Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Léirmheas ar Mé Suibhne | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Léirmheas ar Mé Suibhne

 

Leabhar Breac: Indreabhán, Co. na Gaillimhe, 2021, lch: 195, €16

Údar: Feargal Ó Béarra

ISBN: 978-1-913814-08-3

Léirmheas le Cassie Ní Chatháin

Cassie Ní Chatháin

Scríbhneoir, scoláire agus aistritheoir ab ea Feargal Ó Béarra, a tógadh sa Spidéal agus a chaith tréimhsí i mbun taighde agus teagaisc san Iorua, sa Ghearmáin, i gCeanada agus i Meiriceá. Duine cruthaitheach, cumasach, ildánach ab ea é, agus is seoid í an leabhar seo i measc na saothar éagsúil a scríobh sé le linn a shaoil. Is leabhar ficsin corraitheach, dúshlánach, suaithinseach é Mé Suibhne, athinsint dhaonna a chuireann scéal Shuibhne ar na súile do ghlúin eile. Scríobhadh an buntéacs Buile Shuibhne sa dara haois déag faoi Rí Suibhne Mac Colmáin, rí in oirthuaisceart na tíre i ré na luath-Chríostaíochta in Éirinn. Téann sé ar strae sa chloigeann de bharr na mallachta a chuireann Naomh Rónán air, agus tugann an buntéacs eolas dúinn i bhfoirm filíochta ar dheoraíocht Shuibhne ina chuid focal féin.

Tá cáil ar an bhunleagan mar cheann de na chéad téacsanna i litríocht na hEorpa a dhírigh ar an duine aonair agus a dhomhan inmheánach, agus ba é an chéad uair riamh a tugadh guth don ghealt i litríocht na dteangacha neamhchlasaiceacha. Rinneadh athmhúnlú agus aistriúchán ar an téacs chéanna roimhe: Séamus Heaney, leis an tsaothar Mad Sweeney; agus déantar tagairt don phearsa ‘Mad Sweeney’ i dtéacsanna eile le Paula Meehan agus le Flann O’Brien (Mrs Sweeney, 1997 & At Swim-Two-Birds, 1939). Baineann Mé Suibhne a cheart, áfach, agus rinne Ó Béarra an-éacht lena dhílseacht don téacs agus ina chuid cruthaitheachta. Tá struchtúr maith i bhfeidhm; roinntear an scéal ina seacht ‘ling’, le ceangal ag an deireadh, ranna néata a luíonn le plota an scéil. Measctar prós agus filíocht go nádúrtha sa leabhar – athrú crutha a chuir go mór le héascacht an téacs. Feictear go bhfuil croíghnéithe an bhunleagain go fóill sa téacs agus go bhfuil cló na cainte comhaimseartha air nuair is féidir, ach cuirtear in oiriúint don léitheoir nua-aimseartha é. Tá tréithe den tseanleagan ar dhírigh an t-údar orthu thar chinn eile, sin iad na smidíní daonna: chuir sé fad leis ‘na habairtí fánacha thall is abhus a ghoin m’aire mar go raibh splainc bheag bhídeach ann de Shuibhne’ (152). Cé gur bhain sé searradh in áiteanna, míníonn Ó Béarra san iarfhocal go bhfuair sé réidh leis an athrá agus leis na gnéithe nach dtiocfadh a aistriú go héasca go teanga an lae inniu.

Tumtar an léitheoir i ndomhan inmheánach an reacaire; is léir go gcreideann Suibhne sa mhéid is atá á rá aige, agus in ainneoin na ngnéithe osnádúrtha agus a easpa guaime, creideann an léitheoir a scéal fosta. Tá macántacht ag baint le carachtar Shuibhne, ach tá ceist ann faoina réalachas agus arb ann dó mar fhigiúir stariúil. Rinne Ó Béarra plé air seo cheana san alt ‘Buile Shuibhne: vox insaniae in Medieval Ireland’ agus cíortar saol agus stairiúlacht Shuibhne Mhic Colmáin (Ó Béarra, 2014: 244–5). In ainneoin na héiginnteachta seo faoin phríomhcharachtar, cuireann na fíorphearsana stairiúla atá luaite le hinchreidteacht an téacs. Tá ionracas ina chuid cainte, agus cuireann an fhisiciúlacht agus na fíorlogainmneacha leis an scéal mar a fheictear do Shuibhne é; samhlaítear é i nGlinnte glasa Aontroma, ag aillte géara an Chósta Thuaidh, ar fud fad an oileáin agus a fhad le críocha na hAlban. Cuirtear béim ar cheangal Shuibhne leis an domhan thart air le sainainmneacha na gcrann agus an dúlra, saineolas nach bhfuil róchoiteann sa lá atá inniu ann agus muid níos scoite amach ón nádúr. Fréamhaítear an scéal sa domhan aithnid agus is féidir leis an léitheoir suíomhanna Mé Suibhne a aimsiú ar an léarscáil áisiúil a chuireann Ó Béarra ar fáil ar an aonú leathanach déag, faoi ‘Seachnóineachas Shuibhne’. Déantar amhlaidh in An Tromdhámh, óir ní hé seo an chéad athscrúdú ar théacs ón mhéanaois atá scríofa ag an údar. In An Tromdhámh, déantar athchóiriú ar aoir den ainm Tromdhámh Guaire, rud a léiríonn claonadh an údair i dtreo an ghrinn  agus an athchóirithe ar sheanscéal. Bhuaigh Ó Béarra agus Leabhar Breac Gradam Uí Shúilleabháin as an éacht seo in 2019, ceann de Ghradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge.

