Léirmheas: Titley le Máirtín Coilféir

LeabhairCOMHAR, 2018. 264 lch, €20 

Léirmheastóirí:

Róisín Masson
Clodagh Ní Éilí

Is é Titley an chéad leabhar ó pheann Mháirtín Coilféir, ar léachtóir in Ollscoil Naomh Mícheál, Toronto, é.  Is critíc litríochta ar shaothar Alan Titley atá sa leabhar seo, a bhí mar ábhar PhD ag Coilféir agus é i mbun staidéir i gColáiste na Tríonóide.   Tá Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht ó Ollscoil Mhá Nuad ag Coilféir freisin.  Anuas air sin, chaith sé seal ag teagasc i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus mar eagarthóir liteartha ar an iris Comhar.  Spreagadh an t-údar chun an leabhar a scríobh toisc go raibh iontas air a laghad critice a bhí ar fáil ar scríbhinní Alan Titley.  Díríonn Coilféir ar a chuid saothar scríofa agus stáitse, seachas raidió agus teilifís, go dtí 2016, agus tá cuid mhaith saothar foilsithe ag Titley ó shin nach bhfuil luaite sa chnuasach seo. 

Is léir gur saineolaí é Coilféir ar shaothar Titley agus dianstaidéar déanta aige ar bhunfhoinsí ceapadóireachta an scríbhneora seo.  Is léirmheas an-mhacánta atá ann agus moltaí agus ceistiúchán fite fuaite síos tríd.  Baineann sé an chastacht as scríbhneoireacht agus foclachas Titley le míniúcháin bheachta ar na téamaí a phléitear agus samplaí cruinne díobh chomh maith.  Déantar cur síos ar thréithe stíle, a chuid prionsabal polaitíochta agus eitice, cúrsaí caipitleachais agus ciníochais, an duine aonair agus an comhphobal, a chritéir léirmheastóireachta, an greann agus an chleasaíocht idirthéacsúlachta ann.   

Sa chéad chaibidil tugtar léargas ar ábhar scríbhneoireachta Titley óna chéad alt in 1966 go dtí na hailt ‘Crobhingne’ in The Irish Times go dtí 2016.  Rangaíonn Coilféir saothar Titley de réir tréimhsí agus taispeánann sé an chaoi ar tháinig forbairt ar a stíl scríbhneoireachta  i gcaitheamh na mblianta.  Cuireann Coilféir ina luí ar an léitheoir sa chéad chaibidil go bhfuil tuairimí láidre ag Titley agus gur minic a bhíonn ionsaí á dhéanamh aige ar shaothar údair eile agus ar sheánraí scríbhneoireachta ar leith cé go dtagann na ráitis seo salach ar an rud a dhéanann Titley féin.  Luaitear sa leabhar go ndearna Titley an ghearrscéaltaíocht a cháineadh go géar mar gheall ar an ‘easpa samhlaíochta’ (14) a bhain léi, cé go bhfuil breis is 100 gearrscéal scríofa aige féin.  Feictear an nós a bhí ag Titley a chuid tuairimí a léiriú ‘gan fuacht gan faitíos’ (3) sna húrscéalta, gearrscéalta, drámaí agus dánta a ndéanann Coilféir anailís orthu sa leabhar. Níl tuairim Choilfeir soiléir sa chás seo maidir leis an tsaoirse a thugann Titley dó féin agus é i mbun pinn.  

I gcaibidil a dó, tugann Coilféir léargas ar mheon Titley maidir le cearta agus saoirse comhphobal.  Dar leis gurb iad seo na hábhair is tábhachtaí ar fad i saothar Titley.  Déanann Titley na téamaí seo a iniúchadh i réimse leathan seánraí, mar shampla san alt ‘Féasta Fola’ (1968) faoi Chogadh na Saoirse i mBiafra, sa leabhar An tÚrscéal Gaeilge (1991) agus sna húrscéalta Gluaiseacht (2009) agus Meirscrí na Treibhe (1975).  Deir Coilféir go ndéanann Titley a thuairimí féin a nochtadh trí ghlór na gcarachtar ina scéalta, daoine de mhionaicmí pobail den chuid is mó, agus labhraíonn sé go follasach ar a son ‘dá fhaide i gcéin uaidh iad’ (35).  Léiríonn Coilféir iontas nár scríobh Titley mórán faoi na Trioblóidí ná faoi Éirinn go dtí na nóchaidí agus  déanann sé cur síos sa chaibidil seo freisin ar an gcáineadh a rinne Titley ar ionsaithe na Stát Aontaithe agus a gcomhghuaillithe ar an Iaráic agus an Afganastáin, agus os cionn ceathracha alt scríofa aige orthu.

