Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Léirmheas: Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Léirmheas: Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn

(Cois Life Teoranta, Baile Átha Cliath, 2015. 168 lch, €15)

Aoife Ní Churraoin
Joyce Nic Giolla Shiomáin
Nóirín Uí Mhaoilchiaráin

Is léirmheas é seo ar an leabhar Cruinneas ó pheann an údair Antain Mac Lochlainn. Bhain        Mac Lochlainn BA sa Léann Éireannach agus PhD sa Nua-Ghaeilge amach in Ollscoil Uladh. Ina dhiaidh sin chaith sé tréimhsí ag obair i réimse na Gaeilge le RTÉ, Foinse, Bord na Gaeilge agus Ollscoil Mhá Nuad, áit a raibh sé ina phríomhtheagascóir ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht in Ionad na dTeangacha ansin. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris Comhar ar feadh tamaill agus tá sé anois ina eagarthóir ar www.aistear.ie, suíomh áiseanna agus tacaíochta do scríbhneoirí Gaeilge. Bíonn ailt leis le feiceáil go rialta ar an suíomh nuachta tuairisc.ie freisin. Scríobh Antain Mac Lochlainn go leor saothar Gaeilge go dtí seo agus trasnaíonn sé na réimsí éagsúla scríbhneoireachta go héasca. I measc a shaothair tá na húrscéalta Ruball an Éin agus Taibhsí an Locha (Cló Iar-Chonnachta, 2005) agus aistriúcháin ar leabhair cháiliúla do dhaoine óga, mar shampla,  Asterix agus an Corrán Óir (Dalen Éireann, 2014) agus An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (An Gúm, 2014).  Ar ndóigh, tá an-tóir freisin ar na lámhleabhair theanga a scríobh sé go dtí seo chun cabhrú le scríbhneoirí Gaeilge, mar shampla, Cuir Gaeilge Air! (Cois Life, 2000) agus In Ord is in Eagar (Cois Life, 2009).

Is lámhleabhar teanga den chineál céanna atá i gceist le Cruinneas a foilsíodh sa bhliain 2015. Míníonn an t-údar féin i réamhrá an leabhair go bhfuil ‘an saothar seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge a bhfuil tuiscint mhaith acu ar choincheapa gramadaí agus atá in ann an teanga a scríobh go réasúnta maith’ (2015: xiii). Deir an Lochlannach go bhfuil ábhar an leabhair bunaithe den chuid is mó ar a thaithí féin mar phríomhtheagascóir ar an gcúrsa aistriúcháin áit ar thug sé faoi deara ‘go mbíodh na míthuiscintí agus na hearráidí céanna ag teacht aníos bliain i ndiaidh bliana’ (2015: xiii, xiv). Ceann de na buntáistí a bhaineann leis an leabhar seo ná go bhfuil na hearráidí coitianta seo a bhaineann tuisle as scríbhneoirí Gaeilge leagtha amach in ord aibítre agus míniú tugtha ar gach ceann acu.

