Léirmheas ar New Speakers of Irish in the Global Context. New Revival?

 

le Bernadette O’Rourke & John Walsh

Routledge, 2020

Léirmheas le

Noelle Higgins

Cíorann an leabhar seo ceisteanna tábhachtacha, suimiúla maidir le nua-chainteoirí na Gaeilge .i. iad siúd nach cainteoirí dúchais iad ach a bhfuil (léibhéal áirithe) Gaeilge acu. Clúdaíonn an téarma seo go leor cainteoirí Gaeilge, iad siúd a bhfuil Gaeilge bhreá líofa acu agus a úsáideann an Ghaeilge ina saol oibre, agus iad siúd a d’fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil agus a dhéanann iarracht an teanga a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla, m.sh. le ciorcail chomhrá etc. Mar nua-chainteoir mé féin, bhí suim phearsanta agam sa leabhar seo, agus suim ghairmiúil mar thaighdeoir atá ag obair i ngort chearta an duine, cearta teanga san áireamh.

Ceist lárnach a phléann na húdair sa chéad chaibidil den saothar, ‘Rethinking the Sociolinguistics of Irish’, ná an bhrí atá leis an téarma ‘nua-chainteoir’ sa chomhthéacs domhanda agus i gcomhthéacs na Gaeilge araon. Cíorann an chaibidil seo ceisteanna polaitíochta a bhaineann le ‘leipéid’ áirithe a leagtar ar chainteoirí teanga chomh maith. Theastaigh ó na húdáir taithí grúpa mór daoine maidir le foghlaim na teanga agus ceisteanna féiniúlachta i gcomhthéacs teanga a phlé, agus mar sin rinne siad agallaimh le céad nua-chainteoir Gaeilge, agus chuir siad grúpaí fócais ar bun freisin. Bhí na nua-chainteoirí Gaeilge roinnte ar 5 chatagóir: (a) cainteoirí líofa a bhfuil a gcuid Gaeilge sách difriúil le cainteoirí dúchais; (b) iad siúd a mhúnlaíonn a dteanga ar chanúintí Gaeltacha agus a bhfuil blas an chainteora dhúchais ar a gcuid Geilge; (c) nua-chainteoirí ‘hibrideacha’ a mheascann an Ghaeilge agus an Béarla sa chaint;  (d) daoine a tógadh le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht; agus (e) daoine a úsáideann an Ghaeilge agus atá fós ag cur feabhas ar a scileanna teanga. Mar sin, faightear réimse leathan scéalta faoin teanga agus réimse leathan léargas ar an gcaidreamh idir an teanga agus an duine sa leabhar seo, agus dá bharr, faightear pictiúr cuimsitheach ar nua-chainteoirí na Gaeilge. Síos tríd an leabhar déanann na húdáir tagairt do na hagallaimh i gcomhthéacs na teorice sochtheangeolaíochta. Cuireann na giotaí éagsúla ó na hagallaimh a fhaightear sa phlé go mór le héifeacht an leabhair. Bhí macalla mo thaithí féin maidir le foghlaim na Gaeilge agus le ceist na féiniúlachta le tabhairt faoi deara in agallaimh áirithe agus táim cinnte go mbeidh léitheoirí eile in ann a dtaithí féin a aithint sna scéalta a insítear sna hagallaimh chomh maith.