Déantar plé ar théamaí uilíocha sa leabhar; an grá, an tráma, an indibhid, an creideamh agus an tairngreacht. Cuirtear nóisin éagsúla den fhearúlacht in iomaíocht le chéile i gcarachtair Rónáin agus Shuibhne, ach beirt atá daingean ina bhforlámhas féin iad. Leis seo, cuireann Ó Béarra smaointe éagsúla le hais a chéile: an foréigean agus an síochánachas, ciontacht agus maithiúnas, an t-uaigneas agus an grá. Téann Suibhne in aghaidh chóid mhórálta Chríostaíocht an domhain Ghaelaigh, a leagadh síos in Cáin Adomnáin (697) agus castar é ón áit urramach a bhain sé amach mar rí. Cloiseann sé ina ‘chloigeann cráite, ag uallfairt is ag éamh, crua-ghleo an chatha... agus tuargain na troda’ (21). Téann an leonadh intinne i bhfeidhm air, agus tagann pian, uaigneas, agus tráma ar mhullach a chéile in intinn Shuibhne. Is tubaiste dó ‘a scaradh le Dál Araidhe’ agus feictear dúinn an tionchar a bhíonn ag an uaigneas agus an easpa bá ar an duine leochaileach. Ceist ábhartha i ndomhan iar-COVID, agus muid ag streachailt leis an tsiléig a rinneadh ar ár dtacaíochtaí meabharshláinte, scéal déanta níos measa ag uaigneas agus brú na paindéime. Corraíonn a streachailt aon duine a mhothaigh cumha nó briseadh croí riamh, agus is mór an difear idir an ghealt bhocht le heaspa cumhachta agus cúlra uasal Shuibhne féin. Úsáidtear an focal ‘geilt’ chun dídhaonnú agus coimhthiú a dhéanamh air seachas úsáid a bhaint as a ainm féin, Suibhne. Caitheann Ó Béarra lena phríomhcharachtar le meas i gcónaí, áfach, agus deimhníonn sé féiniúlacht agus daonnacht Shuibhne leis an dearbhú ‘Mé Suibhne!’ – teideal coscrach, ceanntréan.

Ní ghéilleann Ó Béarra don dáiríreacht go huile is go hiomlán riamh, áfach; is tréith aitheanta é an greann dá chuid scríbhneoireachta agus ní haon eisceacht é an leabhar seo. Tuigeann an léitheoir do Shuibhne agus téann an greann trí na téamaí troma gan a bheag a dhéanamh de chruachás Shuibhne. Cé go bhfuil fulaingt ag baint lena dheoraíocht agus lena sheachnóineachas, is ann atá sé saor ó choinbhinsiún agus ó na freagrachtaí a bhí air mar rí. Tá an dearadh le moladh fosta, chomh maith leis an scríbhneoireacht; cuireann an íomhá chlúdaigh le bá an léitheora agus lenár muinín i ndaonnacht Shuibhne, leis an léiriú mheánaoiseach ón Weltchronik le Rudolf von Ems. Leid amhairc de dhuine daonna, seachas an créatúr clúmhach claochlaithe arbh é Suibhne Geilt. Gné eile shuimiúil den dearadh ná an ‘é’ iompaithe le héigiall sa teideal Mé Suibhne, mionsonra a chuireann scéal an leabhair in iúl.

Is léargas é an leabhar seo atá lán le comhbhá, ar an mheabhairghalar agus ar an tráma, curtha i láthair le struchtúr tarraingteach agus le bua na bhfocal. Cruthaíonn Ó Béarra droichead lena shaothar sonraíoch a nascann muid le domhan Shuibhne, ag lingeadáil idir ciall agus éigiall, ach ionraic ó thús deireadh. Ní chuireann an eagarthóireacht agus na hathruithe ach le héifeacht agus le nádúrthacht an téacs, agus ní sciorrann Ó Béarra ar shiúl ó ghuth uathúil Shuibhne riamh. Chuir Ó Béarra litríocht na Nua-Ghaeilge in athriocht lena dhá leabhar, An Tromdhámh agus Mé Suibhne, agus beidh pobal na Gaeilge faoi chomaoin aige go síoraí.  Ní bheidh a leithéid ann arís.

Leabharliosta: 

Ó Béarra, F. (2014) ‘Buile Shuibhne: vox insaniae from Medieval Ireland,’ in Mental Health, Spirituality, and Religion in the Middle Ages and Early Modern Age. Berlin, Boston: DE GRUYTER. 242–89.