Léirmheas: An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge le Noel Ó Murchadha

Cló Iar-Chonnacht, An Spidéal, 2018, 290 lch, €20

Léirmheas le:

Fiona Ní Fhátharta
Sionainn Ní Ghréacháin
Topaic(í): 

Ní hamháin go n-áirítear sa saothar scolártha, acadúil seo, An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge, plé cuimsitheach, ceannródaíoch ar an gclaochlú a tháinig ar an nGaeilge chomhaimseartha ó na 1960idí i leith, ach áirítear ann leis, fís dá bhfuil i ndán don teanga amach anseo agus ábhar machnaimh agus ugaigh dóibh siúd a mbraitheann a todhchaí orthu.  Is léachtóir le hOideachas Teanga i gColáiste na Tríonóide é an t-údar, Noel Ó Murchadha, agus tá spéis ar leith sa tsochtheangeolaíocht aige.  Dar le réamhrá an leabhair go luitear isteach ann ‘ar shaincheisteanna a bhaineann leis an aird ar éagsúlacht teanga na Gaeilge’ (11) agus bíodh is gur cuimsitheach, cumasach an anailís ar na saincheisteanna úd, níl ann, dar le Ó Murchadha, ach ‘pointe tosaigh’ (261).  Téitear i ngleic le hidé-eolaíocht an ghnáthphobail maidir leis an  éagsúlacht teanga sa Ghaeilge chomhaimseartha chomh maith leis na hathruithe éagsúla atá ag teacht ar Ghaeilge na Gaeltachta agus na hiar-Ghaeltachta. 

I ndiaidh an réamhrá, a chuireann síos go beacht ar struchtúr agus ar ábhar an leabhair, is cúig chaibidil uile atá ann, mar aon le conclúid, leabharliosta cuimsitheach agus aguisín maidir leis an gcóras fogharscríofa a mbaintear leas as sa saothar.  Bíodh is gur cuidiúil é an t-aguisín, ba bhuntáiste é taithí a bheith ag an léitheoir ar an Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta óir baintear leas as ón dara caibidil ar aghaidh agus sa chúigiú caibidil go háirithe.  Níor chóir gurbh ábhar iontais é sin, áfach, agus an aibítir úd ina príomh-mhaisiúchán ar chlúdach an leabhair.  Bheadh an leabhar úsáideach do lucht acadúil na Gaeilge a bhfuil spéis acu i réimse na sochtheangeolaíochta.  D’oirfeadh sé do lucht pleanála teanga agus do lucht ceaptha beartas teanga, agus is cinnte go gcuirfeadh múinteoirí, tuismitheoirí agus mic léinn spéis ann freisin.  Tá ardréim teanga i bhfeidhm ann, áfach, agus an-seans go gcruthódh téarmaíocht théagartha na teangeolaíochta deacracht don ghnáthdhuine, is é sin, i gcomhthéacs an leabhair seo, ‘an duine nach teangeolaí é’ (179).  D’fhéadfadh gluais, ina mbeadh teacht ar mhínithe ar na téarmaí sainiúla ar fad in aon áit amháin, a bheith ina cabhair ag léitheoirí luí isteach ar an saothar. 

