Léirmheas ar An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc

Conor Walsh
Niamh McCann

Eagarthóirí: Tadhg Ó hIfearnain agus Máire Ní Neachtain

Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath, 2012

Léirmheas le Conor Walsh agus Niamh McCann

Topaic(í): 

Is bailiúchán d’ailt thábhachtacha, a scríobhcuid de na húdair is tiomráitíagus is ceannasaí iréimse na sochtheangeolaíochta,atá sa leabhar seo. Tá fáil ar ábhair a bhaineann le gach ceann de cheisteanna lárnacha an réimse agus, chomh maith le léirmheas ginearálta ar na hábhair éagsúla atá faoi chaibidil ag na húdair, déantar plé ar chás na Gaeltachta in Éirinn agus tugtar samplaí a bhaineann le, agus atá úsáideach don staidéar ar mhionteangacha eile ar fud na cruinne. Cuireadh an bailiúchán seo le chéile ionas go mbeadh ábhar léitheoireachta agus tacaíochta ar fáil do mhic léinn, agus do léachtóirí araon, agus do dhaoine a chuireann spéis sa réimse léinn seo. Táthar ag súil gur féidir an leabhar seo a úsáid mar bhunuirlis taighde. Chun leas agus tuiscint níos iomláine a bhaint as an ábhar, áfach, theastódh réamhléitheoireacht a bheith déanta. Ní mór a lua, áfach, go molann na húdair ar fad léitheoireacht bhreise atá idirghaolmhar leis an mhéid atá pléite acu agus lena chois sin tugtar liosta de shaothair mholta eile ag deireadh an leabhair.

Leagtar amach na hailt ar bhealach eagraithe agus leanúnach ag tosú,ó thaobh na hantraipeolaíochta de,leis na hailt a scríobh Steve Coleman agus Conchúr Ó Giollagáin. Mar chuid den phríomhphlé, tá na hailt dírithe ar na buntuiscintí a bhaineann le húsáid teanga, le feidhm na teanga sin i measc an phobail urlabhra, agus le dearcadh an duine aonair agus an phobail i gcoitinne. Tugann na hailt tosaighcomhthéacs don té atá ag iarraidh tabhairtfaointaighde sa réimse leathan seo.  Eascraíonn an plé teangeolaíoch as na hailt seo agus leantar lecíoradh ar mhórcheisteanna réimse na teangeolaíochta, go háirithe san alt, ‘Ilteangachas agus Débhéascna’le Máire Ní Neachtain. San alt seo, déanann an t-údar iarracht iniúchadh a dhéanamh ar thuairimí éagsúla na mórsmaointeoirí ar an dátheangachas agus ar an débhéascna. Déantar tagairt do,agus baintear leas as cás na hÉireann ionas go gcruthaítear díospóireacht reatha don léitheoir.

Tugann Brian Ó Curnáin cur síos soiléir agus soléite ar na héagsúlachtaí agus ar na hathruithe teanga i gcás na Gaeilge ina alt ‘An Chanúineolaíocht’. Cuireann sé leis an mhéid atá léirithe ag Ní Neachtain faoi choincheapa socheolaíochta na Gaeilge, chomh maith le léirmheas gonta a dhéanamh ar staid reatha na Gaeilge mar atá, tréithe an Bhéarla sa Ghaeilge, an sealbhú neamhiomlán agus an dátheangachas.   

Údair eile a dhíríonn aird ar mhórcheisteanna teangeolaíochta iad Siobhán Ní Laoire agus Brian Ó Catháin. Tá nasc láidir idir an t-ábhar atá idir lámha ag Ní Laoire sa chaibidil ‘Teangacha i dTeagmháil: Códmhalartú, Pidseanú agus Criólú’agus an plé a dhéanann Ó Catháin i ‘Malartú agus Bás Teanga’.  Soláthraíonn Ní Laoire bunús teoiriciúil d’alt an Chathánaigh nuair a thugann sí sainmhíniú ar na próisis phidseanaithe agus chriólaithe. Forbraítear an plé seo sa chaibidil ‘Malartú agus Bás Teanga’ nuair a thráchtar ar an aistriú teanga atá le feiceáil i stair na Gaeilge in Éirinn agus atá le feiceáil sna Gaeltachtaí faoi láthair.  Agdeireadh na caibidle, déantar scagadh ar a bhfuil i ndán don Ghaeilge mar theanga bheo.

Ón chaibidil seo ar aghaidh, feictear athrú suntasach i dtéamaí na gcaibidlí: seachas plé ar theoiric na sochtheangeolaíochta, iompaíonn na húdair ar phlé reatha agus ar na mórcheisteanna atá i mbéal an phobail faoi láthair. Cé go bhfeidhmíonn siad ar scáth a chéile laistigh de réimse na sochtheangeolaíochta, díríonn na caibidlí deireanacha ar an phleanáil teanga, ar an bheartas teanga (‘Teanga Féiniúlacht agus an Dearcadh Náisiúnta’ le Pádraig Ó Riagáin agus ‘An Phleanáil teanga agus an Beartas Teanga: Coincheapa agus Feidhm’le Tadhg Ó hIfearnáin), ar an reachtaíocht teanga (‘Reachtaíocht Teanga’le Pádraig Ó Laighin), ar an Ghaeltacht, ar an teanga féin, ar an chóras oideachais agus ar na hinstitiúidí agus eagrais Ghaeilge (‘Na Meáin’le hIarfhlaith Watson agus ‘Institiúidí agus Eagraíochtaí na Gaeilge’ le Peadar Ó Flatharta).

