Ligeann an Ghaeilge chuici is uaithi ar na meáin shóisialta: Cás-Staidéar ar an suíomh Twitter

Raymona Ní Chonaill
Topaic(í): 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le hOllscoil Luimnigh chomh maith leis an Dochtúir Sorcha de Brún; rinneadh bunús an taighde seo faoina stiúir agus mé i mo mhac léinn ansin.

Réamhrá

Tá athrú thar cuimse tar éis teacht ar an úsáid a bhaintear as na meáin le blianta beaga anuas.  Ó tháinig na meáin shóisialta ar an bhfód scór bliain ó shin, agus an fhoilsitheoireacht thraidisiúnta ag athrú de shíor, tá úsáid na meán i ndiaidh forbairt ó bhonn ó thús Ré na Faisnéise.  Úsáidtear na meáin seo ar bhealaí ilghnéitheacha; ní hamháin le coimeád ar an eolas faoi chúrsaí reatha agus ar ghluaiseachtaí sóisialta, ach is iad tábhacht na rannpháirtíochta agus coincheap an phobail tréithe nua na meán sa lá atá inniu ann.  Is mian le daoine ar fud an domhain páirt a ghlacadh san fheiniméan sóisialta seo.  I gcás na Gaeilge, is léir go soláthraíonn na meáin shóisialta deis don mhionteanga seo chomh maith.  Tugann ardáin faoi leith de chuid na meán sóisialta seans do chainteoirí Gaeilge a bpobail teanga a aimsiú ar athuair tar éis dóibh a bheith scartha óna chéile go stairiúil, go polaitiúil agus ó thaobh na tíreolaíochta de.

Is é príomhaidhm an ailt seo iniúchadh a dhéanamh ar an ardán Twitter mar uirlis a éascaíonn an caidreamh idir an Ghaeilge agus a pobal domhanda.  Ceann de phríomhthorthaí an taighde seo ná gur gléas í an Ghaeilge i bpróiseas na féiniúlachta a chur in iúl ar líne.  Chomh maith leis sin, léirítear gur uirlis nua atá in ábhar Twitter a d’fhéadfadh cuidiú le stádas na teanga a shoilsiú.

Ar mhaithe le hanailís chuimsitheach a dhéanamh, sa léirbhreithniú litríochta pléitear an taighde atá déanta go dtí seo sna príomhréimsí lena mbaineann, mar atá, an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht agus an teangeolaíocht.  Lena chois sin, scrúdaítear na pobail fhíorúla agus déantar iarracht na castachtaí a bhaineann le coincheap an téarma ‘pobal’ a thabhairt chun solais agus a mheas i gcomhthéacs sealbhú na Gaeilge.

Ar an gcéad dul síos, déantar soiléiriú ar thábhacht na féiniúlachta sa tsochaí.  Áitítear gur féidir leas a bhaint as teangacha ar mhaithe le heitneacht ar leith a chur chun cinn (Gans, 1979; Waters, 1990; Sullivan, 2010).  Sa chás sin, déantar trácht ar an nGaeilge mar uirlis chun féiniúlacht a chruthú ar líne.  Ina dhiaidh sin, pléitear an tionchar a mheastar atá ag Twitter ar an nGaeilge agus ar a pobal.  Déantar anailís ar infheictheacht na Gaeilge ar Twitter, agus ar an méadú atá ag teacht uirthi sin.  Agus an ghné sin pléite, díríonn an anailís ar cheist na rannpháirtíochta do phobal na Gaeilge ar Twitter agus ar ghnéithe faoi leith den ardán a éascaíonn an rannpháirtíocht chéanna, mar atá, an haischlib (#).

