Léirmheas ar Léachtaí Uí Chadhain: Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906–1970)

Cló Léann na Gaeilge: Baile Átha Cliath, 2020. 682 lch.

Comhar, €30.00

Eagarthóirí: Liam Mac Amhlaigh agus Caoimhín Mac Giolla Léith

Léirmheas le:

Rhiann Flemming
Topaic(í): 

Chuir an tOllamh Breandán Ó Buachalla tús le hócáid bhliantúil in 1980 chun ómós a thabhairt do Mháirtín Ó Cadhain – mórscríbhneoir, oideoir, aistritheoir, gníomhaí polaitíochta agus cainteoir spreagúil a bhfuil a rian ar shaol na litríochta Gaeilge fós.  Le daichead bliain anuas, tá lucht léinn na Gaeilge ag teacht le chéile agus ag déanamh plé ar stair, ar chultúr agus ar dhioscúrsa na Gaeilge trí chéile.  Bailiúchán toirtiúil a bhfuil 37 léacht ann atá in Léachtaí Uí Chadhain: Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (19061970), ar chuir Liam Mac Amhlaigh agus Caoimhín Mac Giolla Léith in eagar go dúthrachtach é.

Tá an leabhar leagtha amach in ord croineolaíoch.  Tá éagsúlacht agus ilchineálacht le sonrú sa chnuasach óir thug daoine as cúlraí gairmiúla difriúla léacht gach uile bhliain.  Mar a shonraítear i réamhrá an leabhair: ‘ba léir gurb éard a bhí i Léacht Uí Chadhain ná scáthán inarbh fhéidir na díospóireachtaí ba thábhachtaí faoi gach gné de nualitríocht na Gaeilge a mheas.’ (x)  Pléadh cúrsaí staire, filíochta, litríochta, foilsitheoireachta, aistriúcháin, ceoil[1] agus iriseoireachta sa leabhar, chomh maith le mionteangacha[2], beathaisnéisí na nGael[3], agus réimse ábhar níos leithne.

An rud is suntasaí don léitheoir seo is ea go bhfuil an leabhar ina fhoinse luachmhar beathaisnéise do dhaoine nach bhfuil mionchur amach acu ar Mháirtín Ó Cadhain.  Foghlaimeoidh an léitheoir faoi shaol agus faoi shaothar an Chadhnaigh, faoina mhuintir, faoina chúlra acadúil agus polaitíochta, agus thar aon rud eile, faoin bhfáth a raibh goimh air mar gheall ar an nGaeilge.

Faightear léargas sárluachmhar ar nádúr agus ar phearsantacht an Chadhnaigh in ‘Máirtín Ó Cadhain: An Pholaitíocht agus an Ghaeilge’ (1980).  Is alt suntasach, géarchúiseach le Breandán Ó hEithir é, fear a raibh aithne phearsanta aige ar an gCadhnach.  Fear polaitiúil a bhí sa Chadhnach a chaith a shaol ar fad ag troid ar son na Gaeilge, cé gur cheap sé féin go raibh ‘an Ghaeilge básaithe’ (3).  Ag deireadh an ailt, nochtann Ó hEithir go bhfuil sé ar aon intinn leis an gCadhnach: ‘seans caol go gcaomhnófar an teanga’ (11).  Ba cheart aird a thabhairt ar an mbliain a tugadh an léacht seo agus an ráiteas sin á mheas.

Áitíonn Gearóid Ó Tuathaigh gur gníomh polaitiúil a bhí i ngach ‘siolla dar scríobh’ (36) an Cadhnach sa Ghaeilge, mar gheall ar an dearcadh a bhí aige ar an teanga – go raibh sí i mbaol a báis.  Foinse luachmhar eolais is ea ‘Máirtín Ó Cadhain: Stair agus Polaitíocht’ (1982) ina ndéantar iniúchadh ar thuairimí polaitíochta Uí Chadhain, ar a easpa iontaibhe as an rialtas agus ar na cúiseanna stairiúla ba bhun leo.  Míníonn sé gur chuir an Cadhnach muinín sna Fíníní toisc go raibh Gaeilge ag cuid mhór acu.  Ba í cúis na Gaeilge cúis an Chadhnaigh.  Cuireann Ó Tuathaigh síos ar mhodhanna oibre an Chadhnaigh, agus taispeánann sé an tionchar a bhí ag an Marxachas agus ag scríbhinní na mór-Rúiseach ar a dhearcadh.

