Léirmheas: Le Ton beau de Marot: In Praise of the Music of Language le Douglas Hofstadter & Clément Marot

(1997), Nua-Eabhrac: Basic Books

Léirmheas le:

Eoin P Ó Murchú

An té ar mian léi eolas a chur ar an aistriúchán liteartha Gaeilge cad é a dhéanfaidh sí? Is dócha go ndéarfaí léi, mar thosach, an t-uafás a léamh agus a scríobh, idir bhuntéacsanna agus aistriúcháin.  Seans go gcuirfí ina dhiaidh sin i dtreo na mórleabhar í, cinn a thugann mionchuntas tur ar stair an aistriúcháin liteartha agus míniú fadálach ar na teoiricí is nideogaí amuigh.  Is eagal liom go mbeadh fuar aici aon ghreim ceart a fháil ar an aistriúchán liteartha ar an gcaoi sin.  B’fhearr i bhfad an duine fiosrach a chasadh i dtreo an leabhair áirithe seo.[1]

Leabhar trom toirtiúil tiubh 632 leathanach é Le Ton beau de Marot: In Praise of the Music of Language le Douglas Hofstadter (Hofstadter agus Marot, 1997).[2] Leabhar é atá líonta go boimbéal le haistriúcháin iomadúla éagsúla ar nós A une damoyselle malade, dán gairid Fraincise de chuid Clément Marot.[3]  Fite san insint tá comhairle thomhaiste shoiléir faoin aistriúchán chomh maith le samplaí iontacha den chomhairle sin i bhfeidhm. Bolg an tsoláthair atá ann ina bpléitear an iliomad ábhar agus gheofar ann machnamh domhain ar cad is aistriúchán ann, chomh maith le scagadh ar an smaointeoireacht féin. Tá sé intuigthe tríd síos ainneoin na mórsmaointe a phléitear ann. Leis, is leac uaighe an omnium gatherum seo do bhean chéile Hofstadter, Carol, ar tháinig an ailse uirthi agus é ag dul do na haistriúcháin. Faightear dá bharr blaiseadh íogair de shaol Hofstadter féin agus crá croí an bháis, rud a fhágann brí bhreise i dteideal dhán úd Marot.

Duine ildánach é Douglas Hofstadter a bhfuil obair déanta aige i réimse na n-eolaíochtaí cognaíocha, na fisice agus an aistriúcháin. Bhuaigh sé duais Pulitzer dá shaothar Godel, Escher, Bach sa bhliain 1980 (Hofstadter, 1980).

Leagtar amach ag tús an leabhair a bhfuil i gceist le dán Marot. Dáinín gairid é ach tá foirm agus rialacha dochta i bhfeidhm. I measc na rialacha is gá a leanúint agus duine ag aistriú aithníonn Hofstadter gur chóir go mbeadh 28 líne ann, trí shiolla i ngach líne agus an t-aiceann a bheith ar an siolla deiridh. Tá córas ríme docht ann leis.[4]  Cuireann Hofstadter aistriúcháin éagsúla óna lámh féin, ó chairde leis, agus ó aistritheoirí gairmiúla i láthair. Leaganacha iad a bhfuil cur chuige agus stíleanna éagsúla go leor i gceist leo. Tá aistriúcháin dhílse, shanasaíocha, homafónacha, agus phróis ina measc. Éiríonn i bhfad níos fearr le cur chuige mar é bunchoincheapa an aistriúcháin liteartha a chur inár láthair ná leabhair thuairisciúla. Aistriúcháin go Béarla formhór na n-aistriúchán ach tá teangacha eile i gceist freisin. Is cinnte go gcabhraíonn meon an ilteangaigh leis an saothar a neartú.

Idir na dánta agus na sleachta tráchtaireachta a dhéantar orthu tá caibidlí ann ar gach ábhar faoin spéir. Cuireann Hofstadter cúlra Marot i láthair go snasta, ainneoin riachtanais ó thaobh na foirme, prós siollach, a bheith leagtha anuas air féin, sampla amháin den spraoi a bhaineann sé as an scríbhneoireacht shrianta. Léiriú é seo ar bhuntuairim de chuid Hofstadter, feictear dom, is é sin gur féidir srianta go leor a leagan anuas ar shaothar áirithe ealaíne agus toradh fónta a bheith agat dá n-ainneoin.

Is léir obair mhór agus tiaráil cheart a bheith i gceist le cuid de na haistriúcháin agus leis an leabhar féin.  Luann Hofstadter gur chaith sé dua mór agus é ag iarraidh teacht ar fhocail nach sáródh laincisí na foirme agus gur chaith na míonna ag obair ar innéacs chúl an leabhair. Míníonn sé an cur chuige rí-aisteach scríbhneoireachta atá aige ligean do na focail (an fhoirm) an méid a scríobhann sé a mhúnlú. Láidríonn sé seo an cás a dhéanann sé ar son an fhoirm a thabhairt slán san aistriúchán.

Is dóigh ar an iomlán gurb é bunteachtaireacht an leabhair, má thug mé liom i gceart í, gur féidir i gcónaí iarracht níos mó agus leagan níos fearr a dhéanamh d’aistriúchán ar bith. Is féidir, ach dua agus allas a chaitheamh leis, teacht ar aistriúchán a shásaíonn an chiall agus an fhoirm araon, agus pé laincisí a chuireann an buntéacs ort.  Leis, léiríonn Hofstadter tábhacht na foirme, trí aistriúcháin lochtacha, mar a fheictear dó iad, ar Eugene OneginAn Choiméide Dhiaga, a cháineadh toisc nach dtugtar dóthain airde ar an bhfoirm iontu.  Léiríonn Hofstadter go héifeachtach gur cuid dhlúth den saothar i gcónaí an fhoirm agus gur féidir í a thabhairt slán, ach iarracht níos mó a dhéanamh.  Tá go leor ann a ghlacann le caillteanas na foirme san aistriúchán.  Dar liom go gcaithfeá géilleadh, ar léamh an leabhair seo, nár chóir glacadh le cur chuige a dhéanann dánacht ar dhlúthchuid de shaothar ealaíne.