Modheolaíocht

Modhanna measctha a úsáideadh don taighde seo.  Leanadh múnla taighde Swales (1990) .i. C.A.R.S. (Creating a Research Space).  Dála mhúnla Swales, leanadh trí chéim: roghnaíodh úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta mar spás taighde, aithníodh an t-ardán Twitter mar ghort taighde, agus bheartaigh an taighdeoir díriú ar úsáid na Gaeilge ar Twitter mar cheist taighde.  Roghnaíodh Twitter toisc go bhfuil sé ar an tseirbhís ghréasáin is gníomhaí ar líne ó thaobh phobal na Gaeilge de, agus sin bunaithe ar líon na dteachtaireachtaí a sheoltar air (Caulfield, 2013: 152).  Ina theannta sin, ba léir don taighdeoir go raibh taighde de dhíth ar an gceangal idir an Ghaeilge agus féidearthachtaí na n-ardán sóisialta ar nós Twitter do threisiú na teanga.  Beartaíodh go bhfeilfeadh cur chuige níos cainníochtúla ná cáilíochtúla don cheist taighde.  Mar sin féin, baineadh úsáid as uirlis mhonatóireachta tuairime dar teideal Brand24 a rinne achoimre cháilíochtúil ar chumhacht na Gaeilge ar líne thar thréimhse tríocha lá in 2020 (25 Eanáir go dtí an 24 Feabhra).  Bhí teorainneacha áirithe leis an gcur chuige seo, áfach, sa mhéid is nach raibh teacht ar shonraí na míosa roimhe sin.  Baineadh leas as cur chuige a chuimsigh modhanna measctha chun teacht ar na torthaí a phléitear san alt seo.

An Taighde go dtí seo

Baineann gnéithe éagsúla leis an ábhar atá idir lámha sa taighde seo agus cé gur timpeallacht shíorathraitheach atá sna seirbhísí gréasáin agus ardáin shóisialta, is buntreoracha áisiúla í an litríocht agus an taighde ar an ábhar.  Ní miste sainmhíniú a thabhairt ar Twitter ar dtús, áfach.  Tá an-tábhacht ag baint le Twitter in earnáil na ngréasán sóisialta ó thosaigh na meáin shóisialta ag teacht faoi bhláth ó bhí 2006 ann (Shah, 2016).  Ina shaothar Ar an Taifead (2012: 350), cuireann Delap Twitter i gcomparáid le ‘abhainn […] atá ag síorshní le nuacht, tuairimíocht, eolas, naisc, teagmhálacha agus neart eile’.  Tá ráiteas Delap an-ábhartha fós.  Má ghlacann úsáideoir páirt sa Twittersféar, glactar páirt i micreabhlagáil ina bhfuil leathanach próifíle aige/aici.  Cuireann Twitter an cheist ‘Cad atá ar siúl?’ ar mhaithe le húsáideoirí a spreagadh chun clóscríobh.  Seoltar agus faightear teachtaireacht nó giolc agus sin teoranta do 280 focal.  Chomh maith leis sin, leanann úsáideoirí a chéile le coinneáil ar an eolas faoina chéile.  Níl aon chómhalartacht ar Twitter, áfach – is féidir le húsáideoirí leantóirí a bheith acu ach ní gá go leanfaidís gach leantóir atá acu.  

Déantar tagairt do ‘phobal na Gaeilge’ agus do na hiarrachtaí a dhéantar chun bheith rannpháirteach sa phobal sin go fíorúil le linn an taighde seo.  Ionas go dtuigimid an fonn ginte doshéanta atá sa duine a bheith rannpháirteach, ní gá dúinn ach spléachadh a thabhairt ar shaothar an tsaineolaí Abraham Maslow dar teideal A Theory of Human Motivation (1943).  Chruthaigh Maslow teoiric ar ar thug sé ‘Ordlathas na Riachtanas’ le léargas a thabhairt ar ar spreagann cinntí agus bearta an duine.  De réir Maslow tá ‘relative prepotency’ i gceist leis an ordlathas.  Is é sin nach mór do dhuine riachtanas amháin a shásamh sula mbíonn sé/sí in ann an chéad riachtanas eile a bhaint amach.  Dar le Maslow nach ordlathas an-docht atá ann agus go bhfuil an chuid is mó de chinntí agus de bhearta an duine ilspreagtha, ach nach féidir riachtanas a chailleadh ach oiread.  Cé gur cumadh Ordlathas Riachtanais Maslow le linn na ndaichidí sular tháinig na meáin shóisialta ar an bhfód, díol suntais is ea a thábhacht san 21ú haois.  

Beidh riachtanas na féin-achtála chomh maith le grá agus muintearas á léirmheas againn sa chéad chuid eile don taighde seo agus iniúchadh á dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs Twitter.