Is caibidil theoiriciúil í an chéad chaibidil ina ndírítear ar aird an phobail ar an éagsúlacht teanga.  Cé gur beag trácht a dhéantar ar chás na Gaeilge féin inti, leagtar amach múnla teoiriciúil an tsaothair lena n-áirítear an ról a bhíonn ag féinriar an duine sa chóras sóisialta agus ag struchtúr institiúidí na sochaí.  Is spéisiúil súil a chaitheamh ar an tionchar a bhíonn ag leithéidí na meán agus cúrsaí oideachais ar theangacha i gcoitinne.  Dar le Ó Murchadha go dtugann siad tús áite don ‘urlabhra idéalaithe’ agus go gcruthaítear nasc le luachanna agus le híomhánna áirithe sóisialta dá bharr (26).  Téitear i ngleic le roinnt téarmaí tábhachtacha a thagann chun cinn arís agus arís eile.  Mar shampla, gné ríthábhachtach sa saothar seo ná coincheap na hidé-eolaíochta follasaí agus folaithe a chuireann in iúl gur go comhfhiosach agus go fo-chomhfhiosach araon a aithníonn an pobal an éagsúlacht teanga (35).  Bíonn an lámh in uachtar ag foirmeacha ardghradaim in idé-eolaíochtaí follasacha ach is ag foirmeacha nach bhfuil faoi ghradam follasach a bhíonn an lámh in uachtar in idé-eolaíochtaí folaithe (35).  Tagraítear don nua-aoiseacht dhéanach go minic freisin, is é sin an tréimhse ó na 1960idí i leith.  Cuirtear in iúl go mbíonn tionchar mór ag athruithe sa tsochaí ar mheon daoine i leith na héagsúlachta teanga.  Luann Ó Murchadha go dtarlaíonn ‘leibhéalú luachanna’ nuair a chuirtear luach ar níos mó saghsanna teanga (49) agus go nglacann foirmeacha nua suíomh na bhfoirmeacha traidisiúnta go minic dá bharr (50).

Sa dara caibidil, tugtar aghaidh ar na hathruithe teangeolaíochta atá ag tarlú in urlabhra na Gaeltachta.  Tá rangú na Gaeilge comhaimseartha ina phríomhábhar sa saothar agus luann Ó Murchadha go bhfuil trí rannóg dhifriúla i gceist leis — an Ghaeilge thraidisiúnta Ghaeltachta, Gaeilge na hóige Gaeltachta agus Gaeilge na hiar-Ghaeltachta (63—4).  Tugtar léargas ar na comharthaí sóirt a shainíonn an Ghaeilge chomhaimseartha sa Ghaeltacht.  Áirítear iontu seo an iasachtaíocht ón mBéarla.  Mínítear go dtarlaíonn sé seo nuair nach mbíonn ‘focal san áireamh i repertoire teanga an chainteora’ nó nuair a roghnaíonn sé focal eile a úsáid ina áit (68).  Is íorónach é an méid sin agus focail amhail ‘repertoire’, ‘persona’ agus ‘entourage’ in úsáid sa saothar (34, 67).  Ní hamháin gurb ann don iasachtaíocht ach feictear freisin an tionchar a bhíonn ag an mBéarla ar an bhfoghraíocht, ar an aiceann agus ar an gcomhréir, a mhaítear a bheith ar cheann de na ‘gnéithe is socra’ dá bhfuil ag struchtúr teanga (74).  Léirítear freisin an tionchar a bhíonn ag an teaghlach, na meáin, an córas oideachais agus cúinsí eile mórthimpeall orainn ar urlabhra an phobail. 

