin anseo.

Tá coincheap na teagmhála teanga, agus lámh in uachtar na mórtheanga ar an mionteanga le sonrú go láidir i bhformhór ailt na hirise seo.  Déanann Borjian cur síos san alt ‘Language-education policies and international institutions: The World Bank’s vs. UNESCO’s global framework’ (2014: 1-18) ar thionchar cúrsaí airgeadais ar pholasaithe teanga.  Léirítear an chodarsnacht atá ann idir dearcadh an Bhainc Dhomhanda agus polasaí Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) i leith an ilteangachais.  Is í tuairim an Bhainc Dhomhanda gur lingua franca é an Béarla agus dá bharr sin nach gá timpeallacht ilteangach a chothú i saol an ghnó.  Ní thaobhaíonn UNESCO leis an dearcadh seo, áfach.  Creideann siadsan gur luachmhaire i bhfad an éagsúlacht agus gur chóir an t-ilchultúrachas agus an t-ilteangachas a chothú.  Tá formhór mhionteangacha na cruinne faoi bhrú ag mórtheangacha, go háirithe ag an mBéarla, agus áitítear gurb é sin an fáth a bhfuil deacrachtaí ag UNESCO an polasaí a chur i bhfeidhm ach amháin go hinstitiúideach.  Is alt suimiúil é seo a thugann léargas cuimsitheach ar thionchar na gceannasaithe airgeadais ar chúrsaí teanga agus ar an teannas a bhíonn idir eagraíochtaí cultúir agus corparáidí airgeadais maidir le haidhmeanna agus idé-eolaíochtaí.

Pléann Akzhigitova agus Zharkynbekova iarracht rialtas na Casacstáine an Chasacstáinis a fhorbairt in Astana, príomhchathair na tíre, san alt ‘Language Planning in Kazakhstan: The case of ergonyms as another scene of linguistic landscape of Astana’ (2014: 42-57).  Déanann stádas na Casacstáinise scáthánú ar stádas na mionteangacha mar a léiríodh in alt Borjian é.  Cathair í Astana ina labhraítí an Rúisis ach d’fhás sochaí ilchultúrtha ann i ndiaidh don tír neamhspleáchas a bhaint amach.  Tuigeadh, mar sin, go raibh gá le teanga choitianta a chur chun cinn chun féiniúlacht na tíre nua a chothú.  Déantar cur síos ar na deacrachtaí a bhaineann le forbairt na Casacstáinise agus í i síor-iomaíocht leis an Rúisis, lingua franca na cathrach.  Tagraítear freisin don tuairim choitianta i measc na gCasacstánach gur teanga léannta í an Rúisis i gcomparáid leis an gCasacstáinis.  Moltar rialtas na Casacstáine as na hiarrachtaí atá ar bun acu stádas na teanga a ardú, agus léirítear gur aidhm dhúshlánach í seo.  Is alt dea-scríofa soiléir é seo ina n-éiríonn leis na húdair stair agus stádas na teanga a chur i láthair go cuimsitheach.  Baintear úsáid as samplaí éagsúla chun an comhthéacs a shoiléiriú agus tuiscint an léitheora a fhorbairt, agus cuireann sé seo go mór le sothuigtheacht an phíosa.

Is ar an gcóras oideachais poiblí agus príobháideach a dhíríonn Hamid agus Baldauf ina n-alt ‘Public-private domain distinction as an aspect of LPP frameworks: A case study of Bangladesh’ (2014: 192-210).  Feictear go soiléir an teannas idir idé-eolaíocht an ilteangachais agus cumhacht an Bhéarla san alt, agus is téama láidir é tionchar an neamhspleáchais ar pholasaithe teanga freisin.  Is sampla maith í an Bhanglaidéis de thír ina bhfuil an dátheangachas in uachtar i measc an phobail.  Bhíodh an Urdúis á cur chun cinn ag na húdaráis, ach le teacht an neamhspleáchais, shocraigh muintir na Banglaidéise go mbeadh a dteanga féin, Bangali, in uachtar – ‘language-based nationalism’ (2014: 196) mar a thugann na húdair air.  Laghdaíodh stádas an Bhéarla san earnáil phoiblí agus sa chóras oideachais chun cur le stádas Bangali.  Tugadh faoi deara, áfach, go raibh cumas Béarla na ndaoine ag laghdú de bharr an pholasaí seo agus mar gheall ar thábhacht an Bhéarla sa mhargadh idirnáisiúnta, tugadh ar ais isteach sa chóras oideachais é.  Coinnítear Bangali agus Béarla ar chomhchéim lena chéile anois sa chóras oideachais poiblí, ach mar sin féin, tá an-tóir i measc uasaicme na tíre ar theagasc an Bhéarla agus ar na scoileanna príobháideacha ina múintear na hábhair uile trí Bhéarla.  Déanann na húdair iarracht an scéal a leathnú de bheagán le tagairtí don tSeapáin agus don Mhalaeisia chun tabhairt le fios nach cás aonarach é an Bhanglaidéis, ach go bhfuil a leithéid d’fheiniméan ag tarlú in áiteanna eile.