Figiúr 1: Ordlathas Riachtanais Maslow (1943)

Ní miste a lua go bhfuil roinnt deacrachtaí ag baint le húsáid an fhocail pobal sa chiall fhíorúil.  I gcaint an taighdeora Teresa Lynn dar teideal How Social Media Breathes Life into the Irish Language (2016), maíonn sí gur pobal beo na nGael atá sna meáin shóisialta a ghlacann páirt sa chibear-Ghaeltacht (Delap, 2008).  D’fhéadfaí a áitiú, áfach, go bhfuil bagairt sna meáin shóisialta dár bpobail thraidisiúnta, cuir i gcás go gcuireann siad bac ar chaidrimh dhaonna.  Creidtear gurbh í an fheidhm a bhí ag na nuatheicneolaíochtaí seo ná daoine a thabhairt le chéile.  Tá an bharúil eile ann, áfach, go bhfuil a mhalairt ag tarlú.  Ceistítear dlisteanacht na bpobal ar líne de bharr luaineacht na ballraíochta, laghdú cuntasachta agus easpa áite ar leith ó thaobh na tíreolaíochta de (Caulfield, 2013: 37):

…the ease at which web users can unsubscribe or drop out of their virtual communities at the click of a button […] is not true of ‘real communities’ (Snyder, 1996)  where people are forced to engage with each other because of their shared geographical proximity.

 

Tá tuairim eile ag Kenneth Gergen (2002) nuair a thagraíonn sé don dúshlán an ‘absent presence’ agus don tslí, dar leis, a mairimid in ‘a floating world’, áit ina bhfuil duine i láthair go fisiceach ach sáite trí mheán na teicneolaíochta i ndomhan eile ar ghné iompraíoch den teicneolaíocht í a gcaithfear a chur san áireamh.

 

Mar sin féin, tá na nuatheicneolaíochtaí agus na meáin shóisialta mar chuid lárnach dár sochaí sa lá atá inniu ann agus ar mhaithe leis na pobail nua seo a aithint, déanann Herring (2004) achoimre ar chritéir áirithe a bhaineann le pobail ar líne.  Is iad seo a leanas na sé chritéar atá le comhlíonadh má táthar le bheith in áirithe mar phobal fíorúil:

1) Rannpháirtíocht ghníomhach: úsáideoirí rialta mar chroí an phobail.

2) Stair, cuspóir, cultúr, noirm agus luachanna coiteanna.

3) Dlúthpháirtíocht, tacaíocht agus cómhalartacht.

4) Cáineadh, coimhlint agus modhanna réitigh aighnis.

5) Féinfheasacht mar ghrúpa atá difriúil le grúpaí eile.

6) Teacht chun cinn róil, cliarlathais agus rialachais.

Scrúdaíonn taighde Caulfield (2013) úsáid na Gaeilge ar thrí ghréasán éagsúla: an blagaisféar, an Twittersféar agus grúpa Facebook, agus maíonn go sásaíonn úsáideoirí na Gaeilge ar na meáin seo critéir Herring thuas (2004) chun a bheith áirithe mar phobal fíorúil.  Ó thaobh rannpháirtíocht ghníomhach de, tá úsáideoirí rialta ar na gréasáin seo a fheidhmíonn mar cheannairí, nó mar chroí, an phobail.  Mar léargas air sin, chruthaigh an saineolaí Kevin Scannell suíomh dar teideal IndigenousTweets sa bhliain 2011, suíomh a chuir eolas fíor-ama ar fáil maidir leis an 500 chéad úsáideoir ba ghníomhaí.  Is féidir na deich gcuntas is gníomhaí a fheiscint i Léaráid 1 thíos.

Léaráid 1: IndigenousTweets (2011)

Chomh maith leis sin, agus ag teacht le teoiric Maslow faoi riachtanais dhaonna, ní mór do phobail ar líne stair, cuspóir, cultúr, noirm agus luachanna coiteanna a bheith acu.  Comhlíonann an Twittersféar an critéar seo ar an ábhar go bhfuil giorrúcháin, béarlagair agus nósmhaireachtaí teanga atá curtha in oiriúint do phobal faoi leith le feiscint ann.  Mar léiriú air sin, feidhmíonn an rogha atá ag úsáideoir, an Ghaeilge a úsáid seachas teanga eile, mar nósmhaireacht teanga atá oiriúnach do phobal faoi leith.  Ní miste a lua nach bhfuil croí aonteangach ann, áfach, mar atá le feiscint i Léaráid 2 thíos.  Is é sin le rá, fiú i measc na deich gcuntas ina bhfuil an céatadán de ghiolcacha Gaeilge is airde le brath ann, ní bhaineann aon chuntas úsáid 100% amach. 

