Léirmheas ar Tom a' tSeoighe – Amhráin

 

Síle Denvir & Ciarán Ó Fátharta a chuir in eagar

 

Cló Iar-Chonnacht, 2020

ISBN 978-1-78444-208-8

Léirmheas le

Dara Ó Conghaile

Leathchéad amhrán leis an gcumadóir aitheanta amhrán Gaeilge as Leitir Móir i gConamara Tom a’ tSeoighe atá sa leabhar Tom a' tSeoighe – Amhráin.  Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an leabhar agus tá eagarthóireacht shlachtmhar néata déanta ag Síle Denvir agus ag Ciarán Ó Fátharta air.  Tá tras-scríobh ceoil de na foinn leis na hamhráin agus is nótaí tairbheacha iad do cheoltóirí óga agus aosta chun tiúin a chur leis na focail.  Is leabhar snasta, slachtmhar, críochnúil agus spéisiúil atá ann.

Tá focal molta ar leith ag dul do na heagarthóirí, Síle Denvir agus Ciarán Ó Fátharta, ní hamháin as an leathchéad amhrán a réiteach agus a chur os ár gcomhair go snasta, soiléir, soléite taobh istigh den leabhar amháin, ach freisin, tá moladh ar leith ag dul dóibh as an réamhrá suntasach cuimsitheach ag tús an leabhair.  Réamhrá a dhéanann cur síos soiléir tuisceanach ar shaol Tom a’ tSeoighe: a óige, a shaol scoile, ag fás suas i Leitir Móir, dul ar imirce agus ag teacht abhaile.  Ina theannta sin tugtar léargas agus míniú ar stair forbartha na n-amhrán traidisiúnta in Éirinn.  Cuirtear cuid d’amhráin Tom a’ tSeoighe i gcomhthéacs an tsaoil Ghaeltachta – ábhar spéise don ghnáthdhuine agus don scoláire araon.  Is nia le Tom a’ tSeoighe é Ciarán Ó Fátharta agus is ollamh cúnta í Síle Denvir in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – bean í a bhfuil suim ar leith aici san amhránaíocht agus sa cheol, agus a bhfuil a lán taighde déanta aici ar amhráin dhúchasacha Ghaeilge in Éirinn agus in Albain. Bail ó Dhia orthu beirt, tá rian a saothair fágtha acu don léitheoir ar an leabhar toirtiúil seo.

Ina theannta sin, tagann dhá dhlúthdhiosca leis an leabhar, ar a bhfuil rogha an fhile féin de 34 de na hamhráin, atá á gcasadh ag John Beag Ó Fátharta (‘An tAncaire’ mar is fearr aithne air i gConamara agus i measc a lucht leanúna), ag Nóra Ghriallais (Buaiteoir Chorn Uí Riada trí huaire) agus ag Ciarán Ó Fátharta.  Is beag Gael is cuma taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht nár chuala amhráin de chuid Tom a’ tSeoighe uair éigin ― is minic a chraoltar a chuid amhrán ar chláir cheoil tíre ar na meáin éagsúla agus iad canta go mion minic ag amhránaithe cáiliúla ó dhá cheann na tíre.  Is iontach an áis iad na dlúthdhioscaí seo leis an aos óg agus aosta a spreagadh chun fonnadóireachta, mar áis foghlama agus chun aithrise.

Is as Leitir Móir i gConamara do Tom a’ tSeoighe.  Bhí an chumadóireacht timpeall air ón gcliabhán agus ba mhinic a bhíodh oícheanta airneáin acu; bhí idir scéalta, fhilíocht agus amhránaíocht ar leac an teallaigh le linn a óige agus daoine ag tarraingt ar a dteach ón gceantar máguaird.  Bhí an-suim go deo ag Tom san fhilíocht, thosaigh sé ag cumadóireacht agus é ina bhuachaill an-óg agus d’fhéadfá a rá gur tháinig na rannta leis go nádúrtha.  Ní nach ionadh mar sin go dtugtar Raiftearaí Chonamara air go háitiúil ó am go ham.

Beidh spéis ar leith ag daoine as Conamara go háirithe agus as na Gaeltachtaí eile ar fud na tíre, chomh maith le daoine ar spéis leo amhráin Ghaeilge, sa chnuasach téagartha amhrán atá sa leabhar. Tá riar mór de théamaí éagsúla le sonrú in amhráin Tom a’ tSeoighe – an imirce, an grá, an saol i gConamara, curacha, báid agus bádóirí, obair chladaigh, obair farraige agus obair ar an talamh.  Tá an áibhéil, an greann agus grá don fhód dúchais le sonrú trí na hamhráin ar fad, ach thar aon rud eile tá an mórtas pobail lárnach iontu.  Cothaíonn na téamaí seo meas áite agus meas sna daoine ar a bpobal féin. D’fhéadfaí a rá go bhfuil taifead sna hamhráin ar stair shóisialta na Gaeltachta, go háirithe stair shóisialta Chonamara.

Tá tábhacht an bhaile dúchais le sonrú go lárnach sna hamhráin ar fad agus is saghas neamh ar talamh an baile dúchais do mhuintir na háite agus go háirithe dóibh siúd thar sáile. Feictear go soiléir an tréith seo i mbaile dúchais Tom a’ tSeoighe féin san amhrán ‘Baile Aerach Leitir Móir’ (99):

tá leigheas ar chuile thinneas ann, fiú liathchan i do cheann,

is pé ar bith áit dhá rachaidh tú cá bhfaighfeá áit ní b’fhearr.