San alt ‘Language policies in the Kingdom of Hawai’i: Reassessing linguicism’ (2014: 128-48) le Asensio, tugtar sainmhíniú ar an gcoincheap ‘teangadhealú’ (linguicism[1]) agus cuirtear an coincheap i bhfeidhm i gcás Haváí.  Pléitear stair na teagmhála idir an Haváis agus an Béarla go háirithe i dtaca le cúrsaí reachtaíochta, agus luaitear na fadhbanna a bhaineann le hidé-eolaíocht an ilteangachais freisin.  Rinneadh iarracht i Haváí reachtaíocht a chur ar fáil go dátheangach ar dtús, ach cruthaíodh neart fadhbanna sa phróiseas aistriúcháin mar gheall ar dhifríochtaí beaga a bheith idir an leagan Béarla agus an leagan Haváise.  Mar sin, socraíodh go mbeadh an t-údarás ag an leagan Haváise ach de réir a chéile, tugadh faoi deara go raibh tionchar an iartharaithe agus shochaí aonteangach Stáit Aontaithe Mheiriceá róláidir, agus beartaíodh dul i muinín an Bhéarla.  Míníonn Asensio coincheap acadúil an teangadhealaithe agus é ag tarraingt ar shampla Haváí agus cé nach ndéantar tagairt d’aon chás ná d’aon tír eile, éiríonn le Asensio an coincheap agus a shainmhíniú leasaithe a chur i láthair go soiléir.

Déantar tagairt do pholasaithe oideachais, do thionchar an neamhspleáchais ar dhearcadh an Stáit, agus do phleanáil chorpais mar théamaí sna himleabhair seo chomh maith.  Pléitear polasaí teanga i gcóras oideachais na hAlban in ‘Language education policy in multilingual Scotland: Opportunities, imbalances and debates’ (2014: 167-91) le Hancock.  Is alt suimiúil é seo ina dtagraítear, ní hamháin do theangacha dúchais na hAlban, ach do nuatheangacha iasachta agus do theangacha oidhreachta na bpobal inimirceach sa tír freisin.  Áitíonn Hancock go bhfuil an córas oideachais in Albain agus sa Ríocht Aontaithe easnamhach i gcomparáid leis an gcuid eile den Eoraip i dtaca le teagasc agus sealbhú teangacha.  Is dóigh leis go gcreideann formhór mhuintir na Ríochta Aontaithe nach bhfuil aon ghá le teangacha iasachta a fhoghlaim de bhrí go bhfuil Béarla acu.  Éiríonn le Hancock cás na hAlban a lonnú i gcomhthéacs na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh.  Cuireann na comparáidí seo go mór leis an alt mar go bhfeictear don léitheoir nach féidir breathnú ar pholasaí teanga aon tíre mar a bheadh folús ann, agus go mbíonn tionchar láidir ag an bpolaitíocht ar chúrsaí teanga.  D’fhéadfaí a rá, áfach, nach gcloíonn Hancock go dlúth le haidhmeanna an ailt mar a chuirtear in iúl sa teideal iad.  Téann sé níos doimhne sa scéal in amanna, agus é ag plé cúrsaí reachtaíochta a bhaineann leis na teangacha iad féin seachas le polasaithe oideachais.  Tá roinnt botúin chló san alt freisin, rud a chuireann isteach ar rithim na n-abairtí uaireanta agus a chruthaíonn beagán doiléireachta.