Léaráid 2: IndigenousTweets (2011)

Ar an tríú dul síos, ba cheart go mbeadh na rannpháirtithe ag léiriú na dlúthpháirtíochta, agus na tacaíochta chomh maith leis an gcómhalartacht.  Cuireann Baym (2010) leis an gcritéar seo.  Dar leis, gurb é malartú comhairle cuid lárnach de phobail ar líne.  Dar le Caulfield (2013) go bhfuil an chómhalartacht agus séú critéar Herring (2004) .i. teacht chun cinn róil, cliarlathais agus rialachais fite fuaite ina chéile.  Bíodh is gurb é feiniméan an ghrúpa ar Facebook a bhí in uachtar i dtaighde Caulfield (2013) mar léargas ar phobal a bhfuil cliarlathas soiléir ag baint leo .i. bunaitheoir agus riarthóirí, d’fhéadfaí a rá go bhfuil cliarlathas den chuma chéanna le feiscint sa Twittersféar chomh maith.  Mar shampla, iarrtar ar úsáideoirí áirithe a gcuid tuairimí a chur in iúl amhail is gur saineolaithe iad agus ábhair ar leith faoi chaibidil.  Sáraíonn sé sin scóip an taighde seo, áfach, agus ní mór tuilleadh taighde a dhéanamh ar a leithéid.  Pléifear an tairbhe a bhaineann an Ghaeilge as an ngné seo mar aon leis na gnéithe cáinte, coimhlinte agus modhanna réitigh aighnis agus féinfheasachta níos mine sa chéad alt eile.

An leas a bhaintear as an nGaeilge ar Twitter

An Fhéiniúlacht

Mar a chonacthas thuas i dteoiric Maslow, spreagtar daoine chun dul i mbun birt, bíodh sé go comhfhiosach nó go fo-chomhfhiosach.  Is é an riachtanas atá á shásamh anseo ná riachtanas na féin-achtála ar riachtanas tosaigh é i dteoiric Maslow.  De réir Maslow (382–3), baineann an riachtanas seo le ‘the person’s desire for self-fulfilment, namely, to the tendency for him to become actualized in what he is potentially’.  Baineann sé leis an bhfonn a bhíonn ar dhaoine a bheith ina nduine ar leith.  Is féidir an riachtanas seo a shásamh tríd an oideachas, trí fhorbairt scileanna agus trí fhorbairt phearsanta agus is féidir leis cuidiú leis an bhféinfhollasú freisin.  Ag eascairt as bunús teoiriciúil an riachtanais seo, d’fhéadfaí a mhaíomh ní hamháin gur féidir le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim chun scileanna nua a fhorbairt agus iad ag iarraidh féin-achtáil a bhaint amach, ach gur féidir leis an nGaeilge cuidiú le forbairt phearsanta agus leis an bhféinfhollasú leis.

Chun cuidiú leis an bpróiseas sin, bailítear stór scileanna, agus ceanglaítear na scileanna sin leis an bhféiniúlacht.  Is féidir leis an sealbhú teanga a bheith ina chuid lárnach den phróiseas seo, mar a mheabhraíonn Ó Maoláin dúinn (1993: 15–7) nuair a thugann sé ‘buntobar féiniúlachta’ ar an nGaeilge in Éirinn.  Is mian le daoine a bhféiniúlacht a chur in iúl ar ndóigh, ar líne agus as líne araon.  Mar sin féin, is rud éiginnte í an fhéiniúlacht.  Cuireann cnuasach Mhic Cormaic (2011: 44) síos ar an bhféiniúlacht, ag tagairt do shaothair an teoiricí Ghearmánaigh Hegel, mar:

An fhreasúrsacht idir an ‘mise’ agus an ‘té eile’ a chruthaíonn féiniúlacht an ‘mise’. Ní féidir féiniúlacht a chumadh i bhfolús; cumtar gach féiniúlacht trí fhrithshuí, is é sin trí hí a chur I gcodarsnacht le rud/le neach/le grúpa eile. Is í an chéad chéim i dtógaint agus i gcruthú ‘féiniúlachta’ ná tógaint agus cruthú contrártha agus ‘grúpaí eile’ nach ionann ‘é/iad’ agus ‘tusa/sibhse’.

