Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Léirmheas ar an leabhar Immersion Education – Lessons from a Minority Language Context le Pádraig Ó Duibhir | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Léirmheas ar an leabhar Immersion Education – Lessons from a Minority Language Context le Pádraig Ó Duibhir

Multilingual Matters, 2018, Líon Lch: 216, Praghas: €25

Léirmheas le

Niall Mac Uidhilin

Éiríonn leis an oideachasóir agus an taighdeoir Pádraig Ó Duibhir rud nach bhfuil éasca a bhaint amach ina leabhar Immersion Education – Lessons from a Minority Language Context, is é sin, ábhar acadúil a chur i láthair i mbealach spéisiúil agus intuigthe don léitheoir acadúil agus don léitheoir ginearálta araon agus ag an am céanna gan doimhneacht an ábhair a laghdú.  Tá an leabhar mar chuid den tsraith leabhar ‘Bilingual Education and Bilingualism’ atá foilsithe ag Multilingual Matters, sraith a áiríonn téamaí faoi mhionteangacha.

Míníonn Ó Duibhir sa réamhrá go raibh taithí aige mar dhalta i gceann de na céad ghaelscoileanna i mBaile Átha Cliath agus go raibh tionchar mór ag an tréimhse seo air i bhforbairt na bá atá aige leis an teanga.  Sular thug sé faoin taighde agus teagasc ag an tríú leibhéal den chóras oideachais, chaith sé 14 bliana ag obair mar mhúinteoir agus mar phríomhoide bunscoile.  Is nuair a thosaigh sé ag obair i nGaelscoil nuabhunaithe a fuair sé léargas díreach ar chuid de na dúshláin a bhíonn le sárú ag daltaí i dtimpeallacht tumoideachais, a bhformhór acu a bhí ina bhfoghlaimeoirí Gaeilge mar dhara teanga (T2).  Luann sé go raibh frustruchas air féin agus ar a chuid comhghleacaithe de bharr nár bhraith siad go raibh Gaeilge na ndaltaí ag druidim i dtreo na sprioctheanga in aineoinn go raibh suas le 6000 uair an chloig teagmhála acu leis an teanga.

Is léir go bhfuil na ceithre thionscadal taighde atá mar phríomhfhocás an leabhair préamhaithe sa taithí a bhí aige i réimse na gaelscolaíochta.  Díríonn an chéad dá thionscadal ar chorpas a chur le chéile bunaithe ar Ghaeilge labhartha daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus anailís a dhéanamh air.  Díríonn an tríú tionscadal ar dhearcadh múinteorí i leith chumas Fraincise a gcuid daltaí i gcomhthéacsanna tumoideachais in Ottawa, Ceanada agus ar an gcodarsnacht idir iad seo agus dearcthaí múinteoirí comhchosúla in Éirinn.  Díríonn an ceathrú tionscadal ar dhearcthaí daltaí agus a gcuid tuismitheoirí i leith na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga.

Forbraíodh an corpas Gaeilge labhartha trí thras-scríobh a dhéanamh ar chaint daltaí in ardranganna i 16 scoil lán-Ghaeilge – 13 scoil i gceantair neamh-Ghaeltachta agus 3 scoil Ghaeltachta (i gceantair atá fós láidir ó thaobh na Gaeilge).  Dearadh tasc comhoibríoch do na daltaí agus rinneadh tras-scríobh ar na fístaifid den chomhoibriú seo.

San anailís a dhéanann sé ar an gcaint sa dá chomhthéacs seo, léiríonn sé go bhfuil an cineál códmheasctha chéanna ag tarlú ach go bhfuil na rátaí earráide an-difriúil lena chéile – 30% sna scoileanna lán-Ghaeilge i gcomparáid le 3% sna scoileanna Gaeltachta.  Bhí fadhbanna ar leith ag an gcéad ghrúpa leis an gcopail agus leis an ainm briathartha.  Baineann Ó Duibhir úsáid éifeachtach as samplaí den chaint a chuidíonn go mór le léargas a fháil ar nádúr na bhfadhbanna seo.

D’úsáid sé cur chuige samhlaíoch sa dara staidéar corpasbhunaithe áit ar iarr sé ar na daltaí breathnú ar shleachta físe a léirigh a gcuid cainte agus machnamh comhoibríoch a dhéanamh maidir leis na cineálacha earráidí a bhí á dtabhairt faoi deara acu. Léiríonn a chuid anailíse gur éirigh na daltaí coinsiasach faoin méid códmheasctha a bhí ar bun acu ach nár thug siad na botúin chruinnis faoi deara go dtí gur taispeánadh dóibh iad.  Ina dhiaidh sin arís, bhí níos mó ratha orthu botúin leis an ainm briathartha a cheartú ná leis an gcopail.  Molann sé go bhféadfadh múinteoirí cuir chuige a bhaineann leas as taifid bheaga chainte cuidiú le daltaí machnamh a dhéanamh faoina gcumas teanga ach a chinntiú go gcoinníonn an múinteoir fócas ar struchtúr na teanga agus le cinntiú go dtarlaíonn an ‘tabhairt faoi deara’ atá an-tábhachtach i bhforbairt cumas teanga.

Rinne Ó Duibhir suirbhé Meon/Inspreagadh ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de.  Rinne sé é seo leis na daltaí a ghlac páirt sa taighde corpasbhunaithe chomh maith le grúpa dá gcuid tuismitheoirí.  Bhí an suirbhé seo bunaithe ar cheann a d’úsáid taighdeoirí eile sa réimse seo.  Léiríonn na torthaí go bhfuil meon an-dearfach i leith fhoghlaim na Gaeilge ag na daltaí ach gurbh fhéidir nach leor é seo len iad a spreagadh le caighdeán gramadaí an chainteora dúchais a shroichint.  Tá an chuma ar an scéal freisin go bhfuil tionchar ag nósmhaireachtaí teanga baile na ndaltaí agus a gcuid tuismitheoirí ar an dóchúlacht go n-úsáidfear an teanga taobh amuigh den scoil.  Níl mórán fianaise ann go bhfuil sé seo ag tarlú go forleathan i láthair na huaire.