Pléann Hofstadter roinnt de na buncheisteanna fealsúnacha maidir leis an meaisínaistriúchán, mar atá ceist an tseomra Shínigh (Searle, 1980).  Is é atá i gceist leis an seomra Síneach ná seomra ina bhfuil duine ag leanúint clár ríomhaire agus ag seoladh amach freagraí ar charachtair Shínise a sheoltar isteach sa seomra.  Níl focal den tSínis ag an duine sa seomra ach mar sin féin, de bharr go leanann sé treoracha an ríomhaire, éiríonn leis sraitheanna de charachtair Shínise a scríobh a bhfuil ciall leo.  Dá bharr síleann dream taobh amuigh den seomra gur cainteoir Sínise atá istigh ainneoin gan a bheith déanta aige ach na treoracha a leanúint.  Is é an tátal a bhain Searle as, lena shimpliú cuid mhór, ná nach ionann cuma a bheith ort go dtuigtear teanga agus an tuiscint.  Tugann Hofstadter dúshlán Searle.  Áitíonn gur minic gur fánach a bheith ag caint ar thuiscint, agus focail an duine i gceist, toisc gur dual d’fhocail a bheith doiléir luaineach.  Dar le Hofstadter go bhféadfaí a bheith ag bogadh i dtreo na tuisceana dá mbeadh an ríomhaire ag tarraingt ar eolas aicmithe chun an meaisínaistriúchán a bhaint amach.  I bhfianaise na bhforbairtí i réimsí amhail aithint eintiteas ainmnithe d’fhéadfaí a rá go bhfuil na ríomhairí ar bhóthar seo na tuisceana le tamall.

Is é an bua is mó atá ag an leabhar seo ná gur geall le lámhleabhar don aistritheoir liteartha é.  Mínítear coincheapa casta ann ar bhealach intuigthe agus léirítear mar a chuirtear i bhfeidhm iad i bpróiseas an aistriúcháin.  Baintear spraoi as an iomlán agus cuirtear an ealaín féin agus teangacha go leor i lár an aonaigh.

Tá lochtanna áirithe ar an leabhar.  Téann cuid de i bhfuaire agus é ag dul i bhfad.  Tá na caibidlí ar an meaisínaistriúchán as dáta méid áirithe, agus dul chun cinn mór millteach déanta ag na leaganacha is déanaí den mheaisínaistriúchán, mar atá an t-aistriúchán néarach.  Ós rud é go bhfuil tuilleadh sonraí agus cumhacht ríomhaireachta ar fáil gach lá beo, is dána an té a déarfadh gur faoin duine amháin a fhágfar an post seo amach anseo, mar a thugann Hofstadter le fios.  San aistriúchán pragmatach is minic Google translate inchurtha le hiarrachtaí an duine cheana.  Is fíor gur dúshlán breise atá san fhilíocht ach ní teicneolaíocht sheasta an meaisínaistriúchán.

Mar sin, is féidir agus is fiú an fhoirm a thabhairt slán san aistriúchán.  Má tá a leithéid deacair caith dua leis!

 

[1] Is fiú a lua freisin, go minic, gur cuid an bheagáin an plé a dhéantar ar an aistriúchán liteartha i gcás na Gaeilge, bíodh cúrsaí tríú leibhéal, leabhair ar an aistriúchán nó scrúduithe stáit san aistriúchán i gceist.

[2] Ceist a rithfidh le roinnt: cad is fiú léirmheas a dhéanamh ar leabhar a foilsíodh breis agus scór bliain ó shin?   Daoine a chur ar an eolas faoi toisc gur fearr i bhfad é ná téacsanna go leor a mholtar d’ábhair aistritheoirí.

[3] Rugadh Clément Marot sa bhliain 1496 agus cailleadh é in 1544.  Aithnítear é ar dhuine de na filí ba mhó de chuid athbheochan na Fraince.  Bhain sé úsáid as foirmeacha agus as íomhánna ó fhilíocht na Laidine. (Encyclopedia Britannica, 2020)

[4] Tá an bundán le léamh ag https://clementmarot.com/MaMignonne.htm (Clementmarot.com, 2020). Tugtar Ma Mignonne air freisin.

Leabharliosta: 

Hofstadter, D. & Marot, C., (1997) Le ton beau de Marot.  Nua-Eabhrac: Basic Books.

Hofstadter, D., (1980) Godel, Escher, Bach: An Eternal Golden Braid.  Nua-Eabhrac: Vintage.

Encyclopedia Britannica. (2020). Clément Marot | French poet. [ar líne] Ar fáil ag: https://www.britannica.com/biography/Clement-Marot [Léite: 14 Feabhra 2020].

Searle, J. (1980).  ‘Minds, brains, and programs.’ Behavioral and Brain Sciences, 3(3), 417-24.

Joyce, & Ó hInnéirghe, S. et al (1985). Uiliséas. Béal Feirste.

Clementmarot.com. (2020). Ma Mignonne. [ar líne] Ar fáil ag: https://clementmarot.com/MaMignonne.htm [Léite: 14 Feabhra 2020].