Má tá coibhneas idir an ‘mise’ agus an ‘té eile’ a chruthaíonn féiniúlacht an mhise mar atá dearbhaithe ag Mac Cormaic, d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfeidhmíonn an Ghaeilge mar uirlis i bpróiseas cruthaithe na féiniúlachta ar líne.  D’fhéadfadh sé seo a bheith fíor go háirithe i gcomhthéacs an scartha fhisicigh, agus go háirithe maidir le cuid lárnach d’fhéiniúlacht na hÉireann, mar atá, an imirce.  I bhfocail Ní Dhuinn (2011: 17) ‘siúlach scéalach atá pobal na Gaeilge ó thús ré’.  Más fíor sin, d’fhéadfaimis a mhaíomh go n-úsáideann daoine áirithe an Ghaeilge mar mhodh inar féidir leo teacht ar a n-oidhreacht, chomh maith le riachtanas na féin-achtála (Maslow, 1943) a shásamh ar an tslí seo chomh maith.  Is trí úsáid na teanga go sonrach a léiríonn na daoine seo a dtiomantas dá bhféiniúlacht Ghaelach.

Ní mór idirdhealú a dhéanamh, áfach, idir an fhéiniúlacht seo agus tomhaltas ábharaíoch choincheap an Éireannachais lena n-áirítear ‘daoine na seamróige’ mar a thugann Sullivan (2010) orthu.  Ina theannta sin, áitíonn Negra (2006: 3–4) gur ‘buying category’ atá san Éireannachas, agus tá sí den tuairim go bhfuil sé ar fáil ‘in a staggering variety of consumable forms available across a broad spectrum of outlets’.  D’fhéadfadh an nós céanna a bheith i gceist leis an nGaeilge, áfach, agus d’fhéadfaí leas a bhaint as an nGaeilge ar mhaithe le cur i gcéill ar líne agus as líne chomh maith, mar a shoiléiríonn an t-údar cáiliúil Meiriceánach bell hooks (1992: 421): ‘ethnicity becomes spice, seasoning that can liven up the dull dish that is mainstream white culture.’

Is feiniméan an-solúbtha í an rannpháirtíocht sna pobail fhíorúla ar nós an Twittersféar.  Mar a mhaíonn Snyder (1996), ní léiriú ar phobal sa chiall thraidisiúnta den fhocal atá sa tsolúbthacht seo.  Dá mba mhaith leis na Gaeilgeoirí seo, d’fhéadfaidís neamhaird iomlán a dhéanamh ar an áit ar rugadh agus ar tógadh iad.  Is ar bhonn deonach a dhéanann siad iarrachtaí a bheith rannpháirteach i bpobal na Gaeilge.  Mar sin, cén tairbhe atá le baint acu as an rannpháirtíocht Ghaeilge ar líne?  Dar le Mary Waters (1990: 19), a chuireann le teoiric na roghanna eitneacha de chuid Herbert Gans (1979), ‘This information [the knowledge about ancestries in one’s background] is selectively used in the social construction of ethnic identification’.  Má tá baint ag roghanna eitneacha leis an bhféiniúlacht, feictear ní hamháin go bhfuil sin ag teacht le riachtanais tosaigh theoiric Maslow (1943), ach go dtugann an Ghaeilge deis do dhaoine a bhféiniúlacht a chruthú agus a athchruthú de réir an tsuímh a mbíonn siad ann.