Cuireann aiste Liam Uí Dhochartaigh le hiniúchadh Uí Thuathaigh agus faigheann an léitheoir tuiscint níos doimhne ar na cúiseanna ba bhun le drochmheas Uí Chadhain ar an rialtas agus ar pholaiteoirí neamhiontaofa.  In ‘Cúis na Gaeilge – Cúis ar Strae’ (1985), rianaíonn Ó Dochartaigh buntuiscintí na hAthbheochana agus na cúiseanna ar theip uirthi. Baineann an plé is suimiúla, is suntasaí a dhéanann Ó Dochartaigh le haidhm an dátheangachais.  Ardaíonn sé ceist chigilteach a chloistear go minic fós, an cheist ba chúis le teip na haidhme sin: ‘Nach mbeidh an scoth ar fáil i mBéarla?’ (106)

Cuirtear gearrchuntas beathaisnéise ar fáil in alt eolach, dea-scríofa le Joe Steve Ó Neachtain darb ainm ‘Ó Cadhain: An ag Doras an Bháis atá Lorg a Láimhe Anois?’ (2016). Míníonn sé gur chaith Ó Cadhain a bhlianta luatha ‘i gcomhluadar na bhFiann’ agus gur fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ó scéalaí a raibh scoth na teanga agus saibhreas seanchais aige: ‘thagadh mórchuid de sheanfhondúirí an bhaile ag déanamh áirneáin agus ag éisteacht le Seán Ó Cadhain...’ (625)  Díríonn Ó Neachtain an chuid eile dá chaint ar an maolú atá tagtha ar shaibhreas na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus tugann sé léargas úr don léitheoir ar mheon an Chadhnaigh i leith na teanga.  Ní deacair do léitheoirí aontú leis an meon sin nuair a thuigtear go raibh an Ghaeilge chomhaimseartha, ‘Gaeilge a chodail amuigh’, (630) ag tógáil áit na Gaeilge saibhre agus á cur faoi chois.

Magnum opus an Chadhnaigh is ea Cré na Cille.  Mar sin féin, is ar a leabhar Athnuachan a dhíríonn Breandán Ó Doibhlin in ‘Ó Cadhain tar éis Cré na Cille’ (1992).  Plé taitneamhach atá san alt seo ina ndéanann an t-údar cás áititheach ar son Athnuachan, saothar nach raibh Ó Cadhain féin muiníneach as.  Déanann an t-údar ráiteas misniúil ag tús an ailt: ‘go bhfuil Athnuachan ar aon chéim le Cré na Cille’ (210).  Tugann Ó Doibhlin achoimre tharraingteach ar an leabhar a chuaigh go mór i gcion ar an léirmheastóir seo.  Cuireann sé síos ar chumas an Chadhnaigh mar scríbhneoir liteartha, ar an tuiscint a bhí aige ar an saol agus ar an mbás agus nochtann sé an scil a bhí aige ‘taobh na coiméide agus taobh na truamhéala’ a fhí le chéile (213).  Díol suntais atá san alt corraitheach seo a spreagfadh an léitheoir cóip de Athnuachan a cheannach.

Cúrsaí foilsitheoireachta agus díolachán leabhar is ábhar do ‘Coisméigeacha Beaga agus Coisméigeacha Móra’ le Micheál Ó Conghaile (2000) ar ndóigh, áit a luann sé an tábhacht a bhaineann le tacú le scríbhneoirí Gaeilge agus a gcuid saothar a cheannach. (363)

