Leabhar Breac: Indreabhán, Co. na Gaillimhe, 2017, lgh: 199, €18,
ISBN: 9781911363118
Údar/Oiriúnóir: Darach Ó Scolaí
Léirmheas le:
Leagan soléite, i nGaeilge an lae inniu, den tsraith thábhachtach scéalta ar a dtugtar ‘Táin Bó Cuailnge’ is ea an leabhar seo le Darach Ó Scolaí. Cuireann Ó Scolaí an tseaneipic i láthair in ocht gcuid mar aon leis an Réamhscéal agus le Réamhrá gearr. Mar a deir an t-údar sa Réamhrá, is é a bhí i gceist aige a dhéanamh ná ‘síneadh eile’ a chur ‘lenár dtraidisiún scéalaíochta’ (7) seachas téacs scolártha nó aistriúchán a chur i láthair agus is máistriúil mar a n-éiríonn leis an údar é sin a dhéanamh.
Tá eachtraí na sraithe scéalaíochta seo ar eolas ag gach léitheoir Gaeilge agus tá siad tar éis a bheith ina mbunphointí tagartha ag scríbhneoirí i dtraidisiún liteartha na nGael ón 7ú haois ar aghaidh – comhrá ceannadhairte idir Ailill agus Méabh agus áireamh iarmhaise a spreagann iad le teachtaire a chur chuig Cúige Uladh chun tarbh de chuid Dháire Mhic Fhachtna a fháil. Cé go mbíonn Dáire toilteanach an tarbh a thabhairt ar dtús, teipeann ar na comhráite; ansin, de bharr an iomarca dí agus mórtais, diúltaíonn sé an tarbh a thabhairt sa deireadh. Ar an gcúis sin amháin, fógraíonn Méabh cath ar Chúige Uladh agus geallann sí ‘mura dtabharfaí an tarbh dá dheoin go dtógfaí dá ainneoin é’ (16). Tionólann Méabh agus Ailill slógadh mór de laochra le chéile ach tugtar le fios go bhfuil an ceas naíon ar na hUltaigh go léir cé is moite de Chú Chulainn, an laoch óg clúiteach a n-éiríonn leis a chúige a chosaint ina aonar in aghaidh fhórsaí Mhéabha agus Ailille. Tugtar cúlra Chú Chulainn freisin, i gcuntas ar an tslí a bhfuair sé a ainm, i gcuntas ar na macghníomhartha a chuir sé i gcrích agus i dtagairtí don oiliúint a fuair sé féin agus Ferdia ó na buimí céanna – Scáthach, Uathach agus Aoife. Níl amhras faoi ach go n-éiríonn le leagan Uí Scolaí na heachtraí sin a chur i láthair le húire spreagúil agus go n-éiríonn leis an gcomhrac idir Cú Chulainn agus comhalta a chléibh, Ferdia mac Damháin mhic Dáire, a léiriú mar bhuaic thragóideach mhí-ámharach na sraithe (128, 130, 149, 151, 152).
Is é an t-oiriúnú údarásach atá déanta ag Ó Scolaí ar an teanga an bua is mó atá ag an leabhar. Tá saibhreas friotail sna blúirí filíochta agus sa phrós féin. Tabhair faoi deara an réimse dathanna a luaitear sa phíosa seo, mar shampla:
Tugadh chucu a gcuid fáinní is faileanna is ordnasc agus a n-órdhuaiseanna is a n-éadaí – idir chorcra is ghorm is dhubh is uaine, idir bhuí is bhreac is lachna, odhar, alabhreac is riabhach. (13)
Nó an cháilíocht nach mór briochtach a thugtar do chaint athráiteach Fheadhealm, Banfhile agus Banfháidh Chonnacht, sa chaint dhíreach seo uaithi:
Feadhealm Banfhile Chonnacht m’ainmse…
As Albain, áit a rabhas ag foghlaim filíochta…
Feicim fordhearg iad, feicimse rua…
Feicim fordhearg iad, feicimse rua…
Feicim fordhearg iad, feicimse rua… (19)
I gcoitinne, éiríonn leis an údar raon oiriúnach den Ghaeilge chomhaimseartha a fhionnadh tríd an leabhar síos. Is raon teanga é a chuireann blas ársa agus béasaíocht na huaisleachta in iúl go cumasach. B’ábhair staidéir iontu féin iad tréithe an raoin teanga sin. B’fhiú taighde a dhéanamh, mar shampla, ar an úsáid a bhaineann Ó Scolaí as teidil oineacha (‘a phopa, a Chonaill’, mar shampla, ar lch 50), as leaganacha ócáidiúla foirmiúla den teanga (‘mochean do theacht’, mar shampla, ar lch 127 nó ‘…óir is mochóir an laoch atá ceaptha teacht inár ndáil’ ar lch 134), as an bhfoirm threise (feic ‘tarsa linne’, mar shampla, ar lch 43), as an gcopail (an t-athrá a dhéantar ar ‘Nuair ba…’, mar shampla, ar lch 43) agus as teanga fhoirmleach an traidisiúin bhéil – teanga a úsáidtear, uaireanta, chun tús agus deireadh a chur le míreanna áirithe (‘Ar an gcuma sin a thit Nadchrandail le Cú Chulainn’, mar shampla, ar lch 89) nó chun tagairt a dhéanamh arís agus arís do rud ar leith (‘go ndearna mionbhruscar is sligreach díobh’ mar shampla, ar lch 47, lch 33 agus araile).