An leas a bhaineann úsáideoirí Gaeilge as Twitter

An Stoc Fógartha

Agus léargas níos doimhne tugtha anois againn ar na cúiseanna le húsáid na Gaeilge ar Twitter, scrúdófar an tairbhe a bhaineann úsáideoirí na Gaeilge as an ardán.  Is léir go gcuireann na meáin shóisialta neart deiseanna ar fáil do dhaoine aonair agus do phobail araon, deiseanna nach raibh teacht acu orthu sular tháinig na meáin shóisialta ar an bhfód.  Luadh sa réamhrá go raibh stoc fógartha tugtha do mhionteangacha a bhí curtha ina dtost go stairiúil agus sáinnithe i suíomhanna imeallaithe dá dheasca.  Saorann an t-idirlíon agus na meáin shóisialta mionteangacha ón gcomhthéacs traidisiúnta seo.  Mar a thugann Cunliffe (2007) le fios, níl smacht ag ‘spás’ a thuilleadh, is ag an ‘sóisialú’ atá an chumhacht sa chomhthéacs comhaimseartha.  Is é sin le rá, níl mionteangacha ar nós na Gaeilge teoranta ó thaobh na tíreolaíochta de a thuilleadh agus laghdaítear cé chomh scartha óna chéile is atá an pobal a bhuí le gréasáin shóisialta ar nós Twitter.  Mar léargas air sin, féach léarscáiliú Scannell (2013) ar chomhráite Gaeilge ar Twitter thar thréimhse roinnt seachtainí ag:    http://indigenoustweets.blogspot.com/2013/12/mapping-celtic-twittersphere.html.  Go deimhin, is iad na nuatheicneolaíochtaí cosúil leis na meáin shóisialta atá tar éis taighde, tátal agus torthaí Scannell a éascú.  Den chéad uair riamh, mar a mhíníonn Bergs (2006), is féidir a chinntiú ‘who talked to whom, about what, for how long’.  Is uirlis thar a bheith áisiúil í seo, go háirithe i gcás na mionteangacha ó tharla gur mhinic a cuireadh i leataobh iad agus lucht taighde ag díriú ar éagsúlacht teangacha (Caulfield, 2013: 71).  Méadaíonn na huirlisí seo a infheicthe agus atá an Ghaeilge.  Déanann Ó Cróinín (2005: 9) cur síos ar na daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ach atá lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht mar ‘threibh dhofheicthe’.  Tá úsáid dhomhanda na Gaeilge ar na gréasáin shóisialta ar nós Twitter mar fhritéis ar an gcur síos seo, áfach, agus ar roinnt típeanna maidir leis an teanga.

Is fiú a lua go bhfuil seans níos mó anois ann spéis úr sa teanga a chruthú chomh maith.  Dar le tuairisc Brand24 thíos, comhlacht a chuireann uirlisí monatóireachta do na meáin ar fáil do chomhlachtaí ar mian leo a gcáil a bhainistiú, bhain cumhacht an fhocail ‘Gaeilge’ ar na meáin shóisialta 687,000 duine amach thar thréimhse tríocha lá in 2020 (25 Eanáir go dtí an 24 Feabhra).  Mar atá le feiscint i Léaráid 3, ba é Twitter an gréasán ba mhó ina ndearnadh trácht ar an nGaeilge.  Tugann na torthaí seo le fios go bhféadfadh Twitter a bheith ar thús cadhnaíochta chun cainteoirí nua a mhealladh i dtreo na Gaeilge.

Léaráid 3: Tuairisc Brand24 (2020)

Léaráid 4: Tuairisc Brand24, 2020

An Dlúthpháirtíocht

Mar fhocal scoir, riachtanas eile de chuid Maslow (1943) nach mór a chur san áireamh agus anailís á déanamh ar an nGaeilge ar Twitter ná an grá agus an muintearas.  De réir Maslow, tá ballraíocht i ngrúpaí sóisialta faoi scáth an riachtanais seo.  Sa chás seo, is í an Ghaeilge an leas comhchoiteann i measc na mball atá gníomhach ar Twitter.  Mar thoradh air sin, spreagtar daoine leis an nGaeilge a úsáid, a scaipeadh agus a chosaint agus treisítear í dá bharr.  Éascaíonn Twitter an t-aistear ó dhuine aonair go grúpa sóisialta trí úsáid na haischlibe (#).

De ghnáth, déanann an haischlib ábhar an ghiolca nó tuairimí faoin ngiolc a thaispeáint agus a bhailiú.  Thar aon ní eile, áfach, spreagann an haischlib cultúr na rannpháirtíochta sa mhéid is go mbailítear gach giolc clibeáilte san áit chéanna.  Mar thoradh ar an meicníocht seo, is féidir le daoine a ndlúthpháirtíocht a chur in iúl maidir le staid na Gaeilge sa chás go gcáintear í.  Tá neart samplaí ar Twitter den iompar seo.  Léiríonn an haischlib #OurFada, cuir i gcás, an dlúthpháirtíocht teanga seo.  Haischlib í ina dtagann úsáideoirí le chéile chun a míshástacht a chur in iúl faoin nGaeilge agus na seirbhísí poiblí in Éirinn, agus le cuntas a thabhairt ar an mílitriú forleathan ar na hainmneacha Gaelacha faoina gcúram.  Sa chás seo, feictear pobal na Gaeilge ag seasamh le chéile chun ceist pholaitíochta .i. stádas na teanga, a phlé. 