Is leabhar é seo atá furasta a úsáid. Tá ‘Modh Úsáide’ i dtús an leabhair a thugann míniú soiléir don léitheoir ar chóras an leabhair agus tá gach iontráil liostaithe in ord aibítre sa Chlár, rud a chiallaíonn go bhfuil sé an-éasca na focail atá á lorg a aimsiú. Is iomaí cineál botún agus earráid a léirítear sa leabhar. Faoin litir ‘D’ mar shampla tugtar míniú simplí, intuigthe ar an difríocht chéille idir ‘Dearfa/dearfach’: ‘Tá dearfa ar aon chiall le cinnte, mar a thuigfeá ón dúblóg cinnte dearfa. Is é ciall an fhocail dearfachpositive, affirmative, malairt an fhocail diúltach’ (2015: 65). Tugtar neart samplaí eile mar seo, chomh maith le samplaí a bhaineann le mí-úsáid focal áirithe, earráidí gramadaí coitianta, bealaí le barr feabhais a chur ar an stíl scríbhneoireachta agus fanacht amach ó thionchar an Bhéarla sa leabhar. I dteannta na n-iontrálacha féin tá go leor tacaíochtaí breise eile ar fáil in Cruinneas chun an scríbhneoir Gaeilge a chur ar bhealach a leasa. Tugtar cleachtaí tríd síos sa leabhar chun deis a thabhairt don léitheoir ar spéis leis/léi, an pointe atá mínithe roimhe sin a shealbhú. Ansin déantar tráchtaireacht ar na cleachtaí ar fad ar chúl an leabhair, rud atá an-áisiúil don fhoghlaimeoir. Tá sampla de seo le feiceáil i gCleachtadh 9 ar leathanach 70, áit a gcuirtear cúig cheist shamplacha ar fáil a bhaineann leis an iontráil ‘Do’ a pléadh roimhe sin ar leathanach 69. Níl le déanamh ansin ach breathnú ar leathanach 153 chun na freagraí a sheiceáil agus míniú breise a léamh faoi gach ceann acu. Anuas air sin, tá cleachtaí breise ar chúl an leabhair bunaithe ar chúig théama: Aimsirí, Aistriúchán, Foclóir, An réamhfhocal agus Ilghnéitheach. Ar ndóigh, tá freagraí agus míniú cuimsitheach ar na cleachtaí breise seo tugtha freisin. Lena chois sin, tugann an t-údar treoir don léitheoir maidir leis an áit ar féidir teacht ar thuilleadh eolais ar chuid de na ceisteanna coitianta ó fhoinsí agus ó údair eile. Agus é ag léiriú cuid de na deacrachtaí a bhíonn ag daoine leis an séimhiú ar leathanach 125 mar shampla, déanann an t-údar tagairt don Caighdeán Oifigiúil, don Caighdeán Oifigiúil Athbhreithnithe agus treoraíonn sé an léitheoir i dtreo Graiméar na mBráithre Críostaí freisin.

Ní hé sin le rá nach bhfuil locht ar bith le fáil ar shaothar an Lochlannaigh. Míníonn sé féin sa réamhrá gur samplaí ó théacs dílis iad formhór na n-iontrálacha sa leabhar agus dá bhrí sin tá meascán canúintí i gceist. Cé nach locht é seo ann féin mar go bhfuil sé tábhachtach a bheith eolach ar gach canúint, d’fhéadfadh sé seo mearbhall a chur ar roinnt léitheoirí. Ní miste a mheabhrú freisin gur bunaithe ar thaithí phearsanta an údair féin atá go leor d’iontrálacha an leabhair agus nach mbeidh an foghlaimeoir in ann teacht ar gach uile riail ná gach uile cheist a bhaineann le gach gné de chruinneas na Gaeilge anseo.

Ar an iomlán, áfach, tá na hiontrálacha ar fad a phléitear sa leabhar, idir cheisteanna gramadaí, céille, comhréire agus eile an-chabhrach go deo agus is cinnte gur acmhainn den chéad scoth é Cruinneas a bheidh ina chúnamh ag daoine a dteastaíonn uathu snas a chur ar a gcuid Gaeilge scríofa. Tá sé dea-scríofa, éasca le tuiscint agus tá greann fiú le feiceáil i gcuid de na hiontrálacha:  ‘Mionphointe, a déarfadh duine, ach tá difear mór céille idir bean millteanach saibhir agus bean mhillteanach shaibhir (2015: 125). Is léir gur theastaigh ón údar tógáil ar an méid atá ar eolas ag cuid mhaith againn cheana féin agus na bearnaí a líonadh dúinn. Tá clúdach bog éadrom ar an leabhar agus níl sé an-mhór, mar sin tá sé áisiúil le hiompar. Mar a luadh sa Réamhrá is iomaí grúpa difriúil spriocléitheoirí a bhainfeadh tairbhe as an leabhar seo. Cé nach iad na cineálacha céanna deacrachtaí a bhíonn acu ar fad, is cinnte go bhfuil rud éigin le foghlaim ag gach duine ó Cruinneas agus gur fiú go mór cóip de a bheith sa mhála againn ar fad.