Is iomaí duine as Conamara a thug sciurd go Sasana sna 1950í agus 1960í chun obair a fháil mar nach raibh lá oibre ar fáil sa bhaile dóibh. In aois seacht mbliana déag thug Tom é féin aghaidh ar Shasana mar imirceach. Is i Sasana a tháinig bláthú ar chumadóireacht Tom a’ tSeoighe. Ní nach ionadh mar sin go bhfuil glórtha agus íomhánna na n-imirceach le sonrú go lárnach in amhráin an tSeoighe. Is minic a cheanglaítear an brón agus an t-uaigneas leis an imirce mar is cóir, ach ina dteannta sin úsáideann Tom féith an ghrinn agus téama na háibhéile le saol na n-imirceach a léiriú.  Léirítear na téamaí seo go háirithe sa tsraith de shé amhrán faoina Mhéit – an brón ar an turas go Sasana, an t-uaigneas thall, ansin an carr Mercedes aige agus é ag teacht abhaile san yacht.  Tá a fhios ag an saol an lorg trom a d’fhág an imirce ar Chonamara, ar an nGaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta.  D’fhéadfá a rá gur chas Tom a’ tSeoighe an sruth sin beagán, mar ba ghnách a chuid amhrán á gcanadh i dtithe tábhairne i Sasana, i Meiriceá agus i measc mhuintir na Gaeltachta i dtíortha eile ar fud an domhain, sular cloiseadh sa bhaile iad.  Is minic a d’fhill imircigh abhaile agus amhráin Tom ar a mbéal acu agus gan iad cloiste ag na daoine sa bhaile fós.

Dhéanfadh an leabhar seo bronntanas den scoth do gach uile dhuine agus go háirithe dóibh siúd thar lear. Bíonn cumha i ndiaidh an bhaile ar dhaoine thar lear go minic agus thabharfadh amhráin an leabhair seo éalú agus faoiseamh dóibh, de bharr an grá áite agus an mórtas pobail a bheith lárnach sna hamhráin. Níl fear ná bean Ghaeltachta, as Conamara go háirithe, nach mbainfeadh taitneamh agus sásamh as na hamhráin sa leabhar seo; bíodh sin á léamh, á gcanadh nó ag éisteacht leo ar na dlúthdhioscaí.

Rachaidh an saothar seo i bhfeidhm ar dhaoine ar spéis leo logainmneacha Chonamara freisin mar go bhfuil a lán díobh luaite idir clúdaigh an leabhair. Tá sampla an-mhaith d’úsáid na logainmneacha le tabhairt faoi deara san amhrán ‘An Aird Mhóir’ (75):

Is dá siúlfá cora na hAirde,

Agus gluaiseacht amach Loch an Óir,

Bheadh pictiúr go brách agat i d'intinn,

Tráth a smaoineofá ar bhaile an Aird Mhóir.

Tá riar mór de logainmneacha Chonamara ó Bhearna go Carna fite fuaite ar fud na n-amhrán sa leabhar seo ó thús deireadh. Is áis iontach stórála logainmneacha é an leabhar, dúinne anois agus do na glúnta romhainn.  Rinne Tom a’ tSeoighe éacht ar leith ina chuid amhrán ag cur logainmneacha Chonamara i dtaisce dúinn go neamhfheasach dó féin.  Is áis foghlama fiúntach do dhaltaí agus do mhic léinn iad na logainmneacha mar tá siad lán le heolas stairiúil agus seanchas saibhir atá bainteach leis na háiteanna éagsúla.

Thar aon rud eile, tá stair shóisialta mhuintir Chonamara, thar lear agus sa bhaile, lárnach in amhráin Tom a’ tSeoighe. Tugtar dúshlán an chórais pholaitiúil, spreagtar an pobal chun gnímh ar a son féin agus ar son an cheantair, cuirtear an saol nua-aimseartha i gcomparáid leis an saol seanaimseartha, pléitear umhlaíocht agus neamhspleáchas an duine aonair agus an phobail áitiúil agus feictear féiniúlacht agus smaointeoireacht dhomhain sna hamhráin ar fad, ó chlúdach go clúdach sa leabhar seo.  Tá ómós agus meas ag óg agus aosta ar Tom a’ tSeoighe agus ar a chuid amhrán, agus ní hionadh ar bith go bhfuil spás lárnach i gcultúr comhaimseartha Chonamara acu araon.

Seoid amach is amach an leabhar seo agus tá cúig réalta tuillte aige.  Is fiú do gach duine ar spéis leo amhráin Ghaeilge agus go háirithe amhráin Chonamara, ant seoid de leabhar seo a bheith acu, ní hamháin de bharr na n-amhrán aoibhinn breá atá ann, ach freisin mar go bhfuil léargas ann ar shaol, ar chultúr agus ar nósanna a muintire féin.  Tá an leabhar Tom a’ tSeoigheamhráin ar fáil ar líne ag https://cic.ie agus ar phraghas €20 is iontach an margadh é.