Sa tríú caibidil, castar ar chainteoirí agus ar urlabhra na hiar-Ghaeltachta.   Is ionann an iar-Ghaeltacht agus na ceantair ina mbíodh an Ghaeilge, seachas an Béarla, mar ghnáthurlabhra tráth (12).  Tá nasc láidir idir an dara agus an tríú caibidil sa mhéid is gurb ionann go leor de na comharthaí sóirt a shainíonn urlabhra na hóige Gaeltachta agus na comharthaí a bhaineann le hurlabhra na hiar-Ghaeltachta, in ainneoin na ndifríochtaí idir a gcomhthéacsanna sochtheangeolaíochta.  Dá bhrí sin, tá an t-idirdhealú a dhéantar idir cainteoirí dúchais agus nuachainteoirí ar cheann de phríomhthéamaí na caibidle.  Dar le Ó Murchadha nach mbíonn Gaeilge na nuachainteoirí ‘ag teacht i gcónaí le slat tomhais an mhórphobail’ agus go gceapann daoine uaireanta nach mbíonn an fhéiniúlacht dhúchasach teanga chéanna acu agus a bhíonn ag cainteoirí dúchais (107).  Míníonn sé, áfach, nach mbraitheann cainteoirí iar-Ghaeltachta ar an nGaeltacht ós rud é go bhfuil féiniúlacht agus urlabhra dá gcuid féin acu (138).  Luann sé go mbíonn roinnt lipéad a úsáidtear san idirdhealú seo míchruinn, mí-oiriúnach agus dímheasúil, amhail ‘Gaelscoilis’ agus ‘Gaeilge Bhaile Átha Cliath’ (108).  Léiríonn Ó Murchadha, áfach, gur feiliúnaí na lipéid a úsáideann sé féin mar chur síos ar chainteoirí Gaeilge.  Téitear i ngleic, freisin, leis an smaoineamh gur dual do theangacha athrú nuair a bhíonn athrú ag teacht ar chúinsí a gcuid cainteoirí agus ar bhealach, d’fhéadfadh an dara agus an tríú caibidil feidhmiú astu féin agus cur síos faisnéiseach, praiticiúil iontu ar chás na Gaeilge comhaimseartha.

Baineann tábhacht ar leith le caibidil a ceathair chun an córas gradaim atá anois ann a thuiscint i gcomhthéacs stairiúil.   Is iomaí athrú a tháinig ar idé-eolaíochtaí na Gaeilge i stair na tíre agus is díol suime gurbh í idé-eolaíocht na hurlabhra Gaeltachta a tháinig chun tosaigh le céad bliain anuas.  Feictear go raibh caighdeán docht scríofa i bhfeidhm sa tSean-Ghaeilge agus sa Mheán-Ghaeilge ach gur tháinig athrú mór ar chúrsaí le teacht Athbheochan na Gaeilge agus gur thosaigh scríbhneoirí ag ‘bunú a gcuid saothar i nGaeilge ar urlabhra áitiúil na gceantar difriúil Gaeltachta’ (159).  Bíodh is go bhfuil athrú mear ag teacht ar an nGaeilge chomhaimseartha, is iad na canúintí traidisiúnta Gaeltachta atá in uachtar in idé-eolaíocht fhollasach an phobail ar ‘mhúnla ardghradaim na teanga labhartha’ (173).  Is léir sa chaibidil seo, áfach, go bhfuil éagsúlacht anois ann i dtaca leis na múnlaí teanga a úsáidtear agus nach bhfuil na múnlaí nua ag teacht le hidé-eolaíocht na cainte ardghradaim.  Tá tréithe teanga agus córas gradaim nua ag eascairt as an nua-aoiseacht dhéanach i measc na n-óg.  Ní hamháin sin ach tá neamhréir ann sa mhéid is go n-áirítear an Caighdeán Oifigiúil ar an múnla ardghradaim i gcás na scríbhneoireachta oifigiúla agus bítear ag súil anois leis go n-úsáidfí  ‘i réimeanna leathoifigiúla’ é (163).  Mar sin, cé gurb í an urlabhra thraidisiúnta Ghaeltachta is múnla ardghradaim don teanga labhartha de réir na hidé-eolaíochta follasaí, ní hí atá á cothú i measc chainteoirí Gaeilge na nua-aoiseachta déanaí agus is é seo is bunús leis an obair ghoirt a chuimsíonn caibidil a cúig.