Pléitear cuid de na téamaí polaitíochta is mó i scríbhneoireacht Titley i gcaibidil a trí, ‘an ciníochas agus an caipitleachas, lena gcuimsítear cultúr na tomhaltóireachta agus an dáileadh éagothrom saibhris a shamhlaítear leis an margadh iomaíoch’ (65).  Admhaíonn Coilféir go bhfuil na hailt ‘maoithneach’ agus go mbíonn Titley ‘cúng-aigeanta’ (69) iontu agus a chuid tuairimí frithimpiriúlacha, frith-Iartharacha agus frithchoilíneacha á nochtadh aige.  Feicimid cruinneshamhail chlaonta Titley i gcoinne na himpiriúlachta, agus mhuintir an Iarthair (68), ag teacht chun cinn trí ghlór na gcarachtar arís agus arís eile.  Déanann Fatima tagairt don bhearna idir saibhir agus daibhir sa leabhar Gluaiseacht agus  bíonn an ceannaire Tumba ag freastal ar lucht an tsaibhris amháin in Méirscrí na Treibhe.  Déantar tagairt do shaothar Titley inar cáineadh muintir na hÉireann go géar as ucht na droch-chaoi ar chaith siad le ‘bochtáin as tír aisteach’ in alt a scríobh sé don Irish Times in 1999 chomh maith.  Léirítear cur síos gruama Titley ar chúrsaí reatha na cruinne ach ag déanamh achoimre ar an gcaibidil seo maíonn Coilféir, cé go bhfuil na téamaí duairc agus dorcha leis an gciníochas agus an éagothromaíocht, go ndearbhaíonn Titley ‘a iontaí is atá sé a bheith ar an saol’ (92). 

Sa cheathrú caibidil, pléitear tábhacht na hindibhide agus saoirse an scríbhneora agus é/í i mbun pinn.  Cuireann Coilféir an tuairim chun cinn go gcreideann Titley go bhfuil sé de cheart ag an scríbhneoir agus ag na mionlaigh rialacha nó dlíthe a bhriseadh chun saoirse a bhaint amach.  Tá tuiscint Titley ar an dea-litríocht ‘fréamhaithe i bprionsabail eitice a éilíonn saoirse agus cead féinléirithe do lucht a scríofa’ (95).  Díreach ar nós na n-údarás ag cur srian ar na comhphobail, tá na ‘foirmlí reoite ceapadóireachta’ ag cur srian ar an údar (97). 

I gcaibidil a cúig, tugann Coilféir aitheantas don éagsúlacht mhór atá i scríbhneoireacht Titley agus fágtar ar leataobh an comhphobal agus an t-indibhidiúlachas.  Pléitear tóraíocht na fionnachtana agus turgnamhachas Titley iontu, mar shampla, pléitear téama na canablachta sa leabhar Stiall Fhial Feola agus  tá An Bhean Feasa ar an ‘gcéad úrscéal i bhfonn filíochta sa Ghaeilge’ (135).  Is scéalta úra atá iontu  ‘ar mhaitheas lena bheith úr’ (136), dar le Coilféir agus cuirtear in iúl don léitheoir gur samplaí iad seo de Titley ag iarraidh seasamh amach ó na scríbhneoirí eile i litríocht na Gaeilge.  Dar le Coilféir ‘is iad na saothair inar feiceálaí an fhantaisíocht, an greann fuarchúiseach agus an tseafóid is lú a spreagann muid le teachtaireacht dháiríre a bhaint astu’ (152).  Is scéal an-chonspóideach é Scéal i mBarr Bata’ chomh maith, fiú má tá sé ar cheann de na gearrscéalta de chuid Titley is fearr le Coilféir.  Baineann an scéal ‘le fear aerach a théann go campa pléisiúir ina spreagtar daoine lena gcuid mianta antoisceacha a chur i ngníomh’ (146).  Tá ceist an-íogair á plé ag Titley ag deireadh an scéil agus is ábhar iontais é seo do Choilféir mar ‘ní nós le Titley ábhar grinn a dhéanamh de ghrúpaí mionlaigh mura le teann íoróine é’ (147).

