Léirmheas ar An Scéim

Máirtín Coilféir a chuir in eagar

An Gúm, Baile Átha Cliath, 2020. 195 lch, €12

Léirmheas le

Shane McLoughlin
Topaic(í): 

Is leabhar faisnéiseach é An Scéim a chuir Máirtín Coilféir in eagar.  Is cnuasach aistí é faoin nGúm, ó bunaíodh an comhlacht go dtí 2016.  Seoladh comhdháil lae chun comóradh a dhéanamh ar 90 bliain ó bunaíodh an Gúm sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ba é Máirtín Coilféir féin a chéadmhol an chomhdháil.  Tá na píosaí cainte a tugadh ar an lá san áireamh sa leabhar An Scéim mar aistí.  I measc na n-aistí tá cinn le Alan Titley, Gearóidín Uí Laighléis, Aifric Mac Aodha, Muiris Ó Raghallaigh, Antain Mag Shamhráin, Gearóid Ó Tuathaigh, Michael Cronin, Róisín Adams agus le Máirtín Coilféir féin, agus pléitear iontu scéalta, conspóidí, gaiscí agus laigí an Ghúim.  Is é Seosamh Ó Murchú, Eagarthóir Sinsearach leis an nGúm faoi láthair, a scríobh an Réamhrá. 

Maidir le teideal an leabhair, mínítear dúinn gur focal é ‘gúm’ a chiallaíonn ‘scéim’.  Ba é an fáth ar tugadh ‘An Gúm’ ar an gcomhlacht an chéad lá riamh ba ea gur ceapadh go gcaithfí anuas ar fhocal ar nós ‘scéim’ ag an am.  Mícheál Breathnach, státseirbhíseach a bhí ag plé leis an scéim, a chuimhnigh ar an bhfocal ‘gúm’ ina áit, mar a mhíníonn León Ó Broin (státseirbhíseach eile a raibh baint aige le riaradh na scéime): ‘In those early purist days a word like “scéim” for scheme was frowned upon, and it was Mícheál Breathnach, I think, who gave us the alternative Gúm from his north Galway vocabulary’. (14)

Tá cuma shimplí ar an leabhar seo, agus is í an stíl atá ar an gclúdach stíl ar bhain an Gúm úsáid aisti go minic sna blianta luatha.  Déanann Muiris Ó Raghallaigh cur síos ar an gceist seo agus ar cheisteanna eile dá leithéid san alt leis ‘Cuir Síoda ar Leabhar…’  Deir sé faoi na clúdaigh (135):

Bhí tugtha faoi deara le fada ag lucht fógraíochta gur fearr a bhéarfadh fógra ar an tsúil dá mbeadh cúlra buí ann agus litreoireacht throm dhubh nó dhearg air... gach duine den chúigear ealaíontóirí a bhí ar an bpainéal...bhaineadar úsáid as seift sin an chúlra bhuí go pointe áirithe.  

Is iomaí téama a chlúdaítear sa leabhar seo a d’fheilfeadh don té a mbeadh suim aige nó aici i stair na Gaeilge agus sa Ghaeilge trí chéile, agus léirítear an bhaint lárnach a bhí ag an nGúm le stair na foilsitheoireachta Gaeilge agus na teanga féin anseo.  Ina theannta sin, tá saibhreas canúnach le sonrú sna sleachta athfhriotail ann a thugann léiriú an-mhaith dúinn ar Ghaeilge na ndaoine sa tréimhse idir bunú an Ghúim agus foilsiú an Chaighdeáin Oifigiúil.  Féach, mar shampla amháin, in aiste Ghearóidín Uí Laighléis, ‘An Gúm, an Ghruaim agus an Griannach’, sleachta as litreacha a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus an saibhreas teanga a bhain leo.  Is suntasaí fós, ar ndóigh, an léargas a thugann aiste Uí Laighléis ar thaobh an Ghúim i gcás na gconspóidí maidir le cúrsaí íocaíochta agus cinsireachta a bhain leis an gcomhlacht sna blianta luatha.  

Taispeántar tábhacht an Ghúim nuair a bunaíodh é in 1926 sa leabhar.  Déanann Gearóid Ó Tuathaigh comhthéacsú cumasach ar chúinsí na Gaeilge agus an Stáit nua ag an am ar bunaíodh an Gúm ina aiste ‘An Gúm: Comhthéacs a Bhunaithe’, agus faightear cur síos ar réasúnaíocht agus ar aidhmeanna Earnáin de Blaghad, an tAire Airgeadais ag an am, agus an duine ba chúis le bunú na scéime foilsitheoireachta.

Chuir an Gúm an Ghaeilge chun cinn ach go leor leabhar a chur ar fáil i nGaeilge nuair a bhí gá leo, ach bhí go leor dúshlán roimhe.  Bhí géarghá le leabhair chomhaimseartha, agus ré nua ag teacht – Bhí ‘ar an teanga déileáil le réimsí saoil nár tháinig faoina réim leis na céadta bliain’ (‘Ag Aistriú chun Foghlama’, Mag Shamhráin: 66).  Léiríonn Mac Shamhráin ina theannta sin, go raibh teangacha ar nós na Gaeilge ar fud fad an domhain agus nárbh í an Ghaeilge an t-aon teanga amháin ar theastaigh athbheochan agus scéimeanna uaithi (70):

Cuireann sé ar ár súile dúinn nár neacha eisceachtúla na daoine a shaothraigh an gort na blianta sin ó shin, nach raibh a dhath eisceachtúil ag baint leis na díospóidí faoi shaothrú na scríbhneoireachta agus faoi na foirmeacha liteartha ba dhual agus ab oiriúnaí don Ghaeilge. Bhí siad uilig, idir dhaoine agus dhíospóidí, ag teacht le patrúin atá le haithint ar fud an domhain.

Déanann Michael Cronin treisiú ar an téama seo, ar ndóigh, ina aiste siúd ‘An Gúm agus an Comhthéacs Eorpach’.

Is an ghearrscéalaíocht agus an úrscéalaíocht, agus ábhar do pháistí, is túisce a shamhlaítear leis an nGúm – féach ‘Seoda an Ghúim’ le Alan Titley agus ‘Ag Foghlaim Ceirde: Foilseacháin an Ghúim do Pháistí Óga, 1926–70’ le Róisín Adams, mar shampla – ach léiríonn Aifric Mac Aodha an bhaint a bhí ag an nGúm le foilsiú na filíochta freisin ina halt siúd ‘Nua-Fhilí agus an Sean-Scéal Céanna’.  Déanann sé scagadh ar fhoilsiú agus ar thábhacht na ndíolamaí filíochta Nuafhilí (1956), Nuafhilí 2 (1968) agus Nuafhilí 3 (1979), a chuir an Gúm amach.

Is mór is fiú an leabhar seo a léamh.  Cuireadh i leith an Ghúim go raibh siad ródhírithe ar an aistiriúchán seachas ar leabhair a scríobh as an nua, ach, dá mhéad dá léitear an leabhar seo, is amhlaidh is mó a thuigtear taobh an Ghúim maidir leis na hargóintí a tharla ina leith. Tuigtear freisin an fáth nach raibh taobh an Ghúim ar eolas ag mórán daoine ó tharla ‘nach raibh cead ag muintir an Ghúim iad féin a chosaint’ (82) ag an am.  Is cosaint chuimsitheach agus ceiliúradh breá, áfach, ar obair an Ghúim atá sa leabhar seo.

Tá fáil ar An Scéim ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge: www.forasnagaeilge.ie.