Léirmheas ar Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson

Leabhar Breac, 2021, Líon Lch: 307, Praghas: €15

Léirmheas le:

Andrew Garnett
Topaic(í): 

Is cur síos atá sa leabhar Seacht dTír Seacht dTeanga le Diarmuid Johnson ar na daoine, ar na heachtraí agus ar na scéalta a casadh ar an údar i dtíortha na hEorpa le dhá scór bliain anuas, is é sin idir 1980 agus 2020.  Tugann sé blas tuisceanach cumasach don léitheoir ar na teangacha agus ar na cultúir sna tíortha éagsúla sin agus más cuí, an ceangal atá ann leis an nGaeilge agus go deimhin, leis an tír seo.  Thar aon rud eile, áfach, is iad an amhránaíocht, an fhilíocht, an ceol agus na daoine atá i gcroílár an leabhair seo, iad go léir fite fuaite ina chéile sna scéalta a chloistear ó thús deireadh.  Mar a thugtar le fios sa teideal, tá seacht gcaibidil sa leabhar, gach ceann ag díriú ar áit dhifriúil ina raibh Johnson, ag tosú leis an mBreatain Bheag agus ag críochnú leis an nGaeltacht.  Roinntear na caibidlí sin ina dtéamaí agus ina scéalta féin agus cabhraíonn an leagan amach seo leis an eispéireas léitheoireachta.   

Mar a luaitear thuas, is sa Bhreatain Bheag a chuireann Johnson tús leis an scéal agus is léir go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an tír sin toisc go bhfuil an chaibidil ar cheann de na cinn is faide sa leabhar.  Faightear léargas ar chúlra an údair ar mhodh géarchúiseach eolasach agus réitíonn sé seo an bealach don leabhar ar fad.  Cé gur tógadh in Éirinn é, rugadh Johnson in Caerdydd (Cardiff) in 1965.  Níor chaith sé ach trí bliana ann go dtí gur bhog sé ar ais in 2001; ag fás aníos a chaith sé na blianta idir an dá linn, i mBaile Átha Cliath ar feadh bliain amháin agus ansin, siar go Gaillimh.  Ba as Ceredigion í a mháthair, contae iargúlta in iarthar na Breataine Bige ach bhí sí ag freastal ar an ollscoil in Aberystwyth nuair a bhuail sí le hathair Dhiarmada den chéad uair, Desmond Johnson.  Chaitheadh an teaghlach trí seachtaine in Ceredigion gach samhradh, rud a léiríonn an dáimh a bhí acu leis an mBreatain Bheag.  Is le linn na dtréimhsí seo a chuaigh Diarmuid i dtaithí ar an teanga, ag éisteacht le mná na háite ag caint lena chéile agus ag ceistiú a dhaideo arís agus arís eile ach go háirithe.

Cé go bhfuil an chaibidil bunaithe go hiomlán ar an mBreatain Bheag, tá ocht gcuid ann, cineál meascáin den stair, den cheol, den fhilíocht agus ar ndóigh, a thaithí féin maidir leis na rudaí sin, agus baintear úsáid as an meascán seo i nach mór gach caibidil.  Deir Johnson gur áit dhóchasach agus uaillmhianach í an Bhreatain Bheag sna blianta idir 1997 agus 2016 de bharr na reifreann rathúil le linn na tréimhse sin, ach nuair a vótáladh i bhfabhar an Bhreatimeachta in 2016 nach raibh sé mar an gcéanna arís.  Is cinnte gur tharla cúpla rud eile a rinne dochar dá chaidreamh leis an tír, mar shampla, nuair a ‘tharraing Páirtí an Lucht Oibre an plug’ (36) ar a fheachtas chun páipéar laethúil Breatnaise a fhoilsiú.  ‘Is gníomh caomhach coimeádach cúngaigeanta corónta a bhí i ngníomh báite an pháipéir. Agus gníomh gan choinne’ (36).  Úsáideann Johnson uaim anseo go han-éifeachtach chun a phointe a neartú agus a threisiú don léitheoir, agus is minic a chleachtar an stíl sin sa leabhar.  Is léir ón teanga a fheictear agus ó na scéalta a insítear sa chaibidil gur fhág na torthaí sin drochbhlas ina bhéal aige.  Mar sin féin, tá ceangal an-láidir fós ag Johnson leis an tír mar gheall ar a oidhreacht féin agus ní haon ionadh é sin.