Is ar chur chuige an Chadhnaigh agus é i mbun scríbhneoireachta a dhíríonn Alan Titley ina alt ‘Ag Déanamh Páipéir – Foinsí Inspioráide an Chadhnaigh’ (1981).  Cuireann sé síos ar na céimeanna a bhí i bpróiseas Uí Chadhain: léigh, foghlaim, scríobh agus athscríobh.  Tháinig saothar Uí Chadhain go mór faoi thionchar scríbhneoirí eile le linn an phróisis sin – Capek, Dostoevski, Gorki, Kafka, Masters  – ach dar leis an údar gur ‘éirigh leis a chló féin a bhualadh orthu’ (24).  Mar sin féin, faigheann Titley locht ar shaothair éagsúla Uí Chadhain agus lorg scríbhneoirí eile fágtha ar a chuid oibre; Áitíonn sé go bhfuil ‘glam pearsanta Mháirtín Uí Chadhain i mbaol a mhúchta’ (16).  Cé go n-easaontaíonn Nic Eoin leis an ráiteas seo in ‘Athnuachan agus Athghabháil Shaothar Liteartha Uí Chadhain’ (2017), aontaíonn Gearóid Denvir le Titley ina alt ‘Ó Chill go Cré: Léamh ar Shaothar Uí Chadhain’ (1986).  Déanann sé iniúchadh ar chlaochlú Uí Chadhain mar scríbhneoir liteartha agus ardaíonn sé ceisteanna ar fhorbairt charachtair an Chadhnaigh óna shaothair luatha go dtí na sraitheanna.  Cíorann Denvir mórthéamaí a shaothair – ról na mban agus ról na bhfear, mianta collaí, an coinníoll daonna agus timthriall na beatha ina measc – agus is suntasach an cur síos a sholáthraíonn sé ar an athrú a thagann ar chruinneshamhail an Chadhnaigh tar éis dó tréimhse a chaitheamh sa phríosún.

In Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (1969), dúirt an Cadhnach gur ‘raimhre dhorcha arís í spéir na Gaeilge’ (455).  Tá go leor athruithe tagtha ar an saol ó shin agus áitítear anois go bhfuil dóchas ann do thodhchaí na Gaeilge.  In ‘Idir Shúgradh agus Dáiríre: An Gearrscéal Iar-Chadhnach’ (2005), maíonn Pádraigín Riggs go bródúil go bhfuil ‘glúin eile scríbhneoirí tagtha ar an bhfód’ (455).  Déanann sí plé agus iniúchadh ar dhornán scéalta[4] a foilsíodh ó bhásaigh an Cadhnach agus léiríonn sí go bhfuil dóchas aici féin go mairfidh an teanga (agus cás áitithe déanta aici).  Pléann Tadhg Ó Dúshláine (1997), Biddy Jenkinson (1998), Nuala Ní Dhomhnaill (2003) agus Caoimhín Mac Giolla Léith (2004) gnéithe den fhilíocht ina gcuid alt siúd agus cruthaíonn siad go bhfuil filíocht na Gaeilge saor ó bhaol freisin go deimhin.

Caoga bliain i ndiaidh a bháis, cuireann an léitheoir aithne ar an gCadhnach sa chnuasach ilchineálach, éagsúil, nótáilte seo.  D’éirigh leis na cainteoirí ar fad codanna beaga de shaol, de shaothar agus de chúis an Chadhnaigh a nochtadh ina gcuid léachtaí agus d’éirigh leo gnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge a mheas trí chéile.  Áiríodh innéacs ar chúl an leabhair agus is mór an cúnamh é sin do léitheoirí a bhfuil tuiscint níos doimhne ar dhearcadh an chainteora uathu. Tá roinnt léachtaí sa leabhar ina bpléitear ábhair chasta atá dírithe ar lucht léitheoireachta ar leith, ach bhainfeadh duine ar bith a bhfuil suim sa Ghaeilge aige nó aici tairbhe agus taitneamh as an gcnuasach seo.

 

[1] Fuaimeint Gaeil’ (2015) le Peadar Ó Riada, mar shampla, a thugann léargas ar an stair, ar an aigneolaíocht, ar an gcultúr Éireannach agus ar thraidisiún na tíre.

[2] ‘An Choirnis agus an Ghaeilge—Ceacht nó Rabhadh?’ (2009) le N.J.A. Williams.

[3] ‘Le Gean ar Ghaeil: Fiontar Beathaisnéise’ (1995) le Diarmuid Breathnach.  Alt a scríobhadh sular tháinig ‘ainm.ie’ ar an bhfód, suíomh atá bunaithe ar na shraitheanna a d’ullmhaigh Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú.

[4] ‘Ding’ le Seán Mac Mathúna, ‘Leabhar na bPeacaí’ le Micheál Ó Conghaile, ‘Oighearaois: Aerís: Arís’ le Alan Titley agus ‘Oidhe Fhearghusa’ le Biddy Jenkinson (458).