Sa dara caibidil, ‘New Speaker, New Paradigms? Building a Theoretical Framework’, cuireann na húdáir an chreathlach theoiricúil atá mar bhunús leis an leabhar os ár gcomhair. Sa chaibidil seo faightear léargas ar an ‘nua-chainteoir’ i gomhthéacs ginearálta na sochtheangeolaíochta criticiúla. Baineann Caibidil 3, ‘National, Official and Minoritised. The Context and Background of Irish’, le nua-chainteoirí na Gaeilge i gcomhthéacs polasaithe teanga na hÉireann, go háiritithe ó bhunú an Stáit sa bhliain 1922 ar aghaidh. I gCaibidil 4, ‘Becoming a New Speaker of Irish’ díríonn na húdair níos mine ar roinnt agallamh a rinne siad mar bhunthaighde don leabhar agus cuirtear scéalta deichniúir os ár gcomhair. Ina gcuid focal féin, agus le cabhair ó anailís na n-údar, feictear na comhthéacsanna éagsúla as a dtagann nua-chainteoirí na Gaeilge, agus ról na Gaeilge ina saol. I gCaibidil 5, ‘New Speakers and New Identities’, agus i gCaibidil 6, ‘Ciorcail Chomhrá – “Safe Spaces” for the Cúpla Focal’, téann na húdair i ngleic le roinnt téamaí suimiúla a tháinig aníos sna hagallaimh, .i., na naisc idir an Ghaeilge agus cúrsaí féiniúlachta i saol na nua-chainteoirí agus ról na gciorcal comhrá mar shuíomhanna foghlama Gaeilge. Críochnaíonn an leabhar le Caibidil 7, ina gcuirtear roinnt conclúidí os comhair an léitheora maidir le nua-chainteoirí na Gaeilge agus ina ndírítear ar dhá mhóitíf lárnacha an leabhair, .i., an chreathlach thraidisiúnta a bhaineann le hathbheochan teanga agus uirlisí coincheapúla na nua-sochtheangeolaíochta a éascaíonn díthogáil ídeolaíochtaí a bhaineann leis an bhféiniúlacht teanga, leis an aonteangachas agus le cúrsaí náisiúnachais. Cuirtear roinnt moltaí maidir le himpleachtaí polasaithe agus ról na nua-chainteoirí os ar gcomhair sa chaibidil seo chomh maith.

Is saineolaithe cumasacha iad na húdair O’Rourke agus Walsh, a bhfuil cáil bainte amach acu cheana féin mar thaighdeoirí sochtheangeolaíochta. Is Ollamh le Sochtheangeolaíocht agus Staidéir Easpáinneacha in Ollscoil Ghlaschú í O’Rourke agus is Léachtóir Sinsearach i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é Walsh. Éiríonn leis an mbeirt acu teoiric chasta shochtheangeolaíochta a chur os comhair an ghnáthléitheora, nach mbeadh saineolas acu ar chúrsaí sochtheangeaolaíochta, ar bhealach soiléir agus suimiúil. Tá moladh mór tuillte acu as an stíl a úsáideann siad sa leabhar, atá oideachasúil agus so-léite ag an am céanna. Téann siad i ngleic le réimse leathan eolais ó agallaimh agus ó ghrúpaí fócais agus éirionn leo téamaí lárnacha a thagann aníos ó na hagallaimh agus ó na grúpaí a aithint agus a phlé ó thaobh na sochtheaneolaíochta de ar bhealach soiléir críochnúil. Gné an-suimiúil den leabhar ná an chaoi ina gcuireann na húdair a scéal féin mar nua-chainteoirí os comhair an léitheora. Mar gheall ar a gcúlra féin mar nua-chainteoirí is léir go bhfuil suim faoi leith acu san ábhar ar an gcéad dul síos, ach níos tábhachtaí ná sin, bhí bá acu leis na daoine a ndearna siad agallamh leo. Is léir gur chabhraigh sé seo na hagallaithe a spreagadh chun cainte agus a scéalta a insint go hoscailte.

Tá an leabhar seo luachmhar do dhuine ar bith atá ag plé le cúrsaí sochtheangeolaíochta idir lucht taighde agus lucht polasaí araon, agus ar ndóigh is acmhainn úimléideach é dóibh siúd atá ag plé le sochtheangeolaíocht na hÉireann go háirithe.  Chuir an leabhar an léirmheastóir seo ag smaoineamh faoina caidreamh féin leis an nGaeilge mar nua-chainteoir, le ceisteanna na féiniúlachta agus an náisiúnachais, agus beidh an leabhar ina fhoinse shuimiúil d’aon nua-chainteoir Gaeilge, fiú muna bhfuil cur amach aige / aici ar an tsochtheangeolaíocht féin.