Is leis na blianta 2007–2010 sa Pholainn a théann an dara caibidil i ngleic, cúpla scéal greannmhar san áireamh, ceann acu darb ainm ‘An Celtic Pub i mBaile gan Ainm.’ Tagann smeadar maith grinn isteach sa leabhar ón scéal thuas agus a leithéid, agus éiríonn go maith leis an údar an léitheoir a mhealladh. Is cinnte go bhfuil an teanga an-tábhachtach do mhuintir na Polainne, ‘ba í an teanga an eochair le meon na tíre a thuiscint’ (81).  Nós simplí i ndáiríre ach tugann sé an sean-am chun cuimhne don léitheoir, an tslí ar tháinig an tír slán ó chraos na Rúisise agus na Gearmáinise.  Feictear thuas agus i ngach caibidil gan dabht, meascán álainn d’ábhair thromchúiseacha agus spraíúla, idir an stair agus na scéalta pearsanta a chloistear ó thús deireadh, agus tagann siad go réidh le chéile.

Is í an Bhriotáin a ndéileálann Johnson léi i gcaibidil a trí, ‘Athdhúchas’ a thug sé air, an áit a bhfuair sé a chéad phost tar éis an ollscoil a fhágáil, an áit ar cheannaigh sé a chéad teach agus an áit ar rugadh a bheirt iníonacha, Aisling agus Ailbhe.  Níorbh iontas ar bith é mar sin gur thaitin na ceithre bliana a chaith sé inti go mór leis.  Sa chaibidil is faide sa leabhar, tugann sé an-léargas don léitheoir ar sheanamhráin na Briotáine agus is léir ón méid atá scríofa aige go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo dó – ‘Seanamhráin na Briotáinise: níl a leithéid de chorpas i dtír ar bith eile san Eoraip’ (131).  Baineann an t-údar úsáid as teanga shaibhir fhileata ag tús na caibidle, chun cur síos cumhachtach a dhéanamh ar an teach a cheannaigh sé agus go deimhin, ar an áit ina bhfuil sé lonnaithe. Mar is léir ón sliocht seo thíos, níl amhras faoi ach go gcuireann áilleacht a chuid scríbhneoireachta go mór leis an eispéireas léitheoireachta:

San oíche, dá mbeadh an spéir glan agus an ghealach gan éirí ina scilling, d’fheicfeá gach réalta ba ghile ná a chéile, na múrtha réaltaí ag rinnscaladh go fuinniúil, bealach na bó finne ina abhainn agus ina ilmhilliúin seoda os cionn na gcrann coill, na gcrann iúir, agus na gcrann darach. (103)

 

Is í an Ghearmáin a chlúdaíonn Johnson i gcaibidil a ceathair, dhá thréimhse dhá bhliain a chaith sé inti ag obair mar léachtóir in Ollscoil Bonn. Cuireann sé síos ar na blianta sin le sampla eile dá scríbhneoireacht dhraíochtach:

Is blianta léinn agus leabharlainne a bhí iontu, blianta ceoil agus ceadail, blianta bóthair, blianta bisiúla, blianta a raibh an lámh in uachtar ag an iontas ar an uaigneas, blianta a ndearna mé athdhúchas den iasacht, blianta ar chuala mé croí na hEorpa ag bualadh leis go tréan agus go tomhaiste. (160)

 

Níl ach ceithre líne thuas, ach ar bhealach éigin, éiríonn le Johnson achoimre ghonta chuimsitheach iontach a thabhairt ar an tréimhse a chaith sé sa Ghearmáin sna focail áille sin.  Arís sa chaibidil seo, léirítear tábhacht na ndaoine.  Duine acu a sheas amach ná Castus Rabensgang, fear a bhí ag iarraidh an tSean-Ghaeilge a phlé le Johnson óir go raibh sé chun ceirnín a dhéanamh a bhí bunaithe ar scéal Dheirdre.  Is deacair é a shamhlú, b’fhéidir, beirt ag plé na Sean-Gaeilge in Ollscoil Bonn, duine acu ar as an nGaillimh (trí Cardiff) é, agus an duine eile a raibh ‘folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile ann, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann beochta agus biorchúise’ (172).  I mbeagán focal, áfach, an scéal thuas agus an chaoi a gcuireann Johnson síos air agus ar eachtraí eile dá scéalta, sin í áilleacht an leabhair seo.