Clabhsúr

San alt seo, tugadh léargas ar an tairbhe a bhaineann pobal fíorúil na Gaeilge as an teanga ar an ngréasán sóisialta Twitter.  An toradh is mó a fuarthas anseo ná go n-úsáidtear an Ghaeilge mar ghléas i gcur in iúl na féiniúlachta ar líne.  Mar chuid den taighde seo, tugadh spléachadh ar theoiricí síceolaíochta a bhaineann leis an ábhar ar nós Ordlathas an Riachtanais de chuid Maslow (1943) chomh maith le sainsaothair Gans (1979) agus Waters (1990) ar roghanna eitneacha.  Léiríodh gurbh í an Ghaeilge an modh a úsáideann daoine áirithe ar mhaithe le teacht ar a n-oidhreacht, chomh maith le riachtanas na féin-achtála.

An dara toradh ná gur léiríodh gur minic a théann úsáid Twitter chun tairbhe na Gaeilge féin.  Ní hamháin gur léiríodh anseo gur ‘treibh’ (Ó Cróinín, 2005: 9) níos infheicthe atá i bpobal na Gaeilge ar fud na cruinne a bhuí le Twitter,  léiríodh gur uirlis nua atá in ábhar Twitter a d’fhéadfadh cuidiú le stádas na teanga a shoilsiú, a chur chun cinn agus a thomhas.  D’fhéadfadh cumhacht na Gaeilge ar Twitter aon mhiotas faoi neamhábharthacht na Gaeilge san 21ú haois a bhréagnú, mar shampla.  Ar an gcuma chéanna, feictear go bhfuil baill den phobal sásta an fód a sheasamh ar son na Gaeilge ar líne, agus go bhfuil áit acu leis sin a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, is léir gur beag atá tar éis athrú ó ráiteas Ní Dhuinn deich mbliana ó shin.  ‘Siúlach scéalach’ atá pobal na Gaeilge fós.  Mar sin féin, tá siad níos ceangailte ná riamh ó tháinig na seirbhísí gréasáin ar an bhfód, rud atá imithe chun tairbhe na gcainteoirí Gaeilge iad féin mar aon leis an teanga. Ag deireadh an lae, neartóidh íomhá agus tábhacht na Gaeilge san 21ú haois in Éirinn dá bharr.

Leabharliosta: 

Leabhar

Baym, N., (2010) Personal Connections in the Digital Age. Cambridge: Polity Press.

Cronin, M., (2005) An Ghaeilge san Aois Nua.  Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Delap, B., (2012) Ar an taifead: fís, fuaim, focal, (Dara heagrán)  Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

hooks, b., (1992) Black looks: race and representation.  Londain: Turnaround.

Mac Cormaic, B. (2011) Féiniúlacht, Cultúr agus Teanga i Ré an Domhandaithe.  Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Marsen, S., (2006) Communication Studies.  Basingstoke: Palgrave MacMillan.

Joinson, A.N., (2003) Understanding the Psychology of Internet Behaviour. Basingstoke: Palgrave MacMillan.

Judge, J., Ní Chasaide, A., Ní Dhubhda, R., Scannell, K.P., Uí Dhonnchadha, E. (2012) The Irish Language in the Digital age: An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach. Heidelberg: Springer.

Negra, D., (2006) The Irish in us: Irishness, performativity and popular culture.  Londain & Durham: Duke University Press.

Ní Dhuinn, S., (2011) An Ghaeilge i gCéin: Pobal agus Féiniúlacht Idirnáisiúnta.  Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR.

Swales, J., (1990) Genre Analysis: English in Academic and Research Settings.  Cambridge: Cambridge University Press.

Waters, M., (1990) Ethnic options: choosing identities in America.  Berkeley: University of California Press.

Ailt

Cunliffe, D., (2007) ‘Minority Languages and the Internet: New Threats, New Opportunities’ in Cormack, M. agus Hourigan, N., Minority Language Media: Concepts, Critiques and Case Studies. Clevedon: Multilingual Matters.