Pléitear an greann i gcaibidil a sé, chomh maith le tréithe stíle agus na feidhmeanna éagsúla a bhaineann Titley as an ngreann (167).  Tugann Coilféir go leor samplaí chun na cineálacha difriúla grinn a léiriú agus díríonn sé ar spriocanna agus iarmhairtí an ghrinn i saothar Titley chomh maith.  Déanann sé cur síos ar an leagan amach atá ag Titley ar an ngreann agus a mhealltaí is atá sé toisc a dhearfaí is atá sé (176).  Ach sa chaibidil chéanna tugtar léargas  ar an gcaoi a ‘milleann an greann rithim agus réim na scríbhneoireachta i saothair áirithe’ (185), go mórmhór sa scríbhneoireacht acadúil.  Deir Coilféir go mbíonn Titley ‘borb leis an magadh’ (171), gur ‘uirlis ionsaithe’ é an greann ‘ina chogadh in aghaidh na ngnéithe sin den dioscúrsa liteartha agus polaitiúil nach dtaitníonn leis’ (172).  Is ciúta reacaireachta cliste é an greann a úsáid ach cuirtear in iúl don léitheoir nach é is éifeachtaí i gcónaí. 

Pléitear an idirthéacsúlacht mar thréith stíle agus an scríbhneoireacht aisfhillteach sa chaibidil deiridh, agus dar le Coilféir ‘ceann de na tréithe stíle is suntasaí agus is seanbhunaithe i saothar Titley’ (199).  Mar sin féin, maíonn Coilféir go bhféadfadh saothar na hidirthéacsúlachta ‘teacht salach ar fhéinléiriú an údair’ (201). Cé go gcaitheann sé roinnt mhaith den leabhar ag plé thábhacht an indibhidiúlachais le Titley, bréagnaíonn an chaibidil bunaithe ar stíl na hidirthéacsúlachta é seo mar feictear Titley ag dul i bhfolach taobh thiar d’fhocail filí agus údair eile agus é ag úsáid a gcuid teanga chun a shaothar féin a fheabhsú. 

Sa chonclúid, nascann Coilféir sreanga na gcaibidlí uile le chéile agus filleann an léitheoir ar na príomhthéamaí a bhí ag Titley.  Cé gur léir gur saineolaí é Coilféir ar shaothar Titley, níl an leabhar gan locht.  Cé go ndéanann sé tagairt do chriticeoirí Titley, a cháin a chuid saothair mar gheall ar an téarmaíocht chasta a d’úsáid sé, déanann Coilféir amhlaidh ag baint úsáid as téarmaíocht chasta Ghaeilge ar nós ‘íolbhriseadh’ (100) agus ‘raibiléiseachas’ (193) agus focail iasachta ar nós ‘sine qua non’ (5) ón Laidin, ‘mise en abyme’ (135) ón bhFraincís agus ‘rezeptionsästhetik’ (178) ón nGearmáinis.  Tá cuid den Bhéarlachas sa leabhar freisin le frásaí ar nós ‘talamh úr a bhriseadh’ (136) agus ‘bordáil ar an áiféis’ (173).  D’fheilfeadh an leabhar seo do dhaoine acadúla a bhfuil cur amach acu ar obair Titley agus ar litríocht na Gaeilge toisc go ndéanann Coilféir iniúchadh géar ar na prionsabail mhóra atá ag Titley ann, ach is deacair iad a thuiscint gan cur amach agat ar na tagairtí idirthéacsúlachta.  Mar sin féin, cé gur leabhar dúshlánach é ó thaobh na dtéamaí a phléitear ann agus ó thaobh na teanga de, is cinnte gur éirigh le Coilféir an rud a bhí uaidh a bhaint amach, ábhar critice cuimsitheach, ilghnéitheach a scríobh ar shaothar an scríbhneora mór le rá, Alan Titley.