Is acmhainn luachmhariad na caibidlí seo chun léargas agus tuairisc chuimsitheach a thabhairt don léitheoir ar na hábhair seo ar fad. Leagtar an-bhéim ar stair agus ar thábhacht na reachtaíochta maidir leis an Ghaeilge in Éirinn agus cruthaíonn sé seo bunús d’fhorbairt sa réimse seo sa todhchaí. Tarraingítear tuairimí agus moltaí na n-údar le chéile ar bhealach an-fheidhmeachagus an-úsáideach ionas go bhféadfaidh an léitheoir leas éifeachtach a bhaint astu mar shaothair thagartha. Tá seo le feiceáil go soiléir san alt ‘An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Pleanáil Sealbhaithe agus Curaclam’le Muiris Ó Laoire, alt ina bpléann an t-údar na srianta a chuir polasaithe stáit agus curaclaim ar shealbhú, ar úsáid agus ar leathnú na teanga ó bunaíodh an stát.

Tá leanúnachas sásúil le feiceáil sna hailt, ach ní leor go bhfeidhmíonn ailt agus údair go héifeachtach in aon saothar amháin. Céard faoin cheangal idir an leabhar seo agus na réimsí acadúla trí chéile? Is as seo a eascraíonn dúshláin leabhar a fhoilsítear saGhaeilge agus a bhaineann go láidir le cás na Gaeilge. An phríomhcheist atá ann ná an ndearnadh an taighde sa leabhar seo ar son lucht na Gaeilge nó ar son an luchta acadúil a bhfuil Gaeilge acu?  An cuid denchorpas fairsing sochtheangeolaíochta é an leabhar seo, nó de chorpas na Gaeilge amháin?

Tá éagsúlacht le fáil sa leabhar agus cuireann gach uile údar modhanna faoi leith i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an dúshlán seo.  Baineann roinnt údar leas as cur chuige ina ndéanann siad cur síos gonta agus beacht ar an ábhar féin sula gcuirtear mír nó cás-staidéar faoin Ghaeilge chun cinn. Feictear é seo go háirithe sna hailt, ‘Ilteangachas agus Débhéascna’le Ní Neachtain agus ‘Pobail Urlabhra’le Coleman. Leagtar tuilleadh béime sna hailt seo ar mhíniú agus léargas roimh shoiléiriú i gcomhthéacs na Gaeilge. I dtaca le cúrsaí sochtheangeolaíochta agus leis na teoiricí a bhaineann leo, tá na hailt seo thar a bheith feiliúnach dodhuine atá ag iarraidh tuiscint leathan ar an ábhar a aimsiú.

Cur chuige eile a úsáideann na húdair ná stádas na Gaeilge a úsáid mar uirlis chun teoiric sochtheangeolaíochta nó argóint a shoiléiriú nó a aibhsiú. Tá ‘Teangacha i dTeagmháil: Códmhalartú, Pidseanú agus Criolú’le Ní Laoire ar cheann de na samplaí is fearr a thaispeánann éifeacht an chuir chuige seo. Le mionscagadh déanta ar phróisis teangeolaíochta, códmhalartú, pidseanú, agus criolú san áireamh, pléann Ní Laoire go héifeachtach le frásaí tógtha go díreach ón Ghaeilge, agus tugann sí tuairisc ar an Ghaeilge mar a labhraítear í sa lá atá inniu ann. Mar chuid den chorpas acadúil a bhfuil baint aige leis an Ghaeilge, treisíonn an cineál seo ailt an teannas idir taighde as Gaeilge agus taighde faoin Ghaeilge toisc go dtugtar idir shamplaí glinne a chloistear go minic i saol na Gaeilge (‘Tá sé sach nippy’, cuir i gcás) agus mhínithe ginearálta atá feiliúnacha don réimse trí chéile.

Is dócha go n-eascraíonn tuilleadh castachta as an chineál alt sa leabhar nach dtéann i ngleic ach leis an Ghaeilge, i gcomhthéacs na Gaeilge amháin. Cuireann údair na gcaibidlí deireanacha an cur chuige seo i bhfeidhm, ach go háirithe. Ní phléann ‘Sainiú na Gaeltachta agus Rialachas Teanga’ le John Walsh, ‘An Caighdeán, an Caighdeánú agus Caighdeánú na Gaeilge’le Helena Ní Ghearáin, agus ‘An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Pleanáil Sealbhaithe agus Curaclam’ le Ó Laoire ach le cás na Gaeilge amháin. Ní hionann an chúinge agus laige, áfach. Tá na hailt seo i measc na n-alt is láidre sa téacs agus aibhsítear saineolas na n-údar agus an caighdeán ard scoláireachta atá le fáil sa téacs trí chéile iontu seo freisin.

Is í príomhaidhm an leabhair seo sainabháir shochtheangeolaíochta a phlé agus a mhíniú trí Ghaeilge, agus iad a dhíriú ar chás na Gaeilge chomh maith. Éiríonn leis An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc san iarracht seo. Tá na hailt suimiúil, ábharach, agus ar ardchaighdeán,ach, tá an cheist a cuireadh ar ball fós le freagairt: cé dó an leabhar seo?  Lucht acadúil na Gaeilge, nó an lucht acadúil níos leithne?  Is faoin lucht léitheoireachta, a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, is dóigh, teacht ar a dtuairim féin faoin gceist seo.