I gcaibidil a cúig, déantar cur síos mion ar thaighde a rinneadh chun na múnlaí follasacha agus folaithe Gaeilge a iniúchadh i gcomhthéacs na héagsúlachta teanga.  Is trua, ar bhealach, nach go dtí an chaibidil dheireanach, a fhaightear spléachadh ar thaighde praiticiúil, pearsanta an údair ach is maith an t-ullmhúchán atá sna caibidlí eile chuige.  Is é a bhí i gceist le taighde Uí Mhurchadha teacht i dtír ar idé-eolaíocht folaithe an ghnáthphobail maidir leis an múnla ardghradaim teanga agus léirítear a dheacra agus a bhíonn sé uirlisí taighde a dhearadh d’fhonn seo a bhaint amach.  Mar chuid den taighde, rinne 262 dalta measúnú ar mhíreanna de chaint nádúrtha thraidisiúnta Ghaeltachta, iarthraidisiúnta Ghaeltachta agus iar-Ghaeltachta ag leibhéal follasach agus folaithe (175).  Is ábhar suntais é nach raibh go leor de na comharthaí sóirt a bhain le hurlabhra iarthraidisiúnta na Gaeltachta agus na hiar-Ghaeltachta, ar cuireadh síos orthu i gcaibidil 2 agus 3, sna taifeadtaí.  D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh siad sách glan, ach amháin i gcás na ndifríochtaí a bhain leo ó thaobh na foghraíochta de.  Sonraítear, áfach, gur d’aon ghnó a rinneadh é seo. Measadh go mbeadh baol ann go mbeadh ‘tionchar dosheachanta diúltach’ ag gnéithe suntasacha iarthraidisiúnta, amhail an iasachtaíocht, ar na rannpháirtithe agus iad i mbun measúnú ar na míreanna cainte (183).  I gcás na dtorthaí folaithe, léirítear go bhfuil daltaí níos dearfaí i leith múnlaí nach bhfuil ag teacht leis an urlabhra thraidisiúnta ach atá ‘ag teacht sa treis i nGaeilge na Gaeltachta agus na hiar-Ghaeltachta,’ bíodh is nach raibh ach aon athróg amháin faoi chaibidil sa chás seo — an fhoghraíocht (243, 252).  Is é sin le rá go bhfuil neamhréir ann idir idé-eolaíocht fhollasach an ghnáthphobail agus an idé-eolaíocht folaithe a tochlaíodh san obair ghoirt seo.

Baineann ábhar díomá amháin leis an leabhar seo, is é sin an easpa airde a thug an comhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht, ar a chúram profléitheoireachta.  Tá leithéidí ‘iar-Chalsaiceach’, ‘iar-Chlaisiceach’ agus ‘úsáid na Gaeilge Clacaicí’ le feiceáil ar dhá leathanach i ndiaidh a chéile, mar aon leis na leaganacha cearta ‘[iar-]Chlasaiceach’ agus ‘úsáid na Gaeilge Clasaicí’ agus gan ansin ach sampla amháin den iliomad cásanna comhchosúla (152-153).  Bíodh is go bhfuil amhlaidh, ní mór a admháil go bhfuil leagan amach deas soiléir ar an leabhar, agus go gcabhraíonn na mionteidil atá faoi gach caibidil leis an léitheoir an t-ábhar inniúil a bhriseadh síos.

Tá conclúid chuimsitheach ag An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge agus is críoch shoiléir agus bheacht leis an leabhar í seo.  Ar an iomlán, is saothar tráthúil agus fiúntach é seo ina gcuirtear ábhar ar fáil nach mbíonn teacht rómhinic air.  Ó tharlaíonn nach bhfuil ach sciar de na torthaí ón obair ghoirt san áireamh sa saothar, is cinnte gur féidir a bheith ag súil le tuilleadh ar an ábhar ó pheann an údair.  Is iomaí ceist shuimiúil a thagann chun cinn maidir leis an éagsúlacht teanga sa Ghaeilge agus an meon atá ag cainteoirí ina leith.  Is léir nach bhfuil an Ghaeilge thraidisiúnta á cothú i measc na n-óg.  Léirítear, cé gurb í an urlabhra thraidisiúnta Ghaeltachta an múnla ardghradaim don teanga labhartha, go bhfuil sí go mór i mbaol.  Luann Ó Murchadha gur ‘beag atá i ndán’ don mhúnla seo mura gcothaítear ar bhonn níos córasaí é (262) agus ón méid a chuireann sé i láthair sa leabhar, ní fhéadfaí cur ina choinne.