Flynn, C.J., (2018) Léirmheas ar An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain curtha (in eagar ag Ó hIfearnáin, T. & Walsh, J.) in ComharTAIGHDE, eag. 4.  Le fáil ag: https://comhartaighde.ie/eagrain/4/flynn/en/ (Léite: 15 Feabhra 2020).

Gans, H., (1979) ‘Symbolic Ethnicity: the future of ethnic groups and cultures in America’.  Ethnic and Racial Studies 2(1): 1–20.

Gergen, K.J., (2002). ‘The Challenge of Absent Presence.’  Perpetual Contact: Mobile Communication, Private Talk, Public Performance. 227–41. DOI: 10.1017/CBO9780511489471.018. 

Herring, S.C., (2004) ‘Computer-mediated discourse analysis: An approach to researching online behavior’, Barab, S., Kling, R. agus Gray, J. Designing for Virtual Communities in the Service of Learning. Cambridge: Cambridge University Press.

Jackson, P., (2005) ‘Identities’ in Cloke, P., Crang, P. & Goodwin, M., Introducing Human Geographies, 2nd Edition, Londain: Hodder Arnold, 314–25.

Maslow, A.H., (1943) ‘A Theory of Human Motivation’.  Psychological Review, 50(4), 370–96.

Ó Caollaí, É., ‘Campaign for Twitter messages in Irish hopes to beat record’, The Irish Times.  Le fáil ag: https://www.irishtimes.com/news/ireland/irish-news/campaign-for-twitter-messages-in-irish-hopes-to-beat-record-1.3782126.  (Léite: 6 Deireadh Fómhair 2019).

Ó Coimín, M., (2019) ‘Os cionn 2.500 cuntas páirteach i #TrasnanadTonnta: anailís ar an bhfeachtas mór Gaeilge’, Nós.  Le fáil ag:  http://nos.ie/gniomhaiochas/teanga/os-cionn-2500-cuntas-pairteach-i-trasnandtonnta/.  (Léite: 23 Feabhra 2020).

Ó Maoláin, R., (1993) ‘Teicneolaíocht: Gaeilge i ngleic le ríomhaireacht’, Comhar, Iml. 52 (Uimh. 9), 15–7.

Scannell, K.P., (2013) Mapping the Celtic Twittersphere, Indigenous Tweets.  Le fail ag: http://indigenoustweets.blogspot.com/2013/12/mapping-celtic-twittersphere.html (Léite: 28 Samhain 2019).

Shah, S., (2016) The history of social networking, Digital Trends.  Le fáil ag: https://www.digitaltrends.com/features/the-history-of-social-networking/.  (Léite: 17 Deireadh Fómhair 2019).

Snyder, J., (1996) ‘Get real’ in Internet World, Iml. 7, Uimh. 2. Connecticut: Mecklermedia.

Foinsí Leictreonacha

Brand24, (2020) Le fáil ag: https://brand24.com.  (Léite: 24 Feabhra).

Indigenous Tweets, (2011) http://indigenoustweets.com.  (Léite: 17 Deireadh Fómhair 2019).

TEDx Talks, (2016) ‘How Social Media Breathes Life Into The Irish Language | Teresa Lynn | TEDxFulbrightDublin’, (físeán).  Le fáil ag: https://youtu.be/LM3ISST2eg8.  (Feicthe: 16 Deireadh Fómhair 2019).

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Caulfield, J., (2013) A social Network Analysis of Irish Language Use in Social Media, tráchtas PhD, Cardiff University.  Le fáil ag: https://orca.cf.ac.uk/53228/1/Completed%20Phd%20181113.pdf (Léite: 12 Feabhra 2020).

Ní Bhroin, N., (2015) Lost in Space? Social Media-Innovation and Minority Language Use, tráchtas PhD, University of Oslo.  Le fáil ag: https://www.duo.uio.no/bitstream/handle/10852/52954/20150330_Thesis_NNB.pdf?sequence=1&isAllowed=y.

Sullivan, T.J., (2010) Designing Irishness: ethnicity, heritage, and imagined connection to place through language, tráchtas PhD, Louisiana State University & Agricultural & Mechanical College.  Le fáil ag: https://pdfs.semanticscholar.org/1126/43103814e9c5729cf575f463e4b4349e7e86.pdf.