Díríonn caibidil a cúig agus caibidil a sé ar an Rómáin agus ar an mBeilg faoi seach. Murab ionann na tíortha atá pléite go dtí seo, ní raibh sé sna tíortha thuasluaite ach ar feadh tamall gearr.  Maítear nach bhfuil an Bheilg i bhfad níos mó ná Cúige Uladh agus go bhfuil ‘díol comparáide ann idir Uladh agus an Bheilg thairis sin; an dá phobal, an dá theanga, an dá chultúr’ (233).  Is follasach go bhfuil cosúlacht shuntasach eatarthu, agus cuireann an chomparáid seo go mór le tuiscint an léitheora ar an mBeilg.  Is cúrsaí litríochta ba chúis leis an tréimhse a chaith Johnson sa Rómáin agus is ag obair mar aistritheoir sa Choimisiún Eorpach a bhí sé sa Bheilg.  Sin téama a tharraingítear anuas go minic sa leabhar, an t-údar ag cur faoi i dtír nua de bharr teanga éigin a bhí ar a thoil aige nó saineolas in ábhar éigin a bhí aige.  Diaidh ar ndiaidh, tuigtear an tábhacht agus an tionchar ach go háirithe a bhí ag teangacha ar shaol Johnson.  Mar is gnách, is léir ó na scéalta éagsúla a léitear sa chaibidil seo nach raibh deacracht ar bith aige aithne a chur ar dhaoine nua, ceann de na téamaí is láidre sa leabhar. 

Caibidil a seacht agus an meall mór ar deireadh anseo, Tír na Gaeltachta.  Bristear ina dhá chuid í; An Ghaeltacht Thuaidh agus an Ghaeltacht Theas, is é sin le rá, Gaeltacht na hAlban agus Gaeltacht na hÉireann. Níor tógadh Johnson le Gaeilge ach is léir ó na scéalta suimiúla a insíonn sé faoina óige go raibh an Ghaeilge ar fud na háite.  Ba san ollscoil i nGaillimh a tháinig sé ar an Gàidhlig den chéad uair cé nach ndeachaigh sé go hAlbain go ceann scór bliain ina dhiaidh sin. Ba ansin a ‘tharla an foilsiú mór dom, an foilsiú feasa, an foilsiú filíochta, an foilsiú fírinne. Sin í an uair a thuig mé céard ba ghairm dom’ (272).  Feictear an patrún athfhillteach seo go han-mhinic sa leabhar, Johnson ag úsáid an fhocail chéanna chun cur síos a dhéanamh ar rud éigin, stíl an-deas a chuireann go mór le taitneamhacht na léitheoireachta.

Mar fhocal scoir, fiú tar éis an leabhar seo a léamh, tá sé deacair go maith an tír is fearr le Johnson a roghnú.  Bunaithe ar an méid a scríobh sé féin, is beag áit san Eoraip nach bhfuil sé sásta a bheith ann, chomh fada agus is féidir leis caidreamh a dhéanamh le muintir na háite.  Cinnte, cé gurb iad na teangacha a d’oscail na doirse dó, ba iad na daoine a mhúscail rud éigin istigh ina chroí.  Ba iad na daoine ar bhuail sé leo i gcaitheamh na mblianta atá i gcroílár an leabhair seo.  B’fhiú go mór an leabhar luachmhar seo a léamh óir is annamh a chloistear faoi fhear atá líofa i seacht dteanga. Tá ardmholadh tuillte ag an údar mar go gcuireann sé beocht sna scéalta éagsúla sa leabhar fuinniúil taitneamhach seo.