In ainneoin nach aistriúchán é, fanann leagan Uí Scolaí dílis don bhunleagan ar go leor bealaí agus ní leasc leis an údar míreanna fada athráiteacha de dhinnseanchas a chur os comhair an léitheora nua-aimseartha (feic lgh 60, 65, 105). Go deimhin, ní bhaineann Ó Scolaí aon ábhar achrannach den insint. Mar is léir ón bpíosa seo thíos, faightear tuairiscí iomadúla mionsonraithe ar an bhforéigean mórtasach gan ghá (31, 62, 123) ann:
D’iompaigh Cú Chulainn orthu, bhain a gcloigne díobh féin is dá n-araí gur chuir ceann gach fir acu ar cheithre bheanna an ghabhail. Scaoil sé eacha na buine in aghaidh Fhir Éireann ar ais sa tslí chéanna ansin, a n-iallacha ar sileadh agus coirp fhordhearga na gcuradh ag stealladh fola anuas ar chreata na gcarbad… (30, feic freisin 34, 48)
Fágann Ó Scolaí móitífeanna uile na Rúraíochta ina leagan siúd: tá áit lárnach ag an bhfáistine, ag an ngeis agus ag an draíocht ann (19, 55, 57, 64, 73), is féidir leis an aoir damáiste fisiceach agus imdheargadh a dhéanamh (125) agus tá tábhacht ar leith ag an Uimhir a Trí (17, 30, 37), ag an riastradh (112, 146) agus ag an nGa Bolga (147) san insint. Ina dteannta sin, is é cód an laochais atá chun tosaigh agus, mar is léir ó fhocail Chú Chulainn féin, is cód é sin a chuireann luach ar an gclú síoraí seachas ar fhad saoil:
‘Is mór an scéal é, arsa Cú Chulainn, mura mbeinn ach aon lá agus aon oíche ar domhan, ach go mairfeadh mo cháil is m’imeachtaí i mo dhiaidh.’ (48)
Cé go n-aithnítear tábhacht an chairdis i gcód an laochais agus go bhfuil an cairdeas ina ghné lárnach de bhuaicscéal na sraithe, sáraíonn riachtanais an laochais an cairdeas sa deireadh, mar is léir ón gcaint seo ó Chú Chulainn faoina chara, Ferdia:
'Dar ár mbriathar,’ arsa Cú Chulainn, ‘ní inár ndáil ab fhearr linn ár gcara a theacht, agus ní le heagla roimhe a deirim sin ach le grá is ansacht dó, agus is beag nach fearr liom mé féin a thitim leis an laoch sin ná a thitim siúd liomsa. (128)
Is léir ón spléachadh beag sin ar theanga agus ar ábhar an leabhair nach aon ionadh é gur ghnóthaigh sé Duais Chuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilín ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2017 agus gur shroich sé an gearrliosta d'Irish Book Award anuraidh. Tá ardmholadh tuillte ag an údar as leagan insroichte den tseaneipic a chur ar fáil do ghlúin nua léitheoirí, agus níl amhras faoi, ach gur tobar teanga, stíle agus móitífeanna a bheidh ann do scríbhneoirí Gaeilge amach anseo. I ngeall ar an mbeocht úr a thugann Ó Scolaí do na seantéamaí agus i ngeall ar cháilíocht chineamatach an leabhair i gcoitinne, d’áiteoinn go mba thrua é gan an leabhar seo a chur os comhair foghlaimeoirí atá ag tabhairt faoi chéimeanna i litríocht na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Aithním go mbeadh an teanga dúshlánach d’fhochéimithe den chineál sin ach le cúnamh léachtóra, sílim nach mbeadh an dúshlán sin dosháraithe. Is fiú a chur san áireamh, sa chomhthéacs sin, go bhfuil foclóir agus móitífeanna áirithe mínithe i bhfonótaí ag an údar féin ag bun cuid de na leathanaigh (19, 41 agus 72, mar shampla) agus go bhfuil léarscáileanna soiléire ag tús an leabhair chun cabhrú leis an léitheoir eachtraí an leabhair a shuíomh agus a mhapáil. Ar an iomlán, tá ardchaighdeán oiriúnaithe bainte amach ag an údar faoi chlúdaigh rúndiamharacha tharraingteacha an leabhair seo, ní hamháin go bhfuil duaiseanna agus léirmheasanna tuillte aige, ach tá áit bhuan tuillte freisin aige i gcanóin liteartha na Gaeilge, óir is léitheoireacht riachtanach é seo d’aon léitheoir a bhfuil spéis aige/aici sa teanga agus sa litríocht dhúchasach.
Denvir, G., (2018) ‘Táin Bó Cuailnge: Léirmheas’, Comhar, Aibreán. 27–9.
Ní Annracháin, M., (2019) ‘Labhair Máire Ní Annracháin ag ócáid seolta leagain nua de Táin Bó Cuailnge le Darach Ó Scolaí.’ Feasta, Feabhra. 17–8.