An píosa taighde deiridh a ndéanann sé cur síos air ná sraith agallamh a rinne sé le múinteoirí agus le príomhoidí i scoileanna tumoideachais i ndlínsí ó dheas agus ó thuaidh in Éirinn agus i gCeanada.  Ba é aidhm an taighde seo ná léargas níos fearr a fháil ar dhearcthaí múinteoirí maidir le cumas teanga labhartha Gaeilge/Fraincise i gcomhthéacsanna tumoideachais.  D’aimsigh sé go leor cosúlachtaí idir an taithí atá sa dá thír.  Cé go n-aithníonn múinteoirí go bhfuil fadhbanna cruinnis ag na daltaí agus go bhfuil tionchar mór ag an mBéarla ar a gcuid cainte, tá siad sásta nach gcuireann sé seo bac orthu iad féin a chur in iúl sa sprioctheanga agus ar an iomlán, tá na daltaí an-bháúil i leith na sprioctheanga.

Éiríonn le Ó Duibhir sintéisiú fíoréifeachtach a dhéanamh ar na ceithre phíosa taighde seo sa chaibidil plé a chuireann clabhsúr leis an leabhar.  Léiríonn sé gur éirigh leis corpas luachmhar (c. 54,000 focal) de chaint daltaí scoileanna lán-Ghaeilge a chruthú, rud a bheidh an-úsáideach sa réimse taighde seo atá ag borradh faoi láthair.  Cé go bhfuil cuma ard ar an ráta earráide i measc na ndaltaí, ní sheasann an figiúr seo amach nuair a chuirtear i gcomparáid é lena macasamhail i gcomthéacsanna idirnáisiúnta eile agus tréaslaíonn Ó Duibhir leis na daltaí agus leis na múinteoirí go bhfuil cumas cumarsáide i dteanga a bhfuil struchtúr an-éagsúil lena T1 aici bainte amach acu agus iad an-bháúil leis seo.

Is díol spéise ceann de na torthaí gurb í an tuiscint atá ag daltaí i nGaelscoileanna gurb ionann Gaeilge a labhairt agus ‘gan Béarla a labhairt’.  Cé gurbh fhéidir gur leor seo sna luathranganna, maíonn Ó Duibhir go gcaithfear forbairt a dhéanamh ar an gcoincheap seo do dhaltaí na n-ardranganna agus díriú ar chaighdeán na Gaeilge atá á labhairt acu.

Maíonn sé dá mbeadh na daltaí níos neamhspleáiche sa phróiseas foghlama, go bhféadfadh sé seo cur lena gcuid inspreagtha agus lena gcuid tuisceana faoin aistear foghlama atá de dhíth lena gcumas teanga a fhorbairt.  Tarraingíonn sé ar an litríocht taighde le rabhadh a thabhairt go dteastaíonn struchtúr ceart agus acmhainní maithe (ar nós na bhfíseán agus na dtras-scríbhínní a d’úsáid sé féin sa tasc machnamhach) le go n-éireoidh le cur chuige den sórt seo.  Tagann sé seo leis na torthaí ó na grúpaí fócais gur thaitin sé leis na daltaí nuair a bhí siad i gceannas ar an bpróiseas foghlama.

I measc na moltaí eile, maíonn Ó Duibhir go bhfuil gá díriú isteach ar bhotúin na ndaltaí ag staid níos luaithe sa phróiseas sealbhaithe má tá iontaisiú le seachaint.  Maíonn sé go mbeidh easpa cruinnis i gcónaí ina gné shuntasach de chumas teanga dhaltaí T2 ag deireadh na bunscoile más é an cur chuige brí-bhunaithe an t-aon cur chuige teagaisc a mbainfear úsáid as.  Molann sé cur chuige ionduchtach atá níos dírithe ar struchtúr na teanga agus a chuireann aiseolas ceartaitheach ar fáil do na daltaí.  Ciallaíonn sé sin gur cheart do mhúinteoirí na botúin atá ag teacht chun cinn a aithint agus díriú isteach orthu seo de réir a chéile, chomh maith leis na cinn choitianta atá aitheanta sa taighde seo.

Díol spéise eile is ea tuairim Uí Dhuibhir faoi cheist atá ábhairín conspóideach maidir leis an gcineál sprioctheanga ba cheart a chur chun cinn mar eiseamláir d’fhoghlaimeoirí mionteanga.  Tacaíonn sé leis an dearcadh gur cheart go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais mar sprioc d’fhoghlaimeoirí mionteanga.  Tugann sé aitheantas, áfach, don mhalairt tuairime atá á moladh ag roinnt taighdeoirí go bhfuil réim teanga níos simplí sásúil mar sprioc d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge. 

Ba cheart go mbeadh an leabhar luachmhar seo ar sheilf duine ar bith atá ag plé le cúrsaí oideachais lán-Ghaeilge idir oidí, lucht taighde agus lucht polasaí.  Tá sé tagtha inár láthair in am fíorthráthúil agus go leor athruithe ag tarlú i bpolasaithe agus curaclaim na Gaeilge agus má thugtar aird ar na moltaí oideolaíocha a dhéanann sé, is ea is saibhre a bheidh cumas teanga ár gcuid scoláirí lán-Ghaeilge.