Míníonn Ó Giollagáin an tionchar a bhí ag cúinsí airgeadais ar pholasaí teanga na hÉireann ina alt ‘Unfirm ground: A re-assessment of language policy in Ireland since Independence’ (2014: 19-41).  Breathnaíonn sé siar ar stair an pholasaí teanga in Éirinn ó bhunú Shaorstát Éireann i 1922 i leith.  Tugtar léargas ar na deacrachtaí a bhí ag bunaitheoirí an tSaorstáit: cé go raibh srianta airgeadais orthu, bhí de sprioc acu an Ghaeilge a úsáid chun féiniúlacht neamhspleách an Stáit nua a neartú.  Pléitear an chaoi ar forbraíodh polasaí teanga an Stáit nua agus maítear gurb é toradh na bpolasaithe a cuireadh i bhfeidhm go stairiúil nach bhfuil sa Ghaeilge a thuilleadh ach teanga institiúideach.  Áitítear go bhfuil deis ag an bpobal idirnáisiúnta tarraingt ar chás na hÉireann, agus gur fearr agus gur ciallmhaire díriú ar phobal urlabhra T1 na teanga nuair atáthar ag cumadh polasaithe teanga.

Tá alt eile ag Ó Giollagáin san eagrán seo – ‘From revivalist to undertaker: New developments in official policies and attitudes to Ireland’s ‘First Language’’ (2014: 101-27) – atá i bhfad níos déine agus níos criticiúla ná an chéad cheann.  Cáineann sé rialtas na hÉireann de bharr nár cuireadh moltaí uile an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht san áireamh in Acht na Gaeltachta, 2012.  Tá soiniciúlacht le blaiseadh sa teideal nuair a chuirtear ‘First Language’ idir uaschamóga, agus feictear an tsoiniciúlacht chéanna i gcorp an ailt trí chéile.  Tá tuairimí an-láidir ag an údar maidir le seasamh an rialtais i leith chás na Gaeilge, rud a nochtar san fhoclaíocht a úsáidtear in amanna: ‘the Gaeltacht Act exudes the half-hearted conviction of a reluctant duty rather than a well-grounded and informed social and educational policy’, agus ‘the amended 2012 Act compares unfavorably to the original 1956 legislation; as language policy it appears weaker than the status quo ante’ (2014: 111), mar shampla.   Chomh maith leis sin, is trua nár cuireadh an dá alt le chéile, nó ar a laghad san imleabhar céanna – leagan amach i bhfad ní ba chiallmhaire a bheadh ann de bharr go dtagraíonn an dá alt dá chéile.

Déantar tagairt do chumhacht an Bhéarla mar lingua franca san iniúchadh a dhéanann Krägeloh agus Neha ar phleanáil chorpais Esperanto agus Te Reo Māori san alt ‘Lexical expansion and terminological planning in indigenous and planned languages: Comparisons between Te Reo Māori and Esperanto’ (2014: 59-86).  Samhlaítear an-tábhacht le glaineacht Te Reo Māori, agus cruthaíonn sé seo an iliomad deacrachtaí nuair atáthar ag plé leis an bpleanáil chorpais i réimsí eolaíochta agus matamaitice ach go háirithe.  Ní dhearnadh mórán leasuithe ar Esperanto ó leagadh amach rialacha na teanga agus mar gheall air sin, tagann na deacrachtaí céanna chun cinn nuair atáthar ag iarraidh focail nua a chumadh.  Áitíonn na húdair gur chóir go mbeadh pobal urlabhra na teanga rannpháirteach sa phróiseas pleanála ionas go roghnófaí na focail ba chuí.  Déanann na húdair tagairt do chásanna agus do theangacha eile freisin, rud a thugann comhthéacs níos leithne don léitheoir agus a chuireann go mór le gné uilíoch na hargóinte.  Cé gur ábhar spéisiúil é, b’fhiú díriú ar Te Reo Māori nó ar Esperanto as féin, seachas a bheith ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir dhá theanga nach bhfuil chomh cosúil sin lena chéile.

San eagrán seo de Language Problems & Language Planning, tugtar léargas ar chúrsaí teanga – idir mhionteangacha agus mhórtheangacha – i réimse leathan pobal agus tíortha.  Is féidir roinnt téamaí a aithint a bhaineann le dioscúrsa na sochtheangeolaíochta, ar a n-áirítear cumhacht an Bhéarla mar theanga dhomhanda, polasaithe oideachais, tionchar an neamhspleáchais ar pholasaithe teanga, agus pleanáil chorpais ach go háirithe.  Cé go bpléitear ábhar casta san iris seo, is foilseachán fiúntach é don té atá ag saothrú go hacadúil nó go praiticiúil i réimse na pleanála teanga.


[1] De cheal leagan Gaeilge den téarma seo a bheith ar fáil cheana, mhol an t-aistritheoir gairmiúil Séamus Ó Coileáin ‘teangadhealú